Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Cumainn Ghaedhilge.

Title
Na Cumainn Ghaedhilge.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Na Cumainn Ghaedhilge.



Connradh na Gaedhilge i nÁth Cliath. Do bhí coimhthionól
tráthnóna Dia hAoine gach seachtmhain de'n mhís so ghabh
tharainn, san tigh 57, i Sráid na Baintighearna. Tá trí
buidhne anois ag an lucht Foghlama, agus triúr oide dhá
dteagasg. Do bhí comhrádh fíor-mhaitheasach le cloisdin
in gach tionól díobh, ag trácht ar sgéaluidheacht agus ar
fhilidheacht na ndaoine dtuaithe. Ní'l aon aimhreas ann
nach greannmhaire agus nach taithneamhaige “léigheann
tuaithe” aon chinidh ar an domhan 'ná é so atá fós ar
fagháil ag lucht labhartha na Gaedhilge. Thug Padruig
O Laoghaire ceacht uaidh oidhche ann ar an bhfilidheacht
Ghaedhealaigh, agus do léigh rannta as leabhar sgríobhtha
atá aige ag cur i dtuigsin do'n choimhthionól cad é
breaghdhacht agus binne na filidheachta sin, agus rannta eile
dhá fhoillsiughadh gurab í an nádúr féin is fáth agus is adhbhar
d'urmhór na filidheachta Gaedhilge atá de bheul-oideas
ag na daoinibh tuaithe.



Do bhí gnótha dhá ndeunamh ag an gComhairle gach
seachtmhain. Do thoghadar triúr mar aon leis an
Uachdarán agus leis an leas-Uachdarán chum an airgid atá
dhá bhailiughaidh i gcuimhne ar an gCliabharach uasal
urramach do bheith fá n-a gcúram agus do bheith dhá roinn
aca mar luach saothair do na maighistribh sgoile agus do
na sgoláiridhibh óga ar son foghlama Gaedhilge. 'Siad
an triúr do ceapadh aca, Seumus Ó Cathasaigh, Tomás
Ó hAodha, agus Mártan Ó Ceallaigh.



Connraadh na Gaedhilge i gCorcaigh. Ní raibh aon
mhúnadh Gaedhilge ar siubhal againn an mhí seo, óir do
bhí an tsaoire dá fógairt dúinn roimh ré do'n
tsamhradh ar fad, acht do chuireamar iomdhá nídh i dtreo
go socair chum buain-tseasaimh ar gcraoibhe do dhaing-
niughadh, agus chum leathnuighte réime an Chonnartha ar
fud na Cúntae. Do bhí cruinniughadh tádhbhachtach againn
chum comhthogha comhairle nua, agus chum cunntais ar
imtheachtaibh na sean-chomhairle do thabhairt dár
gcumanntóiribh. Do ath-thoghamar an tsean-chomhairle,
agus do chinneamar ar bhuidhin eile chum cabhruighthe leo
do'n bhliadhain atá le teacht. Do léigh Diarmauid Mac
Murchudha, ar gcisdeoir, cunntas an airgid, agus chuir sé i
n-iúl dúinn go raibh “grán os cionn na sgeilligthe”
againn tár éis cosdais na bliadhna. Do bhí áthas
orainn dá dhruim sin,acht is amhlaidh do mheasamar ná
beidheadh feoirling i dtaisge againn ar aon chor, agus cé
nach mór é a bhfuil fágtha againn, is dár gcisdeoir is
dual buidheachas 'na thaobh. Do léigh Conchubhar Ó
Ceallaigh tuairisg na bliadhna. Bhí muinntir na
hiris-nuaidheachta fá láthair ag éisteacht leis, agus
thugadar lán-chunntas air, roinn laetheadh 'na dhiaidh sin.
D'ar ndóigh do bhí an deagh-shágart fíor-ghaedhealach sin,
an tAthair Peadar Ua Laoghaire, i n-ar measg, agus tar
éis cloistin do ar thuarasgbháil na bliadhna, thug sé
óráid uaidh as Gaedhilg, agus go deimhin ní ag gol ná ag
gearán bhíomar feadh go raibh sé ag labhairt linn.
Dubhairt se linn go raibh sé lán-tsásta le n-a raibh
deunta againn ó cuireadh an chraobh ar bun, agus go raibh
súil aige go mbeidheadh cunntas ní b'fhearr 'ná sain
féin againn le thabhairt ar ár ngnó ar an mbliadhain so
chugainn. Tar éis a óráide, do léigh sé mór-chuid
filidheachta dhúinn nachar cuireadh riamh i gcló agus nachar
chualamhar roimhe sin. Bhí a lán de comh greannmhar
sin go rabhamar ag dul i luige le gáiridhe uaidh, agus do
bhí an chuid eile de chomh doimhin léigheannta geur-
chúiseach sin, gur éisteamar leis gan gíog asainn. Do
léigh sé roinn rann ag beirt fhileadh, ceann aca ag


L. 63


cáineadh na mban agus an ceann eile ag á moladh. Ag
seo mar críochnuigheadh ag file a molta:



Agus nach le gean do Mhuire
Do thuirling Críost 'na cliabh?



An uair bhí an fhilidheacht so críochnuighthe aige, dubhairt
sé ná feacaidh (faca) sé riamh i n-aon teanga éirim ba
bhreaghdha nó ba bhríoghmhaire focla 'ná seo. I n-a dhiaidh
sin go léir, do ghlacamar comhairle le chéile, agus do
shocruigheamar ar mhodh gnótha i n-agaid an tsamhraidh.
Bhí cruinniughadh ag an gComhairle nua, oidhche eile
'n-a dhiaid sin, agus riaruigheamar ar thuairisg gnótha na
bliadhna do chur ag triall ar ár gcáirdibh, ar fud na
Cunntae. Do chinneamar, leis, ar oidhcheannaibh
Gaedhealacha do bheith againn i rith na bliadhna, agus is é
Padruig Ó Laoghaire, ughdar “Sgéaluidheachta na
Mumhan” an ceud duine thosnóchcas na hoidhcheanna sin
le hóráid Ghaedhealaigh, agus beidh ceol agus abhráin againn
mar an gceadna. Bhí comhdháil eile againn mar gheall
ar chuaird do cheapamar do thabhairt ar Cheann Tuirc
chum craoibhe de'n “Chonnradh” do chur ar bun ann.
Bhí gach nídh réidh ullamh againn i gcomhair na cuairde
sin, Dia Domhnaigh, an seiseadh Lá deug de Mheitheamh,
agus do chuaidh ceithre daoine deug d'ár gcumanntóiribh ag
triall ar ár gcáirdibh ann, an lá sin. Tháinig
buidhean cheoil as an mbaile amach dhá mhíle de'n bhóthar,
chuma ar ndaoine do thionnlacan isteach go Ceann Tuirc,
agus bhí bailiughadh mór daoine cruinnighthe fá n-ár gcomhair
i seomraibh na bhFear nÓg ann, an uair do shroicheamar
an baile sin. Do bhí an triath tréitheach sin, Domhnall
Mac Áib, 'san chathaoir ag riaghlughadh na comhdhála, agus
sul do sgaradar le chéile, thug timpcheall deich ndaoine
ar fhichid a n-anmanna síos chum beith 'na gcumanntóiribh
de'n chraoibh nua. Is dócha go raghamaoidne fá dhéin
móráin d'áiteannaibh eile i rith an tsamhraidh so, agus atá
súil againn gombeidh Cunntae Chorcaighe ar an
gcunntae is fearr suidheamh ar son na Gaedhilg ar
chlár na hÉireann.



An Ceud Chumann Og.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services