Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Di Siúd Tusa?
Title
An Di Siúd Tusa?
Author(s)
Ua Laoghaire, Pádruig,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An di siúd tusa? Bhí bé ann: níor dhuibhe an gual ná a folt, agus níor dheirge an caor ná a gruadh. Bhí a súile comh gorm le bugh agus a déad comh geal leis an sneachta. Níos binne ná ceól na n-eun uile a glór. Brat glas uaine uimpi, agus dealg de dhearg-ór n-a bhrollach; éadtrom éasguidh uasal a siubhal, acht ní raibh uabhar, maos, ná mustar innti. Bhí fearann torthamhail aici, gleannta fada féarmhara, mághtha mín-áilne, cnoic agus sléibhte agus locha agus aibhne. Agus bhí an mhuir n-a tim- chioll ag déanamh sír-cheoil di, agus aer bog bríoghmhar ós a cionn ná leigfeadh di dul i gcríonacht ná i gcríonchaolacht go bráth. D'imthigh a clú agus clú a cloinne tar lear; ní amháin gur líon na dúthaighe bhí i ngar di d'á cáil, acht do roich na tíortha bhí i bhfad uaithi. Tháinig ríghthe agus flatha as foigseacht agus as imchéine ag éisteacht le binneas a gutha agus ag foghluim ó n-a saoithibh. Sháruigh cráibhtheacht a naomh agus geanmhnaidheacht a maighdean an uile chráibhtheacht agus an uile gheanmhnaidheacht ar bhreághdhacht; ní fheudfaidhe an buaidh do bhreith ó n-a cailínidhíbh, agus i leith a laochraidhe thugadar an réim leó le calmacht. Bhí na talmhanta 'n-a timchioll lán do dhorchadas agus do dhubh-cheó agus tír na béith-seo fá lán-tsoillse gléineachta na gréine. Acht ní bhíonn ar an tsaoghal acht seal. Is gearr bhíonn an t-athrughadh ag teacht. Agus do tháinig sé uirri-se leis; acht cionnus? An éigion an fhírinne d'innsint agus a admháil gur anuas as an gcéim ab áirde dá chaili- dheacht do tháinig an mí-ádh so uirri? — gur as cailleamhaint a clú d'inghín di féin thos- nuigh lá leoin na béithe. Um an am-so bhi rí áirithe 'n-a comhursanacht, agus ba mhaith leis a talamh do bheith aige féin. Do chuir sé teachtaire go huasal, ag a raibh comhachta éigin os a cionn, agus d'innis do go fallsa fealltha ná raibh creideamh ná dlíghe 'n-a tír, ná raibh sí ag oileamhain a cloinne i gceart ná i gcóir, ná raibh croidhe ná coinséas aca, go rabhadar ag imtheacht fiadhanta, agus ná raibh fiú an euduigh féin ar chuid aca. D'aithin an t-uasal do go raibh cead aige uaidh féin gach aonnídh bhí as a alt do chur 'n-a ionad arís agus an tír ar fad do chur fá n-a smacht, dá mbuidh mheón leis. Do líon na hallmhuraigh isteach annsan, ar dtús go lag, acht do réir mar do bhí ag éirghe, bhíodar ag dul i dtreiseacht, ag cur a gcleathach i dtalamh, agus ag fagháil ghreama
níos doichte agus níos daingne ó lá go lá. Do chuaidh cuid do chloinn na béithe agus do throi- deadar leó agus do mharbhadar iad, acht níor chuireadar go léir le chéile, 'nuair tháinig cuallacht eile thar lear arís chum na tíre ar fad do bhaint di. Troid an méid do throid aca go cródha, acht bhi ceannairc 'n-a measg féin, i n-áit í chaitheamh uatha, táthadh le chéile, agus aon lom-bhuille amháin do bhualadh i n-éin- fheacht, ar an namhaid, is amhlaidh leigiodar do sleamhnughadh isteach eatorra; ar mhódh gur gearr go bhfuair é féin comh seasganta i seilbh gur fhógair orra gach béas agus gach nós do bhíodh aca do thréigion, agus béasanna agus nósanna a namhad do ghabháil chuca agus do ghlacadh go ceanamhail. Ar dtús d'órduigh go láidir dóibh gan focal de chaint a máthar do labhairt leo go deó arís. Do réir ámh agus rinneadh an fógra-sa d'fhaisnéis, 'seadh is mó do cheangladar agus do leanadar dá dteangaidh dhúthchais. Fuaradar bás ag troid ar a son. D'éirigh líne eile comh calma leo suas, agus líne eile, agus mar sin de. Ar an bhfeadh-so níor stad an namhaid riamh ná choidhche acht ag síor-rádh leo ná raibh 'n-a gcaint acht drabhlais agus drabhghaoil : fá dheoidh do chreid cuid aca do agus cuid 'n-a ndiaidh-sin, ar chuma uile nach mór. Tháinig an oiread san náire uirri i ndeireadh thiar thall, gur beag nár bhásuigh sí; acht leis an anam bhí innti, do theich sí léi féin go háitibh iar- gcúlacha cois na fairrge i measg na bpoll agus na bpluaiseann, áit 'n-a bhfuil sí anois ag gol agus ag golán agus ag á caoineadh fein i n-easbhaidh cuimhinte a cloinne. Go doimhin i nduibheacht na hoidhche le n-a bhfuil sí tim- chiollta, is clos do fho-dhuine í ag glaodhach go hairtinneach orra-so dá dtug tál a cíche, teacht agus í shaoradh as an nguais in-a bhfuil sí, agus ó'n anbhás aithiseach atá i ndán di muna mbrostuighid chuici. Agus deiridh a clann go n-árdóchaid a máthair arís gus an ionad 'n-a raibh sí sul ar shatail neach do lucht a léir- sgris ar fhód dá seilbh riamh, agus gan fios aca nach féidir san do theacht chum críche go bhráth, muna ndéanfaid díthcioll anois — anois féin - anois díreach ar a húrlabhra do gabháil chuca agus do chleachtadh. Ní léir dóibh go bhfuil droch-smaointe agus olcas a námhad ag dul go smior ionnta cheana féin, agus gur geárr eile nó go ndéarfaid nach clann di féin i n-aon chor iad. A leughthóir, an di siúd tusa? Má's di, athchuingeann ort go dúlaighthe gan leigiont di imtheacht as an tsaoghal agus é ar do láimh í choimeád ó'n mbás. Do shaorfá aon bhé i gcontabhairt acht an bhé seo — do mháthair féin, ná saorfair í? Brostuigh má's eadh, brostuigh. Is ro-fhada di ag feitheamh. Ná fan acht brostuigh brostuigh, brostuigh. Padruig O Laoghaire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services