Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Cluana Tairbh. I.

Title
Cath Cluana Tairbh. I.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CATH CLUANA TAIRBH. I.
(d'aithris ughdar éigin.)



Do bhí Brian go sona socair síothchánta i
gCeann Coradh agus ba hí a bhean phósda an
tráth sin deirbhshiúr Mhaolmórdha rí Laighean.



Athchuingis Brian ar rígh Laighean trí
seol-chrainn d' fhiodhaibh Coilleadh Gaibhle do
chur chuighe. Do baineadh na crainn le
Maolmórdha mac Murchudha, agus triallais
féin leó go Ceann Coradh, mar a raibh Brian
an tráth sin. Agus thug fá deara ar Uíbh
Fáilghe crann díobh d'iomchur, crann eile
ar Uíbh Muireadhaigh, agus an treas chrann ar
Uíbh Faoláin. Tharla iomarbháidh chainte
eatortha ag dul i n-aghaidh aoirde i gCoill
Ghaibhle, agus leis sin téid rí Laighean agus cuiris
lámh fá'n gcrann do bhí ag Uíbh Faoláin, agus
an brat sróil thug Brian dó roimhe sin uime.
Agus le méid na feadhma do chuir an rí air
féin fá'n gcrann, do bhrís cos na cnaipe do
bhí ann. Cidh tra acht, iar rochtain dóibh go
Ceann Coradh, do dháil an rí an brat 's an
chnaipe dá shiair Gormfhlaith ban-chéile
Bhriain. Agus iar n-a innsint di cionnus
do chaill an dealg nó an cnaipe a chos, do
theilg sí urchor de san teinidh bhí 'na fiadh-
naise, agus is é adubhairt, ag tabhairt iomcháine
ar a dearbhráthair: gur nár dó beith fá
dhaoirse nó fá mhoghsaine ag neach san domhan,
“an ní ná deárna neach dá dtáinig reomhat.
Agus an síleann tú,” ar sí, “ná hiarrfadh
mac Mhurcudha nó Bhriain an ní céadna ar
do mhac sa?”



Do chuaidh an comhrádh sin go mór fá rígh
Laighean, agus ba chumhthach é thríd.



Tharla do Mhurchadh mac Briain agus do
Chonaing mac Donnchuain bheith ag imirt
fidhchille le chéile. Gabhais rí Laighean ag
teagasg beart ar Mhurchadh, go rug Conaing
an cluithche air. Gabhais fearg agus loinne
mhór Murchadh De sin, agus is é adubhairt le rígh
Laighean: “Is tú thug chomhairle do Loch-
lannaibh, d'ar briseadh dhóibh i gcath Ghlinne
Madhma.” D' fhreagair rí Laighean é agus is é
adubhairt, “Má thugas comhairle dhóibh ré'r
briseadh díobh insan gcath sin, do bhéar
comhairle eile dhóibh d'á mbrisfid díot-sa i
gcath eile.” “A shlán sin fút!” ar Murchadh.



Ba feargach rí Laighean de'n chomhagallamh
soin, go nach fuarthas uaidh teacht do'n teach
n-óla an oidhche sin, acht do chuaidh dá teach
leabtha, agus d'imthigh go moch iar n-a bháireach
gan ceileabhradh do Bhrian.



Iar n-a chlos soin do Bhrian do chuir
giolla ghrádha dá mhuintir 'na dhiaidh, agus adu-
bhairt ris a nochtadh dhó gan imtheacht go
labhradh leis, agus go dtugadh seoide agus tuaras-
dal do. Tháinig an giolla suas leis i
gcionn droichid Chille Dá Lua, agus thug a theach-
taireacht do. Fillis rí Laighean ar an
ngiolla agus thug buille de shlait iubhair do bhí
'na láimh dhó, gur blodhadh leis a sheicne.
Cogarán ainm an ghiolla agus is uaidh atáid
Uí Chogaráin san Mumhain). Adubhradar
dronga de'n teaghlach a leanamhain agus gan a
leigean as go mbadh riarach ó Bhrian é.
Adubhairt Brian ná déanfaidhe feall air ina
theaghlach, agus gurab ina dhúthaigh féin do bhain-
feadh éirig de.



