Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Seventeenth Century Legal Document
Title
A Seventeenth Century Legal Document
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1675
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1960)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Úghacht Ghiolla na Naomh óg Ui Dhubhdhábhoirinn a cCaithir Mhic Neachtain a cConntae an Chlair a mBarrúntacht Bóirne agus a bParóiste Nuachongabhála, annsa mbliadhain d'aois an Tiaghurna mur fuair bás, míle sé chéd chúig bhliadhna deug ós cionn trí fithchiot, 1675, agus an ceathramhadh lá do Mhídhe Abraon. Bíodh a fhios ag gach aon duinne éisdfios, léighfios, is tuigfios an sgríobhain seo, gurab mar so d'aontuíghiodar, do órduígheadur, agus do rainniodur clann Ghiolla na Naomh óg Uí Dhubhdhabhoirin o Chaithir Mhic Neachtain a bParróiste Nuachongabhála a mBarruntacht Bóirne a cConntae an Chláir, .i. Aodh mac Giolla na Naomh agus an Cosnaíghe mac Giolla na Naomh on cCaithir réamhráite, radhuint síarghuidhe agus connradh síarghuídhe re chéile eatardha féin agus idir a sliocht 'na ndiaigh go síarghuídhe air an dá sheisrigh bhaile d'fhearan a n-athar agus a seanathar. Do chúadh cunnradh eatardha fé mur atá leathsheisrigh Chathrach Mhic Neachtain a bParóiste Nuachongbhála agus leathsheisrigh Leasa Mhic Tadhg agus leathsheisrigh Leasa Dubháin agus Leasa na Luachranna a bParóiste Dhrom na Críche agus leathsheisrigh Chille Chlomáin Bhaire a bParróiste Chille Cóirne agus íad sin re chéile annsa mbarúntacht agus annsa cconntae réamhráite. Is í seo an radhuinn: ar ttúis .i. an cheirimhe mír as síadh síar do Chaithir Mhic Neachtain fádh mur ghabhas an Sruthán Dubh súas annsa tslíabh, agus an claidhe on Sruthán Dubh anuas go díreach go headan an Bhuaile Líagánaigh, agus an claghadh iartharach don Bhuaile Líagáineach síos go n-uige an Urrlainn Mhoir, agus claghadh na hUrrlainne Móire féin tímchioll air an ttaoibh shíar síos go taobh na Cathrach, agus leathsheisrigh Leasa Mhic Tadhg, agus ceithrimhe mír do leathsheisrigh Chille Cholmáin Bháire air chuid Aodh mhic Giolla na Naomh dhíobh sin; agus an ceithrimhe mirr as síadh soir do Chaithir Mhic Neachtain mur ghabhas an teoruinn chedna, agus leathsheisrigh Leasa Dubháin agus Leasa na Luachranna, agus an cheithrimhe mirr eile do leathsheisrigh Chille Cholmáin Bháire air chuid an Chosnaíghe mhic Giolla na Naomh don fhearran chedna sin.
Ag seo radhuinn ceannáite Chathrach Mhic Neachtain mur an ccédna .i. ait tíghe mhóir na Cathrach astigh, agus áit tighe na ciostannach do bhí ag an tteach mór sin annsa cCaithir asdig, agus áit tíghe na reilge air an ttaoibh shíar don Chaithir agus a bhfuil o bhóthar gharruídhe Thadhg Ruadh mhic Ghiolla Fheithin síar dona garthaibh air an ttaoibh amuith do gharraidhe Thadhg fein ar chuid Aodh don cheannáit sin, agus an tigh atá idir éadan an tíghe mhóir agus dorrus na cathrach agus ait tíghe eile air an ttaoibh shiar bhudh thuadh don Chaithir astigh agus an tigh mor atá air an ttaoibh amuith do dhorus na Cathrach, agus a bhfuil o bhearrnain Fhánainn an Tadhaill air an ttaoibh shoir go bothar gharruidhe Thadhg Ruadh síar, agus an garruídhe sin féin do bheith air chuid an Chosnaíghe don cheannait chédna sin. Tuille eile: atá faithche an bhuaille agus an bóthar ón bhfaithche síar go n-uige an mothar dturtánach, agus uisge an bhaille fádh mur atá an Sruthán Dubh shuas agus tobar an bhaile astigh cómhshaor ag an gceannáit sin re chéile. Tuille eile: as é seo