Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Mac Ríogh nach nDéanfadh Comhairle.
Title
An Mac Ríogh nach nDéanfadh Comhairle.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN MAC RÍOGH NACH NDÉANFADH COMHAIRLE. (DONEGAL FOLK-TALE). (Tuilleadh). “Tá mo dheirbhshiúr liom,” ars' an mac ríogh, “agus mur bhfuighidh mé lóisdín di-si, ní fhanfaidh mise.” “Gheabha tú sin fósda,” ars' an seanduine, “agus fáilte.” Thug sé a dheirbhshiúr isteach, agus shuidh siad. D'orduigh an sean-duine d'á shearbh- foghantaidhe suipeur do dhéanamh dhóibh. 'Nuair chaith siad a suipeur, shuidh siad cois na teineadh, agus d' fhiarfuigh an sean-duine de'n óglách ca a fhad a shiubhail sé, mar gur chosmhail dó gur tógadh go fíor-mhaith é. Dubhairt an mac ríogh gur tógadh, ag tosacht agus ag innsint dó caidé d'éirigh dhóibh, agus caidé an dóigh ar dhíbir a n-athair ar siubhal uaidh iad. “Maiseadh,” ars' an sean-duine, “tá sibh maith go leór go fóill, óir tighearna atá annam-sa, agus tá cuid mhór de shaidhbhreas agam, agus cuid mhór de thalamh, agus má fhanann tú agam-sa, bheura mé dhuit mo chuid saidhbhris agus mo dhúthaigh ó mo lá féin amach. Agus tá saidhbhreas mór ag mo bhean (mhnaoi) agus bheura sí dod' dheirbhsiúr é. Dubhairt mac an ríogh gur mhaith leis a leithéid de shaidhbhreas d' fhagháil, agus go raibh sé fíor-bhuidheach dhe; agus rinne sé comhairle fanamhaint aige. Chuaidh siad uilig 'na luighe an oidhche sin, agus d'éirigh lá ar n-a bhárach, agus rinn' breicfeasta maith. “Gabh liom anois,” ars' an tighearna, “go dtaisbeanaidh mé m'áit duit, óir nár mhaith liom thú do choinneáil (chongbháil), má's beag leat an gleus beathadh bheidheas ort annseo.” Chuaidh siad amach go bhfeuchadh siad thart timcheall ar dhúthaigh an tighearna, agus thaitin go maith leis an mac ríogh an méid saidhbhris agus talaimh thárla leis. “Anois,” ars' an tighearna, “atá mo chuid tionontaidhe uile-go-léir le bheith cruinn i mbárach ag tarraing mo chuid móna 'na bhaile ó 'n phortaigh. Mar gheall air sin tabhair thusa leat an madadh beag bán so. Gabh 'un na páirce sin thall, agus dreasuigh é 'san tsealbhán caorach atá innti, agus cha dtéid siad i bhfad go dtuitfidh an molt is ramhra agus plúchfar é ina chuid gearaigh; agus iomchuir leat 'un a' bhaile é le feusda 'dhéanamh do mo chuid tionontaidhe.” B' fhíor é. Thug an mac ríogh leis an madadh beag bán agus chuaidh sé chun na páirce. Dhreasuigh sé an madadh ins na caorchaibh, agus cha deachaidh siad i bhfad gur thuit an molt ba ramhra agus plúchadh 'na chuid gearaigh é. Bhí an t-óglách 'gá chromadh leis an mholt do thógáil, nuair chonnaic sé óig-bhean ag teacht
chuige agus trí madaidhe léi. Bheannuigh sí do mhac an ríogh agus ars' í, “Is fearr dhuit-se an molt sin do thabhairt damh-sa agus bheuraidh mé dhuit ceann de na madaidhibh seo. 'Sé ainm atá ar an mhadadh so Trom-ualach, agus atá sé chomh láidir sin go dtig leis rud ar bith, cibé a throime, d'iomchur, agus beidh sé fíor-úsáideach dhuit go fóill.” Chuir an mac ríogh suas de'n mholt do thabhairt di, “air,” ars' é, “ní'l mé acht 'mo choimhthigheach 'san áit seo, mar aréir thainic mé, agus b'fhéidir nach mbeidheadh mo thighearna sásta liom agus an molt sin do thabhairt ar mhadadh.” Acht thug an óig-bhean oiread sáruigheacht air go dtug sé an molt ar son an mhadaidh láidir. Dhreasuigh