Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An chaoi ar cuireadh ar gcúl custom ar fhataidhe i nGaillimh. (Ar leanamhaint.)

Title
An chaoi ar cuireadh ar gcúl custom ar fhataidhe i nGaillimh. (Ar leanamhaint.)
Author(s)
Ó Flaithbheartaigh, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An Chaoi ar Cuireadh ar gCúl Cus-
tom ar Fhataidhe i nGaillimh.



Canamhaint na Gaillimhe.



(Ar leanamhaint ó'n uimhir 69).



Chuaidh an gabha a-bhaile gan a chóta mór
go dtáinic a lá cáirde lé gul ar siubhal
aríst. Ní suimreach (= suimneach = suaimh-
neach) a chodail an gabha bocht gan a fhios
aige ceurd bhí lé n'aghaidh; agus is dóigh liom
go mór nach ar a leabaidh, — má bhí a l'éide
aige, agus mara raibh féin, ní air a mhilleán —
a bhí sé 'na chodladh, acht ar bhloc corrach na
hinniúine, nó ar urlár fuar na céardchan.
Acht ní raibh sé chomh furusda slaghdán a
ghlacadh 'san am sin agus atá sé anois, creidim.
Acht má fuair sé fuacht nó mara bhfuair, ar
nós ar bith níor eugcaoin sé é.



Ar maidin Dia Luain d'éirigh an gabha, agus
a' baint searra as fhéin, dubhairt, “Teagann
maith lé cáirde agus grásda lé foidhid.”
Annsin gan biadh gan deoch, marar (munar)
ól sé uisge nach raibh go ro-thaithneamhach,
thois an gabha an bóthar go dtáinic sé go
dtí an chúirt, agus annsin sheas sé taobh amuigh
go cúthal go dtáinig glaodhach air. 'Steach
leis annsin, agus ní folamh bhí an áit istigh
roimhe. Bhí 'na suidhe ann istigh Iarluidhe
Cloinne Riocaird. Chomh luath a's fuair sé
amharc orrab (orra), ghabh buaidhreadh mór é,
mar shíl sé, nidh nár bh'ioghnadh (iongnadh),
go raibh a chreach deunta anois go cinnte.
Agus is minic adeir sé i n'inntinn fhéin,
“Faraor má bhí aon chóta mór agam riamh!”



Acht is fearr go deireannach 'ná go
bráthach. Thug sé faoi deara an tighearna
ann 'na shuidhe (ag) léigheadh leabhair mhóir, agus
ghabh meisneach beag é. 'Nuair tháinic sé i
láthair, cheisnigh na Búrcaigh é go geur, agus ag
freagairt ní raibh a theanga ná a pholl-
áiridhe aige-sean fhéin, acht amháin go raibh
déileáil faitchís air gul ro-dhomhain sa'
sgeul. Fritheadh ciontach é gan custom


L. 169


'íoc. 'Nuair a chuala an Coimíneach an obair
a bhí dhá déanamh, agus go raibh críoch ag á cur
orra, d'éirigh sé fhéin 'na chathaoir agus cheisnigh
sé fhéin an gabha. D'fhiarfhuigh sé dhe ar íoc
sé an custom. D'fhreagair an gabha é go
blasda, a' rádh,



“Níor íocas agus níor dhiúltuigheas.”



“Ní thuigim-se ná an chúirt thú,” ars' an
tighearna.



“Maiseadh,” deir an gabha, a' tochas a
mhullaigh, agus creidim go raibh a ádhbhar aige
sin fhéin a dheunamh, “míneóchaidh mise an
cás chomh maith agus fheudfas mé é.”



Annsin d'innis sé, i n-éisteacht an oir-
eachtais a bhí cruinn, gach uile nídh.



“Níor íocas,” adeir an gabha.



“Tuige?” ars' an tighearna.



“Mar nach raibh aon phighinn agam,” adeir
an gabha.



“Is deacair colann gan cheann a chrochadh,”
adeir an tighearna.



“Is féidir a dheunamh,” ars' an gabha.



“Goidé an nós?” adeir an tighearna.



“Tá,” adeir an gabha, “an tsúil a chur
faoi n'osgalluidhe, i leabaidh faoi n-a
mhuineál.”