connradh an Aodh agus an Chosnaígh eatardha féin ó thúis, agus idir a n-aghraídhibh go diongmhálta iona ndíagh arís a ttímchioll an dá sheisre sin adúbhramuir shuas, agus a ttímchioll gach fearann eile nách iad sin air a labhrann cairt a n-athar agus a seanathar. Do réir a ndinntiúraidhe do bhí d'fhíachaibh orrtha sin re chéile comhshaothrughadh agus cómhshámhail agus comhbharántacht agus cómhchosdus pléaghdála agus seasaimh na bhfearan sin re chéile do bheith orrtha féin agus air a n-aghraídhibh iona ndíaigh go síarghuidhe a n-aghadh gach aonduine dar chuir ná dá ccuirfeadh búairt orrtha annsna fearanaibh sin re cheile ná a n-aon chuid díobh. Tuille eile: dá ttigeadh búairt do thaoibh na bhfearann sin nó pléaghdáil no d'fhuasgladh fearrain no céim ar bith ina ccadhailfídhe aon chuid dona fearannaibh sin, d'fhíachaibh air an Aodh sin agus air an cCosnaíghe reamhráite agus air a n-aghraídhibh 'na ndíaigh an comhthrom sin do dhéanamh re cheile mur an gcedna. Tuille eile: atá d'fhíachaibh agus do chonnradh ag an Aodh agus ag an cCosnaidhe ccedna sin air a chéile má bhíon duine dhíobh ag cur a chuid féin dona fearannaibh sin a ngeall nó a síarghuídheacht úatha féin chum aon duine eile gan air ccomus dó a chur ón bhfear eile má fhéadan sé a réightioch mur do dhéanadh duine eile, agus muna bhfeadaigh ní bhfuil air ccomus do stainnc do chur air an té do réighfios í nó go ttigeadh aímsir a fúasgailte arís.
Tuille eile: atá do chonnradh agus d'fhíachaibh ag an Aodh agus ag an cCosnaidhe réamhráite agus ag a n-aghraídhibh 'na ndíaigh air a chéile, gibé dona fearannaibh sin adúbhramuir nó d'fhearannaibh eile nách íad sin do bheadh a ngeall uatha araon nó ó dhuine dhíobh, gibé dhíobh dhá ttiocfadh sin d'fhuasgladh ar ttúis do bheadh d'fhiachaibh air an bhfear eile a ionnad féin agus a bharántacht do thabhairt do chum go bhfuasgladh í go feadh a fuaisgilte uatha arís air a mbíadh dá dhíoghbháil ris. Tuille eile: atá do chonnradh agus do choingheall comhthrom idir Aodh agus an Cosnaidhe cedna sin, gibé dhíobh do rachadh ó fhoighre diongamhálta do bheith óna cholluinn fein aige an fear eile agus a fhaighrídhe do bheith 'na n-aighridhe agus 'na seiciodúraibh agus 'na síghníbh air annsna fearannaibh sin shúas adúbhramuir do réir mur labharas lorg a n-athar agus a seanathar dóibh. Tuille eile: gibé méid do chuid an Aodh chédna sin nách áiteochaigh sé féin má fhéadan an Cosnaidhe a háitiúghadh, ata d'fhiachaibh air an Aodh sin gan toirmiosg air bith úaig féin do chur air, acht cion a n-áiteóchaidh sé dhi do shaoirse Shlaine Ní Ghráda do bheith 'na dhiaigh air, fé mur atá bo saor agus láir saor annsa cheithrimhe mirr dá mbiadh air áitiúghadh don fhearann do bheith ag Slaine. Agus mur dhearbhadh agus mur fhoillsiúghadh air gach nídhe dá bhfuil sgríobhthadh ann sin anúas do bheith ceangailte fostaighthe go síarghuídhe air an Aodh sin agus air an cCosnaidhe réamhráithe, orrtha féin agus air a n-aghraídhibh, air a seiciodúraibh agus air a sighnídhibh, ionna ndíaigh go seasmhach, atáimse, an Aodh sin, ag cur mo láimhe agus mo shéala air an ccuid don sgríobhuinn seo ata ag an cCosnaidhe dom thoil aontuíghioch féin, agus taim-se an Cosnaidhe do réir mo thoille agus m'aonta féin ag cur mo láimhe agus mo shéala air an ccuid don sgríbhinn seo atá ag an Aodh. an 9mhadh lá don Abraon 1675. Giolla na Naomh óg Ua Dubhdhábhoirinn Fíaghnaisighthe Séamus Mac Gearailt Proinnsías Sáirséaghal.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services