Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aor. III. Tairngire.
Title
Aor. III. Tairngire.
Author(s)
Ua Doirnín, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AOR III. Tairngire. Peadar Ua-Doirnín ro chan. Tairngire dearsnoighthe ro rinneadh le Criomhthan mac Fheidhlimidh an fhíona Mhic Chei, mhic Chonaill, mhic Néill, mhic Eachach mhuighmheádhoin, &c. Go dtiocfadh sin leun do-fhulaing ar Ghaodhal, nidh ná'r bh'iongnadh; 'S gur mheasa 'ga bhfaobhadh fear aca féin ioná'n iomad d'á mbíodhbha. Budh gheárr 'na dhiaidh go dtáinic mór threun sluagh Lochlann 'gár ndíobhadh; Feadh cheithre mbliadhan deug faoi an anfhlaigh Tursésius orainn do híocadh. An dara trom-leun do thuit ar na Gaodhail tré mhiorún a ngaolta; Murchadh ó Laighnibh a dhúisigh go hÉirinn Briotanaigh maola. An treas tubaisde d'éirigh dhúinne faraoir! iodhon, Harri's a inghean féin, Lé'r himreadh go claon a gcuithche ar a chéile, 's ar mhaitheas ár dtíre.
An ceathramhadh trom-leun a tháinic 'na dhiaidh, sluagh Chromuil lé'r híocadh Ulaidh, agus Laighin, a's Connachta go léir, agus maitheas na Muimhneach. An cúigead maoimh-eucht a tháinig orainn 'sar Shéamas dona budh righ dhúinn; Lé'r gearradh gach geug do mhair de shliocht Ghaodhail-ghlais againn 'sa tír seo. Amhail mar deir San Eoin 'san Taisbeu- nadh: — do chuaidh na cúig dúbha móra-soin tarrainn, agus ata an seiseadh dúbha i láthair againn-iodhan, rinn gaethe nimhe, agus aicheart cléire! Ní mar sin a d'órduigh ár n-Áirdrigh agus ár n-Árd-shagart, ár liaigh anama agus cuirp, iodhan, ár Slánuigh- theoir, a n-abrann cléir na haimsire seo gur lucht leanmhanta dhó iad: agus nach i leigheas na slán a tháinic siad chum an tsaoghail, acht i leigheas na n-easlán, agus a thógbháil a n-ualach trom d'a nguailnibh, agus 'ga n-iomchar iad féin. Ní contrárdha aon oidhche do'n lá ioná cléir na haimsire seo ag coimhlíonadh na mbriathar so: óir tais- beunann siad féin 'na bhfaidhbh in gach comhdháil, ar aonaighibh, agus ar mhacraidhibh, ag tabhairt onóra do'n saidhbhir agus easo- nóra do'n daidhbhir. Is mian leó fós suidhe ins na hionadaibh is uatharaighe: ní mar sin orduigheas an Críost atá shoir againne; — agus adeirimse gur mic-tíre i gcroicnibh caorach iad! Tá sagart stuama in áit na huaisle, ar an tsráid seo Chrín-choill, Nach nglacann uatha gan maoil as cruacha ar a chiseán líonta. Bíonn a bhuinne suas gach bliadhain a ngluaiseann ag tabhach a chíosa; Ní ghlacann sé truaighe le treun no le truagh, gan fághail mar is mian leis. Muna mbíodh ag an mbochtán, acht ceathramha na hochtmhuidhe, a's cáil beag síl ann. Tiocfadh an Dochtúir chuige go toiceamhal: - “bí tapuidh a's líon so.” 'Sé deir an faon-lag “tá mo muiridhin faobhach, agus iad ar íneadh, “Mé féin 's mo chéile ar ghann-chuid spréidhe; agus maith dhúinn an cíos ud.” 'A chnuí gan éifeacht, b'fheárr liom féin do chrochadh da ríribh, “Ní sgaram go heug le do bhothán faobhach, gan mo chiseán líonta.” Dearcaid an tréatúr uaidh go faon-lag tar éis a líonta; Mo mhallacht féin go dtéidhim i gcriaidh ar an gcléireach ceudna! Ní raibh an leun so aríamh ar Ghaedhealaibh againn 'san tír seo, Ó d'imthigh Turgesius uain as Éirinn, mullach a's maolamh. Is beusa gnáth' tá ag an gcléireach bánta, tá againn 'san tír seo, Muna bhfaighidh sé shásadh le ciseán lán, sinn a bheith aige faoi dhaor-bhruid. Má thig neach 'na dháil fá Nodlaig na Cáisg, ag iarraidh faoisidh; “Siubhail, a phláigh, ní fhaghann tú grásta, óir atáir fá íneadh. “Atáir 'ga iarraidh le trí bliadhanaibh, a's ní'l mo mhian leat, “Fan-sa shiar, níor thuillir mo bhuidheachas, 's ní'l tú díolta. “A bhodaigh bhéaduidhe ag teacht go sóbaich, a's gan mo chíos leat; “Cúpla measgán fós agus duisín, agus ciséan líonta.” Ní hé líonadh lán-bhrúithte an leath-bhar- aille in áit an bhuidéil de shíol glan cáithte bán, is cás docamhuil agus doilgheasa do bhochtaibh an Fheadha, acht gach daor-cháin eile is mian leis an prealáid seo d'fhághail dó féin, agus do'n stócach fad-bhuinneach bhidheas aige ag tabhach na cána úd suas: agus fós proinn luchmhar lán-aidhbhreach do'n ainmhidhe beodhach, bronmhar, druim-
leathan, donn, bhidheas ag árd-iomchar an chléirigh cheudna so. Agus muna bhfaighidh gach nidh ar a mhian Féin, bagrann ár dtras- gairt, agus ár min-ghearradh go lár agus go lán-talmhain le bhun each-laisge lód- ailte. Go seachnaidh Dia sibh-se agus mise ar fhíoch, agus ar fheirg an fhir cheudna soin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services