Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séadna. (Ar leanamhaint.)

Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 178


Séadna



(Ar leanamhaint)



Ghluaiseadar ortha suas, cos ar chois, go
tigh Dhiarmuda. Ní raibh reómpa ann acht
cruinniughadh ban agus leanbh agus seandaoine, agus
an tinncéir mór dá léiriúghadh dhóibh cad a
bhí d'éis tuitim amach.



“Caidé sin adeir sé?” arsa Diarmuid
le duine aco.



“Deir sé,” ars' an duine, “gurab
amhlaidh atá Sadhbh fuaduighthe ag muintir
an ríogh, agus go bhfuil Cormac an Chainncín agus
a mhuintir imthighthe 'n-a ndiaidh, ar cos-i-
n-áirde, chum í bhaint díobh agus í thabhairt leó
a-bhaile, mar go raibh sí féin agus Cormac
réidh chum a bpósta.”



Chuadar isteach. Ní raibh aon-ne' reómpa
istigh. Chuireadar lámh ar dhoras an
tseomra. Bhí sé daingean ó 'n dtaobh
istigh. D'fhéachadar ar a chéile.



“Osgail an doras, 'pé duine atá ann-
sain!” arsa Diarmuid.



“Dún-sa doras an tighe ar dtúis,” arsa
Sadhbh — is í bhí ann. Do dhún.



D'osgail sí an doras agus thaisbeáin sí
dhóibh í féin, agus an clóca dearg uirthi, agus
sgeón innti.



“Caidé an donas é seo,” ars' isi, “atá
ag éirghe do na daoinibh go léir, nó an ag
imtheacht as a meabhair atáid? Bhíos im'
shuidhe sa' chathaoir sin annsain. Bhí Sío-
gaidhe imthighthe amach 'féachaint an bhfeic-
feadh sé thusa. Ní raibh sé acht ar éigin
imthighthe a radharc an dorais, nuair 'air-
gheas an choisidheacht agus an gleo agus an t-éir-
leach amuigh. D'fhéachas amach, agus cad do
chífinn acht an t-aonach ag déanamh ar an
ndoras i n-aon tsluagh amháin. An báille
ar tosach agus a chloidheamh ar tarrang aige
'n-a láimh dheis, agus a bhata draighin 'n-a láimh
chlé, bior ar a dhá shúil agus fásgadh 'n-a bhéal.
Do léimeas chum an dorais do dhúnadh, acht
bhí sé ro-thapaidh dom. 'Ní baoghal duit, a
Shadhbh,' ars' eisean, agus siúd siar sa'
tseaomra é agus beirt nó triúr i n-éin-
fheacht leis. Do rop sé na leabthacha agus do
rop sé fútha. An fhaid bheitheá ag dúnadh
do shúl, bhí sé féin agus iad-san amuigh arís.
D'iompuigh sé ar na fearaibh. 'D'imthighea-
dar,' ars' eisean. 'Leanam iad!' Ann-
sain do cuireadh an liúgh suas go mb'éigin
dom mo mhéaranna do sháthadh im'chluasaibh.”



“Féach,” arsa Séadna. “Tá cuid de'n
airgead agam-sa. Fuaras é i ndíol na
mbróg.” Agus do tharraing sé aníos as
a phóca cúpla píosa óir. Do rug sé ar
cheann aco, agus chuimil sé de mhuinilte a
chasóige é ar feadh tamaill. Ba ghearr
gur imthigh an dath breágh buidhe agus gur
tháinig i n-a ionad dath glas luaidhe. D'á
bhfeicfeá an dá shúil tháinig do Shaidhbh,
nuair chonnaic sí an méid sin.



“Cá bhfuaradh sé sin?” ars' isi.



“Do fuaradh,” arsa Séadna, “sa' bhosga
úd tugadh dhuitse le cur i gcoimeád. Dá
mb'áil leó tuilleadh de'n dath do chur suas,
ní móide go bhfaighfidhe amach chomh luath an
gnó bhí ar siubhal aco. Is truagh ná raibh
Cormac cúpla neómat níos túisge. B'fhéi-
dir go dtiocfadh sé suas leó fós.”



“Ní thuigim cad tá ar siubhal agat,”
arsa Sadhbh.



“Is é atá ar siubhal agam,” arsa
Séadna, “go raibh ceathrar bitheamhnach ar
lóisdín annso agat. Gur airgead bréa-
gach bhí sa' bhosga. Gach ar ceannuigheadh
de chaiplibh ar an aonach indiu, gur airgead


L. 179


bréagach a díoladh asta. Gur do'n rígh do
ceannuigheadh formhór ar ceannuigheadh de
chaiplibh indiu, agus go bhfuil an dúthaigh
creachta. Sin é atá ar siubhal agam.”



D'iompuigh sí uaidh. Thugadar fá ndeara
a cosa ag imtheacht uithi. Do rug a
hathair idir a dhá láimh uirthi. Muna mbei-
dheadh sain, do bhí sí ar an urlár aco 'n-a
cnaipe.



Síle. An cailín bocht! Trí chéad punt
imthighthe! Ba mhór a sgrupall é!



Nóra. Ar chuaidh sí i laige, a Pheg?



Peg. Am briathar gur chuaidh, agus go raibh
a hathair tamall maith ag greadadh a bas agus
ag caitheamh uisge uirthi, sul a dtáinig sí
chuichi féin. Agus nuair tháinig, is é céad
fhocal do labhair sí, “Airiú, greadadh
chughat!” ars' isi. “Cad is gádh dhuit me
bhasgadh agus me bháth? Cad dob'áil leat-sa
annso?” ars' isi le Séadna. “Imthigh leat
a-bhaile,” ars' isi. “Ní'l aon ghnó annso
agat.” Níor leig seisean air gur labhair
sí.



