Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tOireachtas.
Title
An tOireachtas.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An t-Oireachtas Riaghlacha. 1. Molfaid na Moltóirí na Duaiseanna os comhair an Oireachtais, agus ní bheidh athghairm ar a moladh. 2. Ní cead Moltóir do dhul i gComórtas. 3. Ní fuláir do gach Comórtasaidhe dearbh do thabhairt ar a aisde féin. 4. Ní cead aon ainm acht ainm bréige nó rádh suaitheantais do chur le cois aisde: ní fuláir gach aisde do theacht chum láimhe an Rúnaidhe ar an 21 d'Aibreán 1897, nó roimhe; acht amháin gur cead aisde do'n ochtmhadh agus do'n naomhadh Comórtas agus aon aisde ó rann eile de'n domhan do theacht fá cheann seachtmhaine ó'n am sain. 5. I dtaobh na hAisde labhartha, ní fuláir do'n Chomórtasaidhe ainm a aisde féin do chur i n-umhail do'n Rúnaidhe ar an 21 d'Aibreán 1897 nó roimhe. 6. Is cead gan duais do thabhairt do Chomortasaidhe nach bhfuil i láthair nó nach gcuirfidh a ainm i n-umhail do'n Rúnaidhe, má fiafróchthar. 7. Na haisdí duaise do bheith fá sheilbh Chonnarta na Gaedhilge. 8. Ní toirmeasg ar aonduine fá dhul i gcomórtas má's comhnuidhe i nEirinn dó munab eadh, cuma cibé cineadh darab díobh é. 9. Ní fuláir an fhilidheacht do bheith cumtha i méadaracht chinnte Ghaedhealaigh. Chum Rúnaidhe an Chéid Oireachtais Ghaedhilge. Ní fheudaim-se bheith in bhur bhfochair lá an Oireachtais, acht dearbhaim dhaoibh go mbeidh na ceudta agus na mílte Eireannach ins an tír so ag feitheamh ar bhur n-obair, agus iad ullamh chum congnamh agus cabhair do thabhairt daoibh. Beiridh buaidh agus beannacht! Eoghan O Gramhna.
NA COMORTAIS (THE COMPETITIONS) Aisde fá'n gcúis seo: "Baint Urlabhra le Náisiúntacht." Duais cúig bpunt.
II. Dan ar "Chlannaibh Gaedheal" nó ar "Mhór-ghníomh éigin i Stáir na hEireann." Duais cúig bpunt. III. Trí Abhráin, gan os cionn sé rann i n-aon cheann aca. Duais cúig bpunt.. IV. Aisde Labhartha, i bhfilidheacht nó a mhalairt. Duais trí nginí. V. Abhrán ar Chosnamh na Gaedhilge, agus Cur-faoi, bheidheas oireamhnach do thionólaibh Connartha na Gaedhilge. Duais cúig bpunt. VI. Dornlach de Dhántaibh nó d' Abhránaibh nó de Sgéaltaibh Gaedhilge nár cuireadh i gcló roimhe. Duais cúig bpunt. VII. Aisde Ghaedhilge nó Bhéarla fá'n gcúis seo: "Cionnus is fearr méadóchthar dúil daoine 'san Ghaedhilg?" Duais deich bpunt. (Uilliam O Briain do bhronn). VIII. Aisde ar an gceist seo: "Créad is Carthanacht ann?" Duais trí nginí. (An uasail-bhean E. Sceffington Thompson do bhronn.) IX. Aisde ar an gceist seo: "Créad is Fírinne ann?" Duais da ghiní (an uasail-bhean E. Sceffington Thompson do bhronn).
“Cork Weekly Examiner” Táid fuireann ghnótha Connartha na Gaedhilge i n-Ath Cliath tar éis an chéad Oireachtais do thionól. Dá n-abradh aonduine, tá trí bliadhna ó shin ann, go bhféadfaidhe an halla cruinnighthe is mó i n-'Ath Cliath do láin-líonadh tré fheis liteardha Ghaedhealaigh, ní gan adhbhar adéarthaoi gurab ar buile do bheadh sé. Na daoine féin do bhí freagarthach leis an Oireachtas, cé gur neartuigheadh agus gur méaduigheadh a ndóchas leis an bhfialchabhair gcroidheamhail gcarthannaigh fuaradar ó cháirdibh na cúise i n-Eirinn agus thall tar lear, is dearbh ná raibh brath aca leis an sár-bhuaidh do rugadar. Go deimhin ní léir d'urmhór na ndaoine fós caidé a iongantaighe mar rud an mhalairt atá ag teacht le tamall ar intinn na nGaedheal. Is é rún na malairte sin, a bheith dá áiteamh ortha go bhféadaid féin a náisiúntacht do choimeád, más mian leó, atht má chaithfid uatha an comhartha is cinnte ar náisiúntracht, 'sé sin a dteanga dhúthchais, nach fada go leaghfaidh ainm uasal mór-mhaicne Míleadh mar chubhar na habhann. Is dóigh le druing ná fuil annso achd briathra baoith- chiallacha. Ní thuigid siúd i gceart cad is náisiún nó cineadh ann. Dearmadaid gurab í an Ghaedhealg an aon tsealbh d'fhágadar ár n-aithreacha 'na ndiaidh, agus má cailltear í sin go sgaoilfear an snaidhm déidheanach atá eadrainne agus iad-san. Measaid an drong sain ná fuil i dteangaidh acht fuaim, agus ní fearr leó aon teanga seach a chéile, acht gurab é an Béarla is tairbhighe. Mar sin féin is fiú an Ghaedhealg a coim- eád béo ar son a huaisleachta agus a hársaidheachta, a bríghe agus a binnis. Do chonnaic lucht Connartha na Gaedhilge, ámh, go bhfuil luach eile, agus luach is mó na iad sain 'san teangaidh. Ma imthigheann an Ghaedhealg, imthigheann ár n-Éireanntacht mar aon léi. Más Gallda an teanga, is Gallda na smaointe agus is Gallda na nósa. Má thaitneann a leithéid sin le roinnt de mhacaibh na hEireann, bíodh ortha féin. Ní dóigh linn go dtaitneóchadh sé le formhór an chinidh. D'éis an mhor-thionóla úd i bpríomh-chathair na h-Eireann áirdeochaidh gach fíor-Ghaedheal a cheann. Má tá sé buailte isteach i n-aigneadh Gaedhilgeóirí na tuaithe gur comhartha ísleachta agus aineólais teanga ar dtíre, buailtear amach arís gan mhoill é. Tá an báirc againne do'n chor so agus coimeádfam é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services