Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Cumainn Ghaedhilge.
Title
Na Cumainn Ghaedhilge.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Cumainn Ghaedhilge. Connradh na Gaedhilge i nÁth Cliath. Do bhí coimhthionól tráthnóna Dia hAoine gach seachtmhain de'n mhís so ghabh tharainn, san tigh 57, i Sráid na Baintighearna. Tá trí buidhne anois ag an lucht Foghlama, agus triúr oide dhá dteagasg. Do bhí comhrádh fíor-mhaitheasach le cloisdin in gach tionól díobh, ag trácht ar sgéaluidheacht agus ar fhilidheacht na ndaoine dtuaithe. Ní'l aon aimhreas ann nach greannmhaire agus nach taithneamhaige “léigheann tuaithe” aon chinidh ar an domhan 'ná é so atá fós ar fagháil ag lucht labhartha na Gaedhilge. Thug Padruig O Laoghaire ceacht uaidh oidhche ann ar an bhfilidheacht Ghaedhealaigh, agus do léigh rannta as leabhar sgríobhtha atá aige ag cur i dtuigsin do'n choimhthionól cad é breaghdhacht agus binne na filidheachta sin, agus rannta eile dhá fhoillsiughadh gurab í an nádúr féin is fáth agus is adhbhar d'urmhór na filidheachta Gaedhilge atá de bheul-oideas ag na daoinibh tuaithe. Do bhí gnótha dhá ndeunamh ag an gComhairle gach seachtmhain. Do thoghadar triúr mar aon leis an Uachdarán agus leis an leas-Uachdarán chum an airgid atá dhá bhailiughaidh i gcuimhne ar an gCliabharach uasal urramach do bheith fá n-a gcúram agus do bheith dhá roinn aca mar luach saothair do na maighistribh sgoile agus do na sgoláiridhibh óga ar son foghlama Gaedhilge. 'Siad an triúr do ceapadh aca, Seumus Ó Cathasaigh, Tomás Ó hAodha, agus Mártan Ó Ceallaigh. Connraadh na Gaedhilge i gCorcaigh. Ní raibh aon mhúnadh Gaedhilge ar siubhal againn an mhí seo, óir do bhí an tsaoire dá fógairt dúinn roimh ré do'n tsamhradh ar fad, acht do chuireamar iomdhá nídh i dtreo go socair chum buain-tseasaimh ar gcraoibhe do dhaing- niughadh, agus chum leathnuighte réime an Chonnartha ar fud na Cúntae. Do bhí cruinniughadh tádhbhachtach againn chum comhthogha comhairle nua, agus chum cunntais ar imtheachtaibh na sean-chomhairle do thabhairt dár gcumanntóiribh. Do ath-thoghamar an tsean-chomhairle, agus do chinneamar ar bhuidhin eile chum cabhruighthe leo do'n bhliadhain atá le teacht. Do léigh Diarmauid Mac Murchudha, ar gcisdeoir, cunntas an airgid, agus chuir sé i n-iúl dúinn go raibh “grán os cionn na sgeilligthe” againn tár éis cosdais na bliadhna. Do bhí áthas orainn dá dhruim sin,acht is amhlaidh do mheasamar ná beidheadh feoirling i dtaisge againn ar aon chor, agus cé nach mór é a bhfuil fágtha againn, is dár gcisdeoir is dual buidheachas 'na thaobh. Do léigh Conchubhar Ó Ceallaigh tuairisg na bliadhna. Bhí muinntir na hiris-nuaidheachta fá láthair ag éisteacht leis, agus thugadar lán-chunntas air, roinn laetheadh 'na dhiaidh sin. D'ar ndóigh do bhí an deagh-shágart fíor-ghaedhealach sin, an tAthair Peadar Ua Laoghaire, i n-ar measg, agus tar éis cloistin do ar thuarasgbháil na bliadhna, thug sé óráid uaidh as Gaedhilg, agus go deimhin ní ag gol ná ag gearán bhíomar feadh go raibh sé ag labhairt linn. Dubhairt se linn go raibh sé lán-tsásta le n-a raibh deunta againn ó cuireadh an chraobh ar bun, agus go raibh súil aige go mbeidheadh cunntas ní b'fhearr 'ná sain féin againn le thabhairt ar ár ngnó ar an mbliadhain so chugainn. Tar éis a óráide, do léigh sé mór-chuid filidheachta dhúinn nachar cuireadh riamh i gcló agus nachar chualamhar roimhe sin. Bhí a lán de comh greannmhar sin go rabhamar ag dul i luige le gáiridhe uaidh, agus do bhí an chuid eile de chomh doimhin léigheannta geur- chúiseach sin, gur éisteamar leis gan gíog asainn. Do léigh sé roinn rann ag beirt fhileadh, ceann aca ag
cáineadh na mban agus an ceann eile ag á moladh. Ag seo mar críochnuigheadh ag file a molta: Agus nach le gean do Mhuire Do thuirling Críost 'na cliabh? An uair bhí an fhilidheacht so críochnuighthe aige, dubhairt sé ná feacaidh (faca) sé riamh i n-aon teanga éirim ba bhreaghdha nó ba bhríoghmhaire focla 'ná seo. I n-a dhiaidh sin go léir, do ghlacamar comhairle le chéile, agus do shocruigheamar ar mhodh gnótha i n-agaid an tsamhraidh. Bhí cruinniughadh ag an gComhairle nua, oidhche eile 'n-a dhiaid sin, agus riaruigheamar ar thuairisg gnótha na bliadhna do chur ag triall ar ár gcáirdibh, ar fud na Cunntae. Do chinneamar, leis, ar oidhcheannaibh Gaedhealacha do bheith againn i rith na bliadhna, agus is é Padruig Ó Laoghaire, ughdar “Sgéaluidheachta na Mumhan” an ceud duine thosnóchcas na hoidhcheanna sin le hóráid Ghaedhealaigh, agus beidh ceol agus abhráin againn mar an gceadna. Bhí comhdháil eile againn mar gheall ar chuaird do cheapamar do thabhairt ar Cheann Tuirc chum craoibhe de'n “Chonnradh” do chur ar bun ann. Bhí gach nídh réidh ullamh againn i gcomhair na cuairde sin, Dia Domhnaigh, an seiseadh Lá deug de Mheitheamh, agus do chuaidh ceithre daoine deug d'ár gcumanntóiribh ag triall ar ár gcáirdibh ann, an lá sin. Tháinig buidhean cheoil as an mbaile amach dhá mhíle de'n bhóthar, chuma ar ndaoine do thionnlacan isteach go Ceann Tuirc, agus bhí bailiughadh mór daoine cruinnighthe fá n-ár gcomhair i seomraibh na bhFear nÓg ann, an uair do shroicheamar an baile sin. Do bhí an triath tréitheach sin, Domhnall Mac Áib, 'san chathaoir ag riaghlughadh na comhdhála, agus sul do sgaradar le chéile, thug timpcheall deich ndaoine ar fhichid a n-anmanna síos chum beith 'na gcumanntóiribh de'n chraoibh nua. Is dócha go raghamaoidne fá dhéin móráin d'áiteannaibh eile i rith an tsamhraidh so, agus atá súil againn gombeidh Cunntae Chorcaighe ar an gcunntae is fearr suidheamh ar son na Gaedhilg ar chlár na hÉireann. An Ceud Chumann Og.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services