Iar rochtain do Mhaolmórdha mac Mur-
cudha dá thír féin, cuiris coimhthionól agus
cruinniughadh ar a cháirdibh agus ar Ghallaibh Átha
Cliath go haon láthair, agus nochtais dóibh é
féin agus a dhúthaigh uile d'fhagháil mí-chádhais agus
tarcaisne mhóir i gCeann Coradh. Is í co-
mhairle do rinneadar, iompódh ar Bhrian, iad
féin agus neart Lochlannach.



Dála Bhriain mhic Cinnéide, ar gclos an
sgéil sin dó, do léir-thionóil sluaighte agus
maithe fear Mumhan um Chian mac Maol-
mhuaidh agus um Dhomhnall mac Duibh-dá-
Bhuireann, rí Ua nEathach, mar aon le
sluaightibh agus maithibh comhuaisle Connacht; go
ndeachadar go Laighnibh agus do bhíodar i bhfos-
longphort ar Laighnibh agus ar Ghallaibh Átha
Cliath ó Lughnasadh go Nodlaig, agus ní bhfuair
Brian cath uatha ris an rae sin.



Annsin cuiris Maolmórdha mac Murchadha
agus Lochlannaigh Átha Cliath feasa agus teachta


L. 9


go rígh Lochlannach d'iarraidh congnamha
sluaighte air i n-aghaidh Bhriain mhic Cinnéide
rí Éireann go Muigh nEalta i gCluain
Tairbh; agus iar rochtain sgéal uatha go rígh
Lochlann, do chuir a dhís mhac .i. Carolus agus
Aindrias, mar aon le dá mhíle dheug
Lochlannach lán d' arm agus d'éideadh o bhathas
go bonn do chongnamh le rígh Laighean i
n-aghaidh Bhriain mhic Cinnéide, agus Síothrach mac
Luadair mac ríogh Inse hOrc. Thángadar
ann fós sluagh Oileán Lochlannach agus Inse
Ceat, Manann agus Cinn Tíre Oirir Ghaedheal,
agus Fionn-Lochlann, agus Aindriú mac Éibhrig,
Dólat agus Conmhaol, dá thréin-mhílidh na
talmhan, agus Asgal mac Godhfraidh, mac ríogh
Thíre-an-tsneachta, agus Liath na laoidheinge,
agus laochradh Lochlann ina gcaol-longaibh
meadhónacha, agus a raibh as sin go sléibhtibh
Rífe, dá reich féin ar ór agus ar airgead i
n-aghaidh Bhriain mhic Cinnéide agus tsleachta
Eoghain Mhóir. Tháinig ann fós i n-aghaidh
Bhriain, árd-rí Éireann, Maolmórdha mac
Murchadha agus ríoghradh Laighean uime, mar aon
le Gallaibh Átha Cliath. Agus do chuir Maol-
Seachlainn, rí Midhe, fios ós íseal, an oidhche
roimh an gcath go rígh Laighean, agus chum na
Lochlannach, dá rádh leó teacht do thabhairt
catha do Bhriain; de bhrígh gur chuir Brian,
an lá roimhe sin, a mhac Donnchadh, mar aon
le trian an tsluaigh Mhuimhnigh, do chreachadh
Laighean, agus do gheall féin go dtréigfeadh
Brian ag dul chum an chatha dhóibh.
Ó'dchonncadar Laighnigh agus Lochlainn rí
Éireann ar uathadh sluaigh, thángadar féin
na seacht gcathaibh ro-chóirighthe 'na choinne, agus
annsin do roinneadar i dtrí cathaibh iad
féin, .i. Lochlannaigh i gcath ar leith um
chloinn ríogh Lochlann, Laighnigh um Mhaol-
mórdha mac Murchadha i gcath eile, agus Gaill
Átha Cliath i gcath leó féin.



