Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Abhrán Oirghiallach mar aon le n-a chuid nótaidhe.

Title
Abhrán Oirghiallach mar aon le n-a chuid nótaidhe.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Abhrán Oirghiallach mar aon le n-a chuid nótaidhe.



[Is é seo an déanamh atá i gCúite Uladh ar an abhrán úd ar a nglaodhtar “Éamonn
an Chnuic“ 'san Mumhain. Is mór an chomaoin do chuir an tOllamh Pádraig Seoidheach
ormsa, do chionn gur chuir sé na focail agus nótaidhe an cheoil i gcionn a chéile. I
gceann de leabhraibh Éadbhaird Bunting 'seadh frith an fonn. Is ó Mháire Nic Mhurchaidh
atá 'na comhnaidhe 'san Iubhar fuair fear a scríobtha an t-abhrán so. S.L.]


L. 44


Coillte Glasa an Triúcha.



I.



A óg-bhruinnioll dheas na n-ór-fholt breagh
tais,
Ó triall a's bí teacht chum an Triúcha,
'S go bhfuil mo chroidhe 'stigh 'ga shlad, mar
shnaidhmfidhe ar ghad,
Le bliadhain mhóir, a shearc, a's mo dhúil
ort;
Acht dá bhfuighinnse an ceart, a's cead
pósta leat,
Is éadtrom bréagh gasta shiubhailfinn,
'S go bhfuil mo smuainte ag teacht chum
éalodh leat, a shearc,
Go coilltibh breagha glas' an Triúcha.



II.



'Sé mo chreach a's mo chrádh gan mé ar uaig-
neas seal lá,
'S gan neoch ar bith le fagháil 'n-a dhúsgadh,
Na fir a's na mná bheith 'n-a gcodladh go
sáimh.
A's mise a's mo ghrádh a bheith ag súgradh.
A aon bhruinnioll bhán is deise do na mnáibh,
A réilt eolais a bhfuil mo dhúil ort,
Cha chreidim go bráth ó shagart no ó bhráthair,
Go bhfuil peacadh ins an pháirt a dhúbailt.



III.



Tá dhá chích chruinne ag mo Nansaidh bhig
mhilis,
I gcompás a brollaigh ghléigil,
A com cailce mar an eala, a's a méara
míne meala,
'S is ró-dheas a seinnm ar théadaibh.
A Phátrúin na Cruinne, sháruigh tú an iomad,
'S is cráidhte mo chineamhain féin duit,
Grádh a thabhairt do mhnaoi nach bhfágbhann
mo chroidhe,
'S nach bhfaghaim í go deoidh le bréagnadh.



IV.



A Nansaidh na seod, is tú raogha na mban
óg,
Is tú is deise (dh'a) bhfuil beo in Éirinn,
Gheall tú bheith romham ag coillidh ghlais na
gcnó,
Go gcuirfiomuist ar gcomhairle in éin-
fheacht;
Creid tusa, a stóir, nach bhfuil peacadh ins
an domhan,
Ish measa 'gus is mó le déanamh,
'Ná buachaill beag óg a mhealladh le do
phóig,
Agus fealladh air go deoidh 'n-a dhéidh sin!



Fear Folamh Fuirceála.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services