Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mac an Bhaird's Elegy on the Ulster Lords

Title
Mac an Bhaird's Elegy on the Ulster Lords
Author(s)
Mac an Bhaird, Eoghan Ruadh,
Compiler/Editor
Knott, Eleanor
Composition Date
1608
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1960)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A bhean fuair faill ar an bhfeart,
truagh liom a bhfaghthaoi d'éisdeacht;
dá mbeath fian Ghaoidheal ad ghar
do bhiadh gud chaoineadh congnamh.



As fada go bhfuighthi an faill
dá mbeath thiar a dTír Chonaill;
láimh re sluagh mBoirche dá mbeath,
ní foighthe an uagh go huaigneach.



A nDoire, a nDruim Chliabh na gcros,
anArd Mhacha as mór cádhos,
ní foighthe lá an feart ar faill
gan mhná do theachd fa thuaraim.



Ná a nDún na nGall fan mín muir,
ná a n-áras Easbuig Eóghuin,
ná a nEas Ruaidh as séimhe sáil
ní bhudh réidhe an uain d'fhagháil.



Tiocfadh ad chombáigh chaoinidh
bean ón Éirne iolmhaoinigh,
bean ó shlios bhinnshreabh Banna,
inghean ó Lios Liathdroma.



Tiocfadh an bhean ón Mháigh mhoill,
ó Bhearbha, ó Shiúir, ó Shionainn;
an bhean ó Chruachuin na gcath,
'sa bhean ó Thuathaibh Theamhrach.



Do hísléaghtha ó ingnibh sgor
an cnoc 'nar crochadh Peador;
ní bhiadh an teach gan gháir nguil
dá mbeath láimh re Fiadh bhFionntuin.


L. 164


Ní bhiadh láimh risna leagoibh
cead suimhnis ná sailmcheadoil;
ní bhiadh bearna gan bhróin mban,
na dearna im nóin gan niamhadh.



Dá mhac ríogh don fhréimhsin Chuinn
atá ar gach ttaobh d'Ú Dhomhnuill;
na trí cuirp ré a síneann sibh -
fírearr ar n-uilc a n-oighidh!



An dá chloichsin ósa gcionn
dá bhfaicdís ógbhuidh Éirionn,
ar aoi a líneadh do léaghadh
caoi ar míleadh do mhoisgéaladh.



Dias don triursoin tarla asttigh
clann Aodha, ardfhlaith Sligigh;
ua don Aodhsoin duine díobh,
cuire d'aostoigh na n-airdríogh.



Ua t'athar ar aoi a mháthar,
maraon red' dís ndearbbráthar:
ní guth dhuit gan chéill ad chaoi,
a bhfuil nó a méin dá meastaoi.



D'éis Í Dhomhnuill Dúna ós Sáimh,
dá dtánuig tús bhar dtocráidh,
ní guth truime do thuirsi,
uille iná t'uch t'adhbhuirsi.



Triath Modhuirne, Mac Í Néill,
dá bhféaghthaoi a chraobha cinéil,
a chruth, a airdhe oile -
ní guth aidhbhle t'eólchuire.



Dá bhféaghthaoi gach aonmhaith ann,
mac ríogh ó gConaill, Cathbharr,
a los ghnaoi, nó ghníomh ngoile,
ga díol caoi bhudh chosmhuile?



Ní bhiadh baile ó thuinn go tuinn,
dá dtuitdís so a gClár Chriomhthuinn,
gan gháir bhfaoilte nó gáir ghuil
le gáir gcaointe nó chosguir.


L. 166


'Sna cathaibh do cuireadh linn
ag cosnamh Críche Féilim,
dá dtuiteadh duine díobh soin
robadh sníomh uile d'Ulltoibh.



Lá oirdhearc Átha Buidhe,
inar ládh leacht sochuidhe,
dá dtuiteadh uainn Aodh Ó Néill
don taobh thuaidh robadh tuirléim.



Lá a mbéal Bhealaigh an mhaighre
dá dtuiteadh triath Modhuirne,
bheith réidh dob aimhréidh d'iarruidh
ar dhaighfhréimh Néill Naoighialluigh.