mac an ríogh an madadh beag bán ins na caorchaibh an dara feacht, agus cha deachaidh na caoirigh i bhfad gur thuit an molt ba ramhra, agus plúchadh 'na chuid gearaigh é. Dubhairt an óig-bhean gurbh' fhearr dhó an molt sin do thabhairt di-si, agus go dtiubhradh sí madadh eile dhó dar bh' ainm Gasta agus go raibh sé chomh lúthmhar sin go mbeuradh sé ar rud ar bith d'éireóchadh roimhe, agus go mbéidheadh an madadh so fíor-úsáideach dhó go fóill. D'fhreagair mac an ríogh nach mbéidheadh a mhaighistir sásta leis faoi sin do dhéanamh, acht rinn' sí oiread sáruigheacht' air go dtug sé an dara molt di faoi dheireadh ar son an mhadaigh Gasta. Dhreasuigh sé an madadh beag bán ins na caorchaibh arís, agus cha deachaidh siad i bhfad gur thuit an molt ba ramhra, agus plúchadh ina chuid gearaigh é. “Is fearr dhuit,” ars' an óig-bhean, “an molt sin thabhairt damh-sa, agus bheuraidh mé an madadh eile so dhuit ar a shon. Madadh baineann atá innti, agus is é a hainm Fiosach, agus tá an oiread sin d'fhios agus de stuamacht innti, go mbí eólas aici ar gach aon rud d'á mbíonn ag dul ar aghaidh, ní hé amháin 'san tír seo acht fós i dtír ar bith eile 'san domhan. Níos mó 'ná sin, cha ndéanann na madaidhe eile aon mhaith dhuit, mar mbeidh an madadh so leó; agus beidh siad fíor-úsáideach dhuit go fóill.” 'San deireadh, fuair sí é ar chomhairle an tríomhadh molt thabhairt di ar son an mhadaidh seo Fiosach. Dhreasuigh an mac ríogh an madadh beag bán ins na caorchaibh an ceathramhadh feacht, agus cha ndeachaidh siad i bhfad gur thuit an molt ba ramhra, agus plúchadh ina chuid gearaigh é. Thug an mac ríogh ordughadh do'n mhadadh Trom-ualach é chaitheadh ar a dhruim agus a iomchur 'na bhaile, agus rinn' sé sin. Bhí an tighearna amuigh ag feitheamh ar a theacht. D'innis sé do'n tighearna caidé tharla dhó, agus go dtug sé na trí muilt ba ramhra 'san tsealbhán ar son na dtrí madaidhe seo. “Maiseadh,” ars' an tighearna, “má rinn' tú go maith, is duit féin is fearr é, agus má rinn' tú go holc, is duit féin is measa é agus tá mise sásta.” Lá ar n-a bhárach, chruinnigh tionontaidhe an tighearna, gur tharraing siad a chuid móna chun an doruis chuige, agus rinn' an tighearna feusda mór dhóibh. An dara lá 'na dhiaidh sin, dubhairt mac an ríogh leis an tighearna gur mhaith leis dul 'un na coilleadh ag sealgaireacht, agus, má b'é a thoil é, a ghunna thabhairt dó. “Is olc liom,” ars' an tighearna, “thú dhul 'san choill sin, óir bhí seachtar mac agam-sa, agus cailleadh iad uile-go-léir ins an choill sin.” D'fhreagair mac an ríogh gur mhaith leis dul ann, óir gur chleacht sé nuair bhí sé sa bhaile, bheith ag sealgaireacht, agus nach raibh aon eagla air roimh rud ar bith san domhan. B' fhíor é. Chuaidh sé 'un na coilleadh, agus an gunna agus na trí madaidhe leis. Bhíodar ag casacht ar shealbhán d'eunachaibh ba bhreagha chonnaic a'n duine riamh. Thosuigh sé ag caitheadh leó gur mharbh sé tort cruaiche féir, agus chaith an madadh láidir
Trom-ualach ar a dhruim iad, agus d'iomchuir leis 'na bhaile iad. Bhí an tighearna amuigh ag feitheamh ar an óglách, agus bhí lúthgháir mhór air nuair chonnaic sé slán é, agus rith sé ina airicis. Bhain siad na cleiteacha de chuid de na heunachaibh agus ghleus siad a suipéar, agus bhí suipéar mór aca. (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services