Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Seventeenth Century Legal Document

Title
A Seventeenth Century Legal Document
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Cuív, Brian
Composition Date
1675
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1960)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Úghacht Ghiolla na Naomh óg Ui Dhubhdhábhoirinn a cCaithir
Mhic Neachtain a cConntae an Chlair a mBarrúntacht Bóirne agus a
bParóiste Nuachongabhála, annsa mbliadhain d'aois an Tiaghurna
mur fuair bás, míle sé chéd chúig bhliadhna deug ós cionn trí fithchiot,
1675, agus an ceathramhadh lá do Mhídhe Abraon.



Bíodh a fhios ag gach aon duinne éisdfios, léighfios, is tuigfios
an sgríobhain seo, gurab mar so d'aontuíghiodar, do órduígheadur,
agus do rainniodur clann Ghiolla na Naomh óg Uí Dhubhdhabhoirin
o Chaithir Mhic Neachtain a bParróiste Nuachongabhála a mBarruntacht
Bóirne a cConntae an Chláir, .i. Aodh mac Giolla na Naomh agus an
Cosnaíghe mac Giolla na Naomh on cCaithir réamhráite, radhuint
síarghuidhe agus connradh síarghuídhe re chéile eatardha féin agus idir a
sliocht 'na ndiaigh go síarghuídhe air an dá sheisrigh bhaile d'fhearan
a n-athar agus a seanathar.



Do chúadh cunnradh eatardha fé mur atá leathsheisrigh Chathrach
Mhic Neachtain a bParóiste Nuachongbhála agus leathsheisrigh Leasa
Mhic Tadhg agus leathsheisrigh Leasa Dubháin agus Leasa na Luachranna
a bParóiste Dhrom na Críche agus leathsheisrigh Chille Chlomáin Bhaire
a bParróiste Chille Cóirne agus íad sin re chéile annsa mbarúntacht agus
annsa cconntae réamhráite.



Is í seo an radhuinn: ar ttúis .i. an cheirimhe mír as
síadh síar do Chaithir Mhic Neachtain fádh mur ghabhas an Sruthán
Dubh súas annsa tslíabh, agus an claidhe on Sruthán Dubh anuas go
díreach go headan an Bhuaile Líagánaigh, agus an claghadh iartharach
don Bhuaile Líagáineach síos go n-uige an Urrlainn Mhoir, agus claghadh
na hUrrlainne Móire féin tímchioll air an ttaoibh shíar síos go taobh na
Cathrach, agus leathsheisrigh Leasa Mhic Tadhg, agus ceithrimhe mír do
leathsheisrigh Chille Cholmáin Bháire air chuid Aodh mhic Giolla
na Naomh dhíobh sin; agus an ceithrimhe mirr as síadh soir do Chaithir
Mhic Neachtain mur ghabhas an teoruinn chedna, agus leathsheisrigh
Leasa Dubháin agus Leasa na Luachranna, agus an cheithrimhe mirr eile do
leathsheisrigh Chille Cholmáin Bháire air chuid an Chosnaíghe mhic
Giolla na Naomh don fhearran chedna sin.


L. 180


Ag seo radhuinn ceannáite Chathrach Mhic Neachtain mur an
ccédna .i. ait tíghe mhóir na Cathrach astigh, agus áit tighe na ciostannach
do bhí ag an tteach mór sin annsa cCaithir asdig, agus áit tíghe na reilge
air an ttaoibh shíar don Chaithir agus a bhfuil o bhóthar gharruídhe
Thadhg Ruadh mhic Ghiolla Fheithin síar dona garthaibh air an ttaoibh
amuith do gharraidhe Thadhg fein ar chuid Aodh don cheannáit
sin, agus an tigh atá idir éadan an tíghe mhóir agus dorrus na cathrach
agus ait tíghe eile air an ttaoibh shiar bhudh thuadh don Chaithir astigh
agus an tigh mor atá air an ttaoibh amuith do dhorus na Cathrach, agus
a bhfuil o bhearrnain Fhánainn an Tadhaill air an ttaoibh shoir go bothar
gharruidhe Thadhg Ruadh síar, agus an garruídhe sin féin do bheith
air chuid an Chosnaíghe don cheannait chédna sin.



Tuille eile: atá faithche an bhuaille agus an bóthar ón bhfaithche
síar go n-uige an mothar dturtánach, agus uisge an bhaille fádh mur atá
an Sruthán Dubh shuas agus tobar an bhaile astigh cómhshaor ag an
gceannáit sin re chéile.



