Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean-ráidhte. Atá Coitcheann i dTír Chonaill.
Title
Sean-ráidhte. Atá Coitcheann i dTír Chonaill.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Mac-a-Bháird, Seaghán
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEAN-RÁIDHTE. 1. Gé gur fada an oidhche, tig an lá fá dheireadh. 2. Ní thig eolus gan aon-tigheas, agus ní thig aon-tigheas gan roinn. 3. Gheibh na ba bás chom fad agus bhíonn an feur ag fás. 4. Tá nimh na meanthadh ar an tsnáthad. 5. Is maith an mheasardhacht. 6. Is léir do'n dall a bheul. 7. An rud cheannuighthear go daor, díoltar go saor é. 8. Is neamh dhuit an cheird gan a foghluim. 9. Níor fhan an long riamh leis an chóir nach bhfuigheadh é. 10. Ní sheasann sac folamh. 11. An chuairt is fearr, cuairt ghearr agus a déanamh acht go hannamh. 12. An áit i mbíonn toit, bíonn teine. 13. An sop a raibh an t-iasg ann. 14. Cuir póiríní agus póiríní bhainfeas tú. 15. Trí ní gan riaghail, bean muc agus múille. 16. Is le gac bó (buin) a laogh. 17. Súil le cúitigh, 'se mhilleas na cearrbhaigh. 18. Ní raibh gann riamh nach mbeidheadh fair- sing. 19. Gheibh pighinn pighinn eile. 20. An té a bhfuil mórán aige, 'sé gheibh. 21. An rud chídheas an leanbh, 'sé ghnídheas an leanbh. 22. An rud nach mbaineann duit, ná bain dó. 23. Is doiligh a sháith de chorrán 'fhaghail do dhroch-bhainteoir. 24. Ag baint slat le hé féin a bhualadh. 25. Gheibh cos ar siubhal rud nach bhfaghann cos 'na comhnuidhe. 26. Is doiligh é ól gan siothladh. 27. Cuidigheann an Rí leis an té chuidigheas leis féin. 28. Is milis fíon acht is searbh a íoc. 29. Tugair (tugthar) aire ar fhear an aon- leabhair.
30. Bíonn breaghdhachd borb. 31. Margadh na bpáisdí — léig damh agus léigfidh mé dhuit. 32. An rud nach leigheasann im nó uisge beathadh, ní'l leigheas air. 33. Ná léig do leas ar cáirde. 34. Síleann gach máthair gur ar a páisde féin éirigheas an ghrian. 35. Tiocfaidh earrach gan aon smeur. 36. Seachain an ceann agus buail an muineal. 37. Is fearr fíon 'ná fuil. 38. Congbhuigh an droch-dhuine leat agus ní dhéanfaidh an duine maith dochar duit. 39. Foghluim do do mháthair brachan a dheánamh. 40. Ní bhfuigheadh sé uisge ins an tsruthan. 41. Is onóraighe poll 'ná paiste. 42. Tamall binn agus tamall searbh. 43. Ní de gach adhmad is cóir sagart a dheánamh. 44. Marbh le tae agus marbh gan é. 45. Is maith Dia go lá. 46. Na Faoillidhe mharbhas caoirigh; an Mhárt a mharbhas daoine. 47. Ní mhaireann sioc an locháin láin. 48. Dheánfadh sé troid eadar Conallach agus Eoghanach. 49. Ní'l aithreachas mall maith. 50. Leigheas na póite a hól arís. 51. Dearbhráthair do'n tsac an mála. 52. Ní chruinntear an tobar go dtráighidh sé. 53. Trí bhall furus a ghortughadh, súil, glún, agus uille. 54. Ná bí mór ná beag leis an chléir. 55. Ní gach lá mharbhas Mághnus bollóg. 56. Píobaire an aon phuirt. 57. Má's olc maol, is measa mullóg. 58. Na Faoillidhe bheireas 'un tosaigh an bláth, ní'l a'n mhí go Samhain nach gcasaoid' é. 59. Gé gur caol díreach an ród, 'sé an bealach mór an t-aithghiorradh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services