Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tadhg na gCon agus Seamróg na gCeithre gCluas.
Title
Tadhg na gCon agus Seamróg na gCeithre gCluas.
Author(s)
Ua Fodhlugha, Diarmuid,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tadhg na gcon agus seamróg na gceithre gcluas. Is minic nuair bhíos im' fhear óg do chuala tráchd ar Thadhg na gCon. Ní bhfuaras amach riamh cia an sloinneadh bhí air. B'fhéidir ná raibh a fhios aige féin. Bhí an- aidhm aige ar mhadhraidhibh, agus is áirithe gur mar gheall air sin cuireadh an leas-ainm Tadhg na gCon air. Ní bhfuil amhras ná gur Máire dob' ainm dá mhnaoi, mar bhí báidh aige leis an dias so- Gach file a's fáidh a'trácht thar 'eallaighe féin Agus mise 's Máire 'trácht thar cheasnaidhe an tsaoghail. Ní raibh Tadhg riamh gan capaillín, acht is annamh bhí an t-aon cheann caoigthigheas aige gan bheith díolta nó malairtthe. Chonnaic sé ag gabháil an bhóthair lá beirt fhear a bhí ag teacht ó aonach an Daingin, agus d'fhiafruigh sé dhíobh an ndeunfaidís malairt leis féin ar chapall deich mbliadhan a bhí aige. Dubhradar go ndeunfaidís, agus leis sin tugann Tadhg amach sean-chapall ná raibh lá fá bhun chúig mbliadhan fichead. Bhí tuairim ag na fearaibh go raibh sé aosda, agus d'fheuch duine acu 'na bhéal. D'fhiafraigh Tadhg cad ar a shon gur dhein sé sin, agus nuair dubharthas leis gur chum aoise an chapaill d'fhiosrughadh, do sgairt sé amach, “Is fada mé dhá chlos nach lia tír 'ná gnás.” Mar sin mheall sé na daoine bochda dona. Bhuail na daoine maithe go minic leis, acht níor bh'fhéidir leo buaint leis, óir ná deachaidh sé riamh ag siubhal 'san oidhche gan maide collach 'na dhorn aige. Aon oidhche amháin, timchioll meadhóin oidhche, theangmhuigh fear air i mbóthar uaigneach. Cheisdigh Tadhg é, ag rádh, “Cia an t-am é, led'thoil.” “Tá sé,” ar seisean, “i n' am chodlata do'n bheó agus i n'am shiubhlóide do'n mharbh.” Leis sin do leagh sé as a radharc mar
shúighfeadh an bóthar é, agus níor aithin Tadhg go dtí sin gur samhail a bhí ann. Tá sé ráidhte, dá bhfaghadh duine seamróg na gceithre gcluas, go dtiocfadh le n-a linn fios chuige ar mhórán neithe bhí i ndorchadas uaidh roimhe sin. Seo cuntas ar an gcuma fuair Tadhg ceann agus mar chaill sé arís go mí-adhbharach í. Bhí gadhar cumasach aige dar bh'ainm Bran, agus bhí ins an gceanntar gadhar mór crutamhail eile fuair mar ainm Buan. Do shuidheadh gach gadhar acu i n-áirde ar chlaidhe ós comhair tighe a mhaighisdir gach aon oidhche bhreaghdha, agus do bhídís ag amhastraigh agus ag caoineadh agus ag freagairt a chéile go sír- cheolmhar. Aon oidhche bhreaghdha spéir-ghea- laighe amháin, chuaidh Tadhg amach timchioll aimsire codlata chum gabhála féir do bhuaint dá chapall i gceann fhearainn an ghuirt. Chuala sé an dá ghadhar ag amhastraigh gach re huair, cidh go rabhadar leath-mhíle ó chéile, acht níor chuir sé suim 'na nglór. Ní túisge thóg sé an punann féir ná thuig sé go soiléir an comhrádh so leanas eatorra: Buan: Cumáin ná buaileann tú anall, ó's fada ná rabhais annso aon oidhche. Bran: Ní raghad, óir an oidhche dheireannach do bhíos thall, chaith an buachaill aimsire cleith ailpín a bhí aige liom, agus dóbair go mbrisfeadh 'sé mo chos tosaigh. Buan: Tá an buachaill sin imthighthe, agus is beag an brón atá ar dhune ná ar ainmhidhe 'na dhiaidh. Bran: Dá mbeidheadh muintir do thigh-se go léir chomh fial chomh fáilteach agus tá mo mhaighistir-se, bhudh mhóide an rath a bheidheadh ortha, agus ní bheidheadh gadhair na gcomhursan ag marbhadh a gcuid caorach. Buan: Is fíor dhuit sin, acht tá sgéal níos measa le haithris fós. Ar chualaidhis go bhfuil íoc le cur ar mhadraidhibh na hÉireann ag an bhFeis nGall? Bran: Do chuala é sin. Tá an ghráin ag Tadhg ar Chlannaibh Gall, agus is minic thráchtann sé thar a ngníomharthaibh. Buan: Ní hiongnadh sin, do réir mar chloisim. Bran: is baoghlach go gcuirfear chum báis urmhór ar gcinidh. Mo shlán leis an sean-aimsir, 'nuair bheidheadh cion agus gradam ar mhadraidhibh ag íseal agus ag uasal ar fuaidh na hÉireann! Leis sin do chaith Tadhg an Feur faoi cheann an chapaill, agus ní túisge dhein ná ba ghlórach do-thuigseach do comhrádh na gcon. Do chrom sé síos go tapaidh agus thóg an feur 'na bhacalainn ar ais, ach bhí sé déidheanach, mar d'ith an capall seamróg na gceithe gcluas de'n chéad bhéalóig. Ní bhfuair sé ceann eile as sin amach, acht ba mhóide a chion ar Bhran ó 'n oidhche sin gur sgar an bás iad. Diarmuid ua Fodhlugha. Connradh na Gaedhilge i mBeul Fearsaide.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services