Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An chaoi ar cuireadh ar gcúl custom ar fhataidhe i nGaillimh. (Ar leanamhaint.)
Title
An chaoi ar cuireadh ar gcúl custom ar fhataidhe i nGaillimh. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ó Flaithbheartaigh, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Chaoi ar Cuireadh ar gCúl Cus- tom ar Fhataidhe i nGaillimh. Canamhaint na Gaillimhe. (Ar leanamhaint ó'n uimhir 69). Chuaidh an gabha a-bhaile gan a chóta mór go dtáinic a lá cáirde lé gul ar siubhal aríst. Ní suimreach (= suimneach = suaimh- neach) a chodail an gabha bocht gan a fhios aige ceurd bhí lé n'aghaidh; agus is dóigh liom go mór nach ar a leabaidh, — má bhí a l'éide aige, agus mara raibh féin, ní air a mhilleán — a bhí sé 'na chodladh, acht ar bhloc corrach na hinniúine, nó ar urlár fuar na céardchan. Acht ní raibh sé chomh furusda slaghdán a ghlacadh 'san am sin agus atá sé anois, creidim. Acht má fuair sé fuacht nó mara bhfuair, ar nós ar bith níor eugcaoin sé é. Ar maidin Dia Luain d'éirigh an gabha, agus a' baint searra as fhéin, dubhairt, “Teagann maith lé cáirde agus grásda lé foidhid.” Annsin gan biadh gan deoch, marar (munar) ól sé uisge nach raibh go ro-thaithneamhach, thois an gabha an bóthar go dtáinic sé go dtí an chúirt, agus annsin sheas sé taobh amuigh go cúthal go dtáinig glaodhach air. 'Steach leis annsin, agus ní folamh bhí an áit istigh roimhe. Bhí 'na suidhe ann istigh Iarluidhe Cloinne Riocaird. Chomh luath a's fuair sé amharc orrab (orra), ghabh buaidhreadh mór é, mar shíl sé, nidh nár bh'ioghnadh (iongnadh), go raibh a chreach deunta anois go cinnte. Agus is minic adeir sé i n'inntinn fhéin, “Faraor má bhí aon chóta mór agam riamh!” Acht is fearr go deireannach 'ná go bráthach. Thug sé faoi deara an tighearna ann 'na shuidhe (ag) léigheadh leabhair mhóir, agus ghabh meisneach beag é. 'Nuair tháinic sé i láthair, cheisnigh na Búrcaigh é go geur, agus ag freagairt ní raibh a theanga ná a pholl- áiridhe aige-sean fhéin, acht amháin go raibh déileáil faitchís air gul ro-dhomhain sa' sgeul. Fritheadh ciontach é gan custom
'íoc. 'Nuair a chuala an Coimíneach an obair a bhí dhá déanamh, agus go raibh críoch ag á cur orra, d'éirigh sé fhéin 'na chathaoir agus cheisnigh sé fhéin an gabha. D'fhiarfhuigh sé dhe ar íoc sé an custom. D'fhreagair an gabha é go blasda, a' rádh, “Níor íocas agus níor dhiúltuigheas.” “Ní thuigim-se ná an chúirt thú,” ars' an tighearna. “Maiseadh,” deir an gabha, a' tochas a mhullaigh, agus creidim go raibh a ádhbhar aige sin fhéin a dheunamh, “míneóchaidh mise an cás chomh maith agus fheudfas mé é.” Annsin d'innis sé, i n-éisteacht an oir- eachtais a bhí cruinn, gach uile nídh. “Níor íocas,” adeir an gabha. “Tuige?” ars' an tighearna. “Mar nach raibh aon phighinn agam,” adeir an gabha. “Is deacair colann gan cheann a chrochadh,” adeir an tighearna. “Is féidir a dheunamh,” ars' an gabha. “Goidé an nós?” adeir an tighearna. “Tá,” adeir an gabha, “an tsúil a chur faoi n'osgalluidhe, i leabaidh faoi n-a mhuineál.” “Tá an