Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Imtheachta na gCumann nGaedhealach.
Title
Imtheachta na gCumann nGaedhealach.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Imtheachta na gCumann nGae- dhealach. Connradh na Gaedhilge i nÁth Cliath. Tar éis mar cuireadh i n-aisnéis cheana ar an árd- chraoibh, ní raibh acht aon chomhdháil choitcheann amháin, óir do bhí imirce dhá deunamh ag an gcumann go tigh eile, agus do bhí a ghnótha ar stad le n-a linn sin. Acht do bhí buidhean de'n Chomhairle ag obair go dian dícheallach ag socrughadh le haghaidh na Feise i gCorcaigh agus ag tabhairt aire do neithibh eugsamhla eile. Tá súil ag lucht na Comhairle go mbeidh teach nuadh ollamh 'n-a gcomhair gan mhoill, agus annsin go mbeidh faill aca thar mar bhí riamh ar a ngnóthaibh do thiomáin ar aghaidh go rathamhail. Dála feise Corcaighe, tá trácht uirri i mBeurla i náit eile de'n duilleachán so. Ní sgríobhfar a thuilleadh de'n chor so acht gur maith agus gur maitheasach an obair do rinneadh i bpríomh-chathraig na M[n]umhan de rith seachtmhaine na Cásga agus ní fearr ná ar cuireadh i dtreó a bheith deunta i gcaitheamh na bliadhna so. Connradh na Gaedhilge i g-Corcaigh. Idir an cúigeadh lá deug de'n Mhárta a mbliadhna agus uair sgríbhne se .i. ar an 20adh lá de'n Aibreán, do bhí ocht gcruinnighthe dá mbailiughadh ag lucht an Chonnartha i gCorcaigh. Bhí Feis na Gaedhilge dá tiomsughadh aca ar oidhche an tseachtmhadh lae dheug de'n mhí se. Bhí óráide dá dtabhairt dúinn as Gaedhilg agus as Beurla ar son na cúise. Budh dheacair do dhuine, gan é bheith 'n-a rígh-sgríbhneoir, cunntas ceart do thabhairt ar fheabhas na comhdhála so. Ní hé amhain go raibh cruinniughadh mór againn, acht muinntir Ghaedh- ealach fhíor-thuigsionach b'eadh iad do bhí ann. Do éisteadar leis na hóráidibh Gaedhealacha le cúram agus le lúthgháir, agus is minic do bhíodar ag cur mór-ghárthadh asta agus ag buain torainn gháirdighthe as a mbasaibh. Bhí cuideachta ó Áth Cliath fá láthair, mar atá Eoin Mac Néill, Searamh Laoide, Pádruig Ó Laoghaire, Tomás Ua hAodha, Seaghán Ua hÓgáin, agus Seumus Ua Cathasaigh. Do labhair an ceud triúr díobh as Gaedhilg os comhair na comhdhála, agus níor bh'fhearr an fháilte ríoghamhail fuaradár ná na hóráide geur-chúiseacha do thugadár uatha; agus cé nach as Cúigeadh Mumhan atha bheirt díobh, níor chaill an coimhthionól aon leus ná aon phunc ná aonfhocal dá gcomhráidhtibh, acht do éimheadar amach go hoireamhnach ag comhdhaingniughadh gach ráidh chiallmhair adeireadh na labharthóiridhe. Bhí óráid fhíor-bhlasda (Ghaedhealach gan amhrus) da tabhairt uaidh ag an Athair Peadar ua Láoghaire ó Chaisleán Uí Liatháin, agus ba dhóbair do na daoinibh dul i n-eug le neart a ngáire ar uairibh, feadh do bhí sé ag labhairt leo. Do labhair Pádruig Stúndún agus Seaghán Ó Monacháin, ar n-oidhche Gaedhealacha, as Gaedhilg, agus bhí óráide dá dtabhairt dúinn as Beurla ag M[n]uiris a hÉalluighthe, feár feise, ag an Athair Pádruig Ó Laoghaire, ag an Athair Seumus Ó Sgannlúin as na hAodhairidhibh i mBéarra, agus ag Tomás