“Tá an fhírinne agat,” adeir an tigh-
earna, “acht sin nídh nach ndeunfar uaidh
seo amach.”



“Deunfar a ngonas é,” adeir an gabha.



“Cionnus is féidir?” adeir an tighearna.



“Ní deacra a dheunamh,” ars' an gabha,
“'ná lámh ar n-easbuig, i n-a raibh an
eochair, a ghearradh amach ó'n gcorp a bhí
'deunamh créafóige sa' gcré, agus rinneadh é.”



“An fíor sin?” adeir an tighearna.



“Dar a bhfuil de leabhra' i nIfrionn,”
ars' an gabha, “seo í an fhírinne ghlan.
Maiseadh creidim,” adeir an gabha, “nach
bhfuil a fhios agat gurab í an lámh láidir,
an dlighe i nGaillimh lé fada.”



“Níor cheapas riamh,” adeir an tighearna
“go dtí indiu nach l'aghaidh cirt a bhí an
chúirt seo, gus go speisialta l'aghaidh na
mbocht (atá gan eolus gan cumhachta) a
choimheud, agus cóir a's ceart a thabhairt dóib.
Acht,” adeir sé, “ní bhfuighidh a námhaid cead
a gcinn níos faide.”



“Go raibh maith agat agus ag t'onóir,” ars'an
gabha; “agus tá súil agam agus ag muintir na
tíre 'liug, ó rinne muid'e (rinneamar-ne)
duine uasal díot-sa agus de liachtuidhe duine
uasal breagh' de'n tsean-treibh, nár ísligh
riamh a ghlún ná a cheann do Shasanach
gránda ná do thíoránach ar bith eile, agus a
sheas suas go fearamhail dá thír agus dá chrei-
deamh, gidh go mb'éigean dó sgaradh lé a
raibh go (= de) mhaoin shaoghalta aige mar
gheall ar na neithe' seo; agus gidh go gcaith-
feadh sé an iall deireannach dá shaoghal
chomh maith leis an gceud iall, a' leasughadh
a thíre 's a dhaoine, agus a' briseadh na sla-
bhraidhe daoirse atá ag teannadh ar ar dtír
lé beag nach míle bliadhain, agus bíodh sé 'nan
a dheunta nó ná bíodh, ní bhfuair sé uainn-ne
an roghain a thugamar duit-se. Ar an
ádhbhar sin,” adeir an gabha, “tá súil agam
go ndeunfhaidh tú do dhíchell dam-sa agus do'n
taobh tíre 'liug.



Annsin d'éirigh an tighearna 'na sheasamh
agus thar éis smaoinidh dhó, thosuigh sé a'caint
go cruaidh agus go hárd, agus 'nuair a bhí píosa
mór cainte deunta aige, d'iompuigh Iarla
Cloinne Riocaird thairis, agus a'breathnughadh
suas go gruama ar an tighearna, mar nár
thaithnigh an bealach bhí sé 'leanacht leis,
d'osgail a bheul mór gránda casta, — an
liopa uachtair mar neacaipín póca dá
shrón smaoiseach, agus an liopa eile a'tuitim
thar a smig síos i bhfad, agus gidh go mbadh
gránda an feithideach é 'liug, mar bhí
cuma na heugcóra, ba sheacht measa 'ná
peacadh na sinsear, idir a dhá shúil shramach',
— labhair an carrachán, agus is é adubhairt
sé:



“A visther Cummins, is mór an náire
dhuit fhéin é, agus is mór é do ghleó sa' gcúirt
seo indiu!”



Ní dhearna an tighearna nídh ar bith acht
iompódh thairis, breathnughadh ar an ruidín


L. 170


suarach a bhí faoi thíos, agus ag athrughadh a ghotha
dubhairt sé leis an Iarla:



“Cia is mó gleo, mise i gcúirt na
Gaillimhe indiu nó do shean-athair i mbriseadh
Eachdhroma? Marach (=muna mbíodh) an
lá sin,” ars' an tighearna, “Badh shuarach an
seibhte ar thaobh bóthair thú i Sasana', badh
bheag é do mhaoin nó do chumhachta taobh bhfus
nó taobh thall. Agus,” adeir sé, “ba mór
an feall plúr na n-uaisle 'ísliughadh, agus do
mhacasamhail-se 'chur suas 'na n-áit.”



