Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Turas go hÁrainn
Title
An Turas go hÁrainn
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1925
Publisher
Connacht Telegraph
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CHEARNÓG Uiml. II. Uimhir 7. EANAIR, 1925. Luach 3 Píghinne. AN TURAS GO hÁRAINN. Sa Samhradh a thárla sé. Bhí an Cúrsa Gaedhilge fá lán t-seóil i nGaillimh, agus bhí neart cailíní dathamhail agus buachaillí croidheamhail sa gcathair. Bhí aithne curtha agam féin ar chailín deas, agus bhíos ag dul ar aghaidh go maith leithe, ag siubhal amach léithe tráthnóna nó ghá tabhairt chuig an amharclainn, agus ag caitheamh mo chuid airgid ar mhilscáin dhuithe. Cé go mbíodh an dearg mhí- adh orm i gcomhnaidhe i gcúrsaí grádha, bhí dóchas láidir agam go bhféadfainn an cailín seó a mhealladh abhaile liom i ndeireadh an Cúrsa. Ní raibh sé de mhisneach agam an cheist mhór a chur uirthí fós, acht bhí tuairim agam nach ndiúltóchadh sí mé nuair a chuirfinn í mar bhí sí ceanamhail go maith orm. An t-seachtmhain áirithe seó bhí sé socruighthe ag na maca-leighin a bhí ar na Coláistí Gaedhilge go mbéadh turas go hÁrainn aca Dia Sathairn. Bíonn an turas sin acu chuile Shamhradh agus muna mbíonn spórt agus siamsa, agus ar ndóigh togha spalluigheachta acu ní lá go maidin é! An ndeachaidh tú ar thuras go h-Árainn ariamh, a léightheóir? Muna ndeachaidh, ba cheart duit a dhul ann an chéad uair a bhéas deis agat. Tá sé mar a bheitheá ar shaoghal eile ar fad. Is cosamhail le aon mhuirighin mhóir amháin an dream a bhíos ar bord na luinge, agus tig leat dul chun cainnte le daoine nach bhfuca tú ariam roimhe sin má's mian leat é. Nach mór an gar é sin do bhuachaillí óga mar mé féin atá ar thóir céile! Nach mór an gar é sin do bhuachaillí óga mar mé féin atá ar thóir céile! Nach minic ar an talamh tirim a chíos buachaill cailín dá dtugann sé tnuthán a chroidhe, acht toisg nach bhfuil aithne aige uirthí ní bhíonn sé de chead aige labhairt léi, fiú amháin dreas spalluigheachta a dhéanamh léithe. Acht bíonn a mhalairt de sgéal ar fad ar bhord na luinge ag dul amach go h-Árainn. Ní cuir- tear aon t-suim annsin ins na riaghlacha seafóideacha a bhíos i bhfeidhm ar an talamh tirim. Cuirtear ar neamh- nidh ar fad iad. Badh é b'fhada liom féin go ngealadh an Satharn, mar bhí Caitlín le bheith ar an turas agus bí fhios agam go mbéadh lá breágh fada agam 'na cuideachtain. Tá, mar a dubhras cheana, draoidheacht eicint ag baint leis an turas agus leis an oileán é féin, agus muna n-éirigheadh liom an chuthaileacht a chur ar leath-taoibh agus an cheist níor a chur ar Chaitlín, agus sin beirt 5nár suidhe ar na carraigeacha amuigh san oileán, b'aisteach an sgéal é. Bhéadh leith-sgéal maith agam amuigh annsin le breith ar láimh uirthí agus mo lámh a chur timcheall ar a cuim, áit a mbéadh orm conghnamh a thabhairt duithe ag strapadh thar na carraigeacha, agus ar ndóigh, ba thosach maith é sin, agus deir an sean-fhocal gur leat na h-oibre tosach maith. Fadó a bhéadh an cheist curtha agam uirthí dá bhféadainn an tosach úd a dhéanamh acht táim chomh dia- bhaltach cuthail sin nach dtig liom breith ar láimh ar chailín de'n céad uair gan leith-sgéal. Acht ní bhéadh aon easbaidh leith-sgéil orm i nÁrainn, agus dá bhrigh sin bhí dóchas láidir agam go mbéinn féin agus Caitlín luaidhte le chéile roimh fhilleadh ar Ghaillimh dhúinn trath- nóna. Cheannuigh mé péire bróg trathnóna Dia hAoine. Bróga uimhir a dó-dhéag a chaitheas mé de ghnath. Sin rud a chuireas buaidhreadh ar mo chroidhe go minic a mhéid is atá mo chosa. Tá daoine ann a bhfuil cosa móra fútha, agus tá daoine ann a bhfuil cosa an-mhóra ar fad futha, acht ní fhaca tú ariamh a leithéid de na spága atá fúm-sa. Sílim gur fearr go mór fada an t-adh a bhéadh orm le na cailíní meireach iad. Luigheann sé le réasún gur lugha-de meas na gcailíní ar bhuachaill bocht spága a bheith faoi. Bítear ag magadh faoi, i gcomhnaidhe agus, nidh nach ionghnadh, ní maith le cailín ar bíth aon bhaint a bheith aici le buacháill atá 'na cheap magaidh ag an bpobal. Acht mar a bhíos a radh, cheannuigh mé péire bróg trathnóna Dia hAoine. Ní raibh aon phéire sa siopa de'n uimhir a bhí ag teastáil uaim, acht mhól an buachaill a bhí i mbun an t-siopa, mhól sé dhom péire uimhir a h-aon- déag a cheannacht. Dubhairt sé go mbéidís sathach-mhór dhom acht a gcaithinn cúpla lá iad. Dubhairt sé fós gur laghduigh sé a chosa féin ar an dóigh sin, go gcaitheadh sé uimhir a deich uair amháin, agus nach raibh dá chaitheamh aige ar an lathair úd acht uimhir a seacht. Is ionghantach an rith-chainnte a bhíos ar chuid de na buachaillí úd ins na siopaí! Chuirfidhís an dubh 'na bhán ort. Meallfaidhe Naomh Peadar leó. Ar chaoi ar bith mealladh mise leis an mbuachaill seó, agus badh é deireadh an sgéil gur thugas bróga uimhir a h-aon-déag abhaile liom, agus bhí sé de rún daingean agam mo chosa a laghdughadh mar a rinne an buachaill sa siopa. Samhluigheadh dhom an lá, i gceann cúig nó sé mbliadhain, nuair a d'fhéadfainn siubhal ar na sráideanna gan aon duine ag tabhairt sundais do mo chosa. D'éirigheas go moch maidin Dia Sathairn agus chuadhas chuig Aifreann a h-ocht. Bhí an long le n-imtheacht ar a deich a chlog. Ar theacht ón Aifreann dom d'itheas mo bhrisfeasta agus annsin chuadhas suas staighre le mé féin a bhearradh. Níor mhór dhom, ar ndóighthe, a bheith go glan bearrtha agus mé le bheith i bhfochair mo Chaitlín i rith an lae. Bheadh a lán buachaillí eile ar an turas agus bhéadh sí dom' chur i gcomórtas leóbhtha. Agus fós, dá n-éirigheadh liom an cheist mhór a chur uirtí roimh thigheacht abhaile dhúinn, agus dá nglacadh sí liom níor mhór dhom annsin thar ariamh mo leicne a bheith chomh sleamhain le leac mharmair.
Boil, bhíos dom' sgríobadh agus dom' ath-sgríobadh le rásúr nach raibh ar ghéire an domhain nó sa deireadh gur bhaineas giota den chneas dem' smig agus thoisigh an fhuil ag brughadh amach mar a bhéadh Dia ghá rádh léi. Ar thug tú fá deara ariamh, a léightheóir, a dheacra is atá sé fuil a stopadh, go mór-mhór má bhíonn deifir ort? Bhí sé i bhfoisgeacht deich móiméid do'n deich — an t-am a raibh an long le n-imtheacht — sul a raibh an fhuil stoptha agam-sa an mhaidin úd. Bhí cúig móiméid eile imthighthe sul ar fhéad mé na bróga nuadh a chur orm, mar is ar éigin a rachadh mo chosa isteach ionnta chor ar bith. D'fhág sé sin nach raibh acht cúig móiméid agam le dul síos chuig an dug. A Dhia na Glóire, céard a dhéanfainn dá gcaillinn an long agus Caitlín a bheith imthighthe ar an turas léithe féin! Ní labhróchadh sí liom go deó airís. Thug furmhór dá mbéadh ar an turas an chaoi a raibh an sgéal eadrainn, agus muna dtéidhinn ar an turas le Caitlín céard a déarfaidhe nó a ceapfaidhe acht gur ag éirighe tuirseach di a bhíos. Seadh, ní mhaithfeadh sí dhom go deó é dá gcaillinn an long. Síos liom im' lán-rith chuig an dug. Ar shroichint na h-áite dhom bhí na daoine uilíg ar bord agus an long go díreach ag gluaiseacht amach ón gcéibh. Dá mba mhian liom a dhul ar bord bheadh orm léim lúthmhar glan- osgardha a thabhairt mar a dhéanfadh duine de na Fianna fadó. Uair ar bith eile ní dhéanfainn a léitheid de lénn ar ór na cruinne, acht fuaireas amharc ar Chaitlín ar bhord na luinge agus thugas fa deara go raibh buachaill árd dathamhail i n-aice léithe agus ghríosuigh sé sin chun gaisgidheachta mé. Thugas ruathar go bruach na chéibhe agus thugas léim a chuirfeadh éad ar Thársan na n-Ápa dá bhfeiceadh sé í. Thug Dia dhom gur éirigh liom clár na luinge a bhaint amach, acht muna mbaininn bhéadh mo chuid aráin ithte agus mo dhreas deireadh spalluigheachta déanta. Dá dtuitinn sa dug báithfidhe mé chomh cinnte is tá gob ar phréachán, mar níl aon t-snúmh agam acht an oiread le ceann casúir. Bhí iongnadh a gcroidhe ar a raibh ar bord nuair a chonnaiceadar chuca mé. Cheap cuid acu gur ghealt a bhí ionnam, agus go deimhin duit ba chosamhala mé le gealt ná le duine ciallmhar ar an lathair úd. Bhí an fhuil ag teacht go tréan ómh' smig arís i ngan fhios dom, agus bí stríoc mór fola anuas ar bhrollach mo léine. Arbh aon iongnadh é má dhruid na cailíní, agus cuid de na fir freisin, amach uaim nuair a thúrluing mé 'na measg? Acht bhí áthas ar Chaitlín go raibheas ar fághail. D'innis sí do chuid dá cáirde go raibh mise le bheith léithe ar an turas, agus bhí faitchíos a h-anama uirthí go gclisfinn agus go mbéadh sí 'na staicín magaidh acu. Agus ba mhór an glionndar a chuir sé uirthí gur 'spáin mé dhóibh go raibh an oiread sin measa agam uirthí is go rachainn i gcontabhairt mo bháis sul a sgaoilinn chun siubhail í gan a bheith na fochair. Chomh luath is a thug na daoine faoi deara go raibh cailín agam ar bord ní rabhadar ag coingbhéal amach uaim ní b'fhuide. Má tá cailín ag duine tig leis a rogha rud, dá leibidighe é, a dhéanamh agus ní ceapfar go bhfuil sé as a chéill. Má tá cailín ag duine béidh cailíní eile ag brughadh cáirdeachais agus cineáltais air, acht má tá an duine bocht 'na chadhan-aonraic seachnóchaidh siad é mar an donas. Má tugtar faoi deara nach bhfuil ag éirighe le buachaill cailín a fhaghail ceaptar is dóighche go bhfuil aistighil eicínt ag baint leis agus ann- sin tá sé réidh; acht fághadh sé cailín uair amháin agus tig leis a rogha dhíobhtha a fhághail 'na dhiaidh sin. Nach aisteach í inntinn na mban! Ní h-iongnadh ar bith é go sáruigheann sí an tuigsint daondha. Bhéinn ar dhruim na muice anois meireach rud amháin. Thoisigh na bróga nuadh ag goilleamhaint go mór orm. Bhí mo chosa mar a bhéidís sa teine. A léightheóir na gcarad, munar chaith tú ariamh bróga a bhí ró-bheag duit níl fhios agat céard is fulaingt ann. Ní féidir aon chur-síos a dhéanamh ar ar fhulaing mhise an lá úd. Ní raibh aon t-suaimhneas agam im' shuidhe nó im sheasamh, agus maidir le baoth-chainnt a choingbhéal ar siubhal le Caitlín agus pian na gcéadta dá fulaingt agam, ní fhéadfainn é a dhéanamh. Facthar dom gur cheap an creatúir bocht gur ag éirighe tuirseach dí a bhíos. Agus leis an sgéal a dhéanamh níos measa bhí an buachaill árd dathamhail úd ag bualadh thart agus ag bualadh bleid uirthí go minic, agus rud eicínt ar bhárr a theangan aige i gcomhnaidhe a bhaineadh racht gáire aistí. Ní fuláir nó bhéadh sí 'gár gcur i gcomórtas, — mise go dúr gruamdha agus eisean go meidhreach aereach — agus thuigeas go maith gur lugha de mo sheans léithe an comórtas