Ar na fheicsint sin go Bhrian, do roinn a
shluagh i dtrí cathaibh, mar do bhí Murchadh
mac Bhriain go n-a theaghlach príomh-thaoiseach,
seacht bhfichid mac ríogh a líon, agus tríocha céad
dúthaigh gach duine dhíobh; Toirdhealbhach mac
Mhurchadha, Tadhg, Domhnall, Conchobhar, agus
Flann, ceithre mic Bhriain, agus Donnchuan mac
Cinnéide, Lonnragán, Ceiliochair, Fionghalach,
agus Ionnrachtach, le maithibh Dáil gCais agus
Tuadhmhumhan umpa, agus trí rígh Teabhtha, agus
Laoghagán agus Ultán, mar aon le Carnán
Conmhaicne Mara i n-aghaidh cloinne ríogh
Lochlann agus Síothraigh mhic Bhruadair, rí Inse
hOrc.



Tháinig ann Cian mac Maolmhuaidh, go
maithibh Deasmhumhan agus sleachta Eoghain
Mhóir um Dhomhnall mac Dhuibh-dá-Bhuireann,
rí Cinéil Laoghaire agus Ua nEachach. Tháinig
ann rí na nDéiseach rí Ó Liatháin, agus
Sgannlán mac Cathail, rí Locha Léin, Cathal
Ó Donnabháin, rí Chairbre Aobhdha, agus
Loingseach mac Dúnlaing, rí Ua gConaill
Gabhra, agus Beothach mac Muireadhaigh, rí
Ciarraighe Luachra. Tháinig ann Géibhean-
nach Ó Dubhagáin rí Fear-Muighe, agus Ó Cear-
bhaill, rí Éile. Táinig ann fós Cathal
Ó Conchubhair, rí Connacht, Maolruanadha
Ó hEidhin, rí Aidhne, Tadhg Ó Ceallaigh, rí
Ó Máine, mar aon le maithibh Connacht. Do
bhádar fós tuilleadh de ríoghraidh Mhumhan
insan chath so ag congnamh do Bhrian .i. Aodh
Goineach mac Donnghaile agus Fógartach mac
Domhnaill, dá rígh Ó gCuanach, agus Corc, rí
Musgraighe Miothaine, agus Eachthighearn mac
Donnagáin, rí Ara.



Annsin d'ionnsuigh Murchadh mac Briain
agus na príomh-ghaisgidhigh de'n Dáil gCais do
bhí ar a theaghlach na Lochlannaigh. D'ionnsuigh
Cian mac Maolmhuaidh agus Domhnall mac
Duibh-dá-Bhuireann mar aon le ríoghaibh
deiscirt Mhumhan na Laighnigh agus Maolmórdha
mac Murchadha. D'ionnsuigh Tadhg Ó
Ceallaigh agus Cathal Ó Conchobhair mar aon le
maithibh Connacht Gaill Átha Cliath. Agus
adubhairt Brian nach é deireadh do chuirfeadh
ar an gCarrghas dul ag marbhadh daoine, agus
d'fhan ina phubaill agus a shaltair ina fhiadhnaise.
D'fheuch Murchadh mac Briain tairis, agus do
chonnairc gur thréig Maolseachlainn, rí
Midhe, iad, agus gur fhág an cath faoi féin, (agus is


