Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Séadna. (Ar leanamhaint.)

Title
Séadna. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Séadna.



(Ar leanamhaint.)



'Nuair tháinig Miceal a-bhaile, bhí a mháthair
ann roimhe. Bhí a haghaidh agus a súile atuighthe
ó bheith ag gol.



“A mháthair,” arsa Miceal, “cá raibh an
tóramh?”



“Cad do thug a-bhaile thu, a Mhicil?” ar
sise.



“'Sdó,” ar seisean, “d'fhanas i bhfeighil
dhighe Shéadna araoir, mar do thug sé féin
an oidhche i mball éigin as baile, agus annsain
ar maidin indiu dubhairt sé liom imtheacht
a-bhaile agus greas do chodladh dhom féin, go
raibh págh an lae seo tuillte agam tar éis
na hoidhche.”



“Airiú,” ar sise, “agus cá'r chaithis an lá ó
mhaidin?”



“Bhí an lá go breágh',” ar seisean, “agus ní
raibh tuirse ná codladh orm, acht má 'seadh
tá ocras anois orm, geallaim dhuit é.”



Thug sí rud le n'ithe dho, agus má thug, ba
mhaith an díol air é. Ba ghearr an mhoill
air mias mhaith mhór do ghlanadh. nuair bhí a
chuid bídh caithte aige, do chrom sé ar chaint.



“A mháthair,” ar seisean.



“Teacht, a Mhicil,” ar sise.



“Níor innisis dom cá raibh an tóramh,”
ar seisean.



“Cad do choimeád Séadna as baile i
gcaitheamh na hoidhche araoir?” ar sise.



“Ní hi gcaitheamh na hoidhche araoir amháin
a bhí sé as baile, acht ó mhaidin indé. 'Nuair
thán'aís-se amach ar mhaidin indé ó bheith ag
caint leis, agus tú i rioctaibh dola i luige, do
chuadhas-sa isteach agus ní raibh sé reómham
istigh. 'Níor tháinig sé i gcaitheamh an lae,
agus annsain 'nuair bhíodar na fir ag dul
a-bhaile, d'fhanas-sa i bhfeighil na háite.
Cheapas an uile nómat go mbeidheadh sé
chugham an dorus isteach. Thuit mo chodladh
orm tráth éigin de'n oidhche, agus 'nuair d'osglas
mo shúile, is amhlaidh do bhíodar go léir ag
obair im thimcheall, agus Séanda ann leis.
Agus cogar, a mháthair, tá buadhairt mhór
éigin air.”



“Dé, caidé an bhuairt a bheidheadh air?
Ná fuil a dhaoithin 'an tsaoghal airgid aige
agus an uile dhuine buidheach dhe?”



“Tá a fhios agam-sa aon-ne' amháin ná
fuil ró-bhuidheach dhe,” arsa Miceal.



“Cia hé sin?” ar sise.



“Tá Sadhbh Dhiarmada,” ar seisean.



“Airiú, caidé an chúis?” ar sise.



“Tá,” ar seisean, “cúis a daoithin, mar
ná pósfadh sé í.”



“Dhe, sgeimhleadh uirthi, an cairiún! Cia
phósfad í sin?”



Do thuit Miceal siar ar na trithidhibh dubha
ag gáiridhe.



“Cairiún! Cairiún! Cairiún!” ar seisean.
“Ó! nach truagh nár chuimhnigheas ar an ainm
sin ar maidin!”



“Agus cad é an gnó bheidheadh agat de ar
maidin?” ar sise.



“Ar maidin an lae fé dheireadh, adeirim,”
ar seisean, “nuair do cuireadh síos ann
mé ag iarraidh leathair, agus thug sí 'bacachán'
orm.”



“Thug sí 'bacachán' ort!” arsa 'n mháthair.
“Dá mbeinn-se ag éisteacht léi, d'inneo-
sainn di cia hiad na bacacháin do bhain léi,
agus d'inneósainn rud eile dhi ná 'neósadh
duit-se anois, rud a bhainfeadh an mhórdháil
di, geallaim dhuit é.”



“Agus cogar, a mháthair. Má 'sé sin do
mheas uirthi, cad chuige go ndeachais suas go
tigh Shéadna ar maidin indé ag iarraidh
cleamhais do dhéanamh idir í féin agus Séadna?”



“Cleamhnas idir í féin agus Séadna! Airiu,
do bháithfinn mé féin, sul a ndeunfainn a
leithéid,” ar sise.



“Má 'seadh, cad chuige dhuit a rádh le
Báib an Leasa, an lá úd a bhí sí annso, ná
pósfadh Séadna aon bhean i nÉirinn acht
Sadhbh?” ar seisean.



“Báb an Leasa? Dhe mhaise, an óinseach,
- mar do theastuigh uaim cosg éigin do chur
le n-a teangain, agus gan í bheith dhá mhaoidheamh


L. 4


ar fuaid na dúithche go bpósfadh sé í féin, agus
an dúthaigh ag magadh fúithi.”



“Dómhaise go deimhin,” arsa Miceal, “agus
ní'l aon mhaith dhuit bheith dhá cheilt orm, is
cleamhnas a bhí idir lámhaibh agat ar maidin
indé.”



“Agus ca bhfios duit-se cad a bhí idir
lámhaibh agam?”



“Mar do labhair sé árd, agus d'airigheas an
focal 'ba shaoire dhi bás d'fhagháil 'ná mise
dá pósadh.'”