sin. Ghuidheas gach mallacht dá raibh ar eólas agam anuas ar a cheann, agus ar cheann an té a dhíol na bróga liom. Shroicheamar an t-oileán sa deireadh, acht is ar éigin a bhí mise i n-ann siubhal chor ar bith fa'n am seó. Chuaidh ochtar againn, ceathrar buachaillí agus ceathrar cailíní, chuig an teach-ósta le dinnéar a fhághail. Nuair a bhéadh an dinnéar caithte againn rachaimís amach ag siubhal, agus annsin bhéadh seans agam an cheist a chur ar Chaitlín dá leigeadh na bróga dhom. Ní rabhamar acht 'nár suidhe chun buird nuair a bhuail an buachaill árd dathamhail isteach agus d'orduigh din- néar, agus tugadh áit dó ag an mbord céadna linn-ne. Nuair a chonnaiceas chugainn é ba mhaith liom é a thachtadh, mar facthas dom go raibh súil aige ar Chaitlín. Bhí na cosa chomh te agam anois le splannc teineadh. Dá bhfaghainn an domhan air ní fhéadfainn an phian a sheasamh níos fuide, agus bhainneas na bróga dhíom faoi'n mbord i ngan fhios do na daoine eile. Ó nár bhreágh an fionn-fhuaras é do mo chosa bochta! D'airigh- eas ar nós anam a tóigfidhe ó Phurgadóir go Flaitheas. D'éirigh liom mo theanga a bhogadh chun líomhthachta arís, agus deirim leat nár fhágas an chainnt ar fad faoi'n mbuachaill árd dathamhail le linn dinnéir. Nuair a bhí an dinnéar caithte againn cuireadh i gcomh- airle go rachaimís amach ag siubhal le eólas a chur ar an oileán. B'in é a bhí uaim-se go díreach. B'in é an seans a bhí leagtha amach agam leis an gceist a chur ar Chaitlín ó cuireadh dlúthas leis an turas ar dtús, agus bhí sé ceaptha amach agam go gcrochfainn chun bealaigh liom í ó na daoine eile. Bhí áit deas uaigneach ar eólas agam chuig a dtiubhrainn í, agus bhéadh orm, mar a dubhras cheana, breith ar láimh uirthí le 'na stiúradh thar n acarraigeacha. Bhéadh liom ac a mbéadh a láimhín i ngreim agam. D'fhéadfainn tagairt a dhéanamh do na méaranna deasa caola a bhí aici, agus a rádh gur deas a rachadh fáinne do cheann acu. B'fhurasta dhom annsin a rádh go mbfhearr liom féin ná ór na cruinne é a bheith de chead agam uaithe fáinne a chur ar an méirín sin. Agus annsin, ar ndóighche chuirfinn i n-íul di an grádh dó-mheasta dó-theóranta a bhí agam dhuithe. Seadh, ba chinnte mé go n-éireóchadh go geal liom ach a n-imthighimís ó na daoine eile. D'fhéacas le na bróga a chur orm arís i ngan fhios dá raibh i láthair, acht mo léan géar! níorbh fhéidir liom. D'atuigh mo chosa ó tugadh an fionn-fhuaras dhóibh, agus dá mbéinn leó go dtigeadh an lá indé ar ais dheamhan a rachaidís isteach ins na bróga arís! Bhí iongnadh a gcroidhe ar na daoine eile ar a thabhairt fa deara dhéibh nach raibh fonn siubhail orm féin. Thuigeas go raibh fearg ar Chaitlín liom mar gheall ar mé a bheith 'ghá chur i gcéill dóibh nach raibh aon dhuil agam dul amach ag siubhal léithe féin. Acht cé'n neart a bhí agam air? Dá nochtuighinn dóibh an chaoi a raibh an sgéal, bhéinn im' cheap magaidh go dteigheadh cré orm. Agus leis an sgéal a dhéanamh níos measa, chuir an buachaill árd dathamhail a ladar isteach. "Nach go fonnmhar," ar seisean, ag tagairt don chaoi
a raibh an sgéal idir mé féin agus Caitlín, "nach go fonnmhar a rachainn-sé amach dá mbéinn id' bhróga!" Níor dhubhras go mba fonnmhar a rachainn féin amach dá mbéinn i mo bhróga, acht b'amhlaidh a bhí sé. Sa deireadh nuair a connacthas nach raibh aon mhaith a bheith liom. Bhuail an t-ochtar eile amach, agus ó bhíodar 'na mbeirteanna chuaidh Caitlín leis an mbuachaill árd dathamhail. Ba saighead i lár mo chroidhe iad a fheiceál ag imtheacht, agus go mór-mhór an fhéachaint a thug Caitlín dhom, a b'ionnam is a rádh go raibh sí réidh liom. An gádh dhom fad a chur ar an sgéal? D'éaluigh mé síos chuig an luing im' stocaí nuair a fuaireas faill — ní raibh bróga uimhir a dó-dhéag le fághail ar an oileán — agus chuadhas i bhfolach inntí i gcúl-áit nach bhfeicfidhe mé. Nuair shroicheamar Gaillimh sa trathnóna b'éigin dom fanacht san áit a raibheas i bhfolach nó go raibh na daoine a bhí ar an turas sguabtha leó abhaile, agus annsin d'éaluigh mé tríd na cúl-sráideanna chuig an teach-lóistín. Casadh Caitlín liom ar an t-sráid an lá 'na dhiaidh sin, acht ní bhreathnóchadh sí orm. Agus tá an buachaill árd dathamhail na leanán aicí ó shoin i leith. PÁDHRAIC Ó GABHLÁIN. SGÉAL AN PHIOBAIRE. Ins an gColáiste seo bhí Franncaigh agus Spáinigh chómh maith le Éireannachaibh agus Sasanaigh, agus is furus a thuigsint go mbéadh anois agus arís rud beag achrainn idir na macaibh léighinn. Na hÉireannaigh a bhí ann, bhí an chuid ba mhó aca Gallda go leór. Ba h-iad na buachaillí a rugadh in Éirinn ba Ghallda. Bhí gasúr aca siúd nach stopfad acht go mo chreachadh faoi gur rugadh i Sasana mé. D'fhuiling mé chómh fada agus dob' fhéidir liom é, agus sa deireadh thug mé a dhubhshlán dó. Bhí a fhios agam go bhfuigheadh sé an bhuaidh orm ag dornáil acht bhí sé ceaptha agam é do thachtadh. Thoisig an troid. Níor chuir mé na dorna suas chor ar bith, mar ba chuma liom buille dá mbéadh seans agam greim d'fhághail ar a sgeadamán. Bhuail sé mé go breágh idir an dá shúil, agus ghearr sé mé, acht sul má bhí am aige buille eile do tharraing, bhí greim piobáin agam air. Rinne an bochtán a dhícheall, acht bhí mé ní ba fiúntaighe ná é. Thug mé cor coise dó, agus thuit sé. Bhí mise i na mhullach agus mo ghlún ar a bholg. Ríth na gasúir eile chugainn, agus d'fhiafruigh duine aca díom an mbuailfinn fear ar an talamh. "Níl mé dhá bhualadh," arsa mise. "Tá dúil agam é do thachtadh." Labhair buachaill eile, agus d'iarr orm é leigean aníos. "Go deimhin, ní leigfead," arsa mise. "Bhí an iom- arca trioblóide orm é leagadh." Rugadar orm annsoin, agus bhí deireadh leis an troid, acht chongbhuigh mo dhuine amach uaim as sin amach. San mbliadhain deireannach do chaith mé san gColáiste seo, bhí beirt ollamh n-ogh ann a bhí ag dul isteach san Órd Dhuir siad so cuma an-Ghallda ar án saoghal, mar ba Sasanaigh iad go smior is go smusach. Tar éis gach cuirme cheóil a bhiodh againn, bhuailfeadh duine aca suas rosg cotha Shasana, agus ghéill na n-ollamhna eile dóibh. Ghoill sé seo go mór ar na Frannchaibh agus ar na Spáineachaibh, agus ní nach ionghnadh ar na Gaedhealaibh chómh maith. Aon oidhche amháin, bhí árd-chuirm cheóil ann in onóir do phatrún an úird. Nuair a bhí an siamsa thart, d'éirigh an t-ollamh ré ceoil, a slat draoi dheachta beag in a láimh aige. Bhuail ollamh eile (an Sasanach) roinnt nótaí dhé ar an bpianó. Sheas 'chuile dhuine suas acht amháin ochtar mac léighinn. D'ardaigh an t-ollamh a chuaille. A h-aon, a dó, a trí! Bhí na focal "God save" ag teacht amach as a bhéal nuair a chonnaic sé sinne. Stad sé. Leig sé a shean-bhéic ag ordúghadh domhsa seasamh, mar ba mé an mac léighinn ba shine ann. Níor chorruigh mé, agus níor chorruigh duine de'n ochtar. Ghlaoidh sé orm arís. Labhar mé annsin agus dubhairt mé leis nár chleachtaidh mé an port sin agus gur Éireannach mé. Dubhairt mo chomradaí rud éigin freisin agus briseadh suas an cruinniúghadh gan "God save the Queen" do rádh. Cuireadh pionás trom orrainn mar gheall ar ár gcuid easumhlachta, acht ba chuma linn sin, mar thaisbeánamar nárbh Shasanaigh sinn. Is doiligh é creideamhain acht is ins an gColáiste seo a thoisigh mé ag foghluim na Gaedhilge. Bhí a fhios agam go raibh teanga áithrid ag muinntir na hÉireann mar chualaidh mé focla anois agus arís ag m'athair. Tharla dom lá amháin piosa dhe pháipéar nuaideachta, an "Free- man's Journal" b'fhéidir go raibh bhéarsai ann ag moladh teanga na nGaedheal. Sílim gur thoisig bhéarsa amháin mar seo: "The Irish tongue is my native tongue," says the sterling Irishman." Chualaidh mé Franncaigh agus Spáinigh a labhairt as a dteanga féin thart orm. Minic a bhéadh siad ag magad fiúnn — na h-Éireannaigh nach raibh teanga fá leith againn. Mhionnuigh mé dom féin go mbéadh mo theanga féin agam dá dtagadh liom é. Bhí laidin agus Frainncís agam cheana, agus facthas dom nach mbéadh sé an deacair teanga eile do phiocadh suas. Bhí ádhbhar léightheóireachta ag teastáil uaim, lá, agus chuaidh mé go dtí an leabharlann. Bhí mé ag cuartúghadh go bhfacaidh mé ar an liosta "Grammaire Irlandaise." Fuair mé an leabhar ar iasacht, agus go maithidh Dia dhom é! Rinne mé dearmad ar a thabhairt ar ais. In Acaill do clóbhuaileadh é ag an Mission Press, agus bhí sé agam roinnt bliadhain go bhfacaidh duine i Lonndain é. Fuair seisean ar iasacht uaim é, agus d'imir sé an cleas ceannan céadna orm agus d'imir mé ar an gColáiste. Is aisteach an rud é, acht fuair mé cóip eile de in Aonach Úrmhumhan ag sean-phílear Protas- túnach go mb' éigin dó teicheadh ó 'n mbaile sin, mar gheall ar eachtraidhe mhná a bhí ró thugtha do'n bhraon beag cruaidh. Bhí áthas orm a fhághail cé gur beag cuimhne a bhí agam an uair sin go gcaithfinn seal in Acaill. Tá a fhios agam gur gnáthach le daoinibh na laetheannta a chaith siad i gColáiste do mholadh. Ní mholfaidh mé agus ní cháinfidh mé an saoghal a chaith mé féin faoi smacht, mar bhí mé rud beag righin ag glacadh léighinn, agus bhímís cráidhte ag scrúduighthibh. B'fhearr liom bheith ag ropadh liom faoi'n aer glan ar mhuir nó ar thalamh, ná bheith ag pléasgadh mo chinn le Ailgeabar, le Ceimseata, agus le Uimhreacht. B'shin iad na diabhail nár thaithnigh liom ariamh, cé nach bhfuair mé mórán anróigh ó na h-ádhbharaibh léighinn eile. Le teann cromtha os cionn leabhar bhí cruit breágh ag fás orm, mar cé go raibh teach fairsing agus gach gléas le h-aghaidh aclaí dheachta níor baineadh mórán úsáide as. Is iomdha buille treasna na slinneán a fuair mé ó m'athair nuair a bhínn sa mbaile, mar b'fhuath leis cruiteachán. Acht an bhliadhain deiridh do chaith mé san áit seo thigeadh saighdiúr chuig an gColáiste cúpla uair sa tseachtmhain chun aclaidheacht do mhúineadh dúinn. Ba mhaith liom sin go mór, agus chlaoidhe mé leis go dtáinig liom snaidhm do dhéanamh de mo chorp, agus gur éirigh mé chómh díreach le crann luinge. Níor ghnóthuigh mé mórán duaiseanna an bhliadhain sin, mar níor bronnadh orm acht ceann amháin duais le h-aghaidh feabhsa 'san eaclaideacht. Bhí leisce orm an duais sin do thaisbeáint do m'athair, acht ní raibh aon dul as agam. Ní bhfuair sé aon locht ionnam, acht dubhairt sé go raibh sé fásta, mar nár mhór dom bheith im' fhear sul mar a bhéinn in mo shagart, agus maidir liom féin tá 's agam gur shábháil an aclaidheacht céadhna m'anam dom níos mó ná aon uair amháin. (Ní críoch.)