Níor fheud an tighearna éisteacht lé níos
mó. D'éirigh sé 'na sheasamh, agus gidh go mbadh
gearr a chloigeann mór ó thalamh, b'éigean
dó é ísliughadh lé náire. 'Mach leis as an
gcúirt i ndiaidh a mhullaigh, agus bhí an oiread
sin deifire air go gcuirtí dá throigh i ndiaidh
a chúil é i n-aghaidh gach coisméige (= cois-
céime) dá dtugadh sé. Acht le sgeul fada
dheunamh gearr díbh, is annamh conncas an
tIarla, ná aon duine d'ár bhain leis, i
gcúirt na Gaillimhe ó shoin ale. Buidheachas
lé Dia ar a shon, agus go bhfuil teurma na
sgriosadóir caithte!



'Nuair a ghlan an craibeadán leis,
thosuigh an tighearna a chuid cainte aríst, an
áit ar stop sé cheana, agus níor stad riamh nó
go bhfuair sé an méid giúistíseacha bhí i
láthair a' comhoibriughadh leis féin, nó gur
sgriosadar amach de leabhar an dlighe an
custom mailíseach seo.



Anois thosuigh an tighearna an chúis as a
nua. D'fhiafhruigh sé de'n fhear a bhí 'tógáil
an chustuim cá raibh aon chaibidil amháin i
leabhar an dlighe thug cead agus cumhachta dhó-
san mailís ar bith de'n tsórt sin a dheunamah.
Ní raibh le rádh ag an bhfear seo, acht gur
lé hordughadh na nIarluidhe a bhí sé fhéin a'
deunamh na hoibre, agus nach rabh 's aige
thairis sin ceurd bhain dó, acht amháin seo,
mara ndeunfhadh seisean é, go raibh fear agus
fear eile réidh lé n-a dheunamh chomh luath agus
dhiúltóchadh sé fhéin é. Ba deacair locht
d'fhagháil ar an gcaint, go siúráilte, agus
níor fritheadh aon loct orra (uirri) acht a
oiread.



“Acht cia an chiall ar ghlac tú an cóta
mór,” adeir sé, “agus a bhfuil tú dha choinneáil
(chongbháil) ó'n bhfear ar leis é?”



“Níor ghlac mise é,” ars' an fear, “nó
gur bhronn sé orm é, agus níor tháinig dhá
éiliughadh orm ó shoin,” adeir sé; “agus dá
dteagadh, bhí sé lé fagháil aige agus fáilte, gan
bonn gan pighinn 'na dhiaidh air, ná cia ar
bith fad a chaithfhinnse tabhairt aire dhó. Agus
ní i n-omós an chustuim,” adeir sé, “a
ghlac mé an cóta mór, acht shíl mé gur dhá
chur ar áit shábhála bhí sé nó go mbeidheadh
sé 'teacht a-bhaile aríst; mar bhíonns
(= bhíos) go leor stiúinsí díomhaoineach ag
imtheacht ó choirneul go coirneul i nGailli'
'ghoidfheadh an ubh ó'n gcorr, 's an chor 'na
diaidh.” Is uime sin gur mheasas, mar
mheasfhadh duine ar bith eile mar mé, go
mbadh glic an nídh bhí seisean a dhéanamh.
Annsin 'nuair tháinic an tráthnóna, agus nár
ghlaoidh sé ar an gcóta mór, cheapas gur
dearmad rinne sé. Agus ní raibh fios
agam-sa cá gcuirfinn an cóta mór, ná cia
aige, uaidh sin amach.”



“Tabhair agam-sa an cóta mór,” ars'an
tighearna.



D'imthigh leis fear an chustuim 'na chosa'
buinn, ag iarraidh an chóta mhóir, agus níor bh'
fhada sul a bhí sé a tidheacht ar ais leis, or
é “is maith an rud grádh nó faitchíos.” Fuair
an fear bocht a chóta mór, agus cead siar
a-bhaile, agus áthas mór a bhí air as a uchd.
Agus is fada aríst go dtug a chosa fhéin é
ag aonach ná ag margadh.



Ó'n lá sin go dtí an lá so, níor tóigeadh
aon chustom ar fhataidhe' i nGaillimh.



Seaghán Ua Flaithbheartaigh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services