Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Notes.

Title
Notes.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NOTES



Measann cuid d'ar gcáirdibh go mbíonn a dóthain
slighe agus tuilleadh san Irisleabhar ag canamhaint. Ní
misde do dhaoinibh comhairle charad d'fhagháil ó am go
ham. Acht dar ndóigh ní gan fáth do bheirthear an
oiread sain slighe do chanamhaint.



1. Is fearr an rud atá 'ná an rud nach fuil.



2. Ní mhaireann iomláine na Gaedhilge beo i n-áit
aonair ar bith, agus ní féidir a fagháil munab as iomláine
na gcanamhaint.



3. Canamhaint is mó atá ar eolas ag an ceudtaibh
de lucht léighte na Gaedhilge. Is amhlaidh is fearr
bheidheas ceart na Gaedhilge ar eolas aca sain ag
deunamh coimhmeasa i gcomhnuidhe idir an ceart agus an
chanamhaint. Bíonn an coimhmeas sain dá dheunamh i
gcomhnuidhe ins na nótaidhibh etc, san Irisleabhar.



4. Má's mian le duine an Ghaedhealg do bheith mar
theanga bheo (.i. mar chaint) aige, ní mór dó bheith dhá
labhairt le lucht a labhartha agus bheith dhá cloisteacht uatha.
Ní lughaide an tairbhe do gheabha sé de bharr a chlois-
teachta eolas do bheith aige roimh-re ar chanamhaint na
ndaoine.



'Na dhiaidh sin, beidh áit agus míle fáilte ag an
Irisleabhar roimh alt foghainteach ceart-Ghaedhilge,
'pé uair thiocfas sé, agus ní lugha do bhí riamh. Caidé an
nídh ceart na Gaedhilge? Ní fuláir trí cailidheachta
do bheith ann. An cheud chailidheacht díobh, gan aon ghnás
cainte nach fíor-Ghaedhealach do bheith ann. An dara
cailidheacht, gan focla coigcríche do thabhairt isteach
ann gan fáth. An treas chailidheacht, gan riaghlacha
ceart-ghraiméir na Gaedhilge do bhriseadh. An cheud
chailidheacht úd is mo dhligheas faire agus fór-choiméad
uainn. Ní bhfuighmíd acht feoil agus cnámha na Gaedhilge
'san bhfoclóir agus 'san ngraimeur. 'Sé an ceart-ghnás
glan Gaedhealach anam na Gaedhilge, agus ní bheidh breith
ag sgoláire iasachda ar an ngrás sain go mbeidh sé i
gcumas a smuainte do thabhairt as Gaedhilg de dhruim
taithighe.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services