Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Giotaidhe ó Chonntae Phortláirge.
Title
Giotaidhe ó Chonntae Phortláirge.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ó Dúnlainge, Micheál
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GIOTAIDHE Ó CHONNTAE PHORTLÁIRGE. 1. Domhnach Cásga agus Lá Nodlag An dá lá is fearr do'n mbolg. (Do'n mbolg, recte do'n bholg). 2. Bliadhain is lá indiu, 'seadh báitheadh mó mháthair, agus dá raghadh sí timcheall an droichead, bheadh sí sa' mbaile fad' ó. 3. Sglábhuidhe bocht do dúisgthí chum oibre roimh ló, go n-abradh sé: “I nAinm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, chomh maith agus dá mbadh é an mhaidin é!” 4. Ba chomh-gann biadh agus Béarla sa' tír an tan thárla an comhrádh so idir bheirt. “Léigh an leacht dúinn.” “B'fhéidir thusa d'ithis níos mó de'n mhin bhuidhe 'ná mise — ná feudfá é do léigheadh?” 5. Solus na soillse — radharc na Tríonóide - Agus grása na foidhide i n-aghaidh na heugcórach. (Guidhtear chugainn iad). 6. Eibhlín éigin do bhí i mBaile na bhFaoiteach lá seaca, na madraidhe d'á ruagadh, agus na clocha greamuighthe chomh daingean sa' talamh ag an sioc, nár fheud sí a gcaitheamh leó, go ndubhairt sí an rann: Is olc an ceart é, a mhuintir Bhaile na bhFaoiteach, Clocha ceangailte agus madraidhe sgaoilte Agus Eibhlín dh'á lagaint chom minic is d'éirigheadh sí. 7. Salann 'san uisge, cuir min ann, Cuir sin ar sgáilín le bláthaigh ramhair, Tá agat cuid is fearr 'san domhan. 8. Déirc d'á hiarraidh annso: — “Tabhair dhom leath-phi'nn, má 'sé do thoil é. Tá coígthigheas ó thug tú dada dhom, agus beidh coígthigheas eile go n-iarrfad leath-phi'nn eile ort.” Micheál Ó Dúnlainge. Árdscoil Naomh Eóin, Portláirge.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services