Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Notes and Queries.
Title
Notes and Queries.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ó Donnchudha, Tadhg
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NOTES AND QUERIES
Ag so paidir fuair mé ó shean-mhnaoi darab ainm Mairgread Ní Cholmáin ó chathair Chorcaighe: Luighim-se le Dia, a's go luighidh Dia liom; Dia im shábháil, Dia im ghárdáil, Dia im stiúradh, Dia im mhúineadh, An dá asbal deug im choinnleacht (= choimhdeacht), Ag deunamh díona agus tearmuinn dúinn. A Thighearna. (82) Cat breac agus broc donn le crut cam cam-earballach ag rith i ndiaidh dá cheann deug do chataibh breaca agus do bhrocaib donna le crutaibh cama cam-earballacha. Tadhg Ó Donnchudha. (83) Ag so imirt ar an bhfocal “Leasughadh“ le fear tréitheach deagh-labhartha fuair bás tuairim dhá bhliadhain deug ó shoin i gCondae na Gaillimhe. Bhí sé ag sgaradh feamainne lá earraigh ar gharrdha leis do bhí caithte gleannach fíor-uisgeamhail, agus bhí se ag cur áirde dhi air. Bhí comhursa luath-chainteach ag dul thart, arab ghnáthach leis gach uile shórt a rádh faoi dhó, agus dubhairt sé “Á! tá tú 'ghá mhilleadh, a Pheadair; tá tú 'ghá mhilleadh.” “Maiseadh,” adeir Peadar, “shaoil mé féin go raibh mé dhá leasughadh.” Deirthear, “tá sé ag milleadh ruda fúm,” he is doing me harm; “tá sé ag leasughadh ruda fúm“ = tá sé ag deunamh leasa orm mó dhom, he is doing me a good turn. Mac N — (Gaillimh)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services