Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seadhna. (ar leanamhaint.)

Title
Seadhna. (ar leanamhaint.)
Author(s)
Ua Laoghaire, Peadar,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seadhna.



(ar leanamhaint).



Nuair airigh Seadhna an méid sin, do
dhruid sé i leathtaoibh. Do shleamhnuigh sé
lámh leis síos 'n-a phóca. Ambasa bhí sé
folamh! Chuarduigh sé a phóca eile — folamh
chomh maith! Chuir se lámh isteach 'n-a
bhrollach, ag lorg an sporáin: ní raibh a
thuairisg ann. Tug sé strac-fheuchaint ar
fhear na méaracán; bhí sé i bhfeighil a
ghnótha féin, gan aon tsuim aige i Seadhna
acht comh beag agus nach bhfeicfeadh sé riamh é.



“Seadh!” arsa Seadhna leis féin, “tá
deire leis an musdar. Is fusaide é ó
baineadh an easgaine do'n mhealbhóig agus do'n
chathaoir agus do'n chrann. Ní dócha gur bh'fhéidir
í bheith curtha suas arís. Pé i nÉirinn é, ní'l
agam le déanamh anois acht dul agus feuchaint
an bhfeudfainn raint leathair do cheannach agus
dul agus claoidh leis an ngnó is feárr atá ar
eolus agam. Má's bréan-bhróga iad, ní
bhfaighid na daoine a chatheann iad aon locht
orra. Is mairg nach bíonn sásda le n-a
chuid féin, dá luighead é. Dá mbeidheadh mo
thrí sgillinge agam anois do dhéanfaidís mo
ghnó comh maith leis na céadtaibh go léir.
Acht tá go maith; ní feárr bheith ag caint
air mar sgeul. Rachad ag triall ar Dhiar-
muid Liath, agus b'fhéidir go dtiubhradh sé raint
leathair ar cháirde dhom, chum go dtiocfadh
airgiod na mbróg isteach. Thug sé cáirde
cheana dhom, agus dhílas é go cruinn agus go
macánta.”



Um an daca go raibh an méid-sin macht-
naighthe aige, bhí sé ag déanamh, ceann ar
aghaidh, ar dhoras Dhiarmuda. Bhí Diarmuid
féin 'n-a sheasamh 'dir dhá lígh an doruis.



“Airiú a Sheadhna, an tu san?” arsa
Diarmuid.



“Is me cheana,” arsa Seadhna: “an
bhfuilir go láidir a Dhiarmuid?”



“Tá an tsláinte againn, moladh le Dia
dhá chionn — acht cad é seo d'imthigh ort-sa fé
dhéidhionaighe? Táir i mbeul gach aoinne, agus


L. 36


ní mar a chéile aon dá sgeul ná aon dá
thuairisg ort. Deir duine go bhfeacaidhis
spioraid; deir duine eile gur thuit an tigh
ort; deir duine eile gur mhairbh splannc
thu; deir an ceathramhadh duine go bhfuarais
airgiod ag dul i mugha. Agus mar sin
dóibh, gach aoinne' agus a shocrughadh féin aige
ort. Cad a rinnis, no cad tá ar siubhal
agat nó cad fé ndeara an obair-seo go
léir?”



“Ní fheadar an (= dho'n) tsaoghal, a Dhiar-
muid. Acht dar liom-sa, tá aon nídh amháin
soiléir go leór, is é sin nach bhfuaras air-
giod ag dul i mugha. Is dócha dhá bhfuighinn
nach mbeinn ag teacht annso anois ag brath
air go bhfuighinn raint leathair uait-se ar
cháirde mar fuaras cheana.”



“Mhaise andaigh féin gheóbhair agus fáilte.
An mór atá uait?”



“Dá mbeidheadh oiread agam agus dhéanfadh
bróga do bheirt, níor bheag liom é an turus
so; agus nuair bheidis sin díolta agus an t-air-
giod agam, dhíolfainn tusa agus thógfainn
tuille.”



“Tá sé comh maith agat an tuille do
bhreith leat anois d'aon iarracht. Beir leat
luach puint.”



Gob. Feuch nach amhlaidh do dhein licínidhe
slinne de'n airgiod, már dhein d'airgiod
Mhichíl Réamoinn.



Peg. Ní hé adubhrais cheana, acht gur
dhein Mícheál airgiod do na licínibh slinne.



Gob. Sdó' do dhein leis, acht má 'seadh do
dhein licínidhe slinne do'n airgiod arís.



Nóra. 'Gcloistí! nach cuimhin le n-ár
gcluasaibh tu dá rádh linn go dtug se an
t-airgiod isteach chum na mná agus gur fheuch sí
air agus gur cheap sí gur bh'airgiod dleaghthach
é, agus dá chómhartha san féin, go dtug sí do
an hata.



Gob. Sdó' do cheap, leis, agus do thug. Acht
is 'n-a dhiaidh sin do dhein licínidhe slinne
arís de'n airgiod.



Nóra. Agus cionnus fhéadfadh licínidhe
slinne dhéanamh arís dhe, muna mbainfeadh
Micheál féin an diabluidheacht de?



Cáit. Agus ca bhfios ná gur bhain?



Nóra. Dubhairt sí gur imthigh sé air abhaile,
nuair fuair se an hata.



Gob. Má 'seadh, bhí sé i Sráid an Mhuilinn
arís seachtmhuin 'n-a dhiaidh sin, é féin agus
Tadhg na n-Ubh, agus chuadar isteach sa' tigh
cheudna agus do ghlaoidh Micheál ar an mnaoi
i leathtaoibh. “Tá a dó agus dá thiosdún agat
orm,” ar seision; “seo dhuit é.” “Ní'l aon
dó agus dhá thiosdún agam-sa ort,” ar sise.
“Tá go macánta,” ar seision, “seo dhuit é.”
“'Sdó deirim-se nach bhfuil,” ar sise. “Nach
cuimhin leat,” ar sise, “go rabhais ag
coimeád do hata agus gur sholáthruighis an
t-airgiod i mball éigin agus go dtugais dom
é?” “Cad do rinnis leis?” arsa Micheál.
“Ní rinneas aon rud leis,” ar sise. “Tá
sé annso sa' bhosca fós agam.” “Ba mhaith
liom é fheicsint,” arsa Mícheál. “Tá sé
annsúd” ar sise, “sgilling agus dá reul agus dá
thiosdún. Tair i leíth,” ar sise, “go bhfeicir
féin arís iad.” Do chuadar anonn go dtí
an bosca agus d'osgail sí é, agus nuair fheuch sí
isteach ann agus chonnaic sí na licínidhe slinne,
d'iompauigh sí ar Mhícheál agus d'fheuch sí air
mar fheuchfhadh sí ar mhadradh uilc. “Seo,”
arsa Mícheál, ag síneadh an airgid chúiche.
“Coimeád é,” ar sise, “agus fág mo thigh” Tá
an Mac Mallachtan ann agus ionnt-sa comh
maith. Sgrios!” Geallaim-se dhuit gur
imthigh an bheirt agus deithnios orra.



(leanfar de seo.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services