Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mac an Bhaird's Elegy on the Ulster Lords
Title
Mac an Bhaird's Elegy on the Ulster Lords
Author(s)
Mac an Bhaird, Eoghan Ruadh,
Compiler/Editor
Knott, Eleanor
Composition Date
1608
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1960)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A bhean fuair faill ar an bhfeart, truagh liom a bhfaghthaoi d'éisdeacht; dá mbeath fian Ghaoidheal ad ghar do bhiadh gud chaoineadh congnamh. As fada go bhfuighthi an faill dá mbeath thiar a dTír Chonaill; láimh re sluagh mBoirche dá mbeath, ní foighthe an uagh go huaigneach. A nDoire, a nDruim Chliabh na gcros, anArd Mhacha as mór cádhos, ní foighthe lá an feart ar faill gan mhná do theachd fa thuaraim. Ná a nDún na nGall fan mín muir, ná a n-áras Easbuig Eóghuin, ná a nEas Ruaidh as séimhe sáil ní bhudh réidhe an uain d'fhagháil. Tiocfadh ad chombáigh chaoinidh bean ón Éirne iolmhaoinigh, bean ó shlios bhinnshreabh Banna, inghean ó Lios Liathdroma. Tiocfadh an bhean ón Mháigh mhoill, ó Bhearbha, ó Shiúir, ó Shionainn; an bhean ó Chruachuin na gcath, 'sa bhean ó Thuathaibh Theamhrach. Do hísléaghtha ó ingnibh sgor an cnoc 'nar crochadh Peador; ní bhiadh an teach gan gháir nguil dá mbeath láimh re Fiadh bhFionntuin.
Ní bhiadh láimh risna leagoibh cead suimhnis ná sailmcheadoil; ní bhiadh bearna gan bhróin mban, na dearna im nóin gan niamhadh. Dá mhac ríogh don fhréimhsin Chuinn atá ar gach ttaobh d'Ú Dhomhnuill; na trí cuirp ré a síneann sibh - fírearr ar n-uilc a n-oighidh! An dá chloichsin ósa gcionn dá bhfaicdís ógbhuidh Éirionn, ar aoi a líneadh do léaghadh caoi ar míleadh do mhoisgéaladh. Dias don triursoin tarla asttigh clann Aodha, ardfhlaith Sligigh; ua don Aodhsoin duine díobh, cuire d'aostoigh na n-airdríogh. Ua t'athar ar aoi a mháthar, maraon red' dís ndearbbráthar: ní guth dhuit gan chéill ad chaoi, a bhfuil nó a méin dá meastaoi. D'éis Í Dhomhnuill Dúna ós Sáimh, dá dtánuig tús bhar dtocráidh, ní guth truime do thuirsi, uille iná t'uch t'adhbhuirsi. Triath Modhuirne, Mac Í Néill, dá bhféaghthaoi a chraobha cinéil, a chruth, a airdhe oile - ní guth aidhbhle t'eólchuire. Dá bhféaghthaoi gach aonmhaith ann, mac ríogh ó gConaill, Cathbharr, a los ghnaoi, nó ghníomh ngoile, ga díol caoi bhudh chosmhuile? Ní bhiadh baile ó thuinn go tuinn, dá dtuitdís so a gClár Chriomhthuinn, gan gháir bhfaoilte nó gáir ghuil le gáir gcaointe nó chosguir.
