Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Do bhíos-sa maidean aedhearach.
Title
Do bhíos-sa maidean aedhearach.
Author(s)
Mac Gearailt, Piaras,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Do bhíos-sa maidean aedhearach Ag déanamh leanna i mbárr chnuic, Mo smaointe — is mé go déarach — Ag chlaonadh is chreacadh Chláir Luirc. Do shuidh lem' ais de shíolraidh Chais AN bhrídeach mhaiseach mhánla; Ba chleasaidhe soighde a rinn-roisg ghlais, 'S an gnaoi mar shneacht ar bhántaibh.
Another begins:— Trém' aisling aréir, Is mé ar mo leabaidh, Do dhearcas lem' thaobh An rígh-bhean chailce. Do bhí luisne sa'mhnaoi Ba gheanamhail gnaoi, Is gile ag teacht tríthi De dhruim an tsneachta. Another begins:— Cois leasa dhom sínte, 's mo smaointe ar mearbhall, Do dhearcas chugham ainnear tré dhairbhre im' neul Go raibh carn-fholt sgaoilte síos go talamh léi, Agus í ar seachmall d'á ceachlach ó'n saoghal. “An duine thu, a shiúr, de'n triúr do chealg mé? Nó an tu Iúnó, bean Iúpiter eagnaidhe?” “Ní dalta leó súd d'á ndubhrais cheana me, Acht dlúith-shearc Charoluis, Banba i mbaoghal.” A fourth:— I mothar ghlas choilleadh trém' neultaibh, Roimh sgaipeadh do Phoebus ar cheó, Ba mheadhrach i gcrannaibh an eunlaith, Is mac alla ag léir-chanadh leó. Do dhearcas go hatuirseach bé mhiochair Inneallta shéimh shultmhar shógha Ag taisdeal an ghleanna 'na haonar, Ag casadh a “Caol-druimeann Og.” One more example will suffice:— Ar maidin indé, 's me ag déanamh machtnaimh Ar Ghaedhealaibh 's mar leagadh a gcáirde, Do casadh liom bé bhí péarlach cailce Maordha maiseamhail mnámhuil. Bhí a ramhar-roisg réidh 's a sgéimh mar eala, A beul, a leacainn, 's a báin-chnis Mar shneacht ar chraeibh tré chaor ag lasadh, 'S í ag déanamh aitis is áthais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services