An t-Oireachtas
Riaghlacha.
1. Molfaid na Moltóirí na Duaiseanna os comhair
an Oireachtais, agus ní bheidh athghairm ar a moladh.
2. Ní cead Moltóir do dhul i gComórtas.
3. Ní fuláir do gach Comórtasaidhe dearbh do
thabhairt ar a aisde féin.
4. Ní cead aon ainm acht ainm bréige nó rádh
suaitheantais do chur le cois aisde: ní fuláir gach aisde
do theacht chum láimhe an Rúnaidhe ar an 21 d'Aibreán
1897, nó roimhe; acht amháin gur cead aisde do'n ochtmhadh
agus do'n naomhadh Comórtas agus aon aisde ó rann eile de'n
domhan do theacht fá cheann seachtmhaine ó'n am sain.
5. I dtaobh na hAisde labhartha, ní fuláir do'n
Chomórtasaidhe ainm a aisde féin do chur i n-umhail
do'n Rúnaidhe ar an 21 d'Aibreán 1897 nó roimhe.
6. Is cead gan duais do thabhairt do Chomortasaidhe
nach bhfuil i láthair nó nach gcuirfidh a ainm i n-umhail
do'n Rúnaidhe, má fiafróchthar.
7. Na haisdí duaise do bheith fá sheilbh Chonnarta na
Gaedhilge.
8. Ní toirmeasg ar aonduine fá dhul i gcomórtas
má's comhnuidhe i nEirinn dó munab eadh, cuma cibé
cineadh darab díobh é.
9. Ní fuláir an fhilidheacht do bheith cumtha i méadaracht
chinnte Ghaedhealaigh.
Chum Rúnaidhe an Chéid Oireachtais Ghaedhilge.
Ní fheudaim-se bheith in bhur bhfochair lá an Oireachtais,
acht dearbhaim dhaoibh go mbeidh na ceudta agus na mílte
Eireannach ins an tír so ag feitheamh ar bhur n-obair, agus
iad ullamh chum congnamh agus cabhair do thabhairt daoibh.
Beiridh buaidh agus beannacht!
Eoghan O Gramhna.
NA COMORTAIS (THE COMPETITIONS)
Aisde fá'n gcúis seo: "Baint Urlabhra le
Náisiúntacht." Duais cúig bpunt.
II.
Dan ar "Chlannaibh Gaedheal" nó ar "Mhór-ghníomh
éigin i Stáir na hEireann." Duais cúig bpunt.
III.
Trí Abhráin, gan os cionn sé rann i n-aon cheann
aca. Duais cúig bpunt..
IV.
Aisde Labhartha, i bhfilidheacht nó a mhalairt. Duais
trí nginí.
V.
Abhrán ar Chosnamh na Gaedhilge, agus Cur-faoi,
bheidheas oireamhnach do thionólaibh Connartha na
Gaedhilge. Duais cúig bpunt.
VI.
Dornlach de Dhántaibh nó d' Abhránaibh nó de
Sgéaltaibh Gaedhilge nár cuireadh i gcló roimhe. Duais
cúig bpunt.
VII.
Aisde Ghaedhilge nó Bhéarla fá'n gcúis seo:
"Cionnus is fearr méadóchthar dúil daoine 'san
Ghaedhilg?" Duais deich bpunt. (Uilliam O Briain
do bhronn).
VIII.
Aisde ar an gceist seo: "Créad is Carthanacht
ann?" Duais trí nginí. (An uasail-bhean E.
Sceffington Thompson do bhronn.)
IX.
Aisde ar an gceist seo: "Créad is Fírinne ann?"
Duais da ghiní (an uasail-bhean E. Sceffington
Thompson do bhronn).
“Cork Weekly Examiner”
Táid fuireann ghnótha Connartha na Gaedhilge i n-Ath
Cliath tar éis an chéad Oireachtais do thionól. Dá
n-abradh aonduine, tá trí bliadhna ó shin ann, go
bhféadfaidhe an halla cruinnighthe is mó i n-'Ath Cliath
do láin-líonadh tré fheis liteardha Ghaedhealaigh, ní gan
adhbhar adéarthaoi gurab ar buile do bheadh sé. Na
daoine féin do bhí freagarthach leis an Oireachtas, cé
gur neartuigheadh agus gur méaduigheadh a ndóchas leis
an bhfialchabhair gcroidheamhail gcarthannaigh fuaradar
ó cháirdibh na cúise i n-Eirinn agus thall tar lear, is
dearbh ná raibh brath aca leis an sár-bhuaidh do rugadar.
Go deimhin ní léir d'urmhór na ndaoine fós caidé a
iongantaighe mar rud an mhalairt atá ag teacht le
tamall ar intinn na nGaedheal. Is é rún na malairte
sin, a bheith dá áiteamh ortha go bhféadaid féin a
náisiúntacht do choimeád, más mian leó, atht má
chaithfid uatha an comhartha is cinnte ar náisiúntracht, 'sé
sin a dteanga dhúthchais, nach fada go leaghfaidh ainm
uasal mór-mhaicne Míleadh mar chubhar na habhann. Is
dóigh le druing ná fuil annso achd briathra baoith-
chiallacha. Ní thuigid siúd i gceart cad is náisiún nó
cineadh ann. Dearmadaid gurab í an Ghaedhealg an
aon tsealbh d'fhágadar ár n-aithreacha 'na ndiaidh, agus
má cailltear í sin go sgaoilfear an snaidhm déidheanach
atá eadrainne agus iad-san. Measaid an drong
sain ná fuil i dteangaidh acht fuaim, agus ní fearr leó
aon teanga seach a chéile, acht gurab é an Béarla is
tairbhighe. Mar sin féin is fiú an Ghaedhealg a coim-
eád béo ar son a huaisleachta agus a hársaidheachta, a
bríghe agus a binnis. Do chonnaic lucht Connartha na
Gaedhilge, ámh, go bhfuil luach eile, agus luach is mó na
iad sain 'san teangaidh. Ma imthigheann an Ghaedhealg,
imthigheann ár n-Éireanntacht mar aon léi. Más
Gallda an teanga, is Gallda na smaointe agus is
Gallda na nósa. Má thaitneann a leithéid sin le
roinnt de mhacaibh na hEireann, bíodh ortha féin. Ní
dóigh linn go dtaitneóchadh sé le formhór an chinidh.
D'éis an mhor-thionóla úd i bpríomh-chathair na
h-Eireann áirdeochaidh gach fíor-Ghaedheal a cheann.
Má tá sé buailte isteach i n-aigneadh Gaedhilgeóirí na
tuaithe gur comhartha ísleachta agus aineólais teanga ar
dtíre, buailtear amach arís gan mhoill é. Tá an báirc
againne do'n chor so agus coimeádfam é.