Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cath Cluana Tairbh. I.
Title
Cath Cluana Tairbh. I.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CATH CLUANA TAIRBH. I. (d'aithris ughdar éigin.) Do bhí Brian go sona socair síothchánta i gCeann Coradh agus ba hí a bhean phósda an tráth sin deirbhshiúr Mhaolmórdha rí Laighean. Athchuingis Brian ar rígh Laighean trí seol-chrainn d' fhiodhaibh Coilleadh Gaibhle do chur chuighe. Do baineadh na crainn le Maolmórdha mac Murchudha, agus triallais féin leó go Ceann Coradh, mar a raibh Brian an tráth sin. Agus thug fá deara ar Uíbh Fáilghe crann díobh d'iomchur, crann eile ar Uíbh Muireadhaigh, agus an treas chrann ar Uíbh Faoláin. Tharla iomarbháidh chainte eatortha ag dul i n-aghaidh aoirde i gCoill Ghaibhle, agus leis sin téid rí Laighean agus cuiris lámh fá'n gcrann do bhí ag Uíbh Faoláin, agus an brat sróil thug Brian dó roimhe sin uime. Agus le méid na feadhma do chuir an rí air féin fá'n gcrann, do bhrís cos na cnaipe do bhí ann. Cidh tra acht, iar rochtain dóibh go Ceann Coradh, do dháil an rí an brat 's an chnaipe dá shiair Gormfhlaith ban-chéile Bhriain. Agus iar n-a innsint di cionnus do chaill an dealg nó an cnaipe a chos, do theilg sí urchor de san teinidh bhí 'na fiadh- naise, agus is é adubhairt, ag tabhairt iomcháine ar a dearbhráthair: gur nár dó beith fá dhaoirse nó fá mhoghsaine ag neach san domhan, “an ní ná deárna neach dá dtáinig reomhat. Agus an síleann tú,” ar sí, “ná hiarrfadh mac Mhurcudha nó Bhriain an ní céadna ar do mhac sa?” Do chuaidh an comhrádh sin go mór fá rígh Laighean, agus ba chumhthach é thríd. Tharla do Mhurchadh mac Briain agus do Chonaing mac Donnchuain bheith ag imirt fidhchille le chéile. Gabhais rí Laighean ag teagasg beart ar Mhurchadh, go rug Conaing an cluithche air. Gabhais fearg agus loinne mhór Murchadh De sin, agus is é adubhairt le rígh Laighean: “Is tú thug chomhairle do Loch- lannaibh, d'ar briseadh dhóibh i gcath Ghlinne Madhma.” D' fhreagair rí Laighean é agus is é adubhairt, “Má thugas comhairle dhóibh ré'r briseadh díobh insan gcath sin, do bhéar comhairle eile dhóibh d'á mbrisfid díot-sa i gcath eile.” “A shlán sin fút!” ar Murchadh. Ba feargach rí Laighean de'n chomhagallamh soin, go nach fuarthas uaidh teacht do'n teach n-óla an oidhche sin, acht do chuaidh dá teach leabtha, agus d'imthigh go moch iar n-a bháireach gan ceileabhradh do Bhrian. Iar n-a chlos soin do Bhrian do chuir giolla ghrádha dá mhuintir 'na dhiaidh, agus adu- bhairt ris a nochtadh dhó gan imtheacht go labhradh leis, agus go dtugadh seoide agus tuaras- dal do. Tháinig an giolla suas leis i gcionn droichid Chille Dá Lua, agus thug a theach- taireacht do. Fillis rí Laighean ar an ngiolla agus thug buille de shlait iubhair do bhí 'na láimh dhó, gur blodhadh leis a sheicne. Cogarán ainm an ghiolla agus is uaidh atáid Uí Chogaráin san Mumhain). Adubhradar dronga de'n teaghlach a leanamhain agus gan a leigean as go mbadh riarach ó Bhrian é. Adubhairt Brian ná déanfaidhe feall air ina theaghlach, agus gurab ina dhúthaigh féin do bhain- feadh éirig de. Iar rochtain do Mhaolmórdha mac Mur- cudha dá thír féin, cuiris coimhthionól agus cruinniughadh ar a cháirdibh agus ar Ghallaibh Átha Cliath go haon láthair, agus nochtais dóibh é féin agus a dhúthaigh uile d'fhagháil mí-chádhais agus tarcaisne mhóir i gCeann Coradh. Is í co- mhairle do rinneadar, iompódh ar Bhrian, iad féin agus neart Lochlannach. Dála Bhriain mhic Cinnéide, ar gclos an sgéil sin dó, do léir-thionóil sluaighte agus maithe fear Mumhan um Chian mac Maol- mhuaidh agus um Dhomhnall mac Duibh-dá- Bhuireann, rí Ua nEathach, mar aon le sluaightibh agus maithibh comhuaisle Connacht; go ndeachadar go Laighnibh agus do bhíodar i bhfos- longphort ar Laighnibh agus ar Ghallaibh Átha Cliath ó Lughnasadh go Nodlaig, agus ní bhfuair Brian cath uatha ris an rae sin. Annsin cuiris Maolmórdha mac Murchadha agus Lochlannaigh Átha Cliath feasa agus teachta