GRIP: MADADH. Is forasta aithne an neart atá sa bhfuarloch nuair fheiceas tú píosa mhaide scuabtha leis ar an bpoínnte as t-amharc. Ba shin é fhearacht ag mo charaid é. Grip an t-ainm a bhí air. Thréig sé an bóthar mór a mbíodh gach madadh air a raibh aon mheas aige air héin, agus bain sé as ins na casáin iar-gcúltha agus timcheall na gcoirnéal uaighneach agus gan aon deagh-chómhluadar le fáil ann. Ba h-é an maid ear an tuile é agus chuir sé díomadha orm é dá scuabadh chun bealaigh. An chéad am a thug mé súnntas dhó, badh é an uair bhíodh sé ag dul chuig na peictiúirí. Chuir sé seo iongnadh orm agus chuimhnigh mé nar mhór níos mo iongnadh beith ar a chomrádaí héin ná bhéadh ar ár leitheide dá gcastaí duine orainn nach dteigheadh annsin le inghean an Bhailin- tín fheiceál a's í gléasta sa bhfaisiún is deireannaí. Tig liom cara eicínt d'e Ghrip fheiceál rómham, sean- chara borb cainnteach b'fhéidir, a bhéadh ar mhaithe leis, agus é a chur síos ar an am fadó nuair a ghoidthí cnámha as steallaí búistéara, nó b'fhéidir go mbéadh dhíospóir- eacht gan gruascán eatorra ar an gcuma céadna leó a bhíodh na madraí i n-allód, nó ar ar shiolruigh siad ó dheagh-phór uasal nach bhfuil ar fáil an uair seo dhe ló. Tig liom sean-chara dhá shórt úd fheiceál agus é a tabhairt Grip ar leath-thaoibh leis a's é a rádh go stadach le iomdha "thum" agus "thá" — "Anois, a mhic mo chomhursan, bíodh fhios agat gur ar mhaithe leat héin atá mé. Ní maith liom thú a ghortú a's is fearr liom-sa innseacht dhuit, ná aon duine eile — bheith á —. A gcloiseann tú leat mé? — Marach an t-suím atá agam ionnat ní abróchainn tada — ach — i dtaoibh an cleasa nuaidh úd atá agat — na peictiúirí, tá fhios agat. Ach, foighid leat go fóilleach," — déarfadh an cara nuair thosóch' Grip ag crathadh a riobaill go díomadhach. "Tá na madraí ag cúl-chainnt cheana agus goilleann sé orm bheith ag éisteacht leó. Tá fhios agat go maith, a mhaicín, nach gcleachtuigheann muid-ne an nós nuadh seo bheith dhul chuig na peictiúirí. Ná tosuigh gnás is ná seachain sean- ghnás. Fanfaidh muid-ne sa mbaile. Téigheadh ár maighistrí go dtí — a — na peictiúirí. Is cuma, ar ndó, fanacht nó imtheacht, ach déan mar rinne do mhúinntir romhat. Tá sé cóir —" Agus annsin d'iompóch' Grip ar a shálaibh go mí- fhoighdeach a's é a radh faoi 'na fhiacal go bhféadfadh sé breathnú i ndiaidh a ghnaithí héin. Gortóchthaí an sean- chara a's chuimhneóch sé go mbudh dual athar dho Ghrip bheith ceann-dána. Leis sin bhéadh dual an chartanais sgeithte, agus achar gearr in a dhiaidh bhéadh an téad sgeithte ar fad 'na phiosaí. Sin í an uair a thiocfadh an cuipeadh feirge ar Ghrip bocht a's bhéadh sé seacht n-uaire ní ba mheasa ná bhí sé ó thús, a dhéanamh ós comhair an t-saoghail an rud ceanann céadna a rabhthas a fáilt lucht air. Feicim é le n-a dhá chluais cocáilte aige chomh neamh-spleadhach le madadh ar bith a's é ar a ghogaide ar cheann dhe na suidheachain b' aeraighe i dteach na bpeictiúirí agus suim an t-saogh- ail aige in eachtraibh grádha agus gráin. Tá fhios ag Dia go raibh fhios agam go maith céard a bhí ar siubhal, acht bhí leisg orm a labhairt go fóill beag go dtí gur thárla rud a chuir orm labhairt gan sgeón gan fhaitchios. Bhí mé ag siubhal suas an baile mór, lá, nuair thug mé faoi deara dha mhadadh 'na seasamh go díomhaoineach le coirnéal sráide agus iad ag cogarnaighil le chéile is ag breathnú go spreamhsach thart ar 'chaon taobh dhóibh. Ní raibh aon deagh-fhuadar fútha. Bhí ceann aca an- ghiobach, salach a breathnú, ar nós an cine i gcomhnaidhe. Bhí leath-chluas leis stróicthe dhe bharr achrain náireach eicínt, is doigh, agus bhí breathnú glic, aisteach ins an leath -shúil a bhí slán leis gur thainig aimhreas orm faoi. B'fhurasta aithne gur dhe'n dream úd gan mhaith gan mhaoin é, nach gcuimhneóch' ar dhul a fiadhach nó a snámh — ruda seafóideacha mar iad. Bhí aon rud amháin sa saoghal ag déanamh i mní dhóibh — soláthairt feóla ar uain nó ar íasacht agus théis a bheith sughach sáthach, iad 'na luighe siar a déanamh ghoradh le gréin nó ag troid is ag bruighean i lár an bhóthair, ag cocaireacht le madraí uasal nach mbreathnóch ins an dtaoibh a mbéidís. Luigh an madadh seo suas leis an gcoirnéal agus 'sbáin sé nár indiu ná indé a d'fhoghluim seisean céird an díomhaoinis. Ba mhór an deifir i méin idir a chomarád a's é héin. Bhí cóta mór an dara mhadaidh an t-salach dhe bharr faillighthe, ach shíl mé i dtús gur le fíor-ghoirid a thuit sé ins an umar 'gus sa gclábar. Agus shil mé i n-a dhiaidh sin gur ar an seachrán a bhí sé go ceann cúpla lá is go n-éireóch' sé as an ball beag. Acht nuair bhreathnuigh mé níos géire air, cé bhí ann ach Grip. Tháinic olc orm agus rinne mé m'intinn suas é d'ionnsú gan aon mhoill. Acht d'fhan mé 'mo thost. Chuaidh an ruifín- each dhe chomarád amach thar an gcoirnéal. Dhearc sé siar thar a ghualainn ar mo mhadadh-sa, chaoc an leath- shúil, a's as go bráth le Grip suas an t-sráid. Theann an chéad mhadad suas leis an mballa arís a's d'fhan annsin ar nos cuma liom. Bhí mé cinnte go raibh droch-fhuadar futha an babhta seo agus, mo léan, b'fhíor dam. Bhí Grip ag greadadh leis agus an cosamhaileacht air a bhíos ar an bprínntíseach san olcas, gan aon dochar nó geárradh ann. Stop sé ar aghaidh stealla bhúistéara agus rug ar chloigeann bheithidhigh a bhí ar an urlár agus as go bráth leis. Rith an búistéara amach agus tharraing sé buille dha thuagh dhe láisg 'na dhiaidh. Dá bhfághadh Grip é, bhéadh sé réidh go lá na ndeór. Chaill Grip an cloigeann fuilteach a's rith i mbarr na bhfásgaí ar a anam agus screadaghaoil a's clocha dá gcaitheamh na dhiaidh. Bhí m'intinn déanta suas agam anois thar ariamh. Labhróchainn leis a luaithe is thiocfainn abhaile. Chuaidh mé thar an ruifíneach 'na shuidhe ar a chorageamh ag coir- néal na sráide. Ní raibh aon mhaith dham bheith leis siud. Ní bhfuighfinn ach masla uaidh, agus ní eisean a dhéanfad aithrighe. Bhí Grip romham sa mbaile. "Chonnaic mé do chuid amhaille, a Ghrip," arsa mise go mí-chéadtach. "Níl fhios agam céard ta ag teacht ort ós cómhair do cháirde héin agus mo mhuinntir-se i lár na sráide. Céard tá fút, a mhic ó, a deirim-se?" "Céard tá déanta as an mbealach agam?" ar sé. "Ar an mbealach! Nach ort atá an ceó 'gus an ciméar a's freagra mar sin a thabhairt orm? Le mo dhá shúil chonnaic mé thú ag lúitéis a's ag luathgháire le dríodar an bhaile mhóir a's ag iarraidh feóil a ghoid ó'n mbúistéara chéadna a bhfághaim an fheóil uaidh, an chéad bhiadh a chuaidh ar sluigeadh dhuit agus a d'íth tú faoi shógh ins an teach seo! Agus rud níos measa ná sin, chonnaiceas thú ag greadadh 'sna bhfásgaí is mo chara 'do dhiaidh ag iarraidh díoghaltais a bhaint amach. Agus théis sin," arsa mise go doilghéasach, "Fiafruigheann tú dhíom céard a rinne tú as an mbealach!" "Agus fiafruighim arís dhíot é," ar seisean ag tabhairt mo dhubhshláin. "Céard faoi cúpla mí ó shoin nuair bhí tú héin dallta ag damhsa na bhfeiliméaraí, agus bhain tú na cnagairí dhe na doirse a's tú ag tarainnt abhaile ar éigean. "Och, ní shin leithscéal faoi —" "Agus céard faoi oidhche an Toghaidh nuair thóg tú mopa an dorais a's d'iomchar tú ar bharr bata é le na focla —" Tugaidh guth ar… scríobhtha air." "Stop do bhéal, a mhadaidh, adeirim-se. Táim ag iarraidh deire a chur leis an tútaighil seo. An ndéan-