L. 10


mar sin do gheall sé an oidhche roimhe sin do
na Gallaibh), agus do chuir gort branair idir é
agus iad. Amharcais Murchadh Dúnlaing Ó
hArtagáin uaidh san gcath, agus d'fháiltigh
Mhurchadh roimhe agus is é adubhairt, “Creud
fá'r fhanais an fad so uaim, a Dhúnlaing, agus
ba hiad fuaim do bhuillidhe agus dho bhéimeann
d'aithneamar-ne?” “Beag an t-iongnadh,”
do ráidh Dúnlaing, “óir do bhí beanna agus
niamh-bhrat draoidheachta orm-sa ó Aoibhill,
go nach dtiucfainn 'san gcath so do chabhair
Bhriain ná dod' chabhair-se. Gidheadh ní bhfuil
tairbhe dhom ag teacht, óir do gheabhair-se agus
Brian agus do mhac Toirdhealbhac bás insan
chath so indiu, agus mórán maille ribh de mhaithibh
Éireann. Agus atáid sgeula móra agam
duit, dá mbadh am a nochtta duit, agus ó nach
eadh, díngeabhad-sa an fear comhlainn céad
is doilighe leat id' aghaidh insan chath so.”
“Truagh sin,” ar Murchadh; “is iomdha sin
ar an muigh so indiu.” “Tar liom gus an
áit i bhfuil Aoibheall ós cionn an chatha so,”
do raidh Dúnlaing. Agus iar rochtain gus
an áit sin dóibh adubhairt Aoibheall, “Ní
bhfuil tairbhe ann, a Mhurchaidh,” ar sí, “óir
do gheabhair-se bás insan gcath so;” agus
adubhairt an rann:



A. Cé maith do mhisneach, a chara dhil,
Roimh cách ag dul 'san gcath,
T' aghaidh gheal mar mhaoth-shról ndearg,
Claochló'idh do dhealbh is do dhath.



D. D'áireómhainn-se dhuit roimh gleic
Sgeul beag agus é fíor,
Nach é eagla m'aighthe féin
Fo-deara dom' ghné dol díom.



Da dtuitmíd-ne, tuitfid Gaill,
Is biaid Gaedhil 'na raon ar rath;
Ní háireómhthar go dtí an bráth
A dtuitfe lem' láimh 'san gcath.



A. A Dhúnlaing, seachain an cath
Go dtí an mhaidin i mbárach.
Do gheabhair dá fhichid bliadhan do rae,
Is seachain cath an aon-lae.



D. Ní thiubhar-sa Murchadh mór
Ar airgead ná ar dhearg-ór,
Is ní mó thréigfead mo bhladh
Ar an éag nach seachantar.



A. Ní hionann daoibh insan gcath,
Gaill agus gasradh Theamhrach,
Léinteacha sróil ar shíol Chuinn
Is Goill 'n-a n-aonbhróin iarainn.



D. Ós is airgead cloinne Luirc
Tug Murchadh ós cionn mo chuirp.
Do bhéar-sa an corp séimhidh seang
Tar cheann mic árd-ríogh Éireann.



A. Tuitfidh Murchadh, tuitfidh Brian,
Is tuitfid uile ar aon-rian.
Budh dearg do'n mhuigh so i mbárach
Ó n-bhur bhfuil, cé mórdhálach.



Ceann Coradh, árus Bhriain (Kincora)



Athchuingis, the old S-preterite, 3rd sing. = d'athchuing.
This ending -is has been corrupted to -as, and modern
grammarians have adopted for it the title of “historical
present!” The initial consonant of this form is not
aspirated. It must be distinguished from the relative
form in -as of the present and future. Other instances of
pret.3.sg. in -is in this chapter are: triallais, cuiris,
gabhais, fillis, nochtais, amharcais.



Iomarbháidh chainte, a battle of words.



Aoirde or áirde, a height.



Feidhma, gen. of feidhm, effort.



Cnaipe, brooch, usually a button: cos, the pin of the
brooch.



Iar rochtain dhóibh: tar a éis dóibh rochtain (srochtain)
would now be said.



Do dháil, gave, handed over.



Moghsaine, servitude; mogh, mugh, a slave.



Do chuaidh fá, troubled: cumthach, sad, cumha, grief.



Conaing, hence O Conaing, Cunning, Gunning.



Loinne, fury, lonn, fierce.



D'ar briseadh dóibh (by reason) of which it was broken
for them (they were defeated).