ua hAodha. Is é do riaghluigh an fheis éire Corcaighe agus do thuill sé moladh mór agus mór-bhuidheachas ó'n gcomhdháil sin agus ó lucht coiméada na Gaedhilge go coitchionn. Níos túisge 'san lá do bhí Cumann Contaeseach ar n-a chuth ar bun agus do cinneadh ar Dhomhnall Ó Séadha chum bheir i n-a rúin-chléireach do'n chumann sain. Bhí sgoruidheacht áirithe againn ar oidhche Dia'rdaoin, agus cé nach raibh uain againn chum fógra tráthamhla do thabhairt d'ár gCumanntóiribh, bhí cruinniughadh maith againn, agus dh' éisteamar le hóráidibh ó'n Laoideach agus ó 'n Niallach agus ó “Sheandún” an Cathaoireach. Do labhradar ar obair an Connartha. Bhí abhrán dá thabhairt dúinn ó Chonchubhar Ó Ceallaigh, agus abhráin eile ó'n Saoi Ó Loingsigh. Do sheinn Osborn a hAimhirgin ar bheidhlinn agus thug mórán daoine eile cabhair dúinn chum gur chaitheamar an oidhche go sultmhar. Do thriallamar annsain go dthí port an bhóthair iarainn, agus d'fhágamar slán beo ag ár gcáirdibh ó Áth Cliath. Sin cunntas ar dhá chruinniughadh dá raibh againn agus is féidir aon ghearr-cunntas amháin do thabhairt ar na cruinnighthibh eile. Gach oidhche luain do thiomsuigheamar i gcionn a chéile, agus do chaitheamar dhá uair ag léigheadh ar leabhar agus ag glacadh comhairle le chéile. Bhí deagh- chruinniughadh againn gach am. Bhí an tIrisleabhar dá léigheadh ag cuidh againn, agus bhíomar ag treabhadh trés an mBláithfleasg leis. Bhí cuid eile dhínn idir an dá bhuidhin ag léigheadh as leabhraibh tosnuightheoiridhe. Gach oidhche Aoine acht oidhche Aoine an Cheusta amháin, do bhíomar i bhfochair a chéile leis. Bhí sgoruidheacht ar bun ar na hoidhcheannaibh sin, agus fuaramar cabhair chuca ó mhórán d'ár gcumanntóiribh. Thug “Seandún” nó Tadhg Ó Murchadha, ár gcathaoireach, tuaraisg dúinn ar dhá fhilidh do mhair timcheall ceithre fichid bliadhain ó shoin i n-aice Muighe Cromdha. Ata cuid dá ndántaibh agus dá ráidhtibh ar fagháil fós agus ata lucht ar gCraoibhe dhá mbailiughadh. Thug an[d] saoi Stúndún leughthóireacht dúinn as láimhsgríbhinn i n-a raibh dán cumtha le Dáibhidh de Barra, file Corcaigheach do mhair le linn Vallancey, agus do bhrosduigh an fear sain chum aire do thabhairt do'n Ghaedhilg. Togha fileadh béadh an duine seo. Do chum sé dán móir ar a dtug sa “Ar Bhás agus Bheathaidh Ábel.” Atá súil againn go bhfeicfear an dán so fá chlóth go luath, óir do thug duine d'ar gcumann darab ainm an — a Ríoghbhar- dáin an láimh-sgríbhinn i n-a bhfuil do dhaoinibh againn chum bheith dá chlódhbhualadh. Bhí óráide dá dtabhairt dúinn ó'n Saoi a Monacháin, agus d'éisteamar
le habhránaibh ó 'n Saoi Ó Ceallaigh, fear óg ag a bhfuil guth fír-bhinn; agus thug abhsánuidhe breagh eile .i. Pádruig Ó Loingsig abhráin dúinn lei. Do sheinn an Saoi Ó hAimhirgin go clisde ar an mbeidhlinn; agus thug leughthóireacht dúinn leis. Fuaramar cabhair ó na saoithibh se leis .i. Ó Ceannfhaolaidh Ó Bhriain, Seártain, Ó Thuama, Ó Criomthaoin, Laoiléis, Ó Foghlugha, Ó Séadha, a Ríoghbhardáin agus Pléimionn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services