faidh tú é?" "Och! Ní raibh sé an-tuatach, ar ndó," ar seisean go teanntásach. "Is iomdha duine thar thú a bhí ar meisge ag an ndamhsa úd." "Tá fhios agat go maith céard táim a rádh, a chladh- aire," arsa mise. "Tabhair freagra orm." "Seod é m'fhreagra, mar sin. Déanfaidh mé mo rogha rud feasta." "Mar sin adeirim-se i mealladh ná i ndearmad ná taobhuigh mo dhoras níos mó, nó go ndéanaidh tú athrú dho chuid béasaí." "Níl fúm iad athrú," ar seisean go dubhshlánach. "Tháinig mé arais le mo chuid bagairtí a bhailiú liom." Leis sin rug sé ar chnámh mhór in a dhradh agus d'imthigh sé. In a dhiaidh sin, bhí sé gan ceannas ceann ag strachadh leis an saoghal agus is iomdha rafla a chuala mé 'na dhiaidh agus is iomdha duine a bhí ag bogadh a bhéil ar a chuid bealaigh. Aon uair amháin chonnaic mé ag teacht chugam in a shean-rith é agus caintín ceangailte air is é ag baint deannach as an mbóthar in a dhiaidh aníar. Ní bhéinn réidh go maidin dá gcuirinn síos ar gach a chuala mé faoi timcheall an ama seo. D'éirigh easaon- tas idir na madraí lá agus tháinig siad anuas ar Ghrip. Badh é an sgeach sa mbearnam aca é. Marach gur éirigh Dia liom a bheith ann bhéadh a cháisgín meilte. Rinne sé aithrighe na dhiaidh sin agus tháinig sé abhaile chugam ciúin, socair, cómhairlighthe ag an saoghal. Leanann sé mé anois go min, reidhi ins chuile áit a dteighim. Ní bhreathnuigheann sé sa taoibh a mbídís cheana. Madadh ciuin, socair, macánta anois é. Séard tá na mná a rádh go bhfuighfidh siad ribín dearg agus bogha dhó amach annseo. MÍCHEÁL Ó CONLÁIN. AN GADUIDHE. DRÁMA BEAG DO PHÁISDIDHIBH SGOILE. GNÍOMH A H-AON. Áit:- Cros-bhóthar ar aghaidh garrdha an Mháighistir. Na malraigh ag dul abhaile ó sgoil. Darach: An bhfuil deifir abhaile orraibh? Colm: Tá deifir orm-sa. Pádraig: Muise! fan tamaillín, agus béidh "Geat- aidhe Árda" again. Séamaisín: Ní féidir liom-sa fanacht. Tá orm an dinnéar a thabhairt do m'athair. Cáit: Ó! Béidh "Seo iad na gaduidhthe" againn. Iad go léir: Ó! Béidh! Béidh! (An cluiche.) Colm: Céard tá ort, a Antoine? 'Tuige nach bhfuil tú ag imirt? Antoine: Órá! Ní maith liom "Seo iad na gaduighthe." Tá "Geataidhe Árda" i bhfad níos deise. Nóra: Cé chaoi bhfuil Bríghdín, a Antoine? An mbéidh sí ar sgoil i mbárach? Antoine: Ní bhéidh. Tá sí in a luighe tinn le coicidhis, agus chualaidh mé mo mháthair a rádh ar maidin go bhfuil sí an-lag, agus tháinig deora in a súilibh agus í dhá rádh. Nóra: Ó! Béidh biseach uirthi i gcionn tamaillín. Fan go bhfeicidh tú! Máire: Támuid ag dul abhaile, a Mháire. Nach bhfuil tú ag teacht? Nóra: Tá. (Le Antoine) Abair le Bríghdín go mbéidh mé ag dul siar trathnóna le n-a feiceál. (Imthigheann sí.) Míchilín: Chualaidh mé go bhfuil beacha an Mháighistir ag eirghe. Antoine: Nach deas an garrdha atá aige! Míchilín: Is deas go deimhin. Nuair bhéidheas mé in m'fhear, béidh mé in mo Mháighistir Sgoile le congnamh Dé, agus béidh garrdha de'n t-saghas sin agam. Béidh crainn rós agus crainn spíonán agus crainn ubhall agam ann. Béidh clocha beaga deasa mar iad sin thart leis an gcasán agam. Agus béidh clocha móra — Antoine: Féach, a Mhíchilín, an teachín beag áluinn faoi sgáth an crainn rós. Míchilín: Níl ann acht teach babóige. Is le Neans bheag an Mháighistir é. Nach bhfaca tú cheana é? Antoine: ó! Ní fhaca mé a leithead de theachín beag gleóidhte ariamh. Míchilín: Tarra uait, as soin, a Antoine. Shílfeadh duine ort gur girrseach thú. Tá mise ag imtheacht. Nach bhfuil tú ag teacht? (Imthigheann sé.) Antoine: Óra! Nach deas é! É déanta d'ádhmad! Dhá stór ann! Doras beag glas air! Trí fuinneoga gloine air! Agus féach bean uasal an tighe in a suidhe sa doras. Truagh gan a leithead ag Bríghdín, an créatúir, agus í lag tinn Dá mbéadh an bhabóigín féin aici, tá mé lán-chinnte go gcuirfeadh sí biseach uirthi. Goidfidh mé. (Teigheann sé isteach thar an sgonnsa. Beireann sé ar an mbabóig agus sáitheann sé isteach faoi n-a chasóig í.) Antoine: Is gaduidhe mé, acht is cuma liom. Cuirfidh an bhabóg biseach ar Bhríghdín. Brat Anuas. GNÍOMH A DÓ. Cistín. Bríghdín in a suidhe i gcathaoir cois na teineadh. An Mháthair: Seo braoinín beag bainne dhuit, a ghrádh. Bríghdín: Ní maith liom é, a Mhamaí. An Mháthair: Sloig siar é, a leinbh. Déanfaidh sé maith duit. Bríghdín: An fada go dtigidh Antoine, a Mhamaí? An Mháthair: Ní fada, a chuid. Chonnaiceas Seán Thaidgín ag dul abhaile cúpla móiméad ó shoin. Bríghdín: Tá mé lag tuirseach istigh, a Mhamai. Feic- thear dom nach mbéidh mé in ann siubhal an bóthar, nó ríth treasna na ngarranta le Nóra agus Antoine arís go bráth. An Mháthair: Ó! Ná h-abair é sin, a ghrádh. Seo Antoine anois, a mhuirnín. Bríghdín: Ora! Antoine, 'tuige bhfuil tú chómh deir- eannach sin? Gabh i leith, agus innis dom cé chaoi ar éirigh libh sa sgoil indiu? Antoine: A Bríghdín, tá bronntanas agam duit. Bríghdín: Cé'n sórt bronntanais? Antoine: Tomhais! Bríghdín: Milseáin. Antoinne: Ní h-eadh. Bríghdín: Cáca milis? Antoine: Ní h-eadh, muis'. Bríghdín: Péire stocai? Antoine: Ní h-eadh, go deimhin. Cá bhfuighinn péire stocai? Bríghdín: Leabhar urnaighthe? Antoine: Ní h-eadh, 'chor ar bíth. Bríghdín: Céard é fhéin, d'eile? Antoine: Féach! Bríghdín: Óra, nach deas í! Ó; a Antoine, a ghrádh, cá bhfuair tú í? Antoine: Neans bheag an Mháighistir a chuir chugat í mar brontannas. Bríghdín: Óra, ó! Béidh páiste dom' chuid fhéin agam anois. Béidh páisde dom' chuid fhéinín fhéin agam. Béidh páisde ag Bríghdín. Póg (le Antoine). A Mhamai, a chuid, féach an bronntanas a chuir Neans bheag an Mháighistir chugam. An Mháthair: An dariríbh? Bríghdín: Seadh. Antoine a thug isteach chugam í. Póg. (Ní críoch.)
