NOTES
Measann cuid d'ar gcáirdibh go mbíonn a dóthain 
slighe agus tuilleadh san Irisleabhar ag canamhaint.  Ní
misde do dhaoinibh comhairle charad d'fhagháil ó am go 
ham.  Acht dar ndóigh ní gan fáth do bheirthear an 
oiread sain slighe do chanamhaint.
1.  Is fearr an rud atá 'ná an rud nach fuil.
2.  Ní mhaireann iomláine na Gaedhilge beo i n-áit 
aonair ar bith, agus ní féidir a fagháil munab as iomláine 
na gcanamhaint.
3.  Canamhaint is mó atá ar eolas ag an ceudtaibh 
de lucht léighte na Gaedhilge.  Is amhlaidh is fearr 
bheidheas ceart na Gaedhilge ar eolas aca sain ag 
deunamh coimhmeasa i gcomhnuidhe idir an ceart agus an 
chanamhaint.  Bíonn an coimhmeas sain dá dheunamh i 
gcomhnuidhe ins na nótaidhibh etc, san Irisleabhar.
4.  Má's mian le duine an Ghaedhealg do bheith mar 
theanga bheo (.i. mar chaint) aige, ní mór dó bheith dhá 
labhairt le lucht a labhartha agus bheith dhá cloisteacht uatha. 
Ní lughaide an tairbhe do gheabha sé de bharr a chlois-
teachta eolas do bheith aige roimh-re ar chanamhaint na 
ndaoine.
'Na dhiaidh sin, beidh áit agus míle fáilte ag an 
Irisleabhar roimh alt foghainteach ceart-Ghaedhilge, 
'pé uair thiocfas sé, agus ní lugha do bhí riamh.  Caidé an 
nídh ceart na Gaedhilge?  Ní fuláir trí cailidheachta 
do bheith ann.  An cheud chailidheacht díobh, gan aon ghnás 
cainte nach fíor-Ghaedhealach do bheith ann.  An dara 
cailidheacht, gan focla coigcríche do thabhairt isteach 
ann gan fáth.  An treas chailidheacht, gan riaghlacha 
ceart-ghraiméir na Gaedhilge do bhriseadh.  An cheud 
chailidheacht úd is mo dhligheas faire agus fór-choiméad 
uainn.  Ní bhfuighmíd acht feoil agus cnámha na Gaedhilge 
'san bhfoclóir agus 'san ngraimeur.  'Sé an ceart-ghnás
glan Gaedhealach anam na Gaedhilge, agus ní bheidh breith 
ag sgoláire iasachda ar an ngrás sain go mbeidh sé i 
gcumas a smuainte do thabhairt as Gaedhilg de dhruim 
taithighe.