Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Séadna (Ar leanamhaint) Ghluaiseadar ortha suas, cos ar chois, go tigh Dhiarmuda. Ní raibh reómpa ann acht cruinniughadh ban agus leanbh agus seandaoine, agus an tinncéir mór dá léiriúghadh dhóibh cad a bhí d'éis tuitim amach. “Caidé sin adeir sé?” arsa Diarmuid le duine aco. “Deir sé,” ars' an duine, “gurab amhlaidh atá Sadhbh fuaduighthe ag muintir an ríogh, agus go bhfuil Cormac an Chainncín agus a mhuintir imthighthe 'n-a ndiaidh, ar cos-i- n-áirde, chum í bhaint díobh agus í thabhairt leó a-bhaile, mar go raibh sí féin agus Cormac réidh chum a bpósta.” Chuadar isteach. Ní raibh aon-ne' reómpa istigh. Chuireadar lámh ar dhoras an tseomra. Bhí sé daingean ó 'n dtaobh istigh. D'fhéachadar ar a chéile. “Osgail an doras, 'pé duine atá ann- sain!” arsa Diarmuid. “Dún-sa doras an tighe ar dtúis,” arsa Sadhbh — is í bhí ann. Do dhún. D'osgail sí an doras agus thaisbeáin sí dhóibh í féin, agus an clóca dearg uirthi, agus sgeón innti. “Caidé an donas é seo,” ars' isi, “atá ag éirghe do na daoinibh go léir, nó an ag imtheacht as a meabhair atáid? Bhíos im' shuidhe sa' chathaoir sin annsain. Bhí Sío- gaidhe imthighthe amach 'féachaint an bhfeic- feadh sé thusa. Ní raibh sé acht ar éigin imthighthe a radharc an dorais, nuair 'air- gheas an choisidheacht agus an gleo agus an t-éir- leach amuigh. D'fhéachas amach, agus cad do chífinn acht an t-aonach ag déanamh ar an ndoras i n-aon tsluagh amháin. An báille ar tosach agus a chloidheamh ar tarrang aige 'n-a láimh dheis, agus a bhata draighin 'n-a láimh chlé, bior ar a dhá shúil agus fásgadh 'n-a bhéal. Do léimeas chum an dorais do dhúnadh, acht bhí sé ro-thapaidh dom. 'Ní baoghal duit, a Shadhbh,' ars' eisean, agus siúd siar sa' tseaomra é agus beirt nó triúr i n-éin- fheacht leis. Do rop sé na leabthacha agus do rop sé fútha. An fhaid bheitheá ag dúnadh do shúl, bhí sé féin agus iad-san amuigh arís. D'iompuigh sé ar na fearaibh. 'D'imthighea- dar,' ars' eisean. 'Leanam iad!' Ann- sain do cuireadh an liúgh suas go mb'éigin dom mo mhéaranna do sháthadh im'chluasaibh.” “Féach,” arsa Séadna. “Tá cuid de'n airgead agam-sa. Fuaras é i ndíol na mbróg.” Agus do tharraing sé aníos as a phóca cúpla píosa óir. Do rug sé ar cheann aco, agus chuimil sé de mhuinilte a chasóige é ar feadh tamaill. Ba ghearr gur imthigh an dath breágh buidhe agus gur tháinig i n-a ionad dath glas luaidhe. D'á bhfeicfeá an dá shúil tháinig do Shaidhbh, nuair chonnaic sí an méid sin. “Cá bhfuaradh sé sin?” ars' isi. “Do fuaradh,” arsa Séadna, “sa' bhosga úd tugadh dhuitse le cur i gcoimeád. Dá mb'áil leó tuilleadh de'n dath do chur suas, ní móide go bhfaighfidhe amach chomh luath an gnó bhí ar siubhal aco. Is truagh ná raibh Cormac cúpla neómat níos túisge. B'fhéi- dir go dtiocfadh sé suas leó fós.” “Ní thuigim cad tá ar siubhal agat,” arsa Sadhbh. “Is é atá ar siubhal agam,” arsa Séadna, “go raibh ceathrar bitheamhnach ar lóisdín annso agat. Gur airgead bréa- gach bhí sa' bhosga. Gach ar ceannuigheadh de chaiplibh ar an aonach indiu, gur airgead
bréagach a díoladh asta. Gur do'n rígh do ceannuigheadh formhór ar ceannuigheadh de chaiplibh indiu, agus go bhfuil an dúthaigh creachta. Sin é atá ar siubhal agam.” D'iompuigh sí uaidh. Thugadar fá ndeara a cosa ag imtheacht uithi. Do rug a hathair idir a dhá láimh uirthi. Muna mbei- dheadh sain, do bhí sí ar an urlár aco 'n-a cnaipe. Síle. An cailín bocht! Trí chéad punt imthighthe! Ba mhór a sgrupall é! Nóra. Ar chuaidh sí i laige, a Pheg? Peg. Am briathar gur chuaidh, agus go raibh a hathair tamall maith ag greadadh a bas agus ag caitheamh uisge uirthi, sul a dtáinig sí chuichi féin. Agus nuair tháinig, is é céad fhocal do labhair sí, “Airiú, greadadh chughat!” ars' isi. “Cad is gádh dhuit me bhasgadh agus me bháth? Cad dob'áil leat-sa annso?” ars' isi le Séadna. “Imthigh leat a-bhaile,” ars' isi. “Ní'l aon ghnó annso agat.” Níor leig seisean air gur labhair sí. “Tá eagla orm,” ars' eisean le Cormac, “má bheirthear ortha, gurab