Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Proverbs (Continued).
Title
Proverbs (Continued).
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
M'Cabe, Daniel
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
(PROVERBS CONTINUED). From Mr. Daniel M'Cabe, Banteer. 1. Is liaigh gach othar tar éis a leighis. 2. An uair is mó an t-éigean, 'seadh dearbhthar an fíor-chara. 3. Má 's mall is díreach díoghaltas Dé. 4. Ní bhfuil 'san tsaoghal so achd ceó. 5. An té do chaithfeadh boighreán i gcuibh- reann an diabhal theasdóchadh spúnóg fhada uaidh. 6. Ní gnáth troid le habaidh agus luighe i n-a leabaidh. 7. Ní fiú biorán beagán d'aon rud, Achd is fiú mórán beagán céille. 8. 'Sé fuadach an chait ar an domblas é. 9. I dtús an ghalair ná bí mall; Ní'l brígh 'san luib ná faghthar i n-am. 10. Tá sé ceangailte go daingean thiar ort, mar tá a choirthe ar an mbitheamhnach. 11. Má dhruideann tú leis an loime, druidfidh an loime leat. 12. Is maith an t-annlann an t-ocras, achd do dhíolfadh an t-ocrach saor é. 13. Ní lia ceann 'ná ceárd, acht is iomdha ceann gan ciall gan ceárd. 14. Is treise dúthchas 'ná oileamhain, go mór-mhór an droch-dhúthchas. 15. Ná mol aon-neach ar a shaidhbhreas, munab ion-mholta ar a shuailcibh eile é. 16. Ná bí id' bhreitheamh idir do cháirdibh Ná imreasach le t'athair ná led' mháthair. 17. Ná déan tnúth le duine droich-bhear- tach, óir ní maith deireadh na ndroch-dhaoine. 18. Déan tionnsgnadh maith agus cabhróchaidh Dia leat. 19. An bhochtanacht ní mholaim-se Is ní cháinim í, Is ní'l neach do bheadh d'á moladh liom Nach aige b' fhearr liom í. 20. Ní hanfadh go gaoith andeas, is ní torann treun go tóirneach. 21. Ní teasaidheacht go náire, is ní heas- baidh go díoth cháirde.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services