“Cogar, a Mhicil,” ar sise. “Dá bhfaghthá-
sa do thoil sa' sgeul, cia hí an bhean do
thoghfá dho?”



“Mháire Ghearra gan amhras,” ar seisean.



D'fheuch sí air go geur.



“Agus cad é an chúis,” ar sise, “go
dtoghfá Máire Ghearra dho, seachas aon bhean
eile de na mnáibh seo go bhfuil an saoghal
mór dá bpósadh leis.”



“An chéad phuinte 'ná a chéile dhe, a
mháthair, ní 'l meas mór agam ar chaint an
tsaoghail mhóir. Is cuma leis an saoghal
mór, acht bheith ag caint, cad é díoghbháil nó
tairbhe na cainte dheineann sé go minic.
Sin é an saoghal mór dá phósadh le Saidhbh
Dhiarmada. B'fhearra dho é féin do bháth'.
Ní thoghfá-sa Báb an Leasa dho. Ní deirim
olc maith ná donaidhe le Nóra an Tóchair,
acht deirim go bhfuil breall ar an saoghal
mór, agus go mb'fhearr liom breall air 'ná a
chomhairle do ghlacadh.”



“Agus feuch,” arsa 'n mháthair, “sin é an
saoghal mór dá phósadh le Máire Ghearra, agus
nach maith na faghann tú aon locht air.”



“Nára' slán comórtas, go deimhin!
Máire Ghearra agus an chuid eile aco! Cá
bhfuil leithéid Mháire Ghearra le fagháil?
Ní'l ins na seacht bparóisdibh. Bean
bhreagh dhathamhail uasal. Bean chiallmhar
thuigseanach dheagh-thabhartha suas, go bhfuil
bocht agus saidhbhir buidheach di. Bean dhiadha
dheagh-shomplach, gur fearr-de an pobal i n-a
n-éisteann sí Aifreann. Tá urraim ag olc
agus ag maith dhi. Dá mbeidheadh beirt bhan ag
troid, agus go bhfeicfidís ag teacht í, do
stadfaidís go mbeidheadh sí gabhtha thársa,
chomh maith agus dá mb'é an sagart do bheidheadh
ann.”

“Ní fheadar,” arsa 'n mháthair, “dá
mbeidheadh Sadhbh ag troid ar an mbóthar, an
stadfadh sí, dá bhfeiceadh sí Máire ag
teacht.”



“Dómhaise, im bhriathair mhóide, a mháthair,”
ar seisean, “go bhfeacaidh mo dhá shúil í dhá
dhéanamh, agus nár chuir aon rud riamh a leithéid
d'iongnadh orm, feuch! Bhíos ag dul soir
go tigh na mBúrcach le teachtaireacht. Nuair
bhíos ag déanamh ar thigh Dhiarmuda, d'
airigheas Sadhbh ag callaireacht, aghaidh na
muc agus na madraidhe aici dhá thabhairt ar
chomhursain éigin. Cia gheabhadh anoir de thigh
an chúinne acht Máire Ghearra. Ní túisge
do chonnaic Sadhbh í, ná do stad an
challaireacht. Do chrom sí a ceann, agus d'imthigh
sí isteach a-bhaile go roighin.”



“Agus nach mór an t-iongnadh,” arsa 'n
mháthair, “nár chorruighis thu féin fad' ó chum
cleamhnais do dhéanamh do Shéadna léi?”



“'Sdó' sin é go díreach an sgéal,” ar
seisean. “Do cheapas-sa go ndéanfá-sa
fad'ó é, agus gur chruinne agus gur dheas-lámhaighe
chuige thu 'ná mise go mór.”



“Tá eagla orm,” arsa'n mháthair, “go
bhfuil dearmhad ort sa' méid sin. Dá mbíodh
cleamhnas dá shaghas le déanamh, ceapaim-se
ná fuil aon-ne' is fearr do dhéanfadh é 'ná
thu féin, go mór mór ó tá an oiread sain
dúile agat i n-a fheicsint déanta.”



“Go deimhin agus go dearbhtha, a mháthair,”
ar seisean, “tá an ceart sa méid sin agat,
pé i nÉirinn é. B'fhearr liom 'ná a bhfeaca
riamh go bhfeicfinn an cleamhnas sain
déanta. Ní raibh aon bheirt riamh níos
oireamhnaighe dá chéile 'ná an bheirt. Ba
dheacair maitheasaighe Máire do shárughadh, agus
tá seisean maith a dóithin di. Ba mhaith
liom an cleamhnas do dhéanamh, acht ná
feadar c'onnus cur chuige.”



“C'onnus chuirfeá chuige acht imtheacht siar


L. 5


go tigh Sheagháin Chiotaigh féin, agus glaodhach i
leath-taoibh ar an nduine, agus t'aigneadh do
nochtadh dho? Annsain má thaithneann do
chaint leis, cuirfidh sé féin ós comhair a
inghine an sgeul, agus má thaitneann an
cleamhnas léi-se, nach sin leath an ghnótha
déanta?”



“Dar fiadh,” ar seisean, “tá an ceart
agat. Imtheochadh anois láithreach,” agus
siúd chum siubhal é.



“Go n-éirighidh leat níos fearr ná d'éirigh
liom-sa!” ar sise 'na haigneadh féin.



(leanfar de seo.)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services