AN CHEARNÓG. EANAIR, 1925. Tá "Árd-Chúrsa i Litrigheacht Gaedhilge" ar siubhal tríd an bpost ag Colláisde Laighean. Is mór an congnamh do na Múinteóiribh Sgoile an Cúrsa so, mar is cosamhail le Cúrsa Áird-Theistis na h-Aireachta é. Leanfar do'n Chúrsa go Bealtaine, agus bronnfaidh an Colláisde teistis ar na mic léighinn a sheasfas an scrúdughadh. Seo é an chlár: 1. Litrigheacht agus Stair Litrigheachta na Gaedhilge. 2. Aistí. 3. Gramadach agus Foghraigheacht na Gaedhilge. 4. Tionntóchán agus Meadaracht. Tá súil againn go mbéidh a leithead so de Chúrsa ag Colláisdídhibh Chonnacht an bhliadhain seo chugainn. Bhí mé ag cainnt le fear tamall ó shoin faoi na Cúrsaidhibh Gaedhilge. "Níl ins na Cúrsaidhibh sin," ar seisean, "acht ag cur airgid amugha." "Acht," arsa mise, "an bhfuil aon scéim agat-sa le cur in a n-áit?" "Tá," ar seisean. "Fógra bliadhna a thabhairt do na Múinteóiribh Scoile teisteas a fhághail, agus muna bhfuil sí aca i gcionn bliadhna, a gcuid tuarastail a chongbháil siar nó go mbídh sí fághta aca." Aontuighim le mo charaid nach bhfuil ins na Cúrsaidhibh Gaedhilge (mar bhí siad i n áiteachaibh anuraidh ar chuma ar bíth) acht ag cur airgid amugha. B'fhéidir go bhfuil sé ró-chruaidh ins an tuairim eile a luadh sé. Níl fhios agam. Is iomdha deis atá ag na Múinteóiribh faoi láthair an Ghaedhilge d'fhóghluim. Tá na ranngannaibh faoi Choisde an Cheárd-Oideachais aca, acht ní theigheann siad chuca. Ann fearr mar scéim é Cúrsa tríd an bpost, mar atá ag Colláisde Laighean? Ní bhéadh air, acht dhá ghinní. Ní bhéadh call ar bíth le Cúrsa Samhraidh. Duine ar bíth a thogrghchadh, d'fhéadfad sé dhul chuig na Colláisdidhibh Gaedhilge i rith a laetheannta saoire ins an Samhradh, agus ní bhéadh an oiread clamhsáin is mar tá faoi dhúnadh na Sgoileanna. Rud eile, bhéadh teisteas le fághail ag an té a sheasfadh an scrúdughadh, teisteas a shásóchadh Cigire ar bíth. Ag cruinniughadh de Choisde Colláisdidhe Gaedhilge Chonnacht tamall ó shoin, socruigheadh go n-iarrfaidhe songnamh ar Aireacht an Airgid le Colláisde Gaedhilge do pháisdídhibh sgoile a chur ar bun i dTúr Mhic Éadaigh agus ins an Spidéal, ar nós an inn atá aca sa Rinn. Colláisde do bhuachaillibh a bhéadh i gceann aca, agus Colláisde do chailíníbh ins an gceann eile. Múinfidhe gach ádhbhar léighinn thríd an nGaedhilge amháin. Ní rachadh chuig na Colláisdidhibh seo acht páisdí idir aois a seacht agus a dó-dhéag. Ní bhéadh an chomórtas idir na Col- láisdidhibh seo agus na sgoileanna atá ins na ceann- taraibh cheana, nó leis na Sgoileannaibh Idir-Mheadhonacha. Acht is maith an rud comórtas, agus is dócha go gceap- faidhe scéim éigin le comórtas a chur ar bun idir na Colláisdidhibh féin. Tá súil againn go n-éireóchaidh leis an gCoisde ins an deagh-obair seo, agus gur gearr go mbídh Colláisde Gaedhilge againn do pháisdidhibh Chonnacht. MAC DARA. I gCAIDSEAMH NA SEAN DÚINN. Árdóchaimid na seolta bocóideacht bacóideacha go dtéighimíd siar i gcaidseamh na sean ionndiúirí a seasfaidh a gcainnt fhad's mhairfear Teanga na h-Éir- eann. Ag seo thíos giotaí atá go laetheamhail ag sean- Ghaedhilgeóirí an Iarthair, iarsmaí uaisle an trátha a raibh bláth bán ar chrann na Gaedhilge. An té atá tugtha do léightheóiréacht, is ionndamhail go mbíonn Leabhairín Solumair ag gabháil leis, agus éadáil ar bith rann no rádh a castar chuige agus a thaithnigheanns leis, nó a labhranns 'na chroidhe, racann sé isteach ann é. Seo é thíos Leabhairín Solumair "Na Cearnóige," agus béidh fáilte againn roimh éadáil ar bíth a seolfar chugann agus a bhéas feileamhnach le cur ann. Go mb' annsa le n-ar lucht léighte é agus go rabhthar ag cur 'na dhiaidh go tréan! Tosach luinge cláir, Tosach átha clocha Tosach flatha fáilte, Tosach sláinte codladh. Deire luinge báthadh, Deire áithe losgadh, Deire fléidhe cáineadh, Deire sláinte osnadh. Tá an roth ag dul thart, Is níl cómhnuidhe faoi, Níl sonas gan donas, Acht in-ordlaigh thríd. Féach an té a bhí indhé luath láidir, A léimfeadh sconnsa, claidhe is bearna, A bhí trathnóna ag siubhail na sráide, Is ag dul faoi'n gcréafóig lá'r na mhárach. A éinín, thuas ar bhárr an bhile, An eagal nó an truagh leat bás? Nó an bhfeicir fear na h-uaighe thíos, Is an féar uaithne thríd ag fás? Pé ar bith oideachais nó múnadh a gheobhfas An búiste, mac an daoi, Brisfidh an túta thríd an mbrúta 'Réis é a chúrsa a chur i grích. An té atá socair sochma in-áras féin Gheobhfaidh sé cuireadh Nodlag is fáilte lae. Acht an té atá gan muc gan mart gan cráin gan gé, Is mór sa solus é, agus is follusach do chác a mhéid. Ní truimide loch an lacha, Ní truimide each an srian, Ní truimide caora olann, Ní truimide colainn ciall. AN CHEARNÓG. Duine ar bith a dteastuigheann AN CHEARNÓG uaidh, nó ar mhaith leis Fógra a chur ins AN gCEARNÓIG scríobhadh sé go dtí:- BAINISTEÓIR, "AN CHEARNÓG," Caisleán a' Bharraigh, Co. Mhuigheó.
AN DHÚIL BHEO AGUS AN GEIMHREADH. Is cruaidh a théigheanns an geimhreadh ar roinnt de'n Dhúil Beo, agus ach beag go bhfuil ionnta dul ar bhear- taigheacht leis caillfidhe iad. Tá cuid aca dála na bhfáinleog a ghlananns leo go dtí na tíortha teo; cuid eile go dtéigheann aca air le fearr-is-bárr clúmhdaigh fearacht an ghirrfhiaidh. Is mó i bhfad a bhíonns d'fhionnadh ar an ngirrfhiadh sa ngeimhreadh ná sa samhrad, i gceann é a bheith níos teo. Tá cuid aca a n-iompuigheann a bhfionnadh bán. Ní théigheann an girrfhiadh ar an meoin seo acht ins na réigiúin fuara a bhíonns faoi shneachta ar feadh bunáite na bliadna. Gheobhfá corr cheann bán in Éirinn, acht rí-chorr ceann é. Chreideadh na sean daoine gur girrfhiadhacha sídhe iad agus nár cheart dul i ndréim leo. Dá dtéigheadh an sgéal amach go raibh girrfhiadh bán ins na fabhraí, cuirfidhe na seacht seachaint ar an aos óg gan drannadh leis. Is minic a cluintí cainnt sa mbaile ar ghirrfhiadh bán Cloch na Finne, gur chinn sé duth is dubh ar a raibh ins na bailte é a mharbhu- ghadh nó gur chuir Páidín Uatéir urchar ann, maidin moch earraigh dá raibh an fheithide bhocht in-éadan a gheabhair: agus mar dubhairt an sgéalaidhe, ní dhearna Páidín aon lá maitheasa uaidh sin amach. Tá cineálacha, mar tá an mheach agus an siongán gurab é an gorta an gad is goire do'n mhuinéal aca agus cuireann siad stórtha móra bídh i dtaisge. Acht níl aicme ar bíth aca a chuireanns an fuacht thairis níos réidhe ná an chuid a chodluigheanns amach é fearacht na gráineoige. An beatha a bhfuil a teacht suas air — péistí agus eile ní bhíonn aon fhághail ortha sa ngeimhreadh. Dhá bhrígh sin ní mór do'n ghráineoig dul ar mheoin eicín go mbí siad so-fhághta arís, agus 'séard a ghnídheann sí, nead te teolaidhe a shocrughadh dí féin istigh i sconnsa nó i sean- bhalla tirim. Cuireann sí an-bhail ar a leabaidh le duil- leoga is féar críon. Scaithte bíonn olann, sean- chirteacha tirime agus solmar eile mar iad ann, le cúl a chur ar an ngaibh, faoi n-a theacht do'n droch-shín. Ar a bheith déanta dá h-áitreabh dí socruigheann sí í féin na cúb istigh ann agus ní bhíonn beann croicinn calóige aicí ar dhallcairt ná ar dhoininn. Déarfá go mbadh deacair di maireachtáil dh'easbhaidh beatha ach is beag é a díol, agus bíonn an oiread bluinice 'na colainn de bhárr an t-samhraidh agus a chothuigheanns í. Bíonn sí dí-bheo an fhad is bhíonn sí sa neid agus ní bhuaileann a croidhe acht ceithre h-uaire faoi'n móiméad, i gcruthamhnas nach bhfuil ann acht go maireann sí. Nuair a thaganns nádúr is boige san uair amach san earrach, agus go mbuaileann an scollán te an sconnsa, baineann an ghráineog searradh aistí féin agus siod amach as a neid í is í chomh caol le tangas. Déanann an seilmide, an mhíoltóg, an mhíoltóg leathair agus feithidí eile ar nós na gráineoige. Bíonn an seilmhide go cúthánach 'na chochall gan goir ag gaoith ná báistigh cuimilt leis. Acht cheana, nuair a thaganns sioc mór, is go reoidhtear an croidhe ann, téigheann sé in-éag. Gheobhfá an mhíoltóg leathair ar crochadh de na cosa deiridh as rata an sciobóil gan smeadhbh ann, agus bíonn an mhíoltóg ráithte ins na fraghthacha. Sin feithide eile a chuireanns an geimhreadh de le diomhaoineas an loscán (frog). Ní bhíonn aige acht poll a dhéanamh i mbruach agus fanacht ann. Is iongan- tach an seasamh aige é freisin, tha ré, is mhinic a bhíonns an bruach is é féin 'na leac sheaca, agus 'na dhiaidh sin tagann sé. Tá ughdair ann a deireanns nach le ceal bídh ná le teann fuaicht a théigheanns an aicme seo un suain chor ar bíth, acht gur ó dhúthcas dóibh é; go dtugann sé sgíth Bíodh sin mar atá, acht nach iongantach an bealach atá leobhtha; agus cé déarfadh nach bhfuil a sháith le déanamh ag gach uile aicme ar druim an domhain chómh maith leis an duine agus cor in-aghaidh an chuir a imirt ar an saoghal? Agus nach geall leis an bhfeithide an duine sa méid atá ráidhte thuas. Féach na buic mhóra a bhfuil an t-airgead aca. Nach nglanfaidh siad leo go dtí na tíortha teo shul a mbeirídh an geimhreadh ortha i bhfus, fearacht na ndruideach is na bhfáinleogh? Ceal nach cosamhail leis an mbeach agus leis an madadh crainn, an bhean tighe a ghnídheanns tíoghbhus ar mhil is ar shúbh is ar uibheacha. Agus cé bhfuightheá samhail do'n ghiorrfhiadh acht an duine a chaitheanns fearre-is-bárr éadaigh in- aghaidh an fhuaicht. Maidir leis an aicme a chaitheanns an geimhreadh le diomhaoineas, tá a n-uime le fághail ar an gcine daonna i Sibéirí, san áit a dtuiteann támh ortha nach sgarann leobhtha go mbí an sé dhorcha thart. LIAM Ó COINÍN. ROINN NA LEABHAR. CUID CEATHRAMHNACHA ÓMAIR CHIGHIAIM. Antoin Mhac A' Bhéird d'aistrigh. Cló-lucht an Talbóidigh, Ath Cliath, Teór. 2/-. Aistriughadh un leabhar so ar chéad rann de'n "Rubaiyat" a d'aistrigh Éamonn Mac Gearalt go Béarla. Aistriughadh ar aistriughadh is eadh é. Acht in a dhiaidh sin is deas so-léighte an leabhar é. Tá an Ghaedhilge agus an Béarla aghaidh ar aghaidh, agus is féidir leis an léighteóir iad a chur i gcomórtas agus é ag léigheadh an leabhair. Tá nótaí ann freisin. Má tá locht ar bíth le fághail ar aistriuúadh Mhic A' Báird, sé locht é gur lean sé ró-dhílis do'n Bhéarla. Acht tá an locht céadna le fághail ar gach aistriugadh. Molamuid an leabhar so go mór mar aistriughadh go Gaedhilge, acht ceapamuid go bhfuigheadh an t-ughdar leabhar níos feileamhnaighe le n-aisrtiughadh, má's aistriu- ghadh a bhí uaidh. Ní rítheann feallsamhnacht Ómair Chaighiaim leis an meón Gaedhealach. Ní bhéidh níos mó measa ag Gaedhealaibh uirri agus leagan Gaedhilge uirri. M. RANNTA. Chuaidh mo mhac-sa agus do mhac-sa un na mónadh. Chuaidh mo mhac-sa is do mhac-sa un cónnradh. Thug mo mhac-sa bocsa do do mhac-sa, Is chuir mo mhac-sa do mhac-sa le bocsa i bpoll mánadh. Un cónnradh — ag troid. Bhí dhá láir ruadha ar bhord dhá ruadhán. Bhí ruadh láir agus láir ruadh ann. 'Séard dubhairt an ruadh láir leis an láir ruadh: "Priú ruadh láir agus priú láir ruadh." Cat beag breac ballach ag dul chun na roilige agus greim beag bog bluinice 'na bhéal. Is fearr an troid ná an t-uaigneas. Sé a locht a laighead. Tá súil ón bhfairrge, níl ón uaigh. Ní ualach do dhuine a bhrath. Níl grádh dhá mhéad nach dtagann fuath dá réir. Níl tuile dá mhéad nach dtrághann, acht tuile na ngrás. Ní thagann an crúiscín slán ón tobar i gcómhnuidhe.