'Sna cathaibh do cuireadh linn ag cosnamh Críche Féilim, dá dtuiteadh duine díobh soin robadh sníomh uile d'Ulltoibh. Lá oirdhearc Átha Buidhe, inar ládh leacht sochuidhe, dá dtuiteadh uainn Aodh Ó Néill don taobh thuaidh robadh tuirléim. Lá a mbéal Bhealaigh an mhaighre dá dtuiteadh triath Modhuirne, bheith réidh dob aimhréidh d'iarruidh ar dhaighfhréimh Néill Naoighialluigh. A ló mhadhma an Mhullaigh bhric ní géabhthaoi a nAodh mar éiric na cairn d'éachtuibh muin ar mhuin san mhaidhm ó éachdfhuil Eóghuin. Laithe dóibh ag gabháil ghiall ar sluagh a Mumhuin Mhaicniadh, cionnas do géabhthaoi ag crú Chuinn dá sgéarthaoi an chnú re a crobhuing. Lá catha an Bhealuigh Bhuidhe dá sgarthaoi rinn Rudhruighe, do bhiadh gáir fhaoilte gach fhir 'na gáir chaointe aga chluinsin. Dá dtuiteadh sé ón tír thall a ló fhillte fian n-eachdrann lá dob áille a nÁth Seanuigh nír fháth gáire ag Gaoidhealaibh. Lá a Leithbhior 'nar loiteadh sin, lá ag Luimneach nó lá ag Gaillimh, do-géabhtha mná caoine í Chuinn lá Baoille nó an lá ag Liathdruim. Dá dtíosadh a thuiteam dhe, an lá do lingeadh Baile Átha an ríogh, a fhian Éirne, ní bhiadh bhar síodh soidhéinmhe.
Lá a nDoire 'nar dhearbh a láimh, dá dtuctha leacht laoich Iomgháin, do bhiadh t'éanghul 'na gháir ghuil iar dtéarnamh dáibh ón deabhuidh. Dá dtuiteadh sé re Síol gCais lá troda re taobh bhForghais, leis an sluagh ag teachta asteach buadh na heachtra dob aithreach. Lá a ndeabhuidh fa Dhún na nGall, da bhfaicthi fuil re Cathbharr, ba lór d'urbhuidh ar fhéaghadh, slógh Murbhaigh do mhoithéaghadh. Do ruaimnéaghtha ruisg ar niadh dá dtuctha a leachd lá ar Coirrshlíabh; dá dtuctha a leachd lá Sligigh nír lá budh eachd d'fhoighidin. Nír bheag an léan ar Leith Cuinn bás Aodha, oidhidh Cathbhuirr, sgaradh do Rudhruighe rinn rabhadh urbhuidhe d'Éirinn. Cia an Gaoidheal nach guilfeadh libh bláth fréimhe maicne Mílidh? bhar n-oire cia ar nach cuirfeadh? cia an croidhe nach criothnuighfeadh? Díbir ar Dhia an dtuirsi dtruim uait, a Inghean Í Dhomhnuill; gearr go dtéighe ar séad mar soin, féag na céime fad' chomhair. A láimh gcriadh ná cuir do dhóigh, tuicthear libh, lór do sheanmóir, do réir thagha an Tí ó bhfuil go ragha gach ní, a Nualuidh. Smuain an gcroich atá red' thaoibh, a n-áit do dhuilghis díomhaoin; tóguibh don uaighsi t' uille, fógair uaibhsi t' eólchuire.
Cuir, a Dhé, budh deasda an dtuinn tar fhuighleach n-áir chrú Conuill; ar chás ar loingbhrisidh luigh, bás na foirneisin féachuidh! Tóguibh láimh, a Mheic Muire, le taighdeadh do thrócuire, a n-aghaidh na tuinne a dtám, do chabhair luinge ar leanbán! Bíodh an t-uchd ga n-altrom so, bíodh an lámh uaibh, a Íosa, ag taltoghadh a dtaobh soin, glantoradh ar gcraobh gcnuasaigh! A ríoghan fhréimhe Dáluigh, tánuig ón tuinn iombádhuigh, nach rabh ní as sia a fherg ret' fhuil fagh ó Dhia, an Ceard rod chruthuigh. Do shaoileamar, do shaoil sibh dál cabhra ag clannuibh Mílidh tréasan dtriar tarla san uaigh, ag triall ó Bhanbha bheannfhuair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services