Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt> <title type="main">Séadna. (Ar leanamhaint.)</title><author><persName>Ua Laoghaire, Peadar</persName></author><editor><name type="main">Mac Néill, Eoin</name></editor><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt> <editionStmt> <edition> <note type="N">IG07-10340</note> <note type="L">178</note> <note type="B">1897</note> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt> <publicationStmt> <publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher> <pubPlace>24 Upper O'Connell Street, Dublin</pubPlace><date>April, 1897</date><idno>IG07-10340</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <seriesStmt> <title level="s">Irisleabhar na Gaedhilge</title><biblScope unit="vol">7</biblScope> </seriesStmt> <sourceDesc> <biblStruct> <analytic><author>Ua Laoghaire, Peadar</author><title>Séadna. (Ar leanamhaint.)</title></analytic> <monogr> <title level="j">Séadna. (Ar leanamhaint.)</title><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>April, 1897</date></imprint> </monogr> </biblStruct> </sourceDesc> </fileDesc> <profileDesc> <langUsage><language ident="ga">Irish</language></langUsage> </profileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span><pb n="178"/></span> <lb n="1"/><span>Séadna</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>(Ar leanamhaint)</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>Ghluaiseadar ortha suas, cos ar chois, go</span> <lb n="6"/><span>tigh Dhiarmuda. Ní raibh reómpa ann acht</span> <lb n="7"/><span>cruinniughadh ban agus leanbh agus seandaoine, agus</span> <lb n="8"/><span>an tinncéir mór dá léiriúghadh dhóibh cad a</span> <lb n="9"/><span>bhí d'éis tuitim amach.</span></p> <lb n="10"/> <lb n="11"/><p><span>“Caidé sin adeir sé?” arsa Diarmuid</span> <lb n="12"/><span>le duine aco.</span></p> <lb n="13"/> <lb n="14"/><p><span>“Deir sé,” ars' an duine, “gurab</span> <lb n="15"/><span>amhlaidh atá Sadhbh fuaduighthe ag muintir</span> <lb n="16"/><span>an ríogh, agus go bhfuil Cormac an Chainncín agus</span> <lb n="17"/><span>a mhuintir imthighthe 'n-a ndiaidh, ar cos-i-</span> <lb n="18"/><span>n-áirde, chum í bhaint díobh agus í thabhairt leó</span> <lb n="19"/><span>a-bhaile, mar go raibh sí féin agus Cormac</span> <lb n="20"/><span>réidh chum a bpósta.”</span></p> <lb n="21"/> <lb n="22"/><p><span>Chuadar isteach. Ní raibh aon-ne' reómpa</span> <lb n="23"/><span>istigh. Chuireadar lámh ar dhoras an</span> <lb n="24"/><span>tseomra. Bhí sé daingean ó 'n dtaobh</span> <lb n="25"/><span>istigh. D'fhéachadar ar a chéile.</span></p> <lb n="26"/> <lb n="27"/><p><span>“Osgail an doras, 'pé duine atá ann-</span> <lb n="28"/><span>sain!” arsa Diarmuid.</span></p> <lb n="29"/> <lb n="30"/><p><span>“Dún-sa doras an tighe ar dtúis,” arsa</span> <lb n="31"/><span>Sadhbh — is í bhí ann. Do dhún.</span></p> <lb n="32"/> <lb n="33"/><p><span>D'osgail sí an doras agus thaisbeáin sí</span> <lb n="34"/><span>dhóibh í féin, agus an clóca dearg uirthi, agus</span> <lb n="35"/><span>sgeón innti.