Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Séadna. (Ar leanamhaint.) 'Nuair tháinig Miceal a-bhaile, bhí a mháthair ann roimhe. Bhí a haghaidh agus a súile atuighthe ó bheith ag gol. “A mháthair,” arsa Miceal, “cá raibh an tóramh?” “Cad do thug a-bhaile thu, a Mhicil?” ar sise. “'Sdó,” ar seisean, “d'fhanas i bhfeighil dhighe Shéadna araoir, mar do thug sé féin an oidhche i mball éigin as baile, agus annsain ar maidin indiu dubhairt sé liom imtheacht a-bhaile agus greas do chodladh dhom féin, go raibh págh an lae seo tuillte agam tar éis na hoidhche.” “Airiú,” ar sise, “agus cá'r chaithis an lá ó mhaidin?” “Bhí an lá go breágh',” ar seisean, “agus ní raibh tuirse ná codladh orm, acht má 'seadh tá ocras anois orm, geallaim dhuit é.” Thug sí rud le n'ithe dho, agus má thug, ba mhaith an díol air é. Ba ghearr an mhoill air mias mhaith mhór do ghlanadh. nuair bhí a chuid bídh caithte aige, do chrom sé ar chaint. “A mháthair,” ar seisean. “Teacht, a Mhicil,” ar sise. “Níor innisis dom cá raibh an tóramh,” ar seisean. “Cad do choimeád Séadna as baile i gcaitheamh na hoidhche araoir?” ar sise. “Ní hi gcaitheamh na hoidhche araoir amháin a bhí sé as baile, acht ó mhaidin indé. 'Nuair thán'aís-se amach ar mhaidin indé ó bheith ag caint leis, agus tú i rioctaibh dola i luige, do chuadhas-sa isteach agus ní raibh sé reómham istigh. 'Níor tháinig sé i gcaitheamh an lae, agus annsain 'nuair bhíodar na fir ag dul a-bhaile, d'fhanas-sa i bhfeighil na háite. Cheapas an uile nómat go mbeidheadh sé chugham an dorus isteach. Thuit mo chodladh orm tráth éigin de'n oidhche, agus 'nuair d'osglas mo shúile, is amhlaidh do bhíodar go léir ag obair im thimcheall, agus Séanda ann leis. Agus cogar, a mháthair, tá buadhairt mhór éigin air.” “Dé, caidé an bhuairt a bheidheadh air? Ná fuil a dhaoithin 'an tsaoghal airgid aige agus an uile dhuine buidheach dhe?” “Tá a fhios agam-sa aon-ne' amháin ná fuil ró-bhuidheach dhe,” arsa Miceal. “Cia hé sin?” ar sise. “Tá Sadhbh Dhiarmada,” ar seisean. “Airiú, caidé an chúis?” ar sise. “Tá,” ar seisean, “cúis a daoithin, mar ná pósfadh sé í.” “Dhe, sgeimhleadh uirthi, an cairiún! Cia phósfad í sin?” Do thuit Miceal siar ar na trithidhibh dubha ag gáiridhe. “Cairiún! Cairiún! Cairiún!” ar seisean. “Ó! nach truagh nár chuimhnigheas ar an ainm sin ar maidin!” “Agus cad é an gnó bheidheadh agat de ar maidin?” ar sise. “Ar maidin an lae fé dheireadh, adeirim,” ar seisean, “nuair do cuireadh síos ann mé ag iarraidh leathair, agus thug sí 'bacachán' orm.” “Thug sí 'bacachán' ort!” arsa 'n mháthair. “Dá mbeinn-se ag éisteacht léi, d'inneo- sainn di cia hiad na bacacháin do bhain léi, agus d'inneósainn rud eile dhi ná 'neósadh duit-se anois, rud a bhainfeadh an mhórdháil di, geallaim dhuit é.” “Agus cogar, a mháthair. Má 'sé sin do mheas uirthi, cad chuige go ndeachais suas go tigh Shéadna ar maidin indé ag iarraidh cleamhais do dhéanamh idir í féin agus Séadna?” “Cleamhnas idir í féin agus Séadna! Airiu, do bháithfinn mé féin, sul a ndeunfainn a leithéid,” ar sise. “Má 'seadh, cad chuige dhuit a rádh le Báib an Leasa, an lá úd a bhí sí annso, ná pósfadh Séadna aon bhean i nÉirinn acht Sadhbh?” ar seisean. “Báb an Leasa? Dhe mhaise, an óinseach, - mar do theastuigh uaim cosg éigin do chur le n-a teangain, agus gan í bheith dhá mhaoidheamh
