Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Imtheachta na gCumann nGaedhealach.

Title
Imtheachta na gCumann nGaedhealach.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1895
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 31


Imtheachta na gCumann nGae-
dhealach.



Connradh na Gaedhilge i nÁth Cliath.



Tar éis mar cuireadh i n-aisnéis cheana ar an árd-
chraoibh, ní raibh acht aon chomhdháil choitcheann amháin, óir
do bhí imirce dhá deunamh ag an gcumann go tigh eile,
agus do bhí a ghnótha ar stad le n-a linn sin. Acht do bhí
buidhean de'n Chomhairle ag obair go dian dícheallach
ag socrughadh le haghaidh na Feise i gCorcaigh agus ag
tabhairt aire do neithibh eugsamhla eile. Tá súil ag
lucht na Comhairle go mbeidh teach nuadh ollamh 'n-a
gcomhair gan mhoill, agus annsin go mbeidh faill aca thar
mar bhí riamh ar a ngnóthaibh do thiomáin ar aghaidh go
rathamhail.



Dála feise Corcaighe, tá trácht uirri i mBeurla i
náit eile de'n duilleachán so. Ní sgríobhfar a thuilleadh
de'n chor so acht gur maith agus gur maitheasach an obair
do rinneadh i bpríomh-chathraig na M[n]umhan de rith
seachtmhaine na Cásga agus ní fearr ná ar cuireadh i
dtreó a bheith deunta i gcaitheamh na bliadhna so.



Connradh na Gaedhilge i g-Corcaigh.



Idir an cúigeadh lá deug de'n Mhárta a mbliadhna
agus uair sgríbhne se .i. ar an 20adh lá de'n Aibreán, do
bhí ocht gcruinnighthe dá mbailiughadh ag lucht an
Chonnartha i gCorcaigh. Bhí Feis na Gaedhilge dá
tiomsughadh aca ar oidhche an tseachtmhadh lae dheug de'n
mhí se. Bhí óráide dá dtabhairt dúinn as Gaedhilg agus
as Beurla ar son na cúise. Budh dheacair do dhuine,
gan é bheith 'n-a rígh-sgríbhneoir, cunntas ceart do
thabhairt ar fheabhas na comhdhála so. Ní hé amhain go
raibh cruinniughadh mór againn, acht muinntir Ghaedh-
ealach fhíor-thuigsionach b'eadh iad do bhí ann. Do
éisteadar leis na hóráidibh Gaedhealacha le cúram agus
le lúthgháir, agus is minic do bhíodar ag cur mór-ghárthadh
asta agus ag buain torainn gháirdighthe as a mbasaibh.
Bhí cuideachta ó Áth Cliath fá láthair, mar atá Eoin
Mac Néill, Searamh Laoide, Pádruig Ó Laoghaire,
Tomás Ua hAodha, Seaghán Ua hÓgáin, agus Seumus Ua
Cathasaigh. Do labhair an ceud triúr díobh as Gaedhilg
os comhair na comhdhála, agus níor bh'fhearr an fháilte
ríoghamhail fuaradár ná na hóráide geur-chúiseacha do
thugadár uatha; agus cé nach as Cúigeadh Mumhan atha
bheirt díobh, níor chaill an coimhthionól aon leus ná
aon phunc ná aonfhocal dá gcomhráidhtibh, acht do
éimheadar amach go hoireamhnach ag comhdhaingniughadh
gach ráidh chiallmhair adeireadh na labharthóiridhe. Bhí
óráid fhíor-bhlasda (Ghaedhealach gan amhrus) da tabhairt
uaidh ag an Athair Peadar ua Láoghaire ó Chaisleán
Uí Liatháin, agus ba dhóbair do na daoinibh dul i n-eug le
neart a ngáire ar uairibh, feadh do bhí sé ag labhairt
leo. Do labhair Pádruig Stúndún agus Seaghán Ó
Monacháin, ar n-oidhche Gaedhealacha, as Gaedhilg, agus bhí
óráide dá dtabhairt dúinn as Beurla ag M[n]uiris a
hÉalluighthe, feár feise, ag an Athair Pádruig Ó
Laoghaire, ag an Athair Seumus Ó Sgannlúin as na
hAodhairidhibh i mBéarra, agus ag Tomás ua hAodha. Is é
do riaghluigh an fheis éire Corcaighe agus do thuill sé
moladh mór agus mór-bhuidheachas ó'n gcomhdháil sin agus ó
lucht coiméada na Gaedhilge go coitchionn. Níos
túisge 'san lá do bhí Cumann Contaeseach ar n-a chuth
ar bun agus do cinneadh ar Dhomhnall Ó Séadha chum bheir
i n-a rúin-chléireach do'n chumann sain. Bhí sgoruidheacht
áirithe againn ar oidhche Dia'rdaoin, agus cé nach raibh uain
againn chum fógra tráthamhla do thabhairt d'ár
gCumanntóiribh, bhí cruinniughadh maith againn, agus dh'
éisteamar le hóráidibh ó'n Laoideach agus ó 'n Niallach agus
ó “Sheandún” an Cathaoireach. Do labhradar ar
obair an Connartha. Bhí abhrán dá thabhairt dúinn ó
Chonchubhar Ó Ceallaigh, agus abhráin eile ó'n Saoi Ó
Loingsigh. Do sheinn Osborn a hAimhirgin ar bheidhlinn
agus thug mórán daoine eile cabhair dúinn chum gur
chaitheamar an oidhche go sultmhar. Do thriallamar
annsain go dthí port an bhóthair iarainn, agus d'fhágamar
slán beo ag ár gcáirdibh ó Áth Cliath.



