Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Giotaidhe ó Chonntae Phortláirge.

Title
Giotaidhe ó Chonntae Phortláirge.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ó Dúnlainge, Micheál
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 151


GIOTAIDHE Ó CHONNTAE PHORTLÁIRGE.



1. Domhnach Cásga agus Lá Nodlag
An dá lá is fearr do'n mbolg.
(Do'n mbolg, recte do'n bholg).



2. Bliadhain is lá indiu, 'seadh báitheadh
mó mháthair, agus dá raghadh sí timcheall an
droichead, bheadh sí sa' mbaile fad' ó.



3. Sglábhuidhe bocht do dúisgthí chum oibre
roimh ló, go n-abradh sé: “I nAinm an
Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, chomh
maith agus dá mbadh é an mhaidin é!”



4. Ba chomh-gann biadh agus Béarla sa' tír
an tan thárla an comhrádh so idir bheirt.
“Léigh an leacht dúinn.” “B'fhéidir thusa
d'ithis níos mó de'n mhin bhuidhe 'ná mise — ná
feudfá é do léigheadh?”



5. Solus na soillse — radharc na
Tríonóide -
Agus grása na foidhide i n-aghaidh na
heugcórach.
(Guidhtear chugainn iad).



6. Eibhlín éigin do bhí i mBaile na
bhFaoiteach lá seaca, na madraidhe d'á
ruagadh, agus na clocha greamuighthe chomh
daingean sa' talamh ag an sioc, nár fheud
sí a gcaitheamh leó, go ndubhairt sí an rann:



Is olc an ceart é, a mhuintir Bhaile na
bhFaoiteach,
Clocha ceangailte agus madraidhe sgaoilte
Agus Eibhlín dh'á lagaint chom minic is
d'éirigheadh sí.



7. Salann 'san uisge, cuir min ann,
Cuir sin ar sgáilín le bláthaigh ramhair,
Tá agat cuid is fearr 'san domhan.



8. Déirc d'á hiarraidh annso: — “Tabhair
dhom leath-phi'nn, má 'sé do thoil é. Tá
coígthigheas ó thug tú dada dhom, agus beidh
coígthigheas eile go n-iarrfad leath-phi'nn eile
ort.”



Micheál Ó Dúnlainge.
Árdscoil Naomh Eóin,
Portláirge.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services