Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt> <title type="main">Seadhna. (ar leanamhaint.)</title><author><persName>Ua Laoghaire, Peadar</persName></author><editor><name type="main">Mac Néill, Eoin</name></editor><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt> <editionStmt> <edition> <note type="N">IG06-10171</note> <note type="L">35</note> <note type="B">1895</note> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt> <publicationStmt> <publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher> <pubPlace>24 Upper O'Connell Street, Dublin</pubPlace><date>June, 1895</date><idno>IG06-10171</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <seriesStmt> <title level="s">Irisleabhar na Gaedhilge</title><biblScope unit="vol">6</biblScope> </seriesStmt> <sourceDesc> <biblStruct> <analytic><author>Ua Laoghaire, Peadar</author><title>Seadhna. (ar leanamhaint.)</title></analytic> <monogr> <title level="j">Seadhna. (ar leanamhaint.)</title><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>June, 1895</date></imprint> </monogr> </biblStruct> </sourceDesc> </fileDesc> <profileDesc> <langUsage><language ident="ga">Irish</language></langUsage> </profileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span>Seadhna.</span></p> <lb n="1"/> <lb n="2"/><p><span>(ar leanamhaint).</span></p> <lb n="3"/> <lb n="4"/><p><span>Nuair airigh Seadhna an méid sin, do</span> <lb n="5"/><span>dhruid sé i leathtaoibh. Do shleamhnuigh sé</span> <lb n="6"/><span>lámh leis síos 'n-a phóca. Ambasa bhí sé</span> <lb n="7"/><span>folamh! Chuarduigh sé a phóca eile — folamh</span> <lb n="8"/><span>chomh maith! Chuir se lámh isteach 'n-a</span> <lb n="9"/><span>bhrollach, ag lorg an sporáin: ní raibh a</span> <lb n="10"/><span>thuairisg ann. Tug sé strac-fheuchaint ar </span> <lb n="11"/><span>fhear na méaracán; bhí sé i bhfeighil a</span> <lb n="12"/><span>ghnótha féin, gan aon tsuim aige i Seadhna</span> <lb n="13"/><span>acht comh beag agus nach bhfeicfeadh sé riamh é.</span></p> <lb n="14"/> <lb n="15"/><p><span>“Seadh!” arsa Seadhna leis féin, “tá</span> <lb n="16"/><span>deire leis an musdar. Is fusaide é ó</span> <lb n="17"/><span>baineadh an easgaine do'n mhealbhóig agus do'n</span> <lb n="18"/><span>chathaoir agus do'n chrann. Ní dócha gur bh'fhéidir</span> <lb n="19"/><span>í bheith curtha suas arís. Pé i nÉirinn é, ní'l</span> <lb n="20"/><span>agam le déanamh anois acht dul agus feuchaint</span> <lb n="21"/><span>an bhfeudfainn raint leathair do cheannach agus</span> <lb n="22"/><span>dul agus claoidh leis an ngnó is feárr atá ar</span> <lb n="23"/><span>eolus agam. Má's bréan-bhróga iad, ní</span> <lb n="24"/><span>bhfaighid na daoine a chatheann iad aon locht</span> <lb n="25"/><span>orra. Is mairg nach bíonn sásda le n-a</span> <lb n="26"/><span>chuid féin, dá luighead é. Dá mbeidheadh mo</span> <lb n="27"/><span>thrí sgillinge agam anois do dhéanfaidís mo</span> <lb n="28"/><span>ghnó comh maith leis na céadtaibh go léir.</span> <lb n="29"/><span>Acht tá go maith; ní feárr bheith ag caint</span> <lb n="30"/><span>air mar sgeul. Rachad ag triall ar Dhiar-</span> <lb n="31"/><span>muid Liath, agus b'fhéidir go dtiubhradh sé raint</span> <lb n="32"/><span>leathair ar cháirde dhom, chum go dtiocfadh </span> <lb n="33"/><span>airgiod na mbróg isteach. Thug sé cáirde</span> <lb n="34"/><span>cheana dhom, agus dhílas é go cruinn agus go</span> <lb n="35"/><span>macánta.”