</span></p> <lb n="36"/> <lb n="37"/><p><span>“Caidé an donas é seo,” ars' isi, “atá</span> <lb n="38"/><span>ag éirghe do na daoinibh go léir, nó an ag</span> <lb n="39"/><span>imtheacht as a meabhair atáid? Bhíos im'</span> <lb n="40"/><span>shuidhe sa' chathaoir sin annsain. Bhí Sío-</span> <lb n="41"/><span>gaidhe imthighthe amach 'féachaint an bhfeic-</span> <lb n="42"/><span>feadh sé thusa. Ní raibh sé acht ar éigin</span> <lb n="43"/><span>imthighthe a radharc an dorais, nuair 'air-</span> <lb n="44"/><span>gheas an choisidheacht agus an gleo agus an t-éir-</span> <lb n="45"/><span>leach amuigh. D'fhéachas amach, agus cad do</span> <lb n="46"/><span>chífinn acht an t-aonach ag déanamh ar an</span> <lb n="47"/><span>ndoras i n-aon tsluagh amháin. An báille</span> <lb n="48"/><span>ar tosach agus a chloidheamh ar tarrang aige</span> <lb n="49"/><span>'n-a láimh dheis, agus a bhata draighin 'n-a láimh</span> <lb n="50"/><span>chlé, bior ar a dhá shúil agus fásgadh 'n-a bhéal.</span> <lb n="51"/><span>Do léimeas chum an dorais do dhúnadh, acht</span> <lb n="52"/><span>bhí sé ro-thapaidh dom. 'Ní baoghal duit, a</span> <lb n="53"/><span>Shadhbh,' ars' eisean, agus siúd siar sa'</span> <lb n="54"/><span>tseaomra é agus beirt nó triúr i n-éin-</span> <lb n="55"/><span>fheacht leis. Do rop sé na leabthacha agus do</span> <lb n="56"/><span>rop sé fútha. An fhaid bheitheá ag dúnadh</span> <lb n="57"/><span>do shúl, bhí sé féin agus iad-san amuigh arís.</span> <lb n="58"/><span>D'iompuigh sé ar na fearaibh. 'D'imthighea-</span> <lb n="59"/><span>dar,' ars' eisean. 'Leanam iad!' Ann-</span> <lb n="60"/><span>sain do cuireadh an liúgh suas go mb'éigin</span> <lb n="61"/><span>dom mo mhéaranna do sháthadh im'chluasaibh.”</span></p> <lb n="62"/> <lb n="63"/><p><span>“Féach,” arsa Séadna. “Tá cuid de'n</span> <lb n="64"/><span>airgead agam-sa. Fuaras é i ndíol na</span> <lb n="65"/><span>mbróg.” Agus do tharraing sé aníos as</span> <lb n="66"/><span>a phóca cúpla píosa óir. Do rug sé ar</span> <lb n="67"/><span>cheann aco, agus chuimil sé de mhuinilte a</span> <lb n="68"/><span>chasóige é ar feadh tamaill. Ba ghearr</span> <lb n="69"/><span>gur imthigh an dath breágh buidhe agus gur</span> <lb n="70"/><span>tháinig i n-a ionad dath glas luaidhe. D'á</span> <lb n="71"/><span>bhfeicfeá an dá shúil tháinig do Shaidhbh,</span> <lb n="72"/><span>nuair chonnaic sí an méid sin.</span></p> <lb n="73"/> <lb n="74"/><p><span>“Cá bhfuaradh sé sin?” ars' isi.</span></p> <lb n="75"/> <lb n="76"/><p><span>“Do fuaradh,” arsa Séadna, “sa' bhosga</span> <lb n="77"/><span>úd tugadh dhuitse le cur i gcoimeád. Dá</span> <lb n="78"/><span>mb'áil leó tuilleadh de'n dath do chur suas,</span> <lb n="79"/><span>ní móide go bhfaighfidhe amach chomh luath an</span> <lb n="80"/><span>gnó bhí ar siubhal aco. Is truagh ná raibh</span> <lb n="81"/><span>Cormac cúpla neómat níos túisge. B'fhéi-</span> <lb n="82"/><span>dir go dtiocfadh sé suas leó fós.”