fhírinne agat,” adeir an tigh- earna, “acht sin nídh nach ndeunfar uaidh seo amach.” “Deunfar a ngonas é,” adeir an gabha. “Cionnus is féidir?” adeir an tighearna. “Ní deacra a dheunamh,” ars' an gabha, “'ná lámh ar n-easbuig, i n-a raibh an eochair, a ghearradh amach ó'n gcorp a bhí 'deunamh créafóige sa' gcré, agus rinneadh é.” “An fíor sin?” adeir an tighearna. “Dar a bhfuil de leabhra' i nIfrionn,” ars' an gabha, “seo í an fhírinne ghlan. Maiseadh creidim,” adeir an gabha, “nach bhfuil a fhios agat gurab í an lámh láidir, an dlighe i nGaillimh lé fada.” “Níor cheapas riamh,” adeir an tighearna “go dtí indiu nach l'aghaidh cirt a bhí an chúirt seo, gus go speisialta l'aghaidh na mbocht (atá gan eolus gan cumhachta) a choimheud, agus cóir a's ceart a thabhairt dóib. Acht,” adeir sé, “ní bhfuighidh a námhaid cead a gcinn níos faide.” “Go raibh maith agat agus ag t'onóir,” ars'an gabha; “agus tá súil agam agus ag muintir na tíre 'liug, ó rinne muid'e (rinneamar-ne) duine uasal díot-sa agus de liachtuidhe duine uasal breagh' de'n tsean-treibh, nár ísligh riamh a ghlún ná a cheann do Shasanach gránda ná do thíoránach ar bith eile, agus a sheas suas go fearamhail dá thír agus dá chrei- deamh, gidh go mb'éigean dó sgaradh lé a raibh go (= de) mhaoin shaoghalta aige mar gheall ar na neithe' seo; agus gidh go gcaith- feadh sé an iall deireannach dá shaoghal chomh maith leis an gceud iall, a' leasughadh a thíre 's a dhaoine, agus a' briseadh na sla- bhraidhe daoirse atá ag teannadh ar ar dtír lé beag nach míle bliadhain, agus bíodh sé 'nan a dheunta nó ná bíodh, ní bhfuair sé uainn-ne an roghain a thugamar duit-se. Ar an ádhbhar sin,” adeir an gabha, “tá súil agam go ndeunfhaidh tú do dhíchell dam-sa agus do'n taobh tíre 'liug. Annsin d'éirigh an tighearna 'na sheasamh agus thar éis smaoinidh dhó, thosuigh sé a'caint go cruaidh agus go hárd, agus 'nuair a bhí píosa mór cainte deunta aige, d'iompuigh Iarla Cloinne Riocaird thairis, agus a'breathnughadh suas go gruama ar an tighearna, mar nár thaithnigh an bealach bhí sé 'leanacht leis, d'osgail a bheul mór gránda casta, — an liopa uachtair mar neacaipín póca dá shrón smaoiseach, agus an liopa eile a'tuitim thar a smig síos i bhfad, agus gidh go mbadh gránda an feithideach é 'liug, mar bhí cuma na heugcóra, ba sheacht measa 'ná peacadh na sinsear, idir a dhá shúil shramach', — labhair an carrachán, agus is é adubhairt sé: “A visther Cummins, is mór an náire dhuit fhéin é, agus is mór é do ghleó sa' gcúirt seo indiu!” Ní dhearna an tighearna nídh ar bith acht iompódh thairis, breathnughadh ar an ruidín
