Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-ráidhte. Atá Coitcheann i dTír Chonaill.

Title
Sean-ráidhte. Atá Coitcheann i dTír Chonaill.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Mac-a-Bháird, Seaghán
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAN-RÁIDHTE.



1. Gé gur fada an oidhche, tig an lá fá
dheireadh.



2. Ní thig eolus gan aon-tigheas, agus ní thig
aon-tigheas gan roinn.



3. Gheibh na ba bás chom fad agus bhíonn an
feur ag fás.



4. Tá nimh na meanthadh ar an tsnáthad.



5. Is maith an mheasardhacht.



6. Is léir do'n dall a bheul.



7. An rud cheannuighthear go daor, díoltar
go saor é.



8. Is neamh dhuit an cheird gan a foghluim.



9. Níor fhan an long riamh leis an chóir nach
bhfuigheadh é.



10. Ní sheasann sac folamh.



11. An chuairt is fearr, cuairt ghearr agus a
déanamh acht go hannamh.



12. An áit i mbíonn toit, bíonn teine.



13. An sop a raibh an t-iasg ann.



14. Cuir póiríní agus póiríní bhainfeas tú.



15. Trí ní gan riaghail, bean muc agus múille.



16. Is le gac bó (buin) a laogh.



17. Súil le cúitigh, 'se mhilleas na cearrbhaigh.



18. Ní raibh gann riamh nach mbeidheadh fair-
sing.



19. Gheibh pighinn pighinn eile.



20. An té a bhfuil mórán aige, 'sé gheibh.



21. An rud chídheas an leanbh, 'sé ghnídheas
an leanbh.



22. An rud nach mbaineann duit, ná bain
dó.



23. Is doiligh a sháith de chorrán 'fhaghail do
dhroch-bhainteoir.



24. Ag baint slat le hé féin a bhualadh.



25. Gheibh cos ar siubhal rud nach bhfaghann
cos 'na comhnuidhe.



26. Is doiligh é ól gan siothladh.



27. Cuidigheann an Rí leis an té chuidigheas
leis féin.



28. Is milis fíon acht is searbh a íoc.



29. Tugair (tugthar) aire ar fhear an aon-
leabhair.


L. 7


30. Bíonn breaghdhachd borb.



31. Margadh na bpáisdí — léig damh agus
léigfidh mé dhuit.



32. An rud nach leigheasann im nó uisge
beathadh, ní'l leigheas air.



33. Ná léig do leas ar cáirde.



34. Síleann gach máthair gur ar a páisde
féin éirigheas an ghrian.



35. Tiocfaidh earrach gan aon smeur.



36. Seachain an ceann agus buail an muineal.



37. Is fearr fíon 'ná fuil.



38. Congbhuigh an droch-dhuine leat agus ní
dhéanfaidh an duine maith dochar duit.



39. Foghluim do do mháthair brachan a dheánamh.



40. Ní bhfuigheadh sé uisge ins an tsruthan.



41. Is onóraighe poll 'ná paiste.



42. Tamall binn agus tamall searbh.



43. Ní de gach adhmad is cóir sagart a
dheánamh.



44. Marbh le tae agus marbh gan é.



45. Is maith Dia go lá.



46. Na Faoillidhe mharbhas caoirigh; an Mhárt
a mharbhas daoine.



47. Ní mhaireann sioc an locháin láin.



48. Dheánfadh sé troid eadar Conallach agus
Eoghanach.



49. Ní'l aithreachas mall maith.



50. Leigheas na póite a hól arís.



51. Dearbhráthair do'n tsac an mála.



52. Ní chruinntear an tobar go dtráighidh sé.



53. Trí bhall furus a ghortughadh, súil, glún,
agus uille.



54. Ná bí mór ná beag leis an chléir.



55. Ní gach lá mharbhas Mághnus bollóg.



56. Píobaire an aon phuirt.



57. Má's olc maol, is measa mullóg.



58. Na Faoillidhe bheireas 'un tosaigh an
bláth, ní'l a'n mhí go Samhain nach
gcasaoid' é.



59. Gé gur caol díreach an ród, 'sé an
bealach mór an t-aithghiorradh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services