Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seadhna. (ar leanamhaint). Nuair airigh Seadhna an méid sin, do dhruid sé i leathtaoibh. Do shleamhnuigh sé lámh leis síos 'n-a phóca. Ambasa bhí sé folamh! Chuarduigh sé a phóca eile — folamh chomh maith! Chuir se lámh isteach 'n-a bhrollach, ag lorg an sporáin: ní raibh a thuairisg ann. Tug sé strac-fheuchaint ar fhear na méaracán; bhí sé i bhfeighil a ghnótha féin, gan aon tsuim aige i Seadhna acht comh beag agus nach bhfeicfeadh sé riamh é. “Seadh!” arsa Seadhna leis féin, “tá deire leis an musdar. Is fusaide é ó baineadh an easgaine do'n mhealbhóig agus do'n chathaoir agus do'n chrann. Ní dócha gur bh'fhéidir í bheith curtha suas arís. Pé i nÉirinn é, ní'l agam le déanamh anois acht dul agus feuchaint an bhfeudfainn raint leathair do cheannach agus dul agus claoidh leis an ngnó is feárr atá ar eolus agam. Má's bréan-bhróga iad, ní bhfaighid na daoine a chatheann iad aon locht orra. Is mairg nach bíonn sásda le n-a chuid féin, dá luighead é. Dá mbeidheadh mo thrí sgillinge agam anois do dhéanfaidís mo ghnó comh maith leis na céadtaibh go léir. Acht tá go maith; ní feárr bheith ag caint air mar sgeul. Rachad ag triall ar Dhiar- muid Liath, agus b'fhéidir go dtiubhradh sé raint leathair ar cháirde dhom, chum go dtiocfadh airgiod na mbróg isteach. Thug sé cáirde cheana dhom, agus dhílas é go cruinn agus go macánta.” Um an daca go raibh an méid-sin macht- naighthe aige, bhí sé ag déanamh, ceann ar aghaidh, ar dhoras Dhiarmuda. Bhí Diarmuid féin 'n-a sheasamh 'dir dhá lígh an doruis. “Airiú a Sheadhna, an tu san?” arsa Diarmuid. “Is me cheana,” arsa Seadhna: “an bhfuilir go láidir a Dhiarmuid?” “Tá an tsláinte againn, moladh le Dia dhá chionn — acht cad é seo d'imthigh ort-sa fé dhéidhionaighe? Táir i mbeul gach aoinne, agus
ní mar a chéile aon dá sgeul ná aon dá thuairisg ort. Deir duine go bhfeacaidhis spioraid; deir duine eile gur thuit an tigh ort; deir duine eile gur mhairbh splannc thu; deir an ceathramhadh duine go bhfuarais airgiod ag dul i mugha. Agus mar sin dóibh, gach aoinne' agus a shocrughadh féin aige ort. Cad a rinnis, no cad tá ar siubhal agat nó cad fé ndeara an obair-seo go léir?” “Ní fheadar an (= dho'n) tsaoghal, a Dhiar- muid. Acht dar liom-sa, tá aon nídh amháin soiléir go leór, is é sin nach bhfuaras air- giod ag dul i mugha. Is dócha dhá bhfuighinn nach mbeinn ag teacht annso anois ag brath air go bhfuighinn raint leathair uait-se ar cháirde mar fuaras cheana.” “Mhaise andaigh féin gheóbhair agus fáilte. An mór atá uait?” “Dá mbeidheadh oiread agam agus dhéanfadh bróga do bheirt, níor bheag liom é an turus so; agus nuair bheidis sin díolta agus an t-air- giod agam, dhíolfainn tusa agus thógfainn tuille.” “Tá sé comh maith agat an tuille do bhreith leat anois d'aon iarracht. Beir leat luach puint.” Gob. Feuch nach amhlaidh do dhein licínidhe slinne de'n airgiod, már dhein d'airgiod Mhichíl Réamoinn. Peg. Ní hé adubhrais cheana, acht gur dhein Mícheál airgiod do na licínibh slinne. Gob. Sdó' do dhein leis, acht má 'seadh do dhein licínidhe slinne do'n airgiod arís. Nóra. 'Gcloistí! nach cuimhin le n-ár gcluasaibh tu dá rádh linn go dtug se an t-airgiod isteach chum na mná agus gur fheuch sí air agus gur cheap sí gur bh'airgiod dleaghthach é, agus dá chómhartha san féin, go dtug sí do an hata. Gob. Sdó' do cheap, leis, agus do thug. Acht is 'n-a dhiaidh sin do dhein licínidhe slinne arís de'n airgiod. Nóra. Agus cionnus fhéadfadh licínidhe slinne dhéanamh arís dhe, muna mbainfeadh Micheál féin an diabluidheacht de? Cáit. Agus ca bhfios ná gur bhain? Nóra. Dubhairt sí gur imthigh sé air abhaile, nuair fuair se an hata. Gob. Má 'seadh, bhí sé i Sráid an Mhuilinn arís seachtmhuin 'n-a dhiaidh sin, é féin agus Tadhg na n-Ubh, agus chuadar isteach sa' tigh cheudna agus do ghlaoidh Micheál ar an mnaoi i leathtaoibh. “Tá a dó agus dá thiosdún agat orm,” ar seision; “seo dhuit é.” “Ní'l aon dó agus dhá thiosdún agam-sa ort,” ar sise. “Tá go macánta,” ar seision, “seo dhuit é.” “'Sdó deirim-se nach bhfuil,” ar sise. “Nach cuimhin leat,” ar sise, “go rabhais ag coimeád do hata agus gur sholáthruighis an t-airgiod i mball éigin agus go dtugais dom é?” “Cad do rinnis leis?” arsa Micheál. “Ní rinneas aon rud leis,” ar sise. “Tá sé annso sa' bhosca fós agam.” “Ba mhaith liom é fheicsint,” arsa Mícheál. “Tá sé annsúd” ar sise, “sgilling agus dá reul agus dá thiosdún. Tair i leíth,” ar sise, “go bhfeicir féin arís iad.” Do chuadar anonn go dtí an bosca agus d'osgail sí é, agus nuair fheuch sí isteach ann agus chonnaic sí na licínidhe slinne, d'iompauigh sí ar Mhícheál agus d'fheuch sí air mar fheuchfhadh sí ar mhadradh uilc. “Seo,” arsa Mícheál, ag síneadh an airgid chúiche. “Coimeád é,” ar sise, “agus fág mo thigh” Tá an Mac Mallachtan ann agus ionnt-sa comh maith. Sgrios!” Geallaim-se dhuit gur imthigh an bheirt agus deithnios orra. (leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services