A ló mhadhma an Mhullaigh bhric
ní géabhthaoi a nAodh mar éiric
na cairn d'éachtuibh muin ar mhuin
san mhaidhm ó éachdfhuil Eóghuin.



Laithe dóibh ag gabháil ghiall
ar sluagh a Mumhuin Mhaicniadh,
cionnas do géabhthaoi ag crú Chuinn
dá sgéarthaoi an chnú re a crobhuing.



Lá catha an Bhealuigh Bhuidhe
dá sgarthaoi rinn Rudhruighe,
do bhiadh gáir fhaoilte gach fhir
'na gáir chaointe aga chluinsin.



Dá dtuiteadh sé ón tír thall
a ló fhillte fian n-eachdrann
lá dob áille a nÁth Seanuigh
nír fháth gáire ag Gaoidhealaibh.



Lá a Leithbhior 'nar loiteadh sin,
lá ag Luimneach nó lá ag Gaillimh,
do-géabhtha mná caoine í Chuinn
lá Baoille nó an lá ag Liathdruim.



Dá dtíosadh a thuiteam dhe,
an lá do lingeadh Baile
Átha an ríogh, a fhian Éirne,
ní bhiadh bhar síodh soidhéinmhe.


L. 168


Lá a nDoire 'nar dhearbh a láimh,
dá dtuctha leacht laoich Iomgháin,
do bhiadh t'éanghul 'na gháir ghuil
iar dtéarnamh dáibh ón deabhuidh.



Dá dtuiteadh sé re Síol gCais
lá troda re taobh bhForghais,
leis an sluagh ag teachta asteach
buadh na heachtra dob aithreach.



Lá a ndeabhuidh fa Dhún na nGall,
da bhfaicthi fuil re Cathbharr,
ba lór d'urbhuidh ar fhéaghadh,
slógh Murbhaigh do mhoithéaghadh.



Do ruaimnéaghtha ruisg ar niadh
dá dtuctha a leachd lá ar Coirrshlíabh;
dá dtuctha a leachd lá Sligigh
nír lá budh eachd d'fhoighidin.



Nír bheag an léan ar Leith Cuinn
bás Aodha, oidhidh Cathbhuirr,
sgaradh do Rudhruighe rinn
rabhadh urbhuidhe d'Éirinn.



Cia an Gaoidheal nach guilfeadh libh
bláth fréimhe maicne Mílidh?
bhar n-oire cia ar nach cuirfeadh?
cia an croidhe nach criothnuighfeadh?



Díbir ar Dhia an dtuirsi dtruim
uait, a Inghean Í Dhomhnuill;
gearr go dtéighe ar séad mar soin,
féag na céime fad' chomhair.



A láimh gcriadh ná cuir do dhóigh,
tuicthear libh, lór do sheanmóir,
do réir thagha an Tí ó bhfuil
go ragha gach ní, a Nualuidh.



Smuain an gcroich atá red' thaoibh,
a n-áit do dhuilghis díomhaoin;
tóguibh don uaighsi t' uille,
fógair uaibhsi t' eólchuire.


L. 170


Cuir, a Dhé, budh deasda an dtuinn
tar fhuighleach n-áir chrú Conuill;
ar chás ar loingbhrisidh luigh,
bás na foirneisin féachuidh!



Tóguibh láimh, a Mheic Muire,
le taighdeadh do thrócuire,
a n-aghaidh na tuinne a dtám,
do chabhair luinge ar leanbán!



Bíodh an t-uchd ga n-altrom so,
bíodh an lámh uaibh, a Íosa,
ag taltoghadh a dtaobh soin,
glantoradh ar gcraobh gcnuasaigh!



A ríoghan fhréimhe Dáluigh,
tánuig ón tuinn iombádhuigh,
nach rabh ní as sia a fherg ret' fhuil
fagh ó Dhia, an Ceard rod chruthuigh.



Do shaoileamar, do shaoil sibh
dál cabhra ag clannuibh Mílidh
tréasan dtriar tarla san uaigh,
ag triall ó Bhanbha bheannfhuair.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services