</span></p> <lb n="36"/> <lb n="37"/><p><span>Um an daca go raibh an méid-sin macht-</span> <lb n="38"/><span>naighthe aige, bhí sé ag déanamh, ceann ar</span> <lb n="39"/><span>aghaidh, ar dhoras Dhiarmuda. Bhí Diarmuid</span> <lb n="40"/><span>féin 'n-a sheasamh 'dir dhá lígh an doruis.</span></p> <lb n="41"/> <lb n="42"/><p><span>“Airiú a Sheadhna, an tu san?” arsa</span> <lb n="43"/><span>Diarmuid.</span></p> <lb n="44"/> <lb n="45"/><p><span>“Is me cheana,” arsa Seadhna: “an</span> <lb n="46"/><span>bhfuilir go láidir a Dhiarmuid?”</span></p> <lb n="47"/> <lb n="48"/><p><span>“Tá an tsláinte againn, moladh le Dia</span> <lb n="49"/><span>dhá chionn — acht cad é seo d'imthigh ort-sa fé</span> <lb n="50"/><span>dhéidhionaighe? Táir i mbeul gach aoinne, agus</span></p> </div> <pb n="36"/> <div><lb n="51"/><p><span>ní mar a chéile aon dá sgeul ná aon dá</span> <lb n="52"/><span>thuairisg ort. Deir duine go bhfeacaidhis</span> <lb n="53"/><span>spioraid; deir duine eile gur thuit an tigh</span> <lb n="54"/><span>ort; deir duine eile gur mhairbh splannc</span> <lb n="55"/><span>thu; deir an ceathramhadh duine go bhfuarais</span> <lb n="56"/><span>airgiod ag dul i mugha. Agus mar sin</span> <lb n="57"/><span>dóibh, gach aoinne' agus a shocrughadh féin aige</span> <lb n="58"/><span>ort. Cad a rinnis, no cad tá ar siubhal</span> <lb n="59"/><span>agat nó cad fé ndeara an obair-seo go</span> <lb n="60"/><span>léir?”</span></p> <lb n="61"/> <lb n="62"/><p><span>“Ní fheadar an (= dho'n) tsaoghal, a Dhiar-</span> <lb n="63"/><span>muid. Acht dar liom-sa, tá aon nídh amháin</span> <lb n="64"/><span>soiléir go leór, is é sin nach bhfuaras air-</span> <lb n="65"/><span>giod ag dul i mugha. Is dócha dhá bhfuighinn</span> <lb n="66"/><span>nach mbeinn ag teacht annso anois ag brath</span> <lb n="67"/><span>air go bhfuighinn raint leathair uait-se ar</span> <lb n="68"/><span>cháirde mar fuaras cheana.”</span></p> <lb n="69"/> <lb n="70"/><p><span>“Mhaise andaigh féin gheóbhair agus fáilte.</span> <lb n="71"/><span>An mór atá uait?”</span></p> <lb n="72"/> <lb n="73"/><p><span>“Dá mbeidheadh oiread agam agus dhéanfadh</span> <lb n="74"/><span>bróga do bheirt, níor bheag liom é an turus</span> <lb n="75"/><span>so; agus nuair bheidis sin díolta agus an t-air-</span> <lb n="76"/><span>giod agam, dhíolfainn tusa agus thógfainn</span> <lb n="77"/><span>tuille.”</span></p> <lb n="78"/> <lb n="79"/><p><span>“Tá sé comh maith agat an tuille do</span> <lb n="80"/><span>bhreith leat anois d'aon iarracht. Beir leat</span> <lb n="81"/><span>luach puint.”</span></p> <lb n="82"/> <lb n="83"/><p><span>Gob. Feuch nach amhlaidh do dhein licínidhe</span> <lb n="84"/><span>slinne de'n airgiod, már dhein d'airgiod</span> <lb n="85"/><span>Mhichíl Réamoinn.</span></p> <lb n="86"/> <lb n="87"/><p><span>Peg. Ní hé adubhrais cheana, acht gur</span> <lb n="88"/><span>dhein Mícheál airgiod do na licínibh slinne.</span></p> <lb n="89"/> <lb n="90"/><p><span>Gob. Sdó' do dhein leis, acht má 'seadh do</span> <lb n="91"/><span>dhein licínidhe slinne do'n airgiod arís.