Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceisteanna. Continued.
Title
Ceisteanna. Continued.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CEISTEANNA Continued. 10. Chidhim chugham trís an ngleann Inghean an ríogh agus í go teann; Rud beag óir ar bhárr a baise, Agus cúl a coise trí n-a ceann. F. Tuagh. 11. Bíonn sí thiar; Bíonn sí i ngáirdín Bhaile Átha Cliath; Is mó é a greim 'ná greim capaill, Agus ní itheann sí an féar. F. Speal. 12. Chidhimse agus ní chidheann tusa é, agus is giorra dhuitse é 'ná dhamhsa. F. Cúl do chinn. 13. Dhá chois ar talamh; Ceithre cosa ar talamh Ceann le tóin, Agus tóin ar talamh. F. Duine bheadh ag crudh caorach. 14. Ceithre slata míne réidhe ag siubhal an tsléibhe 's a mbéal fútha. F. Ceithre shine (no sinidhe) na bó. 15. Ceathrar ar ruith; Ceathrar ar crith; Beirt ag tabhairt an eolais Do Mhac Uí Ghioblacháin ag ruith 'na ndiaidh. F. Bó bheadh ag rith; an t-earball Mac Uí Ghioblacháin; (an dá shúil); na ceithre sine; na ceithre cosa. 16. Lán páirce de bhuaibh bána, agus bó dhearg eatorra istigh. F. Sin é do bhéal, agus t'fhiacla agus do theanga. 17. Sin é insa' chúinne, agus pus air. F. An chroch. Notaidhe. 12. Ní fada ó bréagnuigheadh go ceart lom díreach mé i leith "ní chím" do bheith dá rádh i n-aon áit i gCúige Mumhan. Dubhairt beirt nach mbíthí dá rádh riamh ann, agus is é rud adubhairt duine de'n mbeirt seo ná mé féin da chumadh! Bíodh lán a súl aca feasda de "ní chidheann" atá ins an cheist seo, má's léir dóibh é. Ba dheimhin liom go gcuala an radh, acht ní raibh a fhios agam an uair sin é bheith thíos agam. 15. O Gioblacháin; ar n-a chumadh as "giobalach." 16. Chuireas "bhuaibh" i n-áit "bha." Seosamh Laoide.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services