Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Do bhíos-sa maidean aedhearach.

Title
Do bhíos-sa maidean aedhearach.
Author(s)
Mac Gearailt, Piaras,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Do bhíos-sa maidean aedhearach
Ag déanamh leanna i mbárr chnuic,
Mo smaointe — is mé go déarach —
Ag chlaonadh is chreacadh Chláir Luirc.
Do shuidh lem' ais de shíolraidh Chais
AN bhrídeach mhaiseach mhánla;
Ba chleasaidhe soighde a rinn-roisg ghlais,
'S an gnaoi mar shneacht ar bhántaibh.


L. 73


Another begins:—



Trém' aisling aréir,
Is mé ar mo leabaidh,
Do dhearcas lem' thaobh
An rígh-bhean chailce.
Do bhí luisne sa'mhnaoi
Ba gheanamhail gnaoi,
Is gile ag teacht tríthi
De dhruim an tsneachta.



Another begins:—



Cois leasa dhom sínte, 's mo smaointe ar mearbhall,
Do dhearcas chugham ainnear tré dhairbhre im' neul
Go raibh carn-fholt sgaoilte síos go talamh léi,
Agus í ar seachmall d'á ceachlach ó'n saoghal.
“An duine thu, a shiúr, de'n triúr do chealg mé?
Nó an tu Iúnó, bean Iúpiter eagnaidhe?”
“Ní dalta leó súd d'á ndubhrais cheana me,
Acht dlúith-shearc Charoluis, Banba i mbaoghal.”



A fourth:—



I mothar ghlas choilleadh trém' neultaibh,
Roimh sgaipeadh do Phoebus ar cheó,
Ba mheadhrach i gcrannaibh an eunlaith,
Is mac alla ag léir-chanadh leó.
Do dhearcas go hatuirseach bé mhiochair
Inneallta shéimh shultmhar shógha
Ag taisdeal an ghleanna 'na haonar,
Ag casadh a “Caol-druimeann Og.”



One more example will suffice:—



Ar maidin indé, 's me ag déanamh machtnaimh
Ar Ghaedhealaibh 's mar leagadh a gcáirde,
Do casadh liom bé bhí péarlach cailce
Maordha maiseamhail mnámhuil.
Bhí a ramhar-roisg réidh 's a sgéimh mar eala,
A beul, a leacainn, 's a báin-chnis
Mar shneacht ar chraeibh tré chaor ag lasadh,
'S í ag déanamh aitis is áthais.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services