Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Proverbs (Continued).

Title
Proverbs (Continued).
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
M'Cabe, Daniel
Composition Date
1897
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

(PROVERBS CONTINUED).



From Mr. Daniel M'Cabe, Banteer.



1. Is liaigh gach othar tar éis a leighis.



2. An uair is mó an t-éigean, 'seadh
dearbhthar an fíor-chara.



3. Má 's mall is díreach díoghaltas Dé.



4. Ní bhfuil 'san tsaoghal so achd ceó.



5. An té do chaithfeadh boighreán i gcuibh-
reann an diabhal theasdóchadh spúnóg fhada
uaidh.



6. Ní gnáth troid le habaidh agus luighe i n-a
leabaidh.



7. Ní fiú biorán beagán d'aon rud,
Achd is fiú mórán beagán céille.



8. 'Sé fuadach an chait ar an domblas é.



9. I dtús an ghalair ná bí mall;
Ní'l brígh 'san luib ná faghthar i n-am.



10. Tá sé ceangailte go daingean thiar
ort, mar tá a choirthe ar an mbitheamhnach.



11. Má dhruideann tú leis an loime,
druidfidh an loime leat.



12. Is maith an t-annlann an t-ocras,
achd do dhíolfadh an t-ocrach saor é.



13. Ní lia ceann 'ná ceárd, acht is iomdha
ceann gan ciall gan ceárd.



14. Is treise dúthchas 'ná oileamhain, go
mór-mhór an droch-dhúthchas.



15. Ná mol aon-neach ar a shaidhbhreas,
munab ion-mholta ar a shuailcibh eile é.



16. Ná bí id' bhreitheamh idir do cháirdibh
Ná imreasach le t'athair ná led'
mháthair.



17. Ná déan tnúth le duine droich-bhear-
tach, óir ní maith deireadh na ndroch-dhaoine.



18. Déan tionnsgnadh maith agus cabhróchaidh
Dia leat.



19. An bhochtanacht ní mholaim-se
Is ní cháinim í,
Is ní'l neach do bheadh d'á moladh liom
Nach aige b' fhearr liom í.



20. Ní hanfadh go gaoith andeas, is ní
torann treun go tóirneach.



21. Ní teasaidheacht go náire, is ní heas-
baidh go díoth cháirde.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services