Tuille eile: as é seo connradh an Aodh agus an Chosnaígh eatardha
féin ó thúis, agus idir a n-aghraídhibh go diongmhálta iona ndíagh arís
a ttímchioll an dá sheisre sin adúbhramuir shuas, agus a ttímchioll
gach fearann eile nách iad sin air a labhrann cairt a n-athar agus a
seanathar. Do réir a ndinntiúraidhe do bhí d'fhíachaibh orrtha sin re
chéile comhshaothrughadh agus cómhshámhail agus comhbharántacht agus
cómhchosdus pléaghdála agus seasaimh na bhfearan sin re chéile do bheith
orrtha féin agus air a n-aghraídhibh iona ndíaigh go síarghuidhe a n-aghadh
gach aonduine dar chuir ná dá ccuirfeadh búairt orrtha annsna fearanaibh
sin re cheile ná a n-aon chuid díobh.



Tuille eile: dá ttigeadh búairt do thaoibh na bhfearann sin nó
pléaghdáil no d'fhuasgladh fearrain no céim ar bith ina ccadhailfídhe
aon chuid dona fearannaibh sin, d'fhíachaibh air an Aodh sin agus air an
cCosnaíghe reamhráite agus air a n-aghraídhibh 'na ndíaigh an comhthrom
sin do dhéanamh re cheile mur an gcedna.



Tuille eile: atá d'fhíachaibh agus do chonnradh ag an Aodh agus ag
an cCosnaidhe ccedna sin air a chéile má bhíon duine dhíobh ag cur a
chuid féin dona fearannaibh sin a ngeall nó a síarghuídheacht úatha
féin chum aon duine eile gan air ccomus dó a chur ón bhfear eile má
fhéadan sé a réightioch mur do dhéanadh duine eile, agus muna bhfeadaigh
ní bhfuil air ccomus do stainnc do chur air an té do réighfios í nó go
ttigeadh aímsir a fúasgailte arís.


L. 181


Tuille eile: atá do chonnradh agus d'fhíachaibh ag an Aodh agus ag
an cCosnaidhe réamhráite agus ag a n-aghraídhibh 'na ndíaigh air a chéile,
gibé dona fearannaibh sin adúbhramuir nó d'fhearannaibh eile nách
íad sin do bheadh a ngeall uatha araon nó ó dhuine dhíobh, gibé dhíobh
dhá ttiocfadh sin d'fhuasgladh ar ttúis do bheadh d'fhiachaibh air
an bhfear eile a ionnad féin agus a bharántacht do thabhairt do chum
go bhfuasgladh í go feadh a fuaisgilte uatha arís air a mbíadh
dá dhíoghbháil ris.



Tuille eile: atá do chonnradh agus do choingheall comhthrom idir
Aodh agus an Cosnaidhe cedna sin, gibé dhíobh do rachadh ó fhoighre
diongamhálta do bheith óna cholluinn fein aige an fear eile agus a
fhaighrídhe do bheith 'na n-aighridhe agus 'na seiciodúraibh agus 'na
síghníbh air annsna fearannaibh sin shúas adúbhramuir do réir mur labharas
lorg a n-athar agus a seanathar dóibh.



Tuille eile: gibé méid do chuid an Aodh chédna sin nách áiteochaigh
sé féin má fhéadan an Cosnaidhe a háitiúghadh, ata d'fhiachaibh
air an Aodh sin gan toirmiosg air bith úaig féin do chur air, acht cion
a n-áiteóchaidh sé dhi do shaoirse Shlaine Ní Ghráda do bheith
'na dhiaigh air, fé mur atá bo saor agus láir saor annsa cheithrimhe mirr
dá mbiadh air áitiúghadh don fhearann do bheith ag Slaine.



Agus mur dhearbhadh agus mur fhoillsiúghadh air gach nídhe dá
bhfuil sgríobhthadh ann sin anúas do bheith ceangailte fostaighthe go
síarghuídhe air an Aodh sin agus air an cCosnaidhe réamhráithe, orrtha
féin agus air a n-aghraídhibh, air a seiciodúraibh agus air a sighnídhibh,
ionna ndíaigh go seasmhach, atáimse, an Aodh sin, ag cur mo láimhe agus mo
shéala air an ccuid don sgríobhuinn seo ata ag an cCosnaidhe dom thoil
aontuíghioch féin, agus taim-se an Cosnaidhe do réir mo thoille agus
m'aonta féin ag cur mo láimhe agus mo shéala air an ccuid don sgríbhinn seo
atá ag an Aodh.



an 9mhadh lá don Abraon 1675.
Giolla na Naomh óg Ua Dubhdhábhoirinn
Fíaghnaisighthe
Séamus Mac Gearailt
Proinnsías Sáirséaghal.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services