go rígh Lochlannach d'iarraidh congnamha sluaighte air i n-aghaidh Bhriain mhic Cinnéide rí Éireann go Muigh nEalta i gCluain Tairbh; agus iar rochtain sgéal uatha go rígh Lochlann, do chuir a dhís mhac .i. Carolus agus Aindrias, mar aon le dá mhíle dheug Lochlannach lán d' arm agus d'éideadh o bhathas go bonn do chongnamh le rígh Laighean i n-aghaidh Bhriain mhic Cinnéide, agus Síothrach mac Luadair mac ríogh Inse hOrc. Thángadar ann fós sluagh Oileán Lochlannach agus Inse Ceat, Manann agus Cinn Tíre Oirir Ghaedheal, agus Fionn-Lochlann, agus Aindriú mac Éibhrig, Dólat agus Conmhaol, dá thréin-mhílidh na talmhan, agus Asgal mac Godhfraidh, mac ríogh Thíre-an-tsneachta, agus Liath na laoidheinge, agus laochradh Lochlann ina gcaol-longaibh meadhónacha, agus a raibh as sin go sléibhtibh Rífe, dá reich féin ar ór agus ar airgead i n-aghaidh Bhriain mhic Cinnéide agus tsleachta Eoghain Mhóir. Tháinig ann fós i n-aghaidh Bhriain, árd-rí Éireann, Maolmórdha mac Murchadha agus ríoghradh Laighean uime, mar aon le Gallaibh Átha Cliath. Agus do chuir Maol- Seachlainn, rí Midhe, fios ós íseal, an oidhche roimh an gcath go rígh Laighean, agus chum na Lochlannach, dá rádh leó teacht do thabhairt catha do Bhriain; de bhrígh gur chuir Brian, an lá roimhe sin, a mhac Donnchadh, mar aon le trian an tsluaigh Mhuimhnigh, do chreachadh Laighean, agus do gheall féin go dtréigfeadh Brian ag dul chum an chatha dhóibh. Ó'dchonncadar Laighnigh agus Lochlainn rí Éireann ar uathadh sluaigh, thángadar féin na seacht gcathaibh ro-chóirighthe 'na choinne, agus annsin do roinneadar i dtrí cathaibh iad féin, .i. Lochlannaigh i gcath ar leith um chloinn ríogh Lochlann, Laighnigh um Mhaol- mórdha mac Murchadha i gcath eile, agus Gaill Átha Cliath i gcath leó féin. Ar na fheicsint sin go Bhrian, do roinn a shluagh i dtrí cathaibh, mar do bhí Murchadh mac Bhriain go n-a theaghlach príomh-thaoiseach, seacht bhfichid mac ríogh a líon, agus tríocha céad dúthaigh gach duine dhíobh; Toirdhealbhach mac Mhurchadha, Tadhg, Domhnall, Conchobhar, agus Flann, ceithre mic Bhriain, agus Donnchuan mac Cinnéide, Lonnragán, Ceiliochair, Fionghalach, agus Ionnrachtach, le maithibh Dáil gCais agus Tuadhmhumhan umpa, agus trí rígh Teabhtha, agus Laoghagán agus Ultán, mar aon le Carnán Conmhaicne Mara i n-aghaidh cloinne ríogh Lochlann agus Síothraigh mhic Bhruadair, rí Inse hOrc. Tháinig ann Cian mac Maolmhuaidh, go maithibh Deasmhumhan agus sleachta Eoghain Mhóir um Dhomhnall mac Dhuibh-dá-Bhuireann, rí Cinéil Laoghaire agus Ua nEachach. Tháinig ann rí na nDéiseach rí Ó Liatháin, agus Sgannlán mac Cathail, rí Locha Léin, Cathal Ó Donnabháin, rí Chairbre Aobhdha, agus Loingseach mac Dúnlaing, rí Ua gConaill Gabhra, agus Beothach mac Muireadhaigh, rí Ciarraighe Luachra. Tháinig ann Géibhean- nach Ó Dubhagáin rí Fear-Muighe, agus Ó Cear- bhaill, rí Éile. Táinig ann fós Cathal Ó Conchubhair, rí Connacht, Maolruanadha Ó hEidhin, rí Aidhne, Tadhg Ó Ceallaigh, rí Ó Máine, mar