Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aor. III. Tairngire.

Title
Aor. III. Tairngire.
Author(s)
Ua Doirnín, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1896
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 155



AOR III.



Tairngire.



Peadar Ua-Doirnín ro chan.



Tairngire dearsnoighthe ro rinneadh le
Criomhthan mac Fheidhlimidh an fhíona Mhic
Chei, mhic Chonaill, mhic Néill, mhic Eachach
mhuighmheádhoin, &c.



Go dtiocfadh sin leun do-fhulaing ar Ghaodhal,
nidh ná'r bh'iongnadh;
'S gur mheasa 'ga bhfaobhadh fear aca féin
ioná'n iomad d'á mbíodhbha.



Budh gheárr 'na dhiaidh go dtáinic mór threun
sluagh Lochlann 'gár ndíobhadh;
Feadh cheithre mbliadhan deug faoi an anfhlaigh
Tursésius orainn do híocadh.



An dara trom-leun do thuit ar na Gaodhail
tré mhiorún a ngaolta;
Murchadh ó Laighnibh a dhúisigh go hÉirinn
Briotanaigh maola.



An treas tubaisde d'éirigh dhúinne faraoir!
iodhon, Harri's a inghean féin,
Lé'r himreadh go claon a gcuithche ar a
chéile, 's ar mhaitheas ár dtíre.


L. 156


An ceathramhadh trom-leun a tháinic 'na
dhiaidh, sluagh Chromuil lé'r híocadh
Ulaidh, agus Laighin, a's Connachta go léir,
agus maitheas na Muimhneach.



An cúigead maoimh-eucht a tháinig orainn
'sar Shéamas dona budh righ dhúinn;
Lé'r gearradh gach geug do mhair de shliocht
Ghaodhail-ghlais againn 'sa tír seo.



Amhail mar deir San Eoin 'san Taisbeu-
nadh: — do chuaidh na cúig dúbha móra-soin
tarrainn, agus ata an seiseadh dúbha i
láthair againn-iodhan, rinn gaethe nimhe, agus
aicheart cléire! Ní mar sin a d'órduigh
ár n-Áirdrigh agus ár n-Árd-shagart, ár
liaigh anama agus cuirp, iodhan, ár Slánuigh-
theoir, a n-abrann cléir na haimsire seo
gur lucht leanmhanta dhó iad: agus nach i
leigheas na slán a tháinic siad chum an
tsaoghail, acht i leigheas na n-easlán, agus
a thógbháil a n-ualach trom d'a nguailnibh,
agus 'ga n-iomchar iad féin. Ní contrárdha
aon oidhche do'n lá ioná cléir na haimsire seo
ag coimhlíonadh na mbriathar so: óir tais-
beunann siad féin 'na bhfaidhbh in gach
comhdháil, ar aonaighibh, agus ar mhacraidhibh,
ag tabhairt onóra do'n saidhbhir agus easo-
nóra do'n daidhbhir. Is mian leó fós suidhe
ins na hionadaibh is uatharaighe: ní mar sin
orduigheas an Críost atá shoir againne;
— agus adeirimse gur mic-tíre i gcroicnibh
caorach iad!



Tá sagart stuama in áit na huaisle, ar an
tsráid seo Chrín-choill,
Nach nglacann uatha gan maoil as cruacha
ar a chiseán líonta.



Bíonn a bhuinne suas gach bliadhain a
ngluaiseann ag tabhach a chíosa;
Ní ghlacann sé truaighe le treun no le
truagh, gan fághail mar is mian leis.



Muna mbíodh ag an mbochtán, acht ceathramha
na hochtmhuidhe, a's cáil beag síl ann.
Tiocfadh an Dochtúir chuige go toiceamhal: -
“bí tapuidh a's líon so.”



'Sé deir an faon-lag “tá mo muiridhin
faobhach, agus iad ar íneadh,
“Mé féin 's mo chéile ar ghann-chuid spréidhe;
agus maith dhúinn an cíos ud.”



'A chnuí gan éifeacht, b'fheárr liom féin do
chrochadh da ríribh,
“Ní sgaram go heug le do bhothán faobhach,
gan mo chiseán líonta.”



Dearcaid an tréatúr uaidh go faon-lag tar
éis a líonta;
Mo mhallacht féin go dtéidhim i gcriaidh ar
an gcléireach ceudna!



Ní raibh an leun so aríamh ar Ghaedhealaibh
againn 'san tír seo,
Ó d'imthigh Turgesius uain as Éirinn,
mullach a's maolamh.



Is beusa gnáth' tá ag an gcléireach bánta,
tá againn 'san tír seo,
Muna bhfaighidh sé shásadh le ciseán lán, sinn
a bheith aige faoi dhaor-bhruid.



Má thig neach 'na dháil fá Nodlaig na Cáisg,
ag iarraidh faoisidh;
“Siubhail, a phláigh, ní fhaghann tú grásta, óir
atáir fá íneadh.



“Atáir 'ga iarraidh le trí bliadhanaibh, a's
ní'l mo mhian leat,
“Fan-sa shiar, níor thuillir mo bhuidheachas,
's ní'l tú díolta.



“A bhodaigh bhéaduidhe ag teacht go sóbaich,
a's gan mo chíos leat;
“Cúpla measgán fós agus duisín, agus
ciséan líonta.”



Ní hé líonadh lán-bhrúithte an leath-bhar-
aille in áit an bhuidéil de shíol glan cáithte
bán, is cás docamhuil agus doilgheasa do
bhochtaibh an Fheadha, acht gach daor-cháin eile
is mian leis an prealáid seo d'fhághail dó
féin, agus do'n stócach fad-bhuinneach
bhidheas aige ag tabhach na cána úd suas:
agus fós proinn luchmhar lán-aidhbhreach
do'n ainmhidhe beodhach, bronmhar, druim-


L. 157


leathan, donn, bhidheas ag árd-iomchar an
chléirigh cheudna so. Agus muna bhfaighidh
gach nidh ar a mhian Féin, bagrann ár dtras-
gairt, agus ár min-ghearradh go lár agus
go lán-talmhain le bhun each-laisge lód-
ailte. Go seachnaidh Dia sibh-se agus
mise ar fhíoch, agus ar fheirg an fhir cheudna
soin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services