“Tá eagla orm,” ars' eisean le Cormac,
“má bheirthear ortha, gurab olc do raghaid
as. Tá fearg ar Chormac. Is dóigh liom
nach fuláir nó go bhfuil rud éigin foghanta
beirthe uaidh aco. Ní fheaca riamh ag dul
chum gnotha é le n-a oiread binbe. Bhí
sórt eagla ar a ghárda féin roimis.
Geallaim dhuit gurab iad a bhí go tugtha agus
go hullamh agus go himghníomhach, agus nach baoghal
gur thug aon-ne' aco gach-re seadh dhó. Ní
bheinn i gcás an fhir mhóir úd ar rud nach
déarfainn, má tagthar suas leis.”



“Níor bhuail a leithéid de mhí-ágh riamh
mé!” arsa Diarmuid. “Ar an áit seo do
rugadh agus do tógadh mé, agus m'athair reomham,
agus mo shean-athair. Ní raibh luach feoirlinge
riamh le' chur im leith, ná i leith aon-ne' de
na seacht sinsearaibh a tháinig reómham.
Ó! Ó! Ó! a bheith de chrann agus de phlainéid
orm iad do bhualadh chugam an doras
isteach gan chuireadh gan iarraidh! Iad do
thabhairt a n-aghaidh ar an dtigh seo, seachas
aon tigh eile sa' tsráid ná i gcomhgar na
sráide! Cad déarfaid na comhursain acht
gurab amhlaidh do bhí rún a ndroich-bheart
agam, agus gurab amhlaidh do bhíos ag cabhru-
ghadh leó? Má theipeann ar Chormac teacht
suas leó, — an mhuintir go bhfuil a gcuid
caillte aco tar éis an lae, má's filleadh
annso dhóibh agus a gcuaird i n-aisdear aco
déarfaidh gach aon-ne' gur mise fá ndeara
é; muna mbeidheadh gur thugas robhadh dhóibh,
ná beidís imthighthe chomh tapaidh. Ní fágfar
cleith os mo chionn, ná aon chnámh slán im'
chorp. Aililiú! Caidé mar mhífhortún!
Caidé mar thiubaiste! Cad tá le déanamh
agam i n-aon chor, i n-aon chor? Is cruaidh
an sgéal é i ndeireadh mo shaoghail. Ó! a
chreach láidir é! a chreach láidir é! Cad
dhéanfad? Cad dhéanfad?”



“Do bhéal d'éisteacht agus gan bheith s'ár
mbodhrughadh, is é dhéanfair,” arsa Sadhbh.
“Ní thu atá caillte leis, acht mise. Má
gheibhim fám' lámhaibh é, stracfad an dá
shúil amach as a cheann. Agus dala an
sgéil, caidé an srangán a bhí fád thean-
gain-se,” ars' isi le Séadna, “nár labhair
agus sinn ag gabháil thart páirc an aonaigh
síos? Mar 'dh eadh nár thugais fá ndeara
sinn! Thugais go dian-mhaith. Dá fheabhas
do leigis ort gan féachaint orainn, do
chonnac-sa do shúil mhillteach orainn. Cad
'na thaobh nár labhrais an uair sin? Ní
raibh mo chuid airgid tabhartha agam-sa dhó
an uair sin. Cad do choimeád do bhéal
dúnta? Bhí do theanga bog go leór agat
nuair bhí sé ró-dhéidheanach. Bhí sé chomh
saor agat labhairt an uair sin agus bhí sé
agat labhairt 'n-a dhiaidh sin. 'Pé donas
greama atá agat ar Chormac, nach beag
duit cogar do thabhairt dó, chum é thiomáint
as a mheabhair, — bhí sé chomh maith agat an
cogar a thugais 'n-a dhiaidh sin dó do
thabhairt an uair sin do, dá mbadh mhaith
leat an gnó do dhéanamh sa' cheart. Níor
rinnis. Do sgaoilis thart an aimsir go
dtí go raibh mo chuid airgid tabhartha uaim


L. 180


agam, agus an cladhaire imthighthe. Ní fhéad-
fadh duine d'á aicme féin an sgéal do
socrughadh dhó níos deise ná shochruighis dó
é. 'Pé ball 'n-a bhfuil sé anois, ní
fuláir nó tá sé buidheach díot. Daoine dh'á
mhaoidheamh gur bhuaidhis-se ar an saoghal
mór le géar-chúis! 'Seadh go díreach!”



An fhaid do bhí an mhéid sin cainte ar
siubhal, bhí Séadna 'n-a sheasamh ar aghaidh
na beirte amach. A dhá láimh lastiar d'á
dhrom. É ag féachaint anonn ar an
bhfalla, agus gur dhóigh leat go raibh radharc
tríd an bhfalla aige ar rud éigin a bhí
lastiar de. A dhá shúil ar dhian-leathadh,
agus gur dhóigh leat ortha gurab amhlaidh do
chídhis radharc éigin ná feiceadh súile aon
duine eile. Gan cor aige dh'á chur d'á
cheannachaibh. Gan cor aige d'á chur d'aon
bhall d'á bhallaibh beathadh, acht chomh beag agus
dá mbeidheadh sé gan anam gan anál.
Nuair chíodh daoine sa' mhachtnamh sain é,
bhíodh sórd sgátha agus eagla ortha roimis.
D'fhéach Sadhbh air, agus d'éist sí, dá mhéid
buinne bhí fúithi. D'fhéach sí arís air, agus
am briathar gur dhruid sí uaidh anonn
tamall. Níor dhóigh leat air-sean gur
airigh sé focal uaithi, an fhaid bhí sí ag
caint, ná gur thug se fa ndeara gur stad
sí ná gur dhruid sí uaidh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services