Abhrán Oirghiallach mar aon le n-a chuid nótaidhe.
[Is é seo an déanamh atá i gCúite Uladh ar an abhrán úd ar a nglaodhtar “Éamonn
an Chnuic“ 'san Mumhain.  Is mór an chomaoin do chuir an tOllamh Pádraig Seoidheach
ormsa, do chionn gur chuir sé na focail agus nótaidhe an cheoil i gcionn a chéile.  I 
gceann de leabhraibh Éadbhaird Bunting 'seadh frith an fonn.  Is ó Mháire Nic Mhurchaidh
atá 'na comhnaidhe 'san Iubhar fuair fear a scríobtha an t-abhrán so.  S.L.]
Coillte Glasa an Triúcha.
I.
A óg-bhruinnioll dheas na n-ór-fholt breagh 
tais,
Ó triall a's bí teacht chum an Triúcha,
'S go bhfuil mo chroidhe 'stigh 'ga shlad, mar
shnaidhmfidhe ar ghad,
Le bliadhain mhóir, a shearc, a's mo dhúil 
ort;
Acht dá bhfuighinnse an ceart, a's cead 
pósta leat,
Is éadtrom bréagh gasta shiubhailfinn,
'S go bhfuil mo smuainte ag teacht chum 
éalodh leat, a shearc,
Go coilltibh breagha glas' an Triúcha.
II.
'Sé mo chreach a's mo chrádh gan mé ar uaig-
neas seal lá,
'S gan neoch ar bith le fagháil 'n-a dhúsgadh,
Na fir a's na mná bheith 'n-a gcodladh go 
sáimh.
A's mise a's mo ghrádh a bheith ag súgradh.
A aon bhruinnioll bhán is deise do na mnáibh,
A réilt eolais a bhfuil mo dhúil ort,
Cha chreidim go bráth ó shagart no ó bhráthair,
Go bhfuil peacadh ins an pháirt a dhúbailt.
III.
Tá dhá chích chruinne ag mo Nansaidh bhig 
mhilis,
I gcompás a brollaigh ghléigil,
A com cailce mar an eala, a's a méara
míne meala,
'S is ró-dheas a seinnm ar théadaibh.
A Phátrúin na Cruinne, sháruigh tú an iomad,
'S is cráidhte mo chineamhain féin duit,
Grádh a thabhairt do mhnaoi nach bhfágbhann 
mo chroidhe,
'S nach bhfaghaim í go deoidh le bréagnadh.
IV.
A Nansaidh na seod, is tú raogha na mban 
óg,
Is tú is deise (dh'a) bhfuil beo in Éirinn,
Gheall tú bheith romham ag coillidh ghlais na 
gcnó,
Go gcuirfiomuist ar gcomhairle in éin-
fheacht;
Creid tusa, a stóir, nach bhfuil peacadh ins 
an domhan,
Ish measa 'gus is mó le déanamh,
'Ná buachaill beag óg a mhealladh le do 
phóig,
Agus fealladh air go deoidh 'n-a dhéidh sin!
Fear Folamh Fuirceála.