</span></p> <lb n="83"/> <lb n="84"/><p><span>“Ní thuigim cad tá ar siubhal agat,”</span> <lb n="85"/><span>arsa Sadhbh.</span></p> <lb n="86"/> <lb n="87"/><p><span>“Is é atá ar siubhal agam,” arsa</span> <lb n="88"/><span>Séadna, “go raibh ceathrar bitheamhnach ar</span> <lb n="89"/><span>lóisdín annso agat. Gur airgead bréa-</span> <lb n="90"/><span>gach bhí sa' bhosga. Gach ar ceannuigheadh</span> <lb n="91"/><span>de chaiplibh ar an aonach indiu, gur airgead</span></p> </div> <pb n="179"/> <div><lb n="92"/><p><span>bréagach a díoladh asta. Gur do'n rígh do</span> <lb n="93"/><span>ceannuigheadh formhór ar ceannuigheadh de</span> <lb n="94"/><span>chaiplibh indiu, agus go bhfuil an dúthaigh</span> <lb n="95"/><span>creachta. Sin é atá ar siubhal agam.”</span></p> <lb n="96"/> <lb n="97"/><p><span>D'iompuigh sí uaidh. Thugadar fá ndeara</span> <lb n="98"/><span>a cosa ag imtheacht uithi. Do rug a</span> <lb n="99"/><span>hathair idir a dhá láimh uirthi. Muna mbei-</span> <lb n="100"/><span>dheadh sain, do bhí sí ar an urlár aco 'n-a</span> <lb n="101"/><span>cnaipe.</span></p> <lb n="102"/> <lb n="103"/><p><span>Síle. An cailín bocht! Trí chéad punt</span> <lb n="104"/><span>imthighthe! Ba mhór a sgrupall é!</span></p> <lb n="105"/> <lb n="106"/><p><span>Nóra. Ar chuaidh sí i laige, a Pheg?</span></p> <lb n="107"/> <lb n="108"/><p><span>Peg. Am briathar gur chuaidh, agus go raibh</span> <lb n="109"/><span>a hathair tamall maith ag greadadh a bas agus</span> <lb n="110"/><span>ag caitheamh uisge uirthi, sul a dtáinig sí</span> <lb n="111"/><span>chuichi féin. Agus nuair tháinig, is é céad</span> <lb n="112"/><span>fhocal do labhair sí, “Airiú, greadadh</span> <lb n="113"/><span>chughat!” ars' isi. “Cad is gádh dhuit me</span> <lb n="114"/><span>bhasgadh agus me bháth? Cad dob'áil leat-sa</span> <lb n="115"/><span>annso?” ars' isi le Séadna. “Imthigh leat</span> <lb n="116"/><span>a-bhaile,” ars' isi. “Ní'l aon ghnó annso</span> <lb n="117"/><span>agat.” Níor leig seisean air gur labhair</span> <lb n="118"/><span>sí.</span></p> <lb n="119"/> <lb n="120"/><p><span>“Tá eagla orm,” ars' eisean le Cormac,</span> <lb n="121"/><span>“má bheirthear ortha, gurab olc do raghaid</span> <lb n="122"/><span>as. Tá fearg ar Chormac. Is dóigh liom</span> <lb n="123"/><span>nach fuláir nó go bhfuil rud éigin foghanta</span> <lb n="124"/><span>beirthe uaidh aco. Ní fheaca riamh ag dul</span> <lb n="125"/><span>chum gnotha é le n-a oiread binbe. Bhí</span> <lb n="126"/><span>sórt eagla ar a ghárda féin roimis.</span> <lb n="127"/><span>Geallaim dhuit gurab iad a bhí go tugtha agus</span> <lb n="128"/><span>go hullamh agus go himghníomhach, agus nach baoghal</span> <lb n="129"/><span>gur thug aon-ne' aco gach-re seadh dhó. Ní</span> <lb n="130"/><span>bheinn i gcás an fhir mhóir úd ar rud nach</span> <lb n="131"/><span>déarfainn, má tagthar suas leis.”