Do bhéar, now do bhéarad, I shall give. Dependent
form occurs in the verses, ní thiubhar, now ní thiubhrad, I
shall not give. Futures whithout F, tiubhrad, rachad or
raghad, beidhead, an all futures in which the root-vowel
is lengthened, as béarad, adéarad, geóbhad, inneósad,
íosad, míneóchad, etc.



A shlán fút! I challange or defy you to do it. Slán
and dubhshlán are used in the sense of a challenge.



Fuarthas or fuaras = fríth, irreg.pret.pass. “was got”.
“He could not be induced to come.”



Gur blodhadh leis a sheicne, so that his brainpan was
smashed thereby.


L. 11


riarach ó Bhrian, submissive to B., taking riar or re-
gulation from B.



Cuiris coimhthionól ar a cháirdibh, he held a meeting of
his friends. An idiom to be noted.



Mí-chadhais, unbecoming treatment. Cáidh, decent,
chaste.



Cinnéide or Cinnéididh, head-armed, from éideadh,
armour. O Cinnéididh, O'Kennedy.



Do léir-thionóil, he made a full muster.



Maolmhuaidh, O Maolmhuaidh, O'Molloy.



Uí Eathach peopled the present barony of Kinalmeaky,
Cineál mBéice, Co. Cork.



Magh nEalta, the plain of North County Dublin.



Cluain Tairbh is included in it, and the text should pro-
bably read go m. nE. go Cl. Tairbh.



Síothrach or Síoghradh, a Norse name, probably the same
as Sigurd. MacSíoghraidh, MacSheery, Seery. Sitric,
another Norse name, whence MacSitric, MacKittrick.
Luadar, perhaps the same as Lothair.



Inse hOrc, Orkney Islands.



Oileáin Lochlannach, evidently a synonymized form of
Inse Gall, the Hebrides.



Inse Ceat, the Islands of Caithness, the Shetlands?



Mana, gen. Manann, Isle of Man.



Ceann Tíre, Kintyre. Oirear Gaedheal, Argyle.



Fionn-Lochlainn, the Fair Norsemen, the Scadinavians.



Asgal and Godhfraidh (later Gothraidh), Norse names.
Gurry, Corry, and Guthrie probably = Mac Gothraidh.



Tír an tSneachta, Land of the Snow, Norway?



Laoidheang, a kind of boat. The ending suggests a
Norse origin, which perhaps some reader can supply.



Sléibhe Rífe, Riphæan or Ural Mountains.



Ríoghradh, laochradh, feminine collective nouns, genitive
-aidhe.



Maolsheachlainn or Maoileachlainn (Maol Seachnaill
votary of Seachnall or St. Secundinus, whence Dún Sea-
chlainn, Dunshaughlin), usually translated “Malachy.”
Still common in Clare families, and in parts of Ulster, in
the form 'Leachlainn, Loughlin. O Maoileachlainn =
O'Loghlen, MacLoughlin, etc. (the Mac being often a
corruption). MacMaoileachlainn, MacLoughlin.



Ar uathadh sluaigh, on fewness of army, i.e., having but
a small army. Uimhir uathaidh, number of fewness, “sin-
gular number” in grammar.



Tríocha (triúcha) céad, a cantred = 30 townlands
(baile) or 120 quarterlands or carucates (ceathramha)
containing each 120 Irish acres. Hence Triúcha an aicme
in Kerry, an Triúcha, Trough, in Monaghan.



Lonnragáin, whence O Lonnragáin O'Lonergan.
Ceiliochar, whence O Ceiliochair, O'Kelleher, Keller.
Fionghalach, whence O Fionghalaigh, O'Fennelly.
Ionnrachtach, whence O hIonnrachtaigh, O'Hanratty.
Maithe Dáil gCais, the nobles of the Dalcassians, one
of the two royal races of Munster, the O'Briens, etc.



Tuadhmhumha, North Munster, Thomond = Clare and
Limerick.



Teabhtha, Teffia in Westmeath.



