Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Abhrán Oirghiallach mar aon le n-a chuid nótaidhe.
Title
Abhrán Oirghiallach mar aon le n-a chuid nótaidhe.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Abhrán Oirghiallach mar aon le n-a chuid nótaidhe. [Is é seo an déanamh atá i gCúite Uladh ar an abhrán úd ar a nglaodhtar “Éamonn an Chnuic“ 'san Mumhain. Is mór an chomaoin do chuir an tOllamh Pádraig Seoidheach ormsa, do chionn gur chuir sé na focail agus nótaidhe an cheoil i gcionn a chéile. I gceann de leabhraibh Éadbhaird Bunting 'seadh frith an fonn. Is ó Mháire Nic Mhurchaidh atá 'na comhnaidhe 'san Iubhar fuair fear a scríobtha an t-abhrán so. S.L.]
Coillte Glasa an Triúcha. I. A óg-bhruinnioll dheas na n-ór-fholt breagh tais, Ó triall a's bí teacht chum an Triúcha, 'S go bhfuil mo chroidhe 'stigh 'ga shlad, mar shnaidhmfidhe ar ghad, Le bliadhain mhóir, a shearc, a's mo dhúil ort; Acht dá bhfuighinnse an ceart, a's cead pósta leat, Is éadtrom bréagh gasta shiubhailfinn, 'S go bhfuil mo smuainte ag teacht chum éalodh leat, a shearc, Go coilltibh breagha glas' an Triúcha. II. 'Sé mo chreach a's mo chrádh gan mé ar uaig- neas seal lá, 'S gan neoch ar bith le fagháil 'n-a dhúsgadh, Na fir a's na mná bheith 'n-a gcodladh go sáimh. A's mise a's mo ghrádh a bheith ag súgradh. A aon bhruinnioll bhán is deise do na mnáibh, A réilt eolais a bhfuil mo dhúil ort, Cha chreidim go bráth ó shagart no ó bhráthair, Go bhfuil peacadh ins an pháirt a dhúbailt. III. Tá dhá chích chruinne ag mo Nansaidh bhig mhilis, I gcompás a brollaigh ghléigil, A com cailce mar an eala, a's a méara míne meala, 'S is ró-dheas a seinnm ar théadaibh. A Phátrúin na Cruinne, sháruigh tú an iomad, 'S is cráidhte mo chineamhain féin duit, Grádh a thabhairt do mhnaoi nach bhfágbhann mo chroidhe, 'S nach bhfaghaim í go deoidh le bréagnadh. IV. A Nansaidh na seod, is tú raogha na mban óg, Is tú is deise (dh'a) bhfuil beo in Éirinn, Gheall tú bheith romham ag coillidh ghlais na gcnó, Go gcuirfiomuist ar gcomhairle in éin- fheacht; Creid tusa, a stóir, nach bhfuil peacadh ins an domhan, Ish measa 'gus is mó le déanamh, 'Ná buachaill beag óg a mhealladh le do phóig, Agus fealladh air go deoidh 'n-a dhéidh sin! Fear Folamh Fuirceála.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services