</span></p> <lb n="132"/> <lb n="133"/><p><span>“Níor bhuail a leithéid de mhí-ágh riamh</span> <lb n="134"/><span>mé!” arsa Diarmuid. “Ar an áit seo do</span> <lb n="135"/><span>rugadh agus do tógadh mé, agus m'athair reomham,</span> <lb n="136"/><span>agus mo shean-athair. Ní raibh luach feoirlinge</span> <lb n="137"/><span>riamh le' chur im leith, ná i leith aon-ne' de</span> <lb n="138"/><span>na seacht sinsearaibh a tháinig reómham.</span> <lb n="139"/><span>Ó! Ó! Ó! a bheith de chrann agus de phlainéid</span> <lb n="140"/><span>orm iad do bhualadh chugam an doras</span> <lb n="141"/><span>isteach gan chuireadh gan iarraidh! Iad do</span> <lb n="142"/><span>thabhairt a n-aghaidh ar an dtigh seo, seachas</span> <lb n="143"/><span>aon tigh eile sa' tsráid ná i gcomhgar na</span> <lb n="144"/><span>sráide! Cad déarfaid na comhursain acht</span> <lb n="145"/><span>gurab amhlaidh do bhí rún a ndroich-bheart</span> <lb n="146"/><span>agam, agus gurab amhlaidh do bhíos ag cabhru-</span> <lb n="147"/><span>ghadh leó? Má theipeann ar Chormac teacht</span> <lb n="148"/><span>suas leó, — an mhuintir go bhfuil a gcuid</span> <lb n="149"/><span>caillte aco tar éis an lae, má's filleadh</span> <lb n="150"/><span>annso dhóibh agus a gcuaird i n-aisdear aco</span> <lb n="151"/><span>déarfaidh gach aon-ne' gur mise fá ndeara</span> <lb n="152"/><span>é; muna mbeidheadh gur thugas robhadh dhóibh,</span> <lb n="153"/><span>ná beidís imthighthe chomh tapaidh. Ní fágfar</span> <lb n="154"/><span>cleith os mo chionn, ná aon chnámh slán im'</span> <lb n="155"/><span>chorp. Aililiú! Caidé mar mhífhortún!</span> <lb n="156"/><span>Caidé mar thiubaiste! Cad tá le déanamh</span> <lb n="157"/><span>agam i n-aon chor, i n-aon chor? Is cruaidh</span> <lb n="158"/><span>an sgéal é i ndeireadh mo shaoghail. Ó! a</span> <lb n="159"/><span>chreach láidir é! a chreach láidir é! Cad</span> <lb n="160"/><span>dhéanfad? Cad dhéanfad?”</span></p> <lb n="161"/> <lb n="162"/><p><span>“Do bhéal d'éisteacht agus gan bheith s'ár</span> <lb n="163"/><span>mbodhrughadh, is é dhéanfair,” arsa Sadhbh.</span> <lb n="164"/><span>“Ní thu atá caillte leis, acht mise. Má</span> <lb n="165"/><span>gheibhim fám' lámhaibh é, stracfad an dá</span> <lb n="166"/><span>shúil amach as a cheann. Agus dala an</span> <lb n="167"/><span>sgéil, caidé an srangán a bhí fád thean-</span> <lb n="168"/><span>gain-se,” ars' isi le Séadna, “nár labhair</span> <lb n="169"/><span>agus sinn ag gabháil thart páirc an aonaigh</span> <lb n="170"/><span>síos? Mar 'dh eadh nár thugais fá ndeara</span> <lb n="171"/><span>sinn! Thugais go dian-mhaith. Dá fheabhas</span> <lb n="172"/><span>do leigis ort gan féachaint orainn, do</span> <lb n="173"/><span>chonnac-sa do shúil mhillteach orainn. Cad</span> <lb n="174"/><span>'na thaobh nár labhrais an uair sin? Ní</span> <lb n="175"/><span>raibh mo chuid airgid tabhartha agam-sa dhó</span> <lb n="176"/><span>an uair sin. Cad do choimeád do bhéal</span> <lb n="177"/><span>dúnta? Bhí do theanga bog go leór agat</span> <lb n="178"/><span>nuair bhí sé ró-dhéidheanach. Bhí sé chomh</span> <lb n="179"/><span>saor agat labhairt an uair sin agus bhí sé</span> <lb n="180"/><span>agat labhairt 'n-a dhiaidh sin. 