ROINN NA bPAISTÍ. A Pháisdí Dílse, Tá súil agam go raibh Nodlaig shona shéanmhar agaibh go léir. Is dócha go raibh, mar bronann Íosagán, moladh go deo leis, gach rud níos fearr ná a chéile, ar pháisdí óga gan urchóid. Is geal leis sibh uilig a sheiceál timcheall na h-Altóra agus an t-Aifreann binn d'á léigheadh. Ní h-aoibhne leis guth na n-Aingeal ná guth na bpáisdí agus iad ag tabh- airt buidheachais Dó faoi n-a mhór-thrócaire — "Glóir do Dhia ins na Flaithis go h-árd" dá chanadh aca go cráibh- theach ceolmar — rud a rinne sibh-se gan amhras Maidin Lae Nodlag. An raibh ceachtar agaibh ag Aifreann an Mheadhon- oidhche, má bhí sgríobh cugam-sa agus innis dam gach rud faoi. Acht bídhidh cinnte agus gan sgríobhadh cugam i mBéarla. Ní fhéadaim a léigheamh. Tá lear ar m' amharc le sé bliadna fhichead nó mar sin. Cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun an t-am sin agus ó shoin i leith eirighim dall chuile uair a leagtar leabhar Béarla ós comhair mo shúl. Casadh San Nioclás orm cupla lá ó shoin. Bhí sé ag casaoid agus ag rádh liom nach féidir leis páisdí a shásamh chor ar bith anois. "Bíonn gluaisteáin is rothair is a lán rudaí eile ag teastáil uatha," ar seisean, "agus ní bhíonn áit agam le n-a gcur acht istocaí beaga. "Dha mbeadh ciall aca," ar seisean, "ní stocaí a chrocfaidís suas, acht málaí móra leathair cosamhail leis na málaí a bhíodh ar na Fir Bhuilg fadó. Céard a thug sibh do Dheaidí nó go Mhaimí i gcomhair na Nodlag? Agus an cailín beag bocht a bhíos na luighe tinn sa mbotháinín ar thaoibh an bhóthair, céard a thug sibh dí? Tá mé cinnte gur chuidigh sibh le Íosagán le 'chuile chroidhe a ghealadh. Sgríobaidh chugam gan mhoill agus innsighidh domhsa cé'n chaoi a dtaithnigheann "An Chearnóg" libh, go mór- mhór, Roinn na bPaidí. Má tá rud ar bith ar mhaith libh cur sa roinn, níl le deanamh agaibh acht cogar a thabhairt do Nuala — damhsa tá fhios agaibh. Tá grádh mór agam do pháisdí beaga agus ba mhaith liom bheith óg arís go rachainn amach libh ag caitheamh ceirtlíní sneachta agus ag imirt "'bhFolach Bhíodhg," nó "Stocaire." Acht faraoir ní fhilleann an óige agus níl de shólas agam anois acht bheith ag cainnt libh agus bheith ag obair ar mhaithe libh. Mar sin sgríobhaidh chugam agus tógfaidh sibh an ceo de mo chroidhe. Focal eile: béidh súil agam le n-a lán iomaidhtheoirí, mar tá mé cinnte go rachaidh sibh uilig sa gcomórtas, le taisbeáint do'n t-saoghal go bhfuil an t-Iarthar 'na dhúiseacht. Ní leigfidh páisdí "Connacht na Riogh" an lá — le páisdí as cúige ar bith eile, acht cruthóchaidh siad go bhfuil siad féin ar na páisdí is cliste agus is dúthrachtaighe in-Éirinn. Beannacht Dílis Dé libh! NUALA. AN DÁ LOSCÁN LATHAIGHE. Lá breágh brothallach samhraidh bhí dhá loscán lathaighe ag siubhailthart dóibh féin, agus iad spalptha leis an tart. Tráthamhail go leor, céard d'fheicfidís, achar beag uatha sa bféar, acht canna bainne. Bhí an cailín ar léithe an canna ag bleaghan na mbó sgathamh beag uaidh. Bhí na creatúiríní ar an dé deire agus thugadar cupla troslóg chuig an soitheach agus síos leobhtha ann le deoch a fhághail. Acht, mo léan géar! níor fhéadar teacht amach. Bhí a gcroidhe na mbéal aca agus iad sluparnaighíl agus ag slaparnaighíl sa mbainne, agus gan goir aca teacht as. Chaill ceann aca a mhisneach agus síos leis go tóin, nó gur báitheadh é. Acht níorbh é sin do'n cheann eile: d'eirigh sé, ar uachtar an bhainne, mar ghaisgidheach a mbéadh fonn troda air, gur thosuigh ghá ghreadadh le n-a lapaí ag iarraidh a chloigeann a thabhairt leis. I gceann tamaill, céard dearfá nach raibh maistreadh deanta aige de'n bhainne agus cé'r frítheadh mo dhuine, agus é slán sábháilte, acht 'na shuidhe ar a ghogaide ar an mioscán ime a bhí ag snámh thart s agcanna. CEISTEANNA. An bhfaca tú loscán ariamh? Cé'n sort rud é? Cé mheud loscán a bhí sa bpáirc an lá úd? Cá gcomhnuigh- eann na loscain? Céard a bhí an cailín a dheanamh? Cé'n graithe a bhí aicí de'n channa. Ar báitheadh an dá loscán? Cé'n chaoi ar eirigh leis an dara ceann a theacht slán? BAINNE. NA SGÉALTA. AN MÚINTEOIR. Sheadh, a bhuachaillí, tá súil agam go mbéidh an-saoghal ar fad agaibh ar feadh na laetheannta saoire agus go dtiocfaidh sibh uilig ar ais ar sgoil go h-abaidh cliste thar mar bhí. NA BUACHAILLÍ. Go mb'amhlaidh dhuit-se a mháigistir! Go mb'amhlaidh dhuit-se! 2. TADHG (in-aois a seacht mbliadan). Tá me ag dul 'un an bhaile mhóir i gcoinne buidéil do Taimín atá tinn. PÁIDIN. Céard tá air? TADHG. An galra cleiteach sílim. Fuair mé féin dhá chleite na leabhaidh.
3. "Tá fhios agam fear a raibh a thídeacht suas ar mhairt- fheoil agus bhí sé comh láidir le damh." "Ara beannacht Dé duit! ní shin tada. Tá fhios agamsa fearnár ith aon bhlas ariamh acht iasc agus níl snámh aige!" 4. Bronnadh gabhar ar Liaimín lá a bhreite. An lá dá'r gcionn tháinig sé isteach 'na tighe agus é ag gol agus ag tabhairt fhola. "'Séadh anois a Liaim," ars an mháthair céard a rinne tú nuair a leag an gabhar tú?" "Dada," arsa Liam, "bhí mé ag iarraidh eirighe ó thús deire na troda." 5. AN DATHADÓIR: "An cailín tuatach sin! Níor theip an tuaithbheal ariamh uirthí. Chuimhil sí ceirtlín dem' phictiúr áluinn agus gan an dath tirm air. Níl ann anois acht smál. A BHEAN: Nach cuma é a chuid. Abair gur radharc faoi'n dtuaith mar fhéacas sí do'n duine a théigheas thríd in gluaisteán é. COMÓRTAIS. RIAGHLACHA: 1. Cúpón a chur le gach iarracht. 2. T-ainm a bheith cláruighthe ar Rolla Nuala. 3. Ainm do mhúinteora a bheith sgriobhtha ar ghach páipear a chuirfeas tú isteach. 4. T-iarracht a chur go:- NUALA, Oifig na Cearnóige Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe. COMÓRTAS A H-AON — Duais: Leabhar. (Faoi bhun ocht mbliadna déag d'aois.) An t-ainm is fearr le cur ar an bpictiúr seo thíos: COMÓRTAS A DÓ — Duais: Leabhar. (Faoi bhun dhá bliadhain déag d'aois.) An cnuasacht is fearr de Thomaiseanna. COMÓRTAS A TRÍ — Duais: Leabhar. (Faoi bhun cúig bliadna déag d'aois.) An té is fearr a chuirfeas isteach na focla atá ar iarraidh sa liosta seo leanfas:- Chomh bocht le — Comh tanaidhe le — Chomh ramhar le — Comh geal le — Chomh lag le — Chomh láidir le — Comh bán le — Comh marbh le — Chomh crosta le — Chomh dubh le — Comh tirm le — Comh cruaidh le — Comh te le — Comh fliuch le — Comh bog le — Comh searbh le — Chomh trom le — Chomh h-éadtrom le — TOMHAISEANNA. (Tá na freagartha le fághail ar leathannach a 11.) Tagann sí isteach ar ghuailne daoine, is imthigheann sí amach mar shnáithe síoda. 2. Chuir mé mo Lomairtín Lamairtín, Suas go baile Bhigeirí Bheagairí. Níor fhan cloch ná crann thuas I mbaile Bhigeirí Bheagairí, Nár thuit anuas I mullach mo Lomairtín Lamairtín Seo chugainn tríd an lios, Fear gan léine, fear gan crios. Fear na coise caoile cruaidhe. Sé mo thruaigh nach bhféadaim ríth. Chuaidh mé suas an bóithrín. Tháinig mé anuas an bóithrín, Agus thug mé an bóithrín ar mo dhruim liom. Cia aca is mo a d'íosfadh — caoirigh dhubha nó caoirigh bána? 6. Ceathar ag rith, ceathar ar crith, Beirt ar an gcaraidh, fear eile ag béicmheach, Agus Mac Uí Mhaoil Radaire ag reath ar an méid sin. 7. Fear fada dubh ar an gcnoc Agus gan focal 'na phus acht "dud." 8. Fear ag innsint sgéil gan feith, gan fuil. 9. Mo ghiolla bheag chaol 'na luighe ag an tobar, Tá a cheann cruaidh maol, maol leis an obair. Ní itheann sé arán, agus ní ólann sé bainne. Ní bhíonn sé ag gearán, cé gur minic bhíonn práidhinn air Acht ní dhéanfaidh sé tada, is cuma cé'n obair Go gcuirim i bhfad síos a cheann ins an tobar. Meileann muilte Dé go mall, Acht meileann siad mín is garbh. Más mall is díreach díoghaltas Dé. Tagann maith le cáirde, agus grásta le foighid. An té bhíonn amuigh, fuarann a chuid air.
