Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Mac Ríogh nach nDéanfadh Comhairle.

Title
An Mac Ríogh nach nDéanfadh Comhairle.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AN MAC RÍOGH NACH NDÉANFADH
COMHAIRLE.



(DONEGAL FOLK-TALE).



(Tuilleadh).



“Tá mo dheirbhshiúr liom,” ars' an mac
ríogh, “agus mur bhfuighidh mé lóisdín di-si, ní
fhanfaidh mise.”



“Gheabha tú sin fósda,” ars' an
seanduine, “agus fáilte.”



Thug sé a dheirbhshiúr isteach, agus shuidh siad.
D'orduigh an sean-duine d'á shearbh-
foghantaidhe suipeur do dhéanamh dhóibh.
'Nuair chaith siad a suipeur, shuidh siad cois
na teineadh, agus d' fhiarfuigh an sean-duine
de'n óglách ca a fhad a shiubhail sé, mar gur
chosmhail dó gur tógadh go fíor-mhaith é.
Dubhairt an mac ríogh gur tógadh, ag tosacht
agus ag innsint dó caidé d'éirigh dhóibh, agus
caidé an dóigh ar dhíbir a n-athair ar siubhal
uaidh iad.



“Maiseadh,” ars' an sean-duine, “tá sibh
maith go leór go fóill, óir tighearna atá
annam-sa, agus tá cuid mhór de shaidhbhreas
agam, agus cuid mhór de thalamh, agus má fhanann
tú agam-sa, bheura mé dhuit mo chuid
saidhbhris agus mo dhúthaigh ó mo lá féin amach.
Agus tá saidhbhreas mór ag mo bhean
(mhnaoi) agus bheura sí dod' dheirbhsiúr é.



Dubhairt mac an ríogh gur mhaith leis a
leithéid de shaidhbhreas d' fhagháil, agus go raibh
sé fíor-bhuidheach dhe; agus rinne sé comhairle
fanamhaint aige.



Chuaidh siad uilig 'na luighe an oidhche sin,
agus d'éirigh lá ar n-a bhárach, agus rinn'
breicfeasta maith.



“Gabh liom anois,” ars' an tighearna, “go
dtaisbeanaidh mé m'áit duit, óir nár mhaith
liom thú do choinneáil (chongbháil), má's beag
leat an gleus beathadh bheidheas ort
annseo.”



Chuaidh siad amach go bhfeuchadh siad thart
timcheall ar dhúthaigh an tighearna, agus thaitin
go maith leis an mac ríogh an méid saidhbhris
agus talaimh thárla leis.



“Anois,” ars' an tighearna, “atá mo chuid
tionontaidhe uile-go-léir le bheith cruinn i
mbárach ag tarraing mo chuid móna 'na
bhaile ó 'n phortaigh. Mar gheall air sin
tabhair thusa leat an madadh beag bán so.
Gabh 'un na páirce sin thall, agus dreasuigh é
'san tsealbhán caorach atá innti, agus cha dtéid
siad i bhfad go dtuitfidh an molt is ramhra
agus plúchfar é ina chuid gearaigh; agus iomchuir
leat 'un a' bhaile é le feusda 'dhéanamh do
mo chuid tionontaidhe.”



B' fhíor é. Thug an mac ríogh leis an
madadh beag bán agus chuaidh sé chun na páirce.
Dhreasuigh sé an madadh ins na caorchaibh, agus
cha deachaidh siad i bhfad gur thuit an molt
ba ramhra agus plúchadh 'na chuid gearaigh é.
Bhí an t-óglách 'gá chromadh leis an mholt do
thógáil, nuair chonnaic sé óig-bhean ag teacht


L. 107


chuige agus trí madaidhe léi. Bheannuigh sí do
mhac an ríogh agus ars' í, “Is fearr dhuit-se
an molt sin do thabhairt damh-sa agus bheuraidh
mé dhuit ceann de na madaidhibh seo. 'Sé
ainm atá ar an mhadadh so Trom-ualach, agus
atá sé chomh láidir sin go dtig leis rud ar
bith, cibé a throime, d'iomchur, agus beidh sé
fíor-úsáideach dhuit go fóill.”



Chuir an mac ríogh suas de'n mholt do
thabhairt di, “air,” ars' é, “ní'l mé acht 'mo
choimhthigheach 'san áit seo, mar aréir thainic
mé, agus b'fhéidir nach mbeidheadh mo thighearna
sásta liom agus an molt sin do thabhairt ar
mhadadh.”



Acht thug an óig-bhean oiread sáruigheacht
air go dtug sé an molt ar son an mhadaidh
láidir.



