Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Notes and Queries.

Title
Notes and Queries.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
Ó Donnchudha, Tadhg
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NOTES AND QUERIES


L. 45


Ag so paidir fuair mé ó shean-mhnaoi darab
ainm Mairgread Ní Cholmáin ó chathair Chorcaighe:



Luighim-se le Dia, a's go luighidh Dia liom;
Dia im shábháil, Dia im ghárdáil,
Dia im stiúradh, Dia im mhúineadh,
An dá asbal deug im choinnleacht (= choimhdeacht),
Ag deunamh díona agus tearmuinn dúinn.
A Thighearna.



(82) Cat breac agus broc donn le crut cam cam-earballach
ag rith i ndiaidh dá cheann deug do chataibh breaca agus do
bhrocaib donna le crutaibh cama cam-earballacha.



Tadhg Ó Donnchudha.



(83) Ag so imirt ar an bhfocal “Leasughadh“ le fear
tréitheach deagh-labhartha fuair bás tuairim dhá bhliadhain
deug ó shoin i gCondae na Gaillimhe. Bhí sé ag
sgaradh feamainne lá earraigh ar gharrdha leis do bhí
caithte gleannach fíor-uisgeamhail, agus bhí se ag cur
áirde dhi air. Bhí comhursa luath-chainteach ag dul
thart, arab ghnáthach leis gach uile shórt a rádh faoi dhó,
agus dubhairt sé “Á! tá tú 'ghá mhilleadh, a Pheadair; tá
tú 'ghá mhilleadh.”



“Maiseadh,” adeir Peadar, “shaoil mé féin go raibh
mé dhá leasughadh.”



Deirthear, “tá sé ag milleadh ruda fúm,” he is doing
me harm; “tá sé ag leasughadh ruda fúm“ = tá sé ag
deunamh leasa orm mó dhom, he is doing me a good
turn.



Mac N —
(Gaillimh)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services