PEADAR CROSTA. Óra! Óra! Óra! Pheadair, Óra! Pheadair, abair amhrán. Cé'n chaoi a n-abhróchaidh Peadar é, Is an teach uilig ag cómhrádh? Óra! Óra! Óra! Pheadair, Óra! Pheadair, buail an bóthar. Cé'n chaoi a mbuailfidh Peadar é, Is gan tosaigh fá n-a bhrógaibh? Óra! Óra! Óra! Pheadair, Óra! Pheadair, bog a' páisde. Dheamhan a mbogfaidh Peadar é, Go bhfuigidh sé súgh is cáca. CLÁIRSEÓIR AN DOI-CHEÓIL. Bhí fear ann fadó, agus ní raibh fear sa domhan ba saidhbhre ná é. Ní raibh aige acht aon mhac amháin. Buachaill aerach a bhí 'san mac, gan áird ar athair na ar mháthair aige, acht i gcómhnuidhe ag aermáil thart le droch-chómhluadar agus le droch-chompánachaibh. Bhagair an t-athair, agus chómhairligh an mháthair, acht ní raibh aon mhaith ann. Ní dhéanfadh sé tada ar a gcómh- airle. Faoi dheireadh cailleadh an mháthair bhocht le síor- dhuibhthin croidhe de bhárr a mhic mhuirnigh a bheith ag imtheacht le fán an tsaoghail mar bhí. Ar deireadh, thuit an t-athair tinn. Bhí a fhios aige go raibh sé ar leabaidh a bháis. Bhlaodhaigh sé chuige ar a mhac. "Anois," ars' an t-athair leis, "Tá mise ar leabaidh mo bháis. Chómhairligheas dhuit go minic an droch chómh- luadar a sheachaint acht níor seachnuighis go fóill. Impidhim agus agruidhim anois ort ó leabaidh má báis mo chómhairle a ghlacadh agus an dríodar cómhluadar sin a thabhairt suas, agus cómhluadar a bhfuil deagh-iomchur futha agus deagh-bhéasa agus deagh-mhéin aca a ghlacadh chugat. "Acht go háithrid," ar seisean leis, "Ba mhait liom go bposfá inghean a leithide seó" — ag cur ainme agus sloinnidh ar dhuine uasail a raibh aithne mhaith ag an mac air. Ba gearr i n-a dhiaidh sin go bhfuair an t-athair bocht, bás, agus ó bhí an mháthair bhócht cáillte le sgathamh roimhe sin, bhí an mach ar a chómhairle fhéin anois. "A chómhairle fhéin ag mac Anna agus ní fhuair ariamh cómhairle nios measa," ars' an sean-focal. Chómh luath is cuireadh an t-athair, sgaoil an mac le n-a chuid seólta agus le gach uile saghas siamsa agus caitheamh, ithe agus ól, fleadh agus féasta, pléaráca agus pléidhseam, níor stop sé gur chaith sé gach uile phighinn dhá raibh aige. Phós sé freisin ar ndóigh, agus má phós fhéin, niorbh' í an cailín a leag an t-athair amach dhó a phós sé ná bean ar bith ar foghnamh acht stróinseóigín suarach mná. Chuidigh sise leis an gcaitheamh i leabaidh a bhacadh agus bhí síad ag caitheamh ariamh, ariamh ionnus nach raibh aca sa deireadh acht aon phláta amháin fatai. "Anois," ars' an bhean leis, "Ba choir duit, fear teann láidir mar thú go mbeitheá i n-ann-beatha a bhaint amach." "Cia chaoi mbainfinn beatha amach?" ar seisean — "fear nár chleachtaigh obair ar bith a dhéanamh ariamh." "Tá cláirseach ar chúl na gaibhle annsin," ar sise, "agus má tá aon mhaith leat id' cheoltoir, bhainfeá beatha amach leis." "Níl aon mhaith liom im 'cheoltóir," ar seisean, "agus nuair nach bhfuil cé'n mhaith dhom é." Mar sin fhéin, tharraing sé chuige anuas a chláirseach ó chúl na gaibhle agus dh'imthigh roimhe. Ní dheachaidh sé i bhfad gur casadh fear dhó. "Is agat-sa," ars' an fear leis, "atá an gléas le beatha a bhaint amach." "Cé'n mhaith dhom sin," ar seisean, "nuair nach bhfuil aon maith liom mar cheoltóir?" "Séid suas go bhfeicimid," ars' an fear. Shéid; agus ar ndóigh, norb' fiú do sheacht mallacht an ceol a bhain sé as an gclairsigh. Ní raibh ann acht gráin-thormán garg borb. "A!" ars' an fear leis, "crampaí ar do mhéara- chaibh. Fan go minighidh mé dhuit iad." Leag sé a lámh r a mhéarachaibh gur mhínigh iad. "Séid suas anois," ar seisean. Shéid; agus níor chualaidh tú aon cheóil ariamh mar an gceól a bhain sé as an gcláirsigh le binneas agus croidheamhlacht caoidheamhail caoin. "Anois," ars' an fear leis, "tá dinnéar mór le bheith ins an teach seo thoir anocht agus racamuid ann." Chuaidh. Bhí gach uile cineál ceóil dár cluineadh ariamh ar fheabhas na tíre sa teach sin acht cébi deamhan abhí ar an gceóltóir nuadh nár lochtuigh sé a gcuid ceóil ós árd os cómhair an teallaigh ar fad. Chuir siad ialach air fhéin annsin ceól a ghabháil. Ghabh; agus nior bhfiú éisteacht le n-a chuid ceóil i gcomortas le ceól na gceóltóirí eile chómh suarach siarbh garbh is ghabh sé. Bhíodar ag gabhail dhá chaitheamh amach nuair a labhair a chara, an fear seo a thug ann é. "Leigidh dhó," ar seisean. "Tagann crampa 'na a mhéaracha cor-uair. Fan go mínighidh mé dhó iad." Mhínigh sé na méaracha dhó, agus níor chualaidh lucht an tighe sin ariamh ó rugadh iad a leithid de cheóil is thug ceóltóir na sean clairsighe uaidh. Ní raibh de mheas aca ar cheóltóir ar bith dá raibh ann acht air fhéin agus thugadar a sheacht n-oiread de thuarasdal dó is thugadar d'aon cheóltóir eile. Ar maidin lá ar na bhárach nuair a bhí lucht an t-siamsa a' sgapadh níor fhéad fear na cláirsighe a shean chara d'fheiceál i n-áit ar bith. Bhí sé sguabtha leis. "Tá sé chómh maith dhom," ar seisean, "mo sean- chláirseach a thabhairt liom agus slighe beatha a bhaint as chomh maith is fhéadfas mé." Shiúbhail leis agus bhí sé ag siúbhal gur casadh fear leis a raibh tréad beithidhigh aige. Sheas fear na mbeithidheach gur labhair sé leis. "M'anam," arsa fear na mbeithidheach, "gur agat-sa atá an tslighe dheas maireachtála. An ndéanfá malrait liom sa anois ar na beithidhigh seo, agus an chláirseach sin a thabhairt dhom." "Is fada liom uaim an tairisgint," ar seisean, "déanfad agus fáilte." Rinne siad an mhalrait annsin. "Gabh port dom anois," arsa fear na mbeithidheach leis, "go bhfeicidh mé an bhfuil aon mhaith leis seo mar ghléas ceóil." Shéid sé suas acht ní raibh sé in-ann aon cheól a bhaint aisti acht fuamán garbh doi-cheólmhar. "Is geall le ceól phiobaire an doi-cheóil an ceól sin," arsa fear na mbeithidheach. "An ndéanfá na beithidheach sin a roinnt ar ais liom anois ó thárla nach bhfuil aon mhaith leis an ngléas ceóil a thug tú dom?" "Is cuma liom," arsa fear na cláairsighe leis. "Mara bhfuil tú sásta leis an margadh a rinne tú,
roinnfidh mé leat ar ais iad." "Maith go leór," arsa fear na mbeithidheach. "Béidh a bhfuil ionnta de chosaibh agus cnámhaibh agam-sa." "Á! Ní dhéanfaidh mé aon roinnt de'n tsórt sin leat," arsa fear na cláirsighe. "Má's mar sin é," ars' an fear eile, "Fágfamuid faoi'n mnaoi seo ag tigheacht suas linn é." D'fhéach sé go bhfeiceadh sé an bhean — a bhean fhéin a bhí ann. Acht nuair a d'fhéach sé thart arís ní raibh fear ná beithidheach nach raibh sguabtha. Ní raibh siad le feiceál i n-áit ar bith. Rinne sé an-ghaisge le n-a mhnaoi as a fheabhas is bhí ag eirghe leis, agus le na ghaisge a chruthughadh chaith sé chuici a raibh d'airgead ar fad aige. Bhí síse an-tsásta leis, agus mhol sí agus chan sí a thréithre thar cheoltóiribh an domhain go raibh sé chomh ríméadach sásta le péacóig. Chruinnigh sí uaidh agus chuaidh sí abhaile. Rug seisean ar a chláirsigh arís agus is beag ná gur shaoil sé gur togha ceoltóra a bhí ann anois. D'imthigh leis agus bhí sé ag siubhal roimhe ar an mbóthar gur casadh fear dhó ag marcuigheacht ar chapall breágh éasgaidh agus gabhar mór le n-a chois. "Is agat-sa atá an gléas le beatha a bhaint amach," arsa fear an chapaill leis. "An ndéanfá malrait liomsa ar an gcapall air." "Muise, níl aon mhaith dhómh-sa sa gcláirsigh seo," an seisean leis fhéin. "Ó thárla nach bhfuil mé i n-ann aon cheól a bhaint aisti. Is fearr dhom capall fhéin ná cláirseach." Thug sé an gléas ceóil uaidh agus suas leis ag mar- cuigheacht ar an gcapall. Agus suas leis an bhfear eile ag marcuigheacht ar an ngabhar agus a gléas ceóil aige. Chómh luath is bhí sé ar mhuin an ghabhair tharraing sé an chláirseach chuige agus thosuigh dá gabhail. Bhí an gabhar ag sodarnaighil le ríméad, acht níor fhéad fear an chapaill aon tsiubhal ar bith morán a bhaint as an gcapall. B'éigean dh' fhear an ghabhair fanamhaint leis gach uile nóiméad go dtagadh sé suas leis. Ar deireadh labhair fear an ghabhair leis. "Bhfhéidir," ar seisean, "go mb'fhearr leat an gabhar seo ná an capall údaigh; agus déanfaidh mé malrait each leat má thogruigheann tú." "Is cuma liom," ars' an fear eile leis, "Níl ins an sean-chapall sin acht sean staig." Anuas leis de'n chapall go ndeachaidh ar dhruim an ghabhair, agus chuaidh an fear eile ar an gcapall. Ní túisge ar an gcapall é na tharraing sé amach a ghléas ceóil gur thosuigh dhá ghabhail. Ní túisge gá ghabhail é ná an gabhar ar bhog-shodar- naighil faoi n-a mharcach. Ghéaraigh fear na cláirsighe ar a chuid ceóil. Ghéaraigh an gabhar ar a bhog shodharnaighil go raibh sé i n-a chos i n-áirde aige agus ghéaraigh marcach an ghabhair ar a ghreim ar adharcaibh an ghabhair. Ghéaraigh ar an gceól. Ghéaraigh ar an gcapall faoi n-a mharcach. Ghéaraigh ar an reatha ag an ngabhar. Ghéaraigh ar an marcach ar a ngreamaibh. Bhí an capall i n-a chos-n-áirde. Bhí an gabhar i n-a chos-in-áirde. Bhí an ceóil i n-a chos-in-áirde. Suas ar chlaidhe leis an ngabhar. Anuas de chlaidhe leis. Isteach i dtom driseacha. Amach as tom driseacha. Isteach imeasg draighean, sgeach, muin agus dris ionnos nár fágadh snáithe ar mharcaigh an ghabhair nach raibh stiallta stróictha dhe anuas. Faoi dheireadh, bhog an ceól. Bhog an tsiubhal faoi'n gcapall. Bhog an tsiubhal faoi'n ngabhar. Bhog a ngreama ag na marcaigh. Sheas an lucht mire. "B'fhéidir go bhfuil tú tuirseach de'n each sin," arsa marcach aca leis an marcach eile. "Mo chuid dílis dhe'n tubaiste leis," ars' an marcach sin, ag tuirling anuas. "Is beag nach bhfuil mé tar- raingte o chéile aige." "Anois," arsa fear na míorbhúil leis. "Seo siosúr agus ní fhaca tú aon tsiosúr ariamh chómh maith leis, mar tá sé i n-ann culaith nuadh a dhéanamh dhe shean-chulaith. Níl ort acht greim a bhaint as sean chulaith, agus tá sé in-a chulaith nuadh." Bhain sé greim as a chulaith fhein leis, agus ní aith- neóchtá gurab é an fear céadna chor ar bith a bhí ann, leis an athrughadh éadaigh a tháinic air ar an bpointe boise. "Muise is géar atá culaith ag theastáil uaim," arsa marcach an ghabhair, "Agus is fearr a d'oireadh an siosúr fhéin dom ná capall no gabhar." Rug sé ar an siosúr uaidh. Bhain greim leis as a chuid éadaigh, agus bhí sé i n-a chulaith nuadh, agus an méad dathanna da bhfuil faoi'n ngréin ann i n-a spotaibh. D'fhéach sé air fhéin. "Dheamhan fear le fághail," ar seisean ag feachaint síos ar a chuid éadaigh, "is mo is cosmaíl leis mé ná amadán." "Níl," ars' an fear eile dhá freagairt, "Agus níl fear le faghail is fearr a chruthuigh i n-a amadán ná thú." D'fhéach sé suas agus chonnaic sé nárbh' é fear an tsiosúir a bhí ag labhairt leis acht fear na mbeithideach. D'fhéach sé ath-uair agus dar leis, nárbh é fear na mbeithidheach a bhí ann acht an fear a mhínigh a mhéaracha dhó agus a rinne ceoltóir áidhbhéil de. D'fhéach aríst eile agus cé bhéadh ann, dar leis, acht fear a raibh aithne mhaith aige air fadó agus é i n-a pháisde, agus é ag bagairt láimhe air. Labhair sé leis annsin agus é ag bagairt le na láimh air: "In d'amadán a fuair mé thú; in d'amadán a chruthuigh tú; agus in d'amadán fhágfhás mé thú." D'imthigh leis ann sin. "Tá sé sa sgéal," ars' an seanchaidhe, "go dtáinic an t-amadán abhaile tinn tuirseach traochta dhe bharr a aistir ag ceoltóireacht agus gur chaith sé sgathamh fada ar a leabaidh, acht go dtáinig sé chuige fhéin i ndiaidh a chéile agus go dtáinig ciall aige i ndiaidh a chéile agus go roighin réidh mall, agus go dtáinic maoin aige freisin agus ollmhaoin de réir a chéile, agus go roighin réidh mall go raibh sé i n-a fhear shaidhbhir ath-uair. Agus bhí sé sa sgéal freisin, mara bréag é, gurab é a bhí i n-a chrapán céille agus é in-a shean fhear, agus go bhfuair sé bás socair suaimneach sa deireadh ar a leabaidh." "Agus sin é sgéal cláirseoir an doi-cheóil," ars' an sgéalaidhe. Arsa duine bhí i lathair, agus an sgéal dá innseacht: "Muise measann tú cé'r bhé an draoidheadóir a raibh an draoidheacht millteach sin aige agus dá chur fhéin as a cumaríocht mar bhí?" "Measaim," arsa an sgéalaidhe go searbh. "Acht cé'n mhaith meas? Nach fios atá uait?" P. Ó. D. FREAGARTHA NA dTOMHAS. 1. Móin. 2. Fata a chuirfeadh duine in béal. 3. An Bás. 4. Dréimide (dréimire). 5. Caoirigh bhána, thar é is mó aca atá ann. 6. Bó. Ceathar (ceathrar) ag rith — na cosa. Ceathrar ar crith — na sineacha (sinidhe). Beirt ar an gcaraidh — na h-adharca. Fear eile ag béicmheach — géimneach na bó. Mac Uí Mhaoil Radaire — an t-iorball. 7. Gunna. 8. Litir. 9. Peann.