Conmhaicne Mara, Connemara, the Conmhaicne or
Conmhac's race of the sea. Four other septs called
Conmhaicne are given by O'Donovan in Leabhar na
gCeart.



Bruadar (given also as Luadar) a Norse name, whence
Mac Bruadair = Magroder, Broderick, etc.



Deasmhumha, South Munster, Desmond.



Cineál Laoghaire, Uí Laoghaire, Iveleary, West Cork.
Déise Mumhan, in the two baronies of Decies, County
Waterford.



Uí Liathain, in East Cork; Caisleán Ua Liatháin,
Castlelyons.



Cairbre Aobhdha, O'Donovan's country, “comprised
the barony of Coshma (cois Mágha, Maigh-side), the
districts around Bruree (Brugh Ríogh) and Kilmallock (Cill
mo Cheallóg, Cill dá Cheallóg), and the plains along
the river Maigh on the west side, down to the Shannon.” —
O'Donovan, Book of Rights.



Loingseach, whence O Loingsigh, Lynch.
Dúnlaing, whence O Dúnlainge, Dowling.
Uí Chonaill Gabhra, the baronies of Connello, County
Limerick.
Ciarraighe Luachra, North Kerry.
Géibheannach, O Géibheannaigh, Ganey?
O Dubhagáin, Duggan,



Feara Muighe or Feara Muighe Féine, now Críoch
Róisteach or Roche's country, formerly Fleming's
country, and still more anciently the teritory of O Caoimh
(O'Keeffe) and O Dubhagáin. Mainistir Fhear Muighe
= Fermoy.



Éile Uí Chearbhaill part of King's County and County
Tipperary.



Maolruanadha, O Maolruanadha, O'Mulroney,
O'Moroney.



O hEidhin, Hynes. Aidhne, O'Heidhin's country, round
Ardrahan, County Galway.



Uí Mháine in South Roscommon.



Donnghal, O Donnghaile, O'Donnelly. Baile Uí
Dhonnghaile, O'Donnelly's town, now Castlecaulfield
County Tyrone. The ending ghaile in proper names is
now pronounced as if -aoile, O Fearghaile, O'Farrell,
Farrelly, O Conghaile, O'Coneely, Connolly, &c.



Fógartach, whence O Fógartaigh, O'Fogarty.
Uí Chuanach, Coonagh barony, E. Limerick.
Corc, whence O Cuirc, Quirke.



Musgraighe Miothaine or Musgraighe Uí Fhloinn
(of O'Flynn) now Musgrylin, N.W. of Cork County.



Eachtighearn (lord of steeds), whence O hEachthigheirn,
Ahern.



Donnagán, whence O Donnagáin, O'Donegan.



Ara, in N.W. Tipperary. “O Ciarmhaic, now bar-
barized to 'Kirby', was the chief.” O'Donovan, L.
na gC.



Carrghas (pr. Karreess) Lent. For gha = ee see note on
Donnghal above.



pubaill, tent. saltair, psalter. branar, a fallow.



do ráidh, archaic = adubhairt.



beanna, corners of a mantle, etc. niamh-bhrat, a
bright cloak.



Díngeabhad, future of díongbhaim, I ward off.



Fear comhlainn céad, a man (capable) of fighting 100.



Gus an áit, now go dtí an áit.



Ins an (in the) is followed by either eclipsis or aspiration.



In Munster and Ulster aspiration is used, in Connacht
eclipsis.



Maoth-shról, soft silk. Claochlóchaidh, will change.



D'áiréomhainn, I would recount, áirmhim.



Gleic, conflict; gleacaidhe, a combatant.



Aighthe, gen. of aghaidh. Fo-deara, caused. Gné, aspect.



'na raon ar rath, in their path on success, in victory's
path.



I n-aon-bhróin iarainn, in one sheet of iron.



Séimhidh, strengthened form of séimh.



Budh dearg do'n mhuigh so, it will be red for this plain,
this plain will be red. Compare “it is well for you.”



Budh, future of is, now disused.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services