</span></p> <lb n="92"/> <lb n="93"/><p><span>Nóra. 'Gcloistí! nach cuimhin le n-ár</span> <lb n="94"/><span>gcluasaibh tu dá rádh linn go dtug se an</span> <lb n="95"/><span>t-airgiod isteach chum na mná agus gur fheuch sí</span> <lb n="96"/><span>air agus gur cheap sí gur bh'airgiod dleaghthach</span> <lb n="97"/><span>é, agus dá chómhartha san féin, go dtug sí do</span> <lb n="98"/><span>an hata. </span></p> <lb n="99"/> <lb n="100"/><p><span>Gob. Sdó' do cheap, leis, agus do thug. Acht</span> <lb n="101"/><span>is 'n-a dhiaidh sin do dhein licínidhe slinne</span> <lb n="102"/><span>arís de'n airgiod.</span></p> <lb n="103"/> <lb n="104"/><p><span>Nóra. Agus cionnus fhéadfadh licínidhe</span> <lb n="105"/><span>slinne dhéanamh arís dhe, muna mbainfeadh</span> <lb n="106"/><span>Micheál féin an diabluidheacht de?</span></p> <lb n="107"/> <lb n="108"/><p><span>Cáit. Agus ca bhfios ná gur bhain?</span></p> <lb n="109"/> <lb n="110"/><p><span>Nóra. Dubhairt sí gur imthigh sé air abhaile,</span> <lb n="111"/><span>nuair fuair se an hata.</span></p> <lb n="112"/> <lb n="113"/><p><span>Gob. Má 'seadh, bhí sé i Sráid an Mhuilinn</span> <lb n="114"/><span>arís seachtmhuin 'n-a dhiaidh sin, é féin agus</span> <lb n="115"/><span>Tadhg na n-Ubh, agus chuadar isteach sa' tigh</span> <lb n="116"/><span>cheudna agus do ghlaoidh Micheál ar an mnaoi</span> <lb n="117"/><span>i leathtaoibh. “Tá a dó agus dá thiosdún agat</span> <lb n="118"/><span>orm,” ar seision; “seo dhuit é.” “Ní'l aon</span> <lb n="119"/><span>dó agus dhá thiosdún agam-sa ort,” ar sise.</span> <lb n="120"/><span>“Tá go macánta,” ar seision, “seo dhuit é.”</span> <lb n="121"/><span>“'Sdó deirim-se nach bhfuil,” ar sise. “Nach</span> <lb n="122"/><span>cuimhin leat,” ar sise, “go rabhais ag</span> <lb n="123"/><span>coimeád do hata agus gur sholáthruighis an</span> <lb n="124"/><span>t-airgiod i mball éigin agus go dtugais dom</span> <lb n="125"/><span>é?” “Cad do rinnis leis?” arsa Micheál.</span> <lb n="126"/><span>“Ní rinneas aon rud leis,” ar sise. “Tá</span> <lb n="127"/><span>sé annso sa' bhosca fós agam.” “Ba mhaith</span> <lb n="128"/><span>liom é fheicsint,” arsa Mícheál. “Tá sé</span> <lb n="129"/><span>annsúd” ar sise, “sgilling agus dá reul agus dá</span> <lb n="130"/><span>thiosdún. Tair i leíth,” ar sise, “go bhfeicir</span> <lb n="131"/><span>féin arís iad.” Do chuadar anonn go dtí</span> <lb n="132"/><span>an bosca agus d'osgail sí é, agus nuair fheuch sí</span> <lb n="133"/><span>isteach ann agus chonnaic sí na licínidhe slinne,</span> <lb n="134"/><span>d'iompauigh sí ar Mhícheál agus d'fheuch sí air</span> <lb n="135"/><span>mar fheuchfhadh sí ar mhadradh uilc. “Seo,”</span> <lb n="136"/><span>arsa Mícheál, ag síneadh an airgid chúiche.</span> <lb n="137"/><span>“Coimeád é,” ar sise, “agus fág mo thigh” Tá</span> <lb n="138"/><span>an Mac Mallachtan ann agus ionnt-sa comh</span> <lb n="139"/><span>maith. Sgrios!” Geallaim-se dhuit gur </span> <lb n="140"/><span>imthigh an bheirt agus deithnios orra.</span></p> <lb n="141"/> <lb n="142"/><p><span>(leanfar de seo.)</span> <lb n="143"/></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services