Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Notes.
Title
Notes.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NOTES Measann cuid d'ar gcáirdibh go mbíonn a dóthain slighe agus tuilleadh san Irisleabhar ag canamhaint. Ní misde do dhaoinibh comhairle charad d'fhagháil ó am go ham. Acht dar ndóigh ní gan fáth do bheirthear an oiread sain slighe do chanamhaint. 1. Is fearr an rud atá 'ná an rud nach fuil. 2. Ní mhaireann iomláine na Gaedhilge beo i n-áit aonair ar bith, agus ní féidir a fagháil munab as iomláine na gcanamhaint. 3. Canamhaint is mó atá ar eolas ag an ceudtaibh de lucht léighte na Gaedhilge. Is amhlaidh is fearr bheidheas ceart na Gaedhilge ar eolas aca sain ag deunamh coimhmeasa i gcomhnuidhe idir an ceart agus an chanamhaint. Bíonn an coimhmeas sain dá dheunamh i gcomhnuidhe ins na nótaidhibh etc, san Irisleabhar. 4. Má's mian le duine an Ghaedhealg do bheith mar theanga bheo (.i. mar chaint) aige, ní mór dó bheith dhá labhairt le lucht a labhartha agus bheith dhá cloisteacht uatha. Ní lughaide an tairbhe do gheabha sé de bharr a chlois- teachta eolas do bheith aige roimh-re ar chanamhaint na ndaoine. 'Na dhiaidh sin, beidh áit agus míle fáilte ag an Irisleabhar roimh alt foghainteach ceart-Ghaedhilge, 'pé uair thiocfas sé, agus ní lugha do bhí riamh. Caidé an nídh ceart na Gaedhilge? Ní fuláir trí cailidheachta do bheith ann. An cheud chailidheacht díobh, gan aon ghnás cainte nach fíor-Ghaedhealach do bheith ann. An dara cailidheacht, gan focla coigcríche do thabhairt isteach ann gan fáth. An treas chailidheacht, gan riaghlacha ceart-ghraiméir na Gaedhilge do bhriseadh. An cheud chailidheacht úd is mo dhligheas faire agus fór-choiméad uainn. Ní bhfuighmíd acht feoil agus cnámha na Gaedhilge 'san bhfoclóir agus 'san ngraimeur. 'Sé an ceart-ghnás glan Gaedhealach anam na Gaedhilge, agus ní bheidh breith ag sgoláire iasachda ar an ngrás sain go mbeidh sé i gcumas a smuainte do thabhairt as Gaedhilg de dhruim taithighe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services