aon le maithibh Connacht. Do bhádar fós tuilleadh de ríoghraidh Mhumhan insan chath so ag congnamh do Bhrian .i. Aodh Goineach mac Donnghaile agus Fógartach mac Domhnaill, dá rígh Ó gCuanach, agus Corc, rí Musgraighe Miothaine, agus Eachthighearn mac Donnagáin, rí Ara. Annsin d'ionnsuigh Murchadh mac Briain agus na príomh-ghaisgidhigh de'n Dáil gCais do bhí ar a theaghlach na Lochlannaigh. D'ionnsuigh Cian mac Maolmhuaidh agus Domhnall mac Duibh-dá-Bhuireann mar aon le ríoghaibh deiscirt Mhumhan na Laighnigh agus Maolmórdha mac Murchadha. D'ionnsuigh Tadhg Ó Ceallaigh agus Cathal Ó Conchobhair mar aon le maithibh Connacht Gaill Átha Cliath. Agus adubhairt Brian nach é deireadh do chuirfeadh ar an gCarrghas dul ag marbhadh daoine, agus d'fhan ina phubaill agus a shaltair ina fhiadhnaise. D'fheuch Murchadh mac Briain tairis, agus do chonnairc gur thréig Maolseachlainn, rí Midhe, iad, agus gur fhág an cath faoi féin, (agus is
mar sin do gheall sé an oidhche roimhe sin do na Gallaibh), agus do chuir gort branair idir é agus iad. Amharcais Murchadh Dúnlaing Ó hArtagáin uaidh san gcath, agus d'fháiltigh Mhurchadh roimhe agus is é adubhairt, “Creud fá'r fhanais an fad so uaim, a Dhúnlaing, agus ba hiad fuaim do bhuillidhe agus dho bhéimeann d'aithneamar-ne?” “Beag an t-iongnadh,” do ráidh Dúnlaing, “óir do bhí beanna agus niamh-bhrat draoidheachta orm-sa ó Aoibhill, go nach dtiucfainn 'san gcath so do chabhair Bhriain ná dod' chabhair-se. Gidheadh ní bhfuil tairbhe dhom ag teacht, óir do gheabhair-se agus Brian agus do mhac Toirdhealbhac bás insan chath so indiu, agus mórán maille ribh de mhaithibh Éireann. Agus atáid sgeula móra agam duit, dá mbadh am a nochtta duit, agus ó nach eadh, díngeabhad-sa an fear comhlainn céad is doilighe leat id' aghaidh insan chath so.” “Truagh sin,” ar Murchadh; “is iomdha sin ar an muigh so indiu.” “Tar liom gus an áit i bhfuil Aoibheall ós cionn an chatha so,” do raidh Dúnlaing. Agus iar rochtain gus an áit sin dóibh adubhairt Aoibheall, “Ní bhfuil tairbhe ann, a Mhurchaidh,” ar sí, “óir do gheabhair-se bás insan gcath so;” agus adubhairt an rann: A. Cé maith do mhisneach, a chara dhil, Roimh cách ag dul 'san gcath, T' aghaidh gheal mar mhaoth-shról ndearg, Claochló'idh do dhealbh is do dhath. D. D'áireómhainn-se dhuit roimh gleic Sgeul beag agus é fíor, Nach é eagla m'aighthe féin Fo-deara dom' ghné dol díom. Da dtuitmíd-ne, tuitfid Gaill, Is biaid Gaedhil 'na raon ar rath; Ní háireómhthar go dtí an bráth A dtuitfe lem' láimh 'san gcath. A. A Dhúnlaing, seachain an cath Go dtí an mhaidin i mbárach. Do gheabhair dá fhichid bliadhan do rae, Is seachain cath an aon-lae. D. Ní thiubhar-sa Murchadh mór Ar airgead ná ar dhearg-ór, Is ní mó thréigfead mo bhladh Ar an éag nach seachantar. A. Ní hionann daoibh insan gcath, Gaill agus gasradh Theamhrach, Léinteacha sróil ar shíol Chuinn Is Goill 'n-a n-aonbhróin iarainn. D. Ós is airgead cloinne Luirc Tug Murchadh ós cionn mo chuirp. Do bhéar-sa an corp séimhidh seang Tar cheann mic árd-ríogh Éireann. A. Tuitfidh Murchadh, tuitfidh Brian, Is tuitfid uile ar aon-rian. Budh dearg do'n mhuigh so i mbárach Ó n-bhur bhfuil, cé mórdhálach. Ceann Coradh, árus Bhriain (Kincora) Athchuingis, the old S-preterite, 3rd sing. = d'athchuing. This ending -is has been corrupted to -as, and modern grammarians have adopted for it the title of “historical present!” The initial consonant of this form is not aspirated. It must be distinguished from the