ar fuaid na dúithche go bpósfadh sé í féin, agus an dúthaigh ag magadh fúithi.” “Dómhaise go deimhin,” arsa Miceal, “agus ní'l aon mhaith dhuit bheith dhá cheilt orm, is cleamhnas a bhí idir lámhaibh agat ar maidin indé.” “Agus ca bhfios duit-se cad a bhí idir lámhaibh agam?” “Mar do labhair sé árd, agus d'airigheas an focal 'ba shaoire dhi bás d'fhagháil 'ná mise dá pósadh.'” “Cogar, a Mhicil,” ar sise. “Dá bhfaghthá- sa do thoil sa' sgeul, cia hí an bhean do thoghfá dho?” “Mháire Ghearra gan amhras,” ar seisean. D'fheuch sí air go geur. “Agus cad é an chúis,” ar sise, “go dtoghfá Máire Ghearra dho, seachas aon bhean eile de na mnáibh seo go bhfuil an saoghal mór dá bpósadh leis.” “An chéad phuinte 'ná a chéile dhe, a mháthair, ní 'l meas mór agam ar chaint an tsaoghail mhóir. Is cuma leis an saoghal mór, acht bheith ag caint, cad é díoghbháil nó tairbhe na cainte dheineann sé go minic. Sin é an saoghal mór dá phósadh le Saidhbh Dhiarmada. B'fhearra dho é féin do bháth'. Ní thoghfá-sa Báb an Leasa dho. Ní deirim olc maith ná donaidhe le Nóra an Tóchair, acht deirim go bhfuil breall ar an saoghal mór, agus go mb'fhearr liom breall air 'ná a chomhairle do ghlacadh.” “Agus feuch,” arsa 'n mháthair, “sin é an saoghal mór dá phósadh le Máire Ghearra, agus nach maith na faghann tú aon locht air.” “Nára' slán comórtas, go deimhin! Máire Ghearra agus an chuid eile aco! Cá bhfuil leithéid Mháire Ghearra le fagháil? Ní'l ins na seacht bparóisdibh. Bean bhreagh dhathamhail uasal. Bean chiallmhar thuigseanach dheagh-thabhartha suas, go bhfuil bocht agus saidhbhir buidheach di. Bean dhiadha dheagh-shomplach, gur fearr-de an pobal i n-a n-éisteann sí Aifreann. Tá urraim ag olc agus ag maith dhi. Dá mbeidheadh beirt bhan ag troid, agus go bhfeicfidís ag teacht í, do stadfaidís go mbeidheadh sí gabhtha thársa, chomh maith agus dá mb'é an sagart do bheidheadh ann.” “Ní fheadar,” arsa 'n mháthair, “dá mbeidheadh Sadhbh ag troid ar an mbóthar, an stadfadh sí, dá bhfeiceadh sí Máire ag teacht.” “Dómhaise, im bhriathair mhóide, a mháthair,” ar seisean, “go bhfeacaidh mo dhá shúil í dhá dhéanamh, agus nár chuir aon rud riamh a leithéid d'iongnadh orm, feuch! Bhíos ag dul soir go tigh na mBúrcach le teachtaireacht. Nuair bhíos ag déanamh ar thigh Dhiarmuda, d' airigheas Sadhbh ag callaireacht, aghaidh na muc agus na madraidhe aici dhá thabhairt ar chomhursain éigin. Cia gheabhadh anoir de thigh an chúinne acht Máire Ghearra. Ní túisge do chonnaic Sadhbh í, ná do stad an challaireacht. Do chrom sí a ceann, agus d'imthigh sí isteach a-bhaile go roighin.” “Agus nach mór an t-iongnadh,” arsa 'n mháthair, “nár chorruighis thu féin fad' ó chum cleamhnais do dhéanamh do Shéadna léi?” “'Sdó' sin é go díreach an sgéal,” ar seisean. “Do cheapas-sa go ndéanfá-sa fad'ó é, agus gur chruinne agus gur dheas-lámhaighe chuige thu 'ná mise go mór.” “Tá eagla orm,” arsa'n mháthair, “go bhfuil dearmhad ort sa' méid sin. Dá mbíodh cleamhnas dá shaghas le déanamh, ceapaim-se ná fuil aon-ne' is fearr do dhéanfadh é 'ná thu féin, go mór mór ó tá an oiread sain dúile agat i n-a fheicsint déanta.” “Go deimhin agus go dearbhtha, a mháthair,” ar seisean, “tá an ceart sa méid sin agat, pé i nÉirinn é. B'fhearr liom 'ná a bhfeaca riamh go bhfeicfinn an cleamhnas sain déanta. Ní raibh aon bheirt riamh níos oireamhnaighe dá chéile 'ná an bheirt. Ba dheacair maitheasaighe Máire do shárughadh, agus tá seisean maith a dóithin di. Ba mhaith liom an cleamhnas do dhéanamh, acht ná feadar c'onnus cur chuige.” “C'onnus chuirfeá chuige acht imtheacht siar
go tigh Sheagháin Chiotaigh féin, agus glaodhach i leath-taoibh ar an nduine, agus t'aigneadh do nochtadh dho? Annsain má thaithneann do chaint leis, cuirfidh sé féin ós comhair a inghine an sgeul, agus má thaitneann an cleamhnas léi-se, nach sin leath an ghnótha déanta?” “Dar fiadh,” ar seisean, “tá an ceart agat. Imtheochadh anois láithreach,” agus siúd chum siubhal é. “Go n-éirighidh leat níos fearr ná d'éirigh liom-sa!” ar sise 'na haigneadh féin. (leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services