suarach a bhí faoi thíos, agus ag athrughadh a ghotha dubhairt sé leis an Iarla: “Cia is mó gleo, mise i gcúirt na Gaillimhe indiu nó do shean-athair i mbriseadh Eachdhroma? Marach (=muna mbíodh) an lá sin,” ars' an tighearna, “Badh shuarach an seibhte ar thaobh bóthair thú i Sasana', badh bheag é do mhaoin nó do chumhachta taobh bhfus nó taobh thall. Agus,” adeir sé, “ba mór an feall plúr na n-uaisle 'ísliughadh, agus do mhacasamhail-se 'chur suas 'na n-áit.” Níor fheud an tighearna éisteacht lé níos mó. D'éirigh sé 'na sheasamh, agus gidh go mbadh gearr a chloigeann mór ó thalamh, b'éigean dó é ísliughadh lé náire. 'Mach leis as an gcúirt i ndiaidh a mhullaigh, agus bhí an oiread sin deifire air go gcuirtí dá throigh i ndiaidh a chúil é i n-aghaidh gach coisméige (= cois- céime) dá dtugadh sé. Acht le sgeul fada dheunamh gearr díbh, is annamh conncas an tIarla, ná aon duine d'ár bhain leis, i gcúirt na Gaillimhe ó shoin ale. Buidheachas lé Dia ar a shon, agus go bhfuil teurma na sgriosadóir caithte! 'Nuair a ghlan an craibeadán leis, thosuigh an tighearna a chuid cainte aríst, an áit ar stop sé cheana, agus níor stad riamh nó go bhfuair sé an méid giúistíseacha bhí i láthair a' comhoibriughadh leis féin, nó gur sgriosadar amach de leabhar an dlighe an custom mailíseach seo. Anois thosuigh an tighearna an chúis as a nua. D'fhiafhruigh sé de'n fhear a bhí 'tógáil an chustuim cá raibh aon chaibidil amháin i leabhar an dlighe thug cead agus cumhachta dhó- san mailís ar bith de'n tsórt sin a dheunamah. Ní raibh le rádh ag an bhfear seo, acht gur lé hordughadh na nIarluidhe a bhí sé fhéin a' deunamh na hoibre, agus nach rabh 's aige thairis sin ceurd bhain dó, acht amháin seo, mara ndeunfhadh seisean é, go raibh fear agus fear eile réidh lé n-a dheunamh chomh luath agus dhiúltóchadh sé fhéin é. Ba deacair locht d'fhagháil ar an gcaint, go siúráilte, agus níor fritheadh aon loct orra (uirri) acht a oiread. “Acht cia an chiall ar ghlac tú an cóta mór,” adeir sé, “agus a bhfuil tú dha choinneáil (chongbháil) ó'n bhfear ar leis é?” “Níor ghlac mise é,” ars' an fear, “nó gur bhronn sé orm é, agus níor tháinig dhá éiliughadh orm ó shoin,” adeir sé; “agus dá dteagadh, bhí sé lé fagháil aige agus fáilte, gan bonn gan pighinn 'na dhiaidh air, ná cia ar bith fad a chaithfhinnse tabhairt aire dhó. Agus ní i n-omós an chustuim,” adeir sé, “a ghlac mé an cóta mór, acht shíl mé gur dhá chur ar áit shábhála bhí sé nó go mbeidheadh sé 'teacht a-bhaile aríst; mar bhíonns (= bhíos) go leor stiúinsí díomhaoineach ag imtheacht ó choirneul go coirneul i nGailli' 'ghoidfheadh an ubh ó'n gcorr, 's an chor 'na diaidh.” Is uime sin gur mheasas, mar mheasfhadh duine ar bith eile mar mé, go mbadh glic an nídh bhí seisean a dhéanamh. Annsin 'nuair tháinic an tráthnóna, agus nár ghlaoidh sé ar an gcóta mór, cheapas gur dearmad rinne sé. Agus ní raibh fios agam-sa cá gcuirfinn an cóta mór, ná cia aige, uaidh sin amach.” “Tabhair agam-sa an cóta mór,” ars'an tighearna. D'imthigh leis fear an chustuim 'na chosa' buinn, ag iarraidh an chóta mhóir, agus níor bh' fhada sul a bhí sé a tidheacht ar ais leis, or é “is maith an rud grádh nó faitchíos.” Fuair an fear bocht a chóta mór, agus cead siar a-bhaile, agus áthas mór a bhí air as a uchd. Agus is fada aríst go dtug a chosa fhéin é ag aonach ná ag margadh. Ó'n lá sin go dtí an lá so, níor tóigeadh aon chustom ar fhataidhe' i nGaillimh. Seaghán Ua Flaithbheartaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services