relative form in -as of the present and future. Other instances of pret.3.sg. in -is in this chapter are: triallais, cuiris, gabhais, fillis, nochtais, amharcais. Iomarbháidh chainte, a battle of words. Aoirde or áirde, a height. Feidhma, gen. of feidhm, effort. Cnaipe, brooch, usually a button: cos, the pin of the brooch. Iar rochtain dhóibh: tar a éis dóibh rochtain (srochtain) would now be said. Do dháil, gave, handed over. Moghsaine, servitude; mogh, mugh, a slave. Do chuaidh fá, troubled: cumthach, sad, cumha, grief. Conaing, hence O Conaing, Cunning, Gunning. Loinne, fury, lonn, fierce. D'ar briseadh dóibh (by reason) of which it was broken for them (they were defeated). Do bhéar, now do bhéarad, I shall give. Dependent form occurs in the verses, ní thiubhar, now ní thiubhrad, I shall not give. Futures whithout F, tiubhrad, rachad or raghad, beidhead, an all futures in which the root-vowel is lengthened, as béarad, adéarad, geóbhad, inneósad, íosad, míneóchad, etc. A shlán fút! I challange or defy you to do it. Slán and dubhshlán are used in the sense of a challenge. Fuarthas or fuaras = fríth, irreg.pret.pass. “was got”. “He could not be induced to come.” Gur blodhadh leis a sheicne, so that his brainpan was smashed thereby.
riarach ó Bhrian, submissive to B., taking riar or re- gulation from B. Cuiris coimhthionól ar a cháirdibh, he held a meeting of his friends. An idiom to be noted. Mí-chadhais, unbecoming treatment. Cáidh, decent, chaste. Cinnéide or Cinnéididh, head-armed, from éideadh, armour. O Cinnéididh, O'Kennedy. Do léir-thionóil, he made a full muster. Maolmhuaidh, O Maolmhuaidh, O'Molloy. Uí Eathach peopled the present barony of Kinalmeaky, Cineál mBéice, Co. Cork. Magh nEalta, the plain of North County Dublin. Cluain Tairbh is included in it, and the text should pro- bably read go m. nE. go Cl. Tairbh. Síothrach or Síoghradh, a Norse name, probably the same as Sigurd. MacSíoghraidh, MacSheery, Seery. Sitric, another Norse name, whence MacSitric, MacKittrick. Luadar, perhaps the same as Lothair. Inse hOrc, Orkney Islands. Oileáin Lochlannach, evidently a synonymized form of Inse Gall, the Hebrides. Inse Ceat, the Islands of Caithness, the Shetlands? Mana, gen. Manann, Isle of Man. Ceann Tíre, Kintyre. Oirear Gaedheal, Argyle. Fionn-Lochlainn, the Fair Norsemen, the Scadinavians. Asgal and Godhfraidh (later Gothraidh), Norse names. Gurry, Corry, and Guthrie probably = Mac Gothraidh. Tír an tSneachta, Land of the Snow, Norway? Laoidheang, a kind of boat. The ending suggests a Norse origin, which perhaps some reader can supply. Sléibhe Rífe, Riphæan or Ural Mountains. Ríoghradh, laochradh, feminine collective nouns, genitive -aidhe. Maolsheachlainn or Maoileachlainn (Maol Seachnaill votary of Seachnall or St. Secundinus, whence Dún Sea- chlainn, Dunshaughlin), usually translated “Malachy.” Still common in Clare families, and in parts of Ulster, in the form 'Leachlainn, Loughlin. O Maoileachlainn = O'Loghlen, MacLoughlin, etc. (the Mac being often a corruption). MacMaoileachlainn, MacLoughlin. Ar uathadh sluaigh, on fewness of army, i.e., having but a small army. Uimhir uathaidh, number of fewness, “sin- gular number” in grammar. Tríocha (triúcha) céad, a cantred = 30 townlands (baile) or 120 quarterlands or carucates (ceathramha) containing each 120 Irish acres. Hence Triúcha an aicme in Kerry, an Triúcha, Trough, in Monaghan. Lonnragáin, whence O Lonnragáin O'Lonergan. Ceiliochar, whence