Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tadhg na gCon agus Seamróg na gCeithre gCluas.

Title
Tadhg na gCon agus Seamróg na gCeithre gCluas.
Author(s)
Ua Fodhlugha, Diarmuid,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Tadhg na gcon agus seamróg na
gceithre gcluas.



Is minic nuair bhíos im' fhear óg do chuala
tráchd ar Thadhg na gCon. Ní bhfuaras
amach riamh cia an sloinneadh bhí air.
B'fhéidir ná raibh a fhios aige féin. Bhí an-
aidhm aige ar mhadhraidhibh, agus is áirithe gur
mar gheall air sin cuireadh an leas-ainm
Tadhg na gCon air. Ní bhfuil amhras ná
gur Máire dob' ainm dá mhnaoi, mar bhí
báidh aige leis an dias so-



Gach file a's fáidh a'trácht thar 'eallaighe féin
Agus mise 's Máire 'trácht thar cheasnaidhe an
tsaoghail.



Ní raibh Tadhg riamh gan capaillín, acht
is annamh bhí an t-aon cheann caoigthigheas
aige gan bheith díolta nó malairtthe.
Chonnaic sé ag gabháil an bhóthair lá beirt
fhear a bhí ag teacht ó aonach an Daingin, agus
d'fhiafruigh sé dhíobh an ndeunfaidís malairt
leis féin ar chapall deich mbliadhan a bhí
aige. Dubhradar go ndeunfaidís, agus leis
sin tugann Tadhg amach sean-chapall ná
raibh lá fá bhun chúig mbliadhan fichead. Bhí
tuairim ag na fearaibh go raibh sé aosda, agus
d'fheuch duine acu 'na bhéal. D'fhiafraigh
Tadhg cad ar a shon gur dhein sé sin,
agus nuair dubharthas leis gur chum aoise an
chapaill d'fhiosrughadh, do sgairt sé amach,
“Is fada mé dhá chlos nach lia tír 'ná gnás.”
Mar sin mheall sé na daoine bochda dona.



Bhuail na daoine maithe go minic leis,
acht níor bh'fhéidir leo buaint leis, óir ná
deachaidh sé riamh ag siubhal 'san oidhche gan
maide collach 'na dhorn aige.



Aon oidhche amháin, timchioll meadhóin
oidhche, theangmhuigh fear air i mbóthar
uaigneach. Cheisdigh Tadhg é, ag rádh, “Cia
an t-am é, led'thoil.”



“Tá sé,” ar seisean, “i n' am chodlata
do'n bheó agus i n'am shiubhlóide do'n mharbh.”



Leis sin do leagh sé as a radharc mar


L. 158


shúighfeadh an bóthar é, agus níor aithin Tadhg go
dtí sin gur samhail a bhí ann.



Tá sé ráidhte, dá bhfaghadh duine seamróg
na gceithre gcluas, go dtiocfadh le n-a linn
fios chuige ar mhórán neithe bhí i ndorchadas
uaidh roimhe sin. Seo cuntas ar an gcuma
fuair Tadhg ceann agus mar chaill sé arís go
mí-adhbharach í.



Bhí gadhar cumasach aige dar bh'ainm
Bran, agus bhí ins an gceanntar gadhar mór
crutamhail eile fuair mar ainm Buan. Do
shuidheadh gach gadhar acu i n-áirde ar chlaidhe
ós comhair tighe a mhaighisdir gach aon oidhche
bhreaghdha, agus do bhídís ag amhastraigh agus ag
caoineadh agus ag freagairt a chéile go sír-
cheolmhar. Aon oidhche bhreaghdha spéir-ghea-
laighe amháin, chuaidh Tadhg amach timchioll
aimsire codlata chum gabhála féir do bhuaint
dá chapall i gceann fhearainn an ghuirt.
Chuala sé an dá ghadhar ag amhastraigh gach
re huair, cidh go rabhadar leath-mhíle ó
chéile, acht níor chuir sé suim 'na nglór. Ní
túisge thóg sé an punann féir ná thuig sé
go soiléir an comhrádh so leanas eatorra:



Buan: Cumáin ná buaileann tú anall,
ó's fada ná rabhais annso aon oidhche.



Bran: Ní raghad, óir an oidhche dheireannach
do bhíos thall, chaith an buachaill aimsire
cleith ailpín a bhí aige liom, agus dóbair go
mbrisfeadh 'sé mo chos tosaigh.



Buan: Tá an buachaill sin imthighthe, agus is
beag an brón atá ar dhune ná ar ainmhidhe
'na dhiaidh.



Bran: Dá mbeidheadh muintir do thigh-se
go léir chomh fial chomh fáilteach agus tá mo
mhaighistir-se, bhudh mhóide an rath a bheidheadh
ortha, agus ní bheidheadh gadhair na gcomhursan
ag marbhadh a gcuid caorach.



Buan: Is fíor dhuit sin, acht tá sgéal
níos measa le haithris fós. Ar chualaidhis
go bhfuil íoc le cur ar mhadraidhibh na
hÉireann ag an bhFeis nGall?



Bran: Do chuala é sin. Tá an ghráin ag
Tadhg ar Chlannaibh Gall, agus is minic thráchtann
sé thar a ngníomharthaibh.



Buan: Ní hiongnadh sin, do réir mar
chloisim.



Bran: is baoghlach go gcuirfear chum
báis urmhór ar gcinidh. Mo shlán leis an
sean-aimsir, 'nuair bheidheadh cion agus gradam
ar mhadraidhibh ag íseal agus ag uasal ar
fuaidh na hÉireann!



Leis sin do chaith Tadhg an Feur faoi
cheann an chapaill, agus ní túisge dhein ná ba
ghlórach do-thuigseach do comhrádh na gcon.



Do chrom sé síos go tapaidh agus thóg an
feur 'na bhacalainn ar ais, ach bhí sé
déidheanach, mar d'ith an capall seamróg
na gceithe gcluas de'n chéad bhéalóig. Ní
bhfuair sé ceann eile as sin amach, acht ba
mhóide a chion ar Bhran ó 'n oidhche sin gur
sgar an bás iad.



Diarmuid ua Fodhlugha.



Connradh na Gaedhilge
i mBeul Fearsaide.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services