'Pé donas</span> <lb n="181"/><span>greama atá agat ar Chormac, nach beag</span> <lb n="182"/><span>duit cogar do thabhairt dó, chum é thiomáint</span> <lb n="183"/><span>as a mheabhair, — bhí sé chomh maith agat an</span> <lb n="184"/><span>cogar a thugais 'n-a dhiaidh sin dó do</span> <lb n="185"/><span>thabhairt an uair sin do, dá mbadh mhaith</span> <lb n="186"/><span>leat an gnó do dhéanamh sa' cheart. Níor</span> <lb n="187"/><span>rinnis. Do sgaoilis thart an aimsir go</span> <lb n="188"/><span>dtí go raibh mo chuid airgid tabhartha uaim</span></p> </div> <pb n="180"/> <div><lb n="189"/><p><span>agam, agus an cladhaire imthighthe. Ní fhéad-</span> <lb n="190"/><span>fadh duine d'á aicme féin an sgéal do</span> <lb n="191"/><span>socrughadh dhó níos deise ná shochruighis dó</span> <lb n="192"/><span>é. 'Pé ball 'n-a bhfuil sé anois, ní</span> <lb n="193"/><span>fuláir nó tá sé buidheach díot. Daoine dh'á</span> <lb n="194"/><span>mhaoidheamh gur bhuaidhis-se ar an saoghal</span> <lb n="195"/><span>mór le géar-chúis! 'Seadh go díreach!”</span></p> <lb n="196"/> <lb n="197"/><p><span>An fhaid do bhí an mhéid sin cainte ar</span> <lb n="198"/><span>siubhal, bhí Séadna 'n-a sheasamh ar aghaidh</span> <lb n="199"/><span>na beirte amach. A dhá láimh lastiar d'á</span> <lb n="200"/><span>dhrom. É ag féachaint anonn ar an</span> <lb n="201"/><span>bhfalla, agus gur dhóigh leat go raibh radharc</span> <lb n="202"/><span>tríd an bhfalla aige ar rud éigin a bhí</span> <lb n="203"/><span>lastiar de. A dhá shúil ar dhian-leathadh,</span> <lb n="204"/><span>agus gur dhóigh leat ortha gurab amhlaidh do</span> <lb n="205"/><span>chídhis radharc éigin ná feiceadh súile aon</span> <lb n="206"/><span>duine eile. Gan cor aige dh'á chur d'á</span> <lb n="207"/><span>cheannachaibh. Gan cor aige d'á chur d'aon</span> <lb n="208"/><span>bhall d'á bhallaibh beathadh, acht chomh beag agus</span> <lb n="209"/><span>dá mbeidheadh sé gan anam gan anál.</span> <lb n="210"/><span>Nuair chíodh daoine sa' mhachtnamh sain é,</span> <lb n="211"/><span>bhíodh sórd sgátha agus eagla ortha roimis.</span> <lb n="212"/><span>D'fhéach Sadhbh air, agus d'éist sí, dá mhéid</span> <lb n="213"/><span>buinne bhí fúithi. D'fhéach sí arís air, agus</span> <lb n="214"/><span>am briathar gur dhruid sí uaidh anonn</span> <lb n="215"/><span>tamall. Níor dhóigh leat air-sean gur</span> <lb n="216"/><span>airigh sé focal uaithi, an fhaid bhí sí ag</span> <lb n="217"/><span>caint, ná gur thug se fa ndeara gur stad</span> <lb n="218"/><span>sí ná gur dhruid sí uaidh.</span></p> <lb n="219"/> <lb n="220"/><p> <lb n="221"/></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services