Dhreasuigh mac an ríogh an madadh beag
bán ins na caorchaibh an dara feacht, agus cha
deachaidh na caoirigh i bhfad gur thuit an
molt ba ramhra, agus plúchadh 'na chuid
gearaigh é.



Dubhairt an óig-bhean gurbh' fhearr dhó an
molt sin do thabhairt di-si, agus go dtiubhradh
sí madadh eile dhó dar bh' ainm Gasta agus go
raibh sé chomh lúthmhar sin go mbeuradh sé ar
rud ar bith d'éireóchadh roimhe, agus go mbéidheadh
an madadh so fíor-úsáideach dhó go fóill.



D'fhreagair mac an ríogh nach mbéidheadh a
mhaighistir sásta leis faoi sin do dhéanamh,
acht rinn' sí oiread sáruigheacht' air go dtug
sé an dara molt di faoi dheireadh ar son an
mhadaigh Gasta.



Dhreasuigh sé an madadh beag bán ins
na caorchaibh arís, agus cha deachaidh siad i bhfad
gur thuit an molt ba ramhra, agus plúchadh ina
chuid gearaigh é. “Is fearr dhuit,” ars' an
óig-bhean, “an molt sin thabhairt damh-sa, agus
bheuraidh mé an madadh eile so dhuit ar a
shon. Madadh baineann atá innti, agus is é
a hainm Fiosach, agus tá an oiread sin d'fhios
agus de stuamacht innti, go mbí eólas aici
ar gach aon rud d'á mbíonn ag dul ar
aghaidh, ní hé amháin 'san tír seo acht fós i
dtír ar bith eile 'san domhan. Níos mó 'ná
sin, cha ndéanann na madaidhe eile aon
mhaith dhuit, mar mbeidh an madadh so leó;
agus beidh siad fíor-úsáideach dhuit go fóill.”



'San deireadh, fuair sí é ar chomhairle an
tríomhadh molt thabhairt di ar son an mhadaidh
seo Fiosach.



Dhreasuigh an mac ríogh an madadh beag
bán ins na caorchaibh an ceathramhadh feacht,
agus cha ndeachaidh siad i bhfad gur thuit an
molt ba ramhra, agus plúchadh ina chuid gearaigh
é. Thug an mac ríogh ordughadh do'n mhadadh
Trom-ualach é chaitheadh ar a dhruim agus a
iomchur 'na bhaile, agus rinn' sé sin.



Bhí an tighearna amuigh ag feitheamh ar a
theacht. D'innis sé do'n tighearna caidé
tharla dhó, agus go dtug sé na trí muilt ba
ramhra 'san tsealbhán ar son na dtrí
madaidhe seo.



“Maiseadh,” ars' an tighearna, “má rinn'
tú go maith, is duit féin is fearr é, agus má
rinn' tú go holc, is duit féin is measa é agus
tá mise sásta.”



Lá ar n-a bhárach, chruinnigh tionontaidhe
an tighearna, gur tharraing siad a chuid
móna chun an doruis chuige, agus rinn' an
tighearna feusda mór dhóibh.



An dara lá 'na dhiaidh sin, dubhairt mac
an ríogh leis an tighearna gur mhaith leis
dul 'un na coilleadh ag sealgaireacht, agus,
má b'é a thoil é, a ghunna thabhairt dó.



“Is olc liom,” ars' an tighearna, “thú
dhul 'san choill sin, óir bhí seachtar mac
agam-sa, agus cailleadh iad uile-go-léir ins
an choill sin.”



D'fhreagair mac an ríogh gur mhaith leis
dul ann, óir gur chleacht sé nuair bhí sé
sa bhaile, bheith ag sealgaireacht, agus nach raibh
aon eagla air roimh rud ar bith san
domhan.



B' fhíor é. Chuaidh sé 'un na coilleadh, agus
an gunna agus na trí madaidhe leis. Bhíodar
ag casacht ar shealbhán d'eunachaibh ba
bhreagha chonnaic a'n duine riamh. Thosuigh
sé ag caitheadh leó gur mharbh sé tort
cruaiche féir, agus chaith an madadh láidir


L. 108


Trom-ualach ar a dhruim iad, agus d'iomchuir
leis 'na bhaile iad.



Bhí an tighearna amuigh ag feitheamh ar an
óglách, agus bhí lúthgháir mhór air nuair chonnaic
sé slán é, agus rith sé ina airicis. Bhain siad
na cleiteacha de chuid de na heunachaibh agus
ghleus siad a suipéar, agus bhí suipéar mór
aca.



(Ní críoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services