O Ceiliochair, O'Kelleher, Keller. Fionghalach, whence O Fionghalaigh, O'Fennelly. Ionnrachtach, whence O hIonnrachtaigh, O'Hanratty. Maithe Dáil gCais, the nobles of the Dalcassians, one of the two royal races of Munster, the O'Briens, etc. Tuadhmhumha, North Munster, Thomond = Clare and Limerick. Teabhtha, Teffia in Westmeath. Conmhaicne Mara, Connemara, the Conmhaicne or Conmhac's race of the sea. Four other septs called Conmhaicne are given by O'Donovan in Leabhar na gCeart. Bruadar (given also as Luadar) a Norse name, whence Mac Bruadair = Magroder, Broderick, etc. Deasmhumha, South Munster, Desmond. Cineál Laoghaire, Uí Laoghaire, Iveleary, West Cork. Déise Mumhan, in the two baronies of Decies, County Waterford. Uí Liathain, in East Cork; Caisleán Ua Liatháin, Castlelyons. Cairbre Aobhdha, O'Donovan's country, “comprised the barony of Coshma (cois Mágha, Maigh-side), the districts around Bruree (Brugh Ríogh) and Kilmallock (Cill mo Cheallóg, Cill dá Cheallóg), and the plains along the river Maigh on the west side, down to the Shannon.” — O'Donovan, Book of Rights. Loingseach, whence O Loingsigh, Lynch. Dúnlaing, whence O Dúnlainge, Dowling. Uí Chonaill Gabhra, the baronies of Connello, County Limerick. Ciarraighe Luachra, North Kerry. Géibheannach, O Géibheannaigh, Ganey? O Dubhagáin, Duggan, Feara Muighe or Feara Muighe Féine, now Críoch Róisteach or Roche's country, formerly Fleming's country, and still more anciently the teritory of O Caoimh (O'Keeffe) and O Dubhagáin. Mainistir Fhear Muighe = Fermoy. Éile Uí Chearbhaill part of King's County and County Tipperary. Maolruanadha, O Maolruanadha, O'Mulroney, O'Moroney. O hEidhin, Hynes. Aidhne, O'Heidhin's country, round Ardrahan, County Galway. Uí Mháine in South Roscommon. Donnghal, O Donnghaile, O'Donnelly. Baile Uí Dhonnghaile, O'Donnelly's town, now Castlecaulfield County Tyrone. The ending ghaile in proper names is now pronounced as if -aoile, O Fearghaile, O'Farrell, Farrelly, O Conghaile, O'Coneely, Connolly, &c. Fógartach, whence O Fógartaigh, O'Fogarty. Uí Chuanach, Coonagh barony, E. Limerick. Corc, whence O Cuirc, Quirke. Musgraighe Miothaine or Musgraighe Uí Fhloinn (of O'Flynn) now Musgrylin, N.W. of Cork County. Eachtighearn (lord of steeds), whence O hEachthigheirn, Ahern. Donnagán, whence O Donnagáin, O'Donegan. Ara, in N.W. Tipperary. “O Ciarmhaic, now bar- barized to 'Kirby', was the chief.” O'Donovan, L. na gC. Carrghas (pr. Karreess) Lent. For gha = ee see note on Donnghal above. pubaill, tent. saltair, psalter. branar, a fallow. do ráidh, archaic = adubhairt. beanna, corners of a mantle, etc. niamh-bhrat, a bright cloak. Díngeabhad, future of díongbhaim, I ward off. Fear comhlainn céad, a man (capable) of fighting 100. Gus an áit, now go dtí an áit. Ins an (in the) is followed by either eclipsis or aspiration. In Munster and Ulster aspiration is used, in Connacht eclipsis. Maoth-shról, soft silk. Claochlóchaidh, will change. D'áiréomhainn, I would recount, áirmhim. Gleic, conflict; gleacaidhe, a combatant. Aighthe, gen. of aghaidh. Fo-deara, caused. Gné, aspect. 'na raon ar rath, in their path on success, in victory's path. I n-aon-bhróin iarainn, in one sheet of iron. Séimhidh, strengthened form of séimh. Budh dearg do'n mhuigh so, it will be red for this plain, this plain will be red. Compare “it is well for you.” Budh, future of is, now disused.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services