Sin cunntas ar dhá chruinniughadh dá raibh againn agus is
féidir aon ghearr-cunntas amháin do thabhairt ar na
cruinnighthibh eile. Gach oidhche luain do thiomsuigheamar
i gcionn a chéile, agus do chaitheamar dhá uair ag léigheadh
ar leabhar agus ag glacadh comhairle le chéile. Bhí deagh-
chruinniughadh againn gach am. Bhí an tIrisleabhar dá
léigheadh ag cuidh againn, agus bhíomar ag treabhadh trés
an mBláithfleasg leis. Bhí cuid eile dhínn idir an dá
bhuidhin ag léigheadh as leabhraibh tosnuightheoiridhe. Gach
oidhche Aoine acht oidhche Aoine an Cheusta amháin, do
bhíomar i bhfochair a chéile leis. Bhí sgoruidheacht ar
bun ar na hoidhcheannaibh sin, agus fuaramar cabhair chuca
ó mhórán d'ár gcumanntóiribh. Thug “Seandún” nó
Tadhg Ó Murchadha, ár gcathaoireach, tuaraisg dúinn ar
dhá fhilidh do mhair timcheall ceithre fichid
bliadhain ó shoin i n-aice Muighe Cromdha. Ata
cuid dá ndántaibh agus dá ráidhtibh ar fagháil fós agus ata
lucht ar gCraoibhe dhá mbailiughadh. Thug an[d] saoi
Stúndún leughthóireacht dúinn as láimhsgríbhinn i n-a
raibh dán cumtha le Dáibhidh de Barra, file Corcaigheach
do mhair le linn Vallancey, agus do bhrosduigh an fear sain
chum aire do thabhairt do'n Ghaedhilg. Togha fileadh
béadh an duine seo. Do chum sé dán móir ar a dtug
sa “Ar Bhás agus Bheathaidh Ábel.” Atá súil againn go
bhfeicfear an dán so fá chlóth go luath, óir do thug
duine d'ar gcumann darab ainm an — a Ríoghbhar-
dáin an láimh-sgríbhinn i n-a bhfuil do dhaoinibh
againn chum bheith dá chlódhbhualadh. Bhí óráide dá
dtabhairt dúinn ó'n Saoi a Monacháin, agus d'éisteamar


L. 32


le habhránaibh ó 'n Saoi Ó Ceallaigh, fear óg ag a
bhfuil guth fír-bhinn; agus thug abhsánuidhe breagh eile .i.
Pádruig Ó Loingsig abhráin dúinn lei. Do sheinn an
Saoi Ó hAimhirgin go clisde ar an mbeidhlinn; agus thug
leughthóireacht dúinn leis. Fuaramar cabhair ó na
saoithibh se leis .i. Ó Ceannfhaolaidh Ó Bhriain, Seártain,
Ó Thuama, Ó Criomthaoin, Laoiléis, Ó Foghlugha, Ó
Séadha, a Ríoghbhardáin agus Pléimionn.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services