Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceisteanna. Continued.

Title
Ceisteanna. Continued.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 158


CEISTEANNA



Continued.



10.
Chidhim chugham trís an ngleann
Inghean an ríogh agus í go teann;
Rud beag óir ar bhárr a baise,
Agus cúl a coise trí n-a ceann.



F. Tuagh.



11.
Bíonn sí thiar;
Bíonn sí i ngáirdín Bhaile Átha Cliath;
Is mó é a greim 'ná greim capaill,
Agus ní itheann sí an féar.



F. Speal.



12.
Chidhimse agus ní chidheann tusa é, agus is giorra
dhuitse é 'ná dhamhsa.



F. Cúl do chinn.



13.
Dhá chois ar talamh;
Ceithre cosa ar talamh
Ceann le tóin,
Agus tóin ar talamh.



F. Duine bheadh ag crudh caorach.



14.
Ceithre slata míne réidhe ag siubhal an
tsléibhe 's a mbéal fútha.



F. Ceithre shine (no sinidhe) na bó.



15.
Ceathrar ar ruith;
Ceathrar ar crith;
Beirt ag tabhairt an eolais
Do Mhac Uí Ghioblacháin ag ruith 'na ndiaidh.



F. Bó bheadh ag rith; an t-earball Mac
Uí Ghioblacháin; (an dá shúil); na
ceithre sine; na ceithre cosa.



16.
Lán páirce de bhuaibh bána, agus bó dhearg
eatorra istigh.



F. Sin é do bhéal, agus t'fhiacla agus do
theanga.



17. Sin é insa' chúinne, agus pus air.



F. An chroch.



Notaidhe.



12. Ní fada ó bréagnuigheadh go ceart lom díreach
mé i leith "ní chím" do bheith dá rádh i n-aon áit i
gCúige Mumhan. Dubhairt beirt nach mbíthí dá rádh
riamh ann, agus is é rud adubhairt duine de'n mbeirt seo
ná mé féin da chumadh! Bíodh lán a súl aca feasda de
"ní chidheann" atá ins an cheist seo, má's léir dóibh é.
Ba dheimhin liom go gcuala an radh, acht ní raibh a fhios
agam an uair sin é bheith thíos agam.



15. O Gioblacháin; ar n-a chumadh as "giobalach."
16. Chuireas "bhuaibh" i n-áit "bha."



Seosamh Laoide.








19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services