Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Di Siúd Tusa?

Title
An Di Siúd Tusa?
Author(s)
Ua Laoghaire, Pádruig,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An di siúd tusa?



Bhí bé ann: níor dhuibhe an gual ná a
folt, agus níor dheirge an caor ná a gruadh.
Bhí a súile comh gorm le bugh agus a déad comh
geal leis an sneachta. Níos binne ná ceól
na n-eun uile a glór. Brat glas uaine
uimpi, agus dealg de dhearg-ór n-a bhrollach;
éadtrom éasguidh uasal a siubhal, acht ní
raibh uabhar, maos, ná mustar innti. Bhí
fearann torthamhail aici, gleannta fada
féarmhara, mághtha mín-áilne, cnoic agus sléibhte
agus locha agus aibhne. Agus bhí an mhuir n-a tim-
chioll ag déanamh sír-cheoil di, agus aer bog
bríoghmhar ós a cionn ná leigfeadh di dul i
gcríonacht ná i gcríonchaolacht go bráth.



D'imthigh a clú agus clú a cloinne tar lear;
ní amháin gur líon na dúthaighe bhí i ngar di
d'á cáil, acht do roich na tíortha bhí i bhfad
uaithi. Tháinig ríghthe agus flatha as foigseacht
agus as imchéine ag éisteacht le binneas a
gutha agus ag foghluim ó n-a saoithibh. Sháruigh
cráibhtheacht a naomh agus geanmhnaidheacht a
maighdean an uile chráibhtheacht agus an uile
gheanmhnaidheacht ar bhreághdhacht; ní fheudfaidhe
an buaidh do bhreith ó n-a cailínidhíbh, agus i leith
a laochraidhe thugadar an réim leó le
calmacht.



Bhí na talmhanta 'n-a timchioll lán do
dhorchadas agus do dhubh-cheó agus tír na béith-seo
fá lán-tsoillse gléineachta na gréine.
Acht ní bhíonn ar an tsaoghal acht seal. Is
gearr bhíonn an t-athrughadh ag teacht. Agus
do tháinig sé uirri-se leis; acht cionnus?
An éigion an fhírinne d'innsint agus a admháil
gur anuas as an gcéim ab áirde dá chaili-
dheacht do tháinig an mí-ádh so uirri? — gur
as cailleamhaint a clú d'inghín di féin thos-
nuigh lá leoin na béithe. Um an am-so bhi
rí áirithe 'n-a comhursanacht, agus ba mhaith leis
a talamh do bheith aige féin. Do chuir sé
teachtaire go huasal, ag a raibh comhachta
éigin os a cionn, agus d'innis do go fallsa
fealltha ná raibh creideamh ná dlíghe 'n-a tír,
ná raibh sí ag oileamhain a cloinne i gceart
ná i gcóir, ná raibh croidhe ná coinséas aca,
go rabhadar ag imtheacht fiadhanta, agus ná raibh
fiú an euduigh féin ar chuid aca. D'aithin
an t-uasal do go raibh cead aige uaidh féin
gach aonnídh bhí as a alt do chur 'n-a ionad
arís agus an tír ar fad do chur fá n-a smacht,
dá mbuidh mheón leis.



Do líon na hallmhuraigh isteach annsan,
ar dtús go lag, acht do réir mar do bhí ag
éirghe, bhíodar ag dul i dtreiseacht, ag cur
a gcleathach i dtalamh, agus ag fagháil ghreama


L. 39


níos doichte agus níos daingne ó lá go lá. Do
chuaidh cuid do chloinn na béithe agus do throi-
deadar leó agus do mharbhadar iad, acht níor
chuireadar go léir le chéile, 'nuair tháinig
cuallacht eile thar lear arís chum na tíre ar
fad do bhaint di. Troid an méid do throid
aca go cródha, acht bhi ceannairc 'n-a measg
féin, i n-áit í chaitheamh uatha, táthadh le chéile,
agus aon lom-bhuille amháin do bhualadh i n-éin-
fheacht, ar an namhaid, is amhlaidh leigiodar
do sleamhnughadh isteach eatorra; ar mhódh
gur gearr go bhfuair é féin comh seasganta
i seilbh gur fhógair orra gach béas agus gach nós
do bhíodh aca do thréigion, agus béasanna agus
nósanna a namhad do ghabháil chuca agus do
ghlacadh go ceanamhail. Ar dtús d'órduigh
go láidir dóibh gan focal de chaint a máthar
do labhairt leo go deó arís. Do réir ámh
agus rinneadh an fógra-sa d'fhaisnéis, 'seadh
is mó do cheangladar agus do leanadar dá
dteangaidh dhúthchais. Fuaradar bás ag
troid ar a son. D'éirigh líne eile comh
calma leo suas, agus líne eile, agus mar sin de.
Ar an bhfeadh-so níor stad an namhaid riamh
ná choidhche acht ag síor-rádh leo ná raibh 'n-a
gcaint acht drabhlais agus drabhghaoil : fá dheoidh
do chreid cuid aca do agus cuid 'n-a ndiaidh-sin,
ar chuma uile nach mór. Tháinig an oiread
san náire uirri i ndeireadh thiar thall, gur
beag nár bhásuigh sí; acht leis an anam bhí
innti, do theich sí léi féin go háitibh iar-
gcúlacha cois na fairrge i measg na bpoll
agus na bpluaiseann, áit 'n-a bhfuil sí anois
ag gol agus ag golán agus ag á caoineadh fein i
n-easbhaidh cuimhinte a cloinne. Go doimhin i
nduibheacht na hoidhche le n-a bhfuil sí tim-
chiollta, is clos do fho-dhuine í ag glaodhach
go hairtinneach orra-so dá dtug tál a cíche,
teacht agus í shaoradh as an nguais in-a bhfuil
sí, agus ó'n anbhás aithiseach atá i ndán di muna
mbrostuighid chuici. Agus deiridh a clann go
n-árdóchaid a máthair arís gus an ionad 'n-a
raibh sí sul ar shatail neach do lucht a léir-
sgris ar fhód dá seilbh riamh, agus gan fios aca
nach féidir san do theacht chum críche go bhráth,
muna ndéanfaid díthcioll anois — anois féin
- anois díreach ar a húrlabhra do gabháil
chuca agus do chleachtadh. Ní léir dóibh go
bhfuil droch-smaointe agus olcas a námhad ag
dul go smior ionnta cheana féin, agus gur
geárr eile nó go ndéarfaid nach clann di
féin i n-aon chor iad. A leughthóir, an di
siúd tusa? Má's di, athchuingeann ort go
dúlaighthe gan leigiont di imtheacht as an
tsaoghal agus é ar do láimh í choimeád ó'n mbás.
Do shaorfá aon bhé i gcontabhairt acht an
bhé seo — do mháthair féin, ná saorfair í?
Brostuigh má's eadh, brostuigh. Is ro-fhada
di ag feitheamh. Ná fan acht brostuigh
brostuigh, brostuigh.



Padruig O Laoghaire.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services