Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sollamhnacht Choluim Chille i nGartán.

Title
Sollamhnacht Choluim Chille i nGartán.
Author(s)
Mac a'Bháird, S. S.,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


L. 39


SAINT COLUMBA CENTENARY



Proceedings in Irish.Sollamhnacht Choluim Chille i
nGartán.



Is cóir dhamh gearr-chuntas do chur chugad
ar an chruinniughadh iongantach do bhí
againn i nGartán, an áit ina rugadh Colum
Cille ar an naomhadh de Mheitheamh. Bhí fá
thuairim deich míle daoine ann as an uile
chearn, cuid aca as Sasanaibh agus as Albain.
Bhí Príomhfháidh na hÉireann, an Cáirdinéal
Ua Maolmhaodhóg ann, agus ar nEasbog féin
an Dochtúir ro-urramach ua Domhnaill, leis
an mhór-chuid de shagartaibh na Condae. I
ndiaidh an Aifrinn Mhóir agus an Bheannuighthe
do bheith thart, rinne an tAthair Aindrias
Mac Niallghuis seanmóir bhreágh i n-
Gaedhilg ar Shoisgéal an lae, agus ní bréag a
rádh go mbudh dheacair é do shárughadh. 'Na
dhiaidh sin do léigh an tAthair Aodh Mac
Pháidín as Dún na nGall dileagra i
nGaedhilg do'n Chairdinéal Ua Maol-
mhaodhóg, agus do bhí freagra uadh-san ins an
teangaidh chéadna, acht thug sé an chuid
deireannach de, mar dubhairt sé féin, ins an
chanamhaint ghairbh ghallda. Thug an
tAthair S. Ua Domhnaill, uachdarán mór-
sgoile Choluim ins na Ceallaibh Beaga,
laoidh dhúinn do chum sé i n-onóir Choluim
Chille do thaitin go mór leis na daoinibh.
Eidir ama, bhí neart cainteoirí ag trácht
ar bheathaidh Choluim Chille i mBéarla, acht
tá baramhail agam go mb'fhearr leat
cloistin fá'n Ghaedhilg. Bhí urlabhra an-
deas againn ó'n duine uasal Peadar Mag
Fhionnlaoigh de chraoibh Chonnartha na
Gaedhilge i mBéal Feirsde. Thug sé a chomh-
rádh uaidh i nglan-Ghaedhilg, agus ní raibh lochd
ar bith air acht a ghiorrachd. 'Sé an tAthair
fíor-urramach MagFhloinn, ó Shrath an
Urláir, thug an seanchus deireannach dúinn
i nGaedhilg. Labhair sé fá'n bhuntaiste agus
fá'n tairbhe d'éirigh do'n tír as críonnachd
agus as comhairle Choluim chille, ní hé amháin
le n-a linn féin acht ó shoin ale. Tá an
Ghaedhilg go lán-réidh ag an uasal-shagart
sin, agus tháinig sí chuige mar thuile na habhann.
Do labhair an tAthair Ua Caiside as Dún
na nGall ins an Ghaedhilg mar an gcéadna
agus is maith thig leis é dhéanamh.



'Na chuideachta so, bhí dhá abhrán Ghaedhilge
againn. Do chan an tAthair Ua Maol-
mhaodhóg as Cill Chartha “An chruit do sgab
tré hallaidh' an ríogh,” agus do ghabh an tAthair
Mac an tSaoir, as Árd a' Rátha, an
“Chúilfhionn,” i ndóigh do chuaidh go croidhe
na ndaoine. Chuir an tAthair Micheál Ua
hIceadha agus an tAthair Séamas Mag
Fhionnlaoigh dhá litir líomhtha Ghaedhilge ó
Choláisde Mhuighe Nuadhad. Tháinig dhá litir
Ghaedhilge fós as an Oileán Úr, ceann aca
ó'n Athair Séamas Mac Pháidín atá thall i
gCathair Naoimh Phroinsís i gCalifornia, agus


L. 40


an litir eile ó Chumann na Gaedhilge i
Nuadh-Eabhrac, agus bhí litir as an Fhrainnc
fós i nGaedhilg ó'n Athair Pádraic Ua
Dochartaigh atá ina ollamh i gColáiste
na nÉireannach i bPáras. Chuirfeadh sé
aoibhneas ar dhuine na litreacha so
d'fheicsint, agus an Ghaedhilg bhreágh agus an
sgríobhnóireachd deas do bhí ionnta.



Agus anois cadé an tairbhe nó an
bhuntaiste do cúis na Gaedhilge thiocfas as
an chruinniughadh iongantach so? Ní'l an
chanamhaint so marbh i dTír Chonaill go
háirithe. Is í do bhí d'á labhairt ar gach
taoibh i dtionntóchthá, go mór-mhór ag bunadh
na tíre, agus nuair chuaidh siad a-bhaile, gan
amhras bhí sí níos measamhla aca ná bhí sí
roimhe, agus coingeobhaidh siad an meas so ar
a dteangaidh dhúthchais. Ní hé sin é amháin
acht tuigeann siad go bhfuil sí fá mheas
mhór ag Easbog na Díoghóise agus ag a gcuid
sagairt, agus do réir mo bharamhlasa ní tharla
rud ar bith ó thoiseach Chonnartha na
Gaedhilge thug oiread congnaimh leis an
chanamhaint do chongbháil beó agus do
leathnughadh leis an chruinniughadh mhór do bhí
i nGartán lá féile Choluim Chille.



S.S. Mac a'Bháird.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services