AN BHAOGHALTACH. (Ar leanamhaint.) Go moch ar maidin d'éirigh An Bhaoghaltach, nigh sé a éadan, chíor sé a cheann agus d'iarr sé ar Dhia é achur ar a leas. D'imthigh sé un an chnuic. Sheinn sé an fhideóg, agus ní raibh aon nathair nimhe ná aon bheithidheach allta ná aon amach nár thuit 'na chodladh. Bhain seisean trí bheart de bhile na Mumhan. D'fheann sé an nathair nimhe agus thug sé a craiceann leis, agus thainig sé ar ais go sgiobtha, go bun an chnuic. Dhearc sé 'na dhiaidh agus chonnaic sé lán an chnuic de bheithidhigh allta agus amhuis agus naithpeacha nimhe ag ithe a chéile faoi an nathair nimhe bheith feannta agus faoi trí bheart de bhile na Mumhan bheith imthighthe. Anois," ars an seanfhear leis, "Nuair a rachas tú go dtí Gabha Geárr Ifrinn agus craiceann na nathrach nimhe leat agus na trí bheart de bhile na Mumhan, fiafhróchaidh sé dhíot cé an graithe a bhéas agat ag tigeacht annseo. Abróchaidh tú leis go bhfuil tú ag iarraidh airsan claidheamh a dhéanamh dhuit. Déanfaidh sé claidheamh dhuit i dtoiseach agus cuir thusa sa dorn é agus craith é agus cuirfidh tú as an dorn é. Déanfaidh sé an darna ceann duit agus cuirfidh tú 'sa dorn é agus bain trí chrathadh as agus ceann ar bith nach seas- faidh tri chrathadh ní'l aon mhaith duit ann. Fiafhróchaidh sé dhíot a' bhfuil na trí bheart de bhile na Mumhan agus craiceann na nathrach nimhe agat. Abhróchaidh tú leis go bhfuil. Tá dá ghabha deug ag obair ins an gceárdcha agus dhá bholg déag ar chúl a chéile. Seasfaidh tusa i mbéal an doruis. Seachdeóchaidh tú isteach do'n mháighistir an craiceann agus na trí bheart. Caithfidh tú eirghe annsin de léim agus a dhul isteach treasna ar an dá bholg déag, agus iad a ghlanadh d'aon léim amháin. Chómh luath agus bhéarfas tusa t' aghaidh ar an léim a thabhairt, rithfidh an daréag gaibhne ag dul amach an doras. Mur mbí tú dhe léim ar ais aríst agus bheith ar an gcéad fhear ar an doras tá tú caillte. Agus sin nidh gur doiligh a dhéanamh." "Caithfidh mé féachaint leis," ars' An Baoghaltach. D'imthigh sé annsin go ndeachaidh sé go dtí Gabha Geárr Ifrinn. "Céard tá tú a iarraidh?" ars' an Gabha Geárr leis. "Táim ag iarraidh claidhimh ort." "A 'bhfuil trí bheart de bhile na Mumhan leat?" "Tá." "A bhfuil craiceann na nathrach nimhe leat?" "Tá." "Is maith an fear thu. Eabhair dhom isteach annseo iad." Sheachaidh sé dho isteach iad. D'éirigh sé de léim de'n doras agus chuaidh sé isteach ar chúl an dá bholg déag. Rith an daréag gaibhne thug siad a n-aghaidh ar an doras ag rith amach ins na gáinní. Léim seisean ar ais aríst do léim árd acfuinneach; ghlan sé an da bholg déag amach agus bhí sé ar an gcéad fhear ar an doras. "Fanaidh isteach ar seisean leóbh. Déanaidh an claidheamh dhom anois." Rinne an Gabha Geárr claidheamh dhó acht an chéad chrathadh a bhain sé as chaith sé as an dorn é. Rinne an Gabha ceann eile dhó agus chaith sé as an dorn é. "Is doiligh claidheamh a dhéanamh dhuit," ars' an Gabha. "Caithfidh tusa claidheamh a dhéanamh dhom a shásóchas mé sul da bhfágaidh mé seo," ars An Bhaoghaltach. Thug sé dhó claidheamh anois a raibh leathairde meirge air. Bhain sé crathadh as agus bhogaigh sé an mheirg air. An darna crathadh chaith sé an mheirg dhe; an triomhadh crathadh rinne sé chómh lonnrach le airgead geal é. "Déanfaidh sé seo graithe," ar seisean. "Creidim go ndéanfaidh," arsa Gabha Gearr Ifrinn. D'fhág an Bhaoghaltach slán aige agus d'imthigh leis agus níor stop sé agus níor stríoc sé go dtainig sé isteach i riogacht na bhFear Oirgeach. Bhí sé lá ag siubhal ar fud na riogachta leis féin. Bhí sé ag dul treasna ar pháirc bháin. Chonnaic sé bean ag gearradh luachra agus cliabh aice agus 'chuile gháir chaointe aice. Tharraing sé uirthi agus d'fhiafhruigh sé dhí cé an fáth caointe abhí aice. "Innseóchaidh mé sin duit, a dhuine uasail," ars an bhean. "An céad mhac a d'oil mé do rígh na Frainnce tá sé féin agus beirt eile clann righthe leis an gcloig- eann a bhaint diobh indiu. Tá mise ag gearradh an sop luachra seo le cur faoi na cheann ins an gcónra nuair a bhainfidhear an ceann de." "A mháighistreas," ar seisean. "Cé 'chaoi a dtainig sé gur oil tusa an mas is sine do rígh na Frainnce?" Is mé a d'oil é, agus aon duine déag eile leis 'sa bhFainnc agus d'oil mé an triomhadh mac dhéag do rígh na hÉireann. "An fear a d'oil mé dó rígh na h-Éireann, nuair a fuair mé tóigthe é, d'imthigh mé ag iarraidh m' fhir féin 'na thír féin, agus tá sé sáruighthe orm an áit sin a dhéanamh amach." "An n-aithneóchtha an tríomhadh mhac déag dhá thfeicthá é?" ar seisean. "Ó! d'aithneóchainn," ar sise. "Mar bhí ball d' ódhráin faoi na thaobh deas." Nocht seisean a bhrollach agus theasbáin sé an ball d'ódhráin di. Acht scread sise dhá uair níos cruaidhe un caointe. "Cér' bheag dhomsa bheith ag deareadh ar fhear agaibh ag cailleadh a chinn agus gan a bheith ag dearcadh oraibh beirt ag cailleadh an dá chloigeann i gcuideacht. Anois an príosún a bhfuil an triúr ann, tá siad ceangailte do gheibhinn cos agus lámh. Tá an chéad bheirt tá siad fásta faoi thor fionnaidh agus tá mac rí na Frainnce ní'l an oiread sin fionnaidh air ó is geárr ó thainig sé ann. Dá dteidhtheá go dtí an príosún agus troid leis na gárdaibh thiocfadh tuilleamh agus bhainfead siad na cloigne dhíobhtha sa. A' bhfuil fhios agat céard do dhéan- fas tu anois? Caith dhíot do chulaidh airm agus éadaigh agus gabh isteach 'sa gcliabh seo agus folóchaidh mise os do chionn agus iomchróchaidh mé liom thú ins an gcliabh, go dtugaidh mé isteach ins an bpríosún thú, agus sgaoilfidh tú iadsan triúr sul dá marbhuighthear duine ar bith agus bfhéidir gur maith an cúl báire agat iad." "Déanfaidh mé do chomhairle," ars An Bhaoghaltach. Thug sé leis an cliabh agus leag sé é ar áit árduighthe, an áit a b'usa dhi a árdughadh ar a druim. Chaith sé dhe a chulaidh airm agus éaduigh agus chuir sé isteach í agus chuaidh sé féin isteach agus d'fholuigh an bhean air. (Ní críoch.) "AN MOLADH A FUAIR SÉ." An Bhean Uasal Ghrádh-diamhail: "Tá mé buadhartha faoi'n droch-bhail seo atá ort. Céard a chuir ar an mbóthar thú an chéad lá ariamh?" An Fear Déirce: "An dochtúir, a bhean uasal!" An Bhean Ú: "An dochtúir, an eadh? Cé'n chaoi a thárla sin?" An Fear Déirce: "Mhol sé dhom siúbhlóid fhada a dhéanamh idir gach dhá bhéile, agus ghlac mé a chomhairle." CÚPÓN. EANAIR, 1925. Clódhbhualadh le h-aghaidh na seilbhtheoirí ag Oifig an "Telegraf Connacht" i gCaisleán a' Bharraigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services