olc do raghaid as. Tá fearg ar Chormac. Is dóigh liom nach fuláir nó go bhfuil rud éigin foghanta beirthe uaidh aco. Ní fheaca riamh ag dul chum gnotha é le n-a oiread binbe. Bhí sórt eagla ar a ghárda féin roimis. Geallaim dhuit gurab iad a bhí go tugtha agus go hullamh agus go himghníomhach, agus nach baoghal gur thug aon-ne' aco gach-re seadh dhó. Ní bheinn i gcás an fhir mhóir úd ar rud nach déarfainn, má tagthar suas leis.” “Níor bhuail a leithéid de mhí-ágh riamh mé!” arsa Diarmuid. “Ar an áit seo do rugadh agus do tógadh mé, agus m'athair reomham, agus mo shean-athair. Ní raibh luach feoirlinge riamh le' chur im leith, ná i leith aon-ne' de na seacht sinsearaibh a tháinig reómham. Ó! Ó! Ó! a bheith de chrann agus de phlainéid orm iad do bhualadh chugam an doras isteach gan chuireadh gan iarraidh! Iad do thabhairt a n-aghaidh ar an dtigh seo, seachas aon tigh eile sa' tsráid ná i gcomhgar na sráide! Cad déarfaid na comhursain acht gurab amhlaidh do bhí rún a ndroich-bheart agam, agus gurab amhlaidh do bhíos ag cabhru- ghadh leó? Má theipeann ar Chormac teacht suas leó, — an mhuintir go bhfuil a gcuid caillte aco tar éis an lae, má's filleadh annso dhóibh agus a gcuaird i n-aisdear aco déarfaidh gach aon-ne' gur mise fá ndeara é; muna mbeidheadh gur thugas robhadh dhóibh, ná beidís imthighthe chomh tapaidh. Ní fágfar cleith os mo chionn, ná aon chnámh slán im' chorp. Aililiú! Caidé mar mhífhortún! Caidé mar thiubaiste! Cad tá le déanamh agam i n-aon chor, i n-aon chor? Is cruaidh an sgéal é i ndeireadh mo shaoghail. Ó! a chreach láidir é! a chreach láidir é! Cad dhéanfad? Cad dhéanfad?” “Do bhéal d'éisteacht agus gan bheith s'ár mbodhrughadh, is é dhéanfair,” arsa Sadhbh. “Ní thu atá caillte leis, acht mise. Má gheibhim fám' lámhaibh é, stracfad an dá shúil amach as a cheann. Agus dala an sgéil, caidé an srangán a bhí fád thean- gain-se,” ars' isi le Séadna, “nár labhair agus sinn ag gabháil thart páirc an aonaigh síos? Mar 'dh eadh nár thugais fá ndeara sinn! Thugais go dian-mhaith. Dá fheabhas do leigis ort gan féachaint orainn, do chonnac-sa do shúil mhillteach orainn. Cad 'na thaobh nár labhrais an uair sin? Ní raibh mo chuid airgid tabhartha agam-sa dhó an uair sin. Cad do choimeád do bhéal dúnta? Bhí do theanga bog go leór agat nuair bhí sé ró-dhéidheanach. Bhí sé chomh saor agat labhairt an uair sin agus bhí sé agat labhairt 'n-a dhiaidh sin. 'Pé donas greama atá agat ar Chormac, nach beag duit cogar do thabhairt dó, chum é thiomáint as a mheabhair, — bhí sé chomh maith agat an cogar a thugais 'n-a dhiaidh sin dó do thabhairt an uair sin do, dá mbadh mhaith leat an gnó do dhéanamh sa' cheart. Níor rinnis. Do sgaoilis thart an aimsir go dtí go raibh mo chuid airgid tabhartha uaim
agam, agus an cladhaire imthighthe. Ní fhéad- fadh duine d'á aicme féin an sgéal do socrughadh dhó níos deise ná shochruighis dó é. 'Pé ball 'n-a bhfuil sé anois, ní fuláir nó tá sé buidheach díot. Daoine dh'á mhaoidheamh gur bhuaidhis-se ar an saoghal mór le géar-chúis! 'Seadh go díreach!” An fhaid do bhí an mhéid sin cainte ar siubhal, bhí Séadna 'n-a sheasamh ar aghaidh na beirte amach. A dhá láimh lastiar d'á dhrom. É ag féachaint anonn ar an bhfalla, agus gur dhóigh leat go raibh radharc tríd an bhfalla aige ar rud éigin a bhí lastiar de. A dhá shúil ar dhian-leathadh, agus gur dhóigh leat ortha gurab amhlaidh do chídhis radharc éigin ná feiceadh súile aon duine eile. Gan cor aige dh'á chur d'á cheannachaibh. Gan cor aige d'á chur d'aon bhall d'á bhallaibh beathadh, acht chomh beag agus dá mbeidheadh sé gan anam gan anál. Nuair chíodh daoine sa' mhachtnamh sain é, bhíodh sórd sgátha agus eagla ortha roimis. D'fhéach Sadhbh air, agus d'éist sí, dá mhéid buinne bhí fúithi. D'fhéach sí arís air, agus am briathar gur dhruid sí uaidh anonn tamall. Níor dhóigh leat air-sean gur airigh sé focal uaithi, an fhaid bhí sí ag caint, ná gur thug